Jump to content

Deasún Ó Máille

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDeasún Ó Máille
Beathaisnéis
Breith2 Feabhra 1939
Luimneach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Iúil 2021
82 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
26 Meitheamh 1997 – 25 Aibreán 2002 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 28ú Dáil

Toghcheantar: Luimneach Thoir

Teachta Dála
14 Nollaig 1992 – 15 Bealtaine 1997 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 27ú Dáil

Toghcheantar: Luimneach Thoir

An tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta
12 Iúil 1989 – 4 Samhain 1992
← Ray BurkePádraig Flynn (en) Aistrigh →
Teachta Dála
29 Meitheamh 1989 – 5 Samhain 1992 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 26ú Dáil

Toghcheantar: Luimneach Thoir

Teachta Dála
10 Márta 1987 – 25 Bealtaine 1989 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 25ú Dáil

Toghcheantar: Luimneach Thoir

Teachta Dála
21 Nollaig 1985 – 20 Eanáir 1987 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 24ú Dáil

Toghcheantar: Luimneach Thoir
Ceannaire an Pháirtí Dhaonlathaigh
21 Nollaig 1985 – 12 Deireadh Fómhair 1993 – Máire Ní Áirne →
Teachta Dála
14 Nollaig 1982 – 21 Nollaig 1985 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 24ú Dáil

Toghcheantar: Luimneach Thoir

An tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta
9 Márta 1982 – 7 Deireadh Fómhair 1982
← John Maurice KellyPaddy Power (en) Aistrigh →
Teachta Dála
9 Márta 1982 – 4 Samhain 1982 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 23ú Dáil

Toghcheantar: Luimneach Thoir

Teachta Dála
30 Meitheamh 1981 – 27 Eanáir 1982 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 22ú Dáil

Toghcheantar: Luimneach Thoir

An tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta
5 Iúil 1977 – 30 Meitheamh 1981
← Justin KeatingJohn Maurice Kelly →
Teachta Dála
5 Iúil 1977 – 21 Bealtaine 1981 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 21ú Dáil

Toghcheantar: Luimneach Thoir

Teachta Dála
14 Márta 1973 – 25 Bealtaine 1977 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 20ú Dáil

Toghcheantar: Luimneach Thoir

An tAire Dlí agus Cirt
5 Bealtaine 1970 – 14 Márta 1973
← Micheál Ó MóráinPádraig Ó Cuanaigh →
Teachta Dála
2 Iúil 1969 – 5 Feabhra 1973 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 19ú Dáil

Toghcheantar: Luimneach Thoir

Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh
2 Iúil 1969 – 5 Bealtaine 1970
← Michael CartyDavid Andrews →
Teachta Dála
22 Bealtaine 1968 – 21 Bealtaine 1969 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 18ú Dáil

Toghcheantar: Luimneach Thoir

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Coláiste Crescent Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFianna Fáil Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Polaiteoir Éireannach ba ea Deasún Seosamh "Des" Ó Máille (Béarla: Desmond Joseph "Des" O'Malley) a rugadh i gcathair Luimnigh ar 2 Feabhra 1939 agus a d'éag ar 21 Iúil 2021.[1] Ba Theachta Dála agus aire rialtais mór le rá é le linn na 1970idí agus na 1980idí, agus é ina bhall den pháirtí Fianna Fáil. Ach bhunaigh sé páirtí nua - an Páirtí Daonlathach - i 1985.

Mar ómós dó dúirt Leo Varadkar gur "fathach" i bpolaitíocht na hÉireann ab ea Des O'Malley a bhfuil "oidhreacht bhuan dhearfach fágtha le huacht aige."[2]

d'iompaigh an Máilleach an fód ag an NIHE (Ollscoil Luimnigh níos déanaí)
ag an NIHE, 1981 (Ollscoil Luimnigh níos déanaí) let Pat Whelan, ailtire

Toghadh an Máilleach ina Theachta Dála den chéad uair i bhfothoghchán i Luimneach Thoir i mí na Bealtaine 1968. Tháinig sé in áit a uncail Donogh O'Malley, aire rialtais mór le rá chomh maith, a cailleadh go tobann dhá mhí roimhe sin.[2]

Bhí sé mar Phríomh-Aoire an Rialtais ó 1969 - 1970.

Sa bhliain 1970, cheap an Taoiseach Jack Lynch in Aire Dlí agus Cirt é. Dhá bhliain níos déanaí, agus cúrsaí sa Tuaisceart ag éirí níos measa go tapa (na Trioblóidí), bhunaigh Des O'Malley an Chúirt Choiriúil Speisialta i 1972. Cinneadh thar a bheith conspóideach a bhí ann.

Bhí sé ina Aire Tionscail & Trádála  ó 1977 go dtí 1982.

Nimh san fheoil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor réitigh sé riamh le ceannaire Fhianna Fáil ag an am Cathal Ó hEochaidh. Bhí an nimh san fheoil acu dá chéile. Ansin sa bhliain 1985, thacaigh Des O'Malley le bille faoi fhrithghiniúnaigh a thug comhrialtas Fhine Gael - Pháirtí an Lucht Oibre isteach. Díbríodh é as Fianna Fáil dá bharr.[2]

Bhunaigh sé páirtí nua, an Páirtí Daonlathach. Bhí sé ina cheannaire ar an bpáirtí idir 1985 agus 1993. Bhuaigh na PDs ceithre shuíochán déag san olltoghchán i 1987.

Chuaigh sé isteach i gcomhrialtas le Fianna Fáil, faoi Cathal Ó hEochaidh, mar Aire Tionscail & Trádála  ó 1989 go 1992. Tharraing an Páirtí Daonlathach amach as an gcomhrialtas i 1993 agus d'éirigh Des O'Malley as mar cheannaire.

D'éirigh sé as an bpolataíocht ag olltoghchán 2002 (scoireadh an Páirtí Daonlathach in 2009).

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Iarcheannaire an Pháirtí Dhaonlathaigh Des O" (ga). TG4. Dáta rochtana: 2021-07-21.
  2. 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2021-07-21). "Iarcheannaire an Pháirtí Dhaonlathaigh Des O'Malley tar éis bháis" (as ga).