Malcolm Noonan
![]() Malcolm Noonan (2025) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1966 58/59 bliana d'aois Port Láirge, Éire ![]() |
Seanadóir na hÉireann | |
29 Eanáir 2025 – Téarma parlaiminte: 27th Seanad (en) ![]() Toghcheantar: An Rolla Talmhaíochta Toghadh i: 2025 Seanad election (en) ![]() | |
Minister of State at the Department of Housing, Local Government and Heritage (en) ![]() | |
1 Iúil 2020 – 23 Eanáir 2025 | |
![]() | |
8 Feabhra 2020 – 8 Samhain 2024 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 33ú Dáil Toghcheantar: Ceatharlach–Cill Chainnigh Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2020 ![]() | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir ![]() |
![]() ![]() |
Is polaiteoir Éireannach é Malcolm Noonan. Toghadh é don Dáil, Toghcheantar Cheatharlach-Cill Chainnigh, in Olltoghchán 2020. Ceapadh é ina Aire Stáit don Oidhreacht agus don Athchóiriú Toghchán i mí Iúil 2020.
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sular chinn Noonan díriú ar an bpolaitíocht is ar an ngníomhaíochas comhshaoil agus pobail a bhí sé ag díriú, ina ról mar stiúrthóir agus comhordaitheoir náisiúnta Chairde Cruinne na hÉireann agus bhí baint aige le gníomhaíochas pobalbhunaithe chomh maith; bithéagsúlacht, gníomhú ar son na haeráide, soghluaisteacht, abhcóideacht ar son lucht míchumais, lánpháirtiú, forbairt an lucht siúil agus meabhairshláinte.
I rith a shaoil oibre tá tréimhsí caite aige ag díriú ar gharraíodóireacht tírdhreacha, féinmharú a chosc agus dearadh grafach. Tá cáilíochtaí aige sa dearadh tionsclaíoch agus BA (Onór) san Fhorbairt Tuaithe. Bhain sé MA san Fhorbairt Idirnáisiúnta amach in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Noonan ina bhall den Comhaontas Glas ón mbliain 2004.
Ceapadh é ina chomhalta de Chomhairle Buirge Chill Chainnigh agus Comhairle Contae Chill Chainnigh in 2004, tá 16 bhliain caite aige ag obair in earnáil an rialtais áitiúil agus ceapadh é mar Mhéara Chill Chainnigh in 2009; ba é an chéad Mhéara ón bPáirtí Glas a ceapadh i stair fhada na Cathrach. Chaith sé tréimhse ghairid ag feidhmiú mar Thoscaire na hÉireann ar Choiste Eorpach na Réigiún agus mar Chomhchathaoirleach ar Fhóram Uile-Oileáin na nÚdarás Áitiúil Neamhnúicléach.