Jump to content

Eamon Ryan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEamon Ryan

(2007) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Iúil 1963
61 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
An tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt
27 Meitheamh 2020 –
← Shane Ross
An tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
27 Meitheamh 2020 –
← Richard Bruton
Teachta Dála
8 Feabhra 2020 –
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil


Teachta Dála
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 32ú Dáil


Leader of the Green Party of Ireland (en) Aistrigh
27 Bealtaine 2011 –
← John Gormley
An tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
14 Meitheamh 2007 – 23 Eanáir 2011
← Noel Dempsey (en) AistrighPat Carey →
Teachta Dála
14 Meitheamh 2007 – 1 Feabhra 2011 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 30ú Dáil


Teachta Dála
6 Meitheamh 2002 – 26 Aibreán 2007 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 29ú Dáil


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmduine den lucht gnó, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaComhaontas Glas Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáineamonryan.ie Cuir in eagar ar Wikidata

X: EamonRyan Cuir in eagar ar Wikidata

Is iar-cheannaire ar an gComhaontas Glas é Éamon Ó RiainEamon Ryan (a rugadh ar an 28 Iúil 1963).[1]

Ba Theachta Dála é ar son Bhaile Átha Cliath Theas idir 2002 agus 2011, agus ba é an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha é idir 2007 agus 2011. Bhí sé ina Theachta Dála, ar son Chuan Bhaile Átha Cliath Theas, ó Olltoghchán 2016, agus ina aire rialtais (ina Aire Comhshaoil, Aeráide, Cumarsáide agus Iompair) idir 2020-2024. Bhí sé ar dhuine de thriúr ceannairí an Chomhrialtais in éineacht leis an Taoiseach Simon Harris ó Fhine Gael agus an Tánaiste Micheál Martin ó Fhianna Fáil.[2]

2015
2022
2024

Rugadh Ryan i mBaile Átha Cliath agus tógadh é i nDún Droma agus i mBaile an Mhuilinn. Oileadh é i gColáiste Gonzaga i ndeisceart Bhaile Átha Cliath ar dtús agus d'fhreastail sé ar an ollscoil i UCD, áit ar bhain sé céim amach sa tráchtáil.[3] Mhaígh sé féin gur fhás a shuim i gcúrsaí glasa tar éis dó cúrsa éiceolaíochta a dhéanamh don Mheánteist.[4]

Comhthoghadh Ryan ar dtús ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, nuair a d'éirigh John Gormley as a shuíochán siúd, tar éis dó a bheith tofa chun na Dála. Atoghadh Ó Riain sna toghcháin áitiúla i 1999 agus d'éirigh leis suíochán Dála a bhuachaint sa chéad olltoghchán eile sa bhliain 2002, nuair a mhéadaigh líon na nGlasach sa Dáil faoi thrí.

Sa bhliain 2007, ceapadh Ryan mar Aire ar An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha.[5] Chaill sé féin agus a chomhghleacaithe go léir a suíocháin san olltoghchán in 2011.

Ceannaire ar an gComhaontas Glas

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé gur chaill sé a shuíochán Dála i 2011, chuaigh Ryan san iomaíocht do cheannaireacht an Chomhaontais Ghlais in éineacht le beirt eile, mar atá, an Cllr. Malcolm Noonan agus Phil Kearney, tar éis do John Gormley éirí as an bpost. Fógraíodh go raibh an bua ag an Rianach ar 27 Bealtaine 2011 tar éis do bhaill an pháirtí vótáil sa toghchán tríd an bpost.[6]

Toghadh Ryan arís mar TD in 2016.

D'éirigh sé as mar cheannaire an Chomhaontais Ghlais ar an 18 Meitheamh 2024 (agus in aois 60 bliain dó). Thug sé le fios freisin nach mbeadh sé ina iarrthóir sa chéad olltoghchán eile.

Dúirt Ryan nach iad drochthorthaí an pháirtí sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha i mí an Mheithimh 2024 a spreag a chinneadh chun éirí as[1] (chaill an Comhaontas Glas 26 suíochán sna toghcháin áitiúla chomh maith leis an dá shuíochán a bhí acu i bParlaimint na hEorpa).

Dúirt sé go raibh sé ag éirí as mar cheannaire de ghrá an cúram a fhágáil ag an gcéad ghlúin eile[2] agus go raibh sé mórtasach as a bhfuil déanta ag an gComhaontas Glas idir 2020-2024. Luaigh sé na táillí laghdaithe ar an gcóras iompair poiblí, na creidmheasanna fuinnimh, agus an dlí athchóirithe dúlra. Cháin sé na hionsaithe eagraithe a rinneadh ar na Glasaigh ar na meáin shóisialta, agus na hionsaithe pearsanta air féin agus fiú ar a athair, ar shlí na fírinne.[1]

Bhí sé i mbun dhá ghnó rothaíochta sular toghadh é chun na Dála, mar atá, Irish Cycling Safaris agus Belfield Bike Shop. Tá sé pósta leis an scríbhneoir Victoria White agus tá ceathrar clainne orthu. Tá riachtanais speisialta ag duine dá chlann mhac. Tá cónaí orthu i gCluain Sceach.


Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 "‘Tá an tír curtha againn ar a bealach go todhchaí a bheidh níos inbhuanaithe’ – Eamon Ryan ag éirí as" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-06-18). Dáta rochtana: 2024-06-18.
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2024-06-18). "Éamon Ryan le n-éirí as mar cheannaire an Chomhaontais Ghlais" (as ga-IE). 
  3. dcmnr.gov.ie/ (2007-12-27). "Minister - Department of Communications, Energy and Natural Resources | An Roinn Cumarsáide, Mara agus í". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-12-27. Dáta rochtana: 2024-06-18.
  4. A Journey to Change: 25 Years of the Green Party in Irish Politics, le Dan Boyle (2006) lth. 83 ISBN 1-84588-559-7
  5. Suíomh oifigiúil Oireachtas Éireann (2011-01-07). "[https://web.archive.org/web/20110107124944/http://www.oireachtas.ie/viewdoc.asp?DocID=14575&&CatID=67 Members of the Government (Cabinet Ministers) and Ministers of State - 30th D�il as at the 23 March 2010 - Tithe an Oireachtais]". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-01-07. Dáta rochtana: 2024-06-18.
  6. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-05-28. Dáta rochtana: 2011-05-28.

Naisc Sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]