Prótastair Éireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Sular thosaigh ré luath-stairiúil na hÉireann sa 5ú haois, is féidir a rá go raibh ré phrótastairiúil inti, nuair a scríobhann cultúir liteartha na Gréige agus Róimhe fúithi, agus bhí ré phróta-liteartha ag na Gaeil féin, mar a chuireas na hinscríbhinní Oghaim in iúl.

Luath-thagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne scríbhneoirí clasaiceacha tagairtí d'Éirinn faoi roinnt ainmneacha, ach ní fhaightear i dteannta sin eolas údarásach. Mar shampla, mhaígh Diodorus Siculus go n-itheadh na Prettanoi ar oileán Iris feoil daonna.[1] Insíonn Strabo, a ghlaoigh Ierne ar an oileán, an cúiteamh céanna, ag rá fosta gur chóir é a n-aithreacha marbha a ithe, agus caidreamh collaí a bheith agaibh os comhair an tsaoil lena máithreacha agus a ndeirfiúracha, cé nach bhfuil muinín aige as a chuid foinsí.[2]

Dar le Pomponius Mela, ba Iuverna é ainm an oileáin, agus deir sé nárbh oiriúnach í an aimsir le haghaidh grán, ach gur fhás féar chomh flúirseach sin ann go bpléascfadh eallach muna gcuirfeadh cosc orthu á ithe.[3]

Julius Caesar is ea an chéad duine, in Commentarii de Bello Gallico dá chuid, a ghlaoigh, Hibernia ar an oileán. Deir sé gur leath den Bhreatain é ó thaobh mhéide de, agus gur siar ón mBreatain é[4] – murab ionann is Strabo, a deir gur ó thuaidh é.

Tacitus[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deir Tacitus gur smaoinigh a athair chéile, Gnaeus Julius Agricola, agus é ina ghobharnóir na Breataine (AD 78-85), ar Éire a chloí leis ach léigiún amháin agus saighdiúirí cúnta. Bhí aige rí tuatha Gaelach ar deoraíocht, go raibh sé ina chúinse concais.[5] Chonacthas a mhacasamhail sa seanscéal Gaelach maidir le Tuathal Teachtmhar, a deirtear gur cuireadh ar deoraíocht go Breatain é agus é óg, agus gur fhill sé sa chéad aois le harm chun ríogacht na Teamhrach a éilimh .[6] Deir Tacitus fosta go raibh aitheanta ar chuanta agus slite na hÉireann trí thráchtáil, ach chuir sé an oileán go míchruinn idir an Breatain agus an Ibéir.[5]

Juvenal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ina dhara Aoir, deir an file Rómánsach den dara haois, Juvenal, i dteannta le concas na Breataine agus na nInse Orc, gur "tá airm bogtha againn thar chladaí Iuvernae". Cé nach raibh stair a scríobh ag Juvenal, d'fhéadfadh é go raibh tagairt á dhéanamh aige d'fhíor-eachtra míleata Rómhánach go hÉirinn.[7]

Tolamaes[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Éire luaite faoi dhó le Tolamaes, scríbhneoir Gréigeach den 2a haois as Cathair Alastair, ar duine desna tíreolaithe, matamaiticeoirí agus réalteolaithe is tábhachtaí den domhan ársa.

Sa tráchtas réalteolais darb ainm an Almagest, tugann sé domhanleithid le haghaidh oileáin ar a nglaonn sé Mikra Brettania (Μικρὰ Βρεττανία) nó "Breatain bheag", ó 58 céim ó dheas, go 61 céim ó thuaidh.

Ina shaothar Geografaíocht, ag na leithid chéanna, cuireann sé an oileán Iwernia, in aice le hAlbion. Faightear sa Gheografaíocht an cúr síos is mionsonraithe ar Éirinn scríofa i litríocht chlasaiceach. Tá le fáil ann domhanleithead agus domhanfhad le haghaidh sé rinn, cúig inbhear déag, deich lonnaíocht agus naoi n-inis, i dteannta le sé threibh déag.

Treibheanna Éireannacha de réir Tholamaes

Tuaisceart[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déanann Tolamaes cúr síos ar chósta an tuaiscirt, ó Rinn an Tuaisceart (nó Cnoc FolaCeann Ros Eoghain i gContae Dhún na nGall b'fhéidir) san iarthar, thar an rinn Wenniknion (Cionn Mhálanna is dócha), inbhear an Widwa (An Feabhal b'fhéidir), inbhear an Argita (an Bhanna b'fhéidir) go dtí an rinn Rhobogdion (An Bhinn Mhór, Contae Aontroma) san oirthear. Is iad na hUennicnii san iarthar agus na Robogdii san oirthear na dreamanna lonnaithe ann.

Iarthar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is níos tuairimí iad aithint na n-ainmneacha ar chósta an iarthair. Tosaíonn Tolamaes ar an Rinn Tuaiscirt, ag dul ansin ó dheas thar an abhainn Rhawiu (an Éirne b'fhéidir); an baile Nagnata (lonnaíocht na Nagnatae, áit éigin i gContae Shligigh); inbhir na n-aibhneacha Libniu (Cuan Mó b'fhéidir), Ausoba (Cuan na Gaillimhe b'fhéidir), Senu (is dócha an tSionainn, cé bhí bhfuil sé i bhfad ó thuaidh), Dur (Bá an Daingin b'fhéidir), Iernu (an Neidín b'fhéidir); agus an Roinn Deiscirt (ceann ar bith as Ceann Sléibhe, Ceann Bhreagha, Ceann BaoiCarn Uí Néid). I measc treibheanna ar gcósta seo tá: na hErdini gar de Bhá Dhún na nGall; na Nagnatae i gContaethe Maigh Eo agus Sligigh; na hAuteini idir Contae na Gaillimhe agus an Sionainn, aitheanta mar na hUaithni den luath-mheánaois; na Gangani, aitheanta i dtuaisceart na Breataine Bige; agus na hUellabori i bhfad san iardheisceart.[8][9]

Deisceart[cuir in eagar | athraigh foinse]

Síneann costas an deiscirt ón Roinn Deiscirt thar inbhir an Dabrona (An LaoiAn Dubhabhainn b'fhéidir) agus an Birgu (is dócha An Bhearú) go dtí an Rinn Naofa (Ceann an Chairn, Contae Loch Garman). I measc treibheanna anseo tá na hIverni san iarthair, as a bhfuil an oileán ainmnithe, mar atá Ivernia, agus atá aitheanta leis na hÉarainn den luath-mheánaois; na Usdiae aitheanta leis na hOsraí, agus na Brigantes san oirthear, a bhfuil an t-ainm céanna acu agus dream sa Bhreatain.[8]

Oirthear[cuir in eagar | athraigh foinse]

Idir an Rinn Naofa ó dheas agus Rhobogdion ó thuaidh, déanann Tolamaes trácht ar an abhainn Modonnu (An tSláine b'fhéidir, ach is dócha an Abhóca), an baile Manapia (lonnaíocht na Manapii), an abhainn Oboka (is dócha An Life; tá abhainn na a hAbhóca mar atá inniu ann ainmnithe de mhíthuiscint); an mbaile Eblana (lonnaíocht na nEblani, aitheanta de mhíthuiscint le Baile Átha Cliath), an abhainn Buwinda (An Bhóinn), an rinn Isamnion, an abhainn Winderios (Loch Cairlinn, Cuan Dhún DromaLoch Cuan b'fhéidir), agus an abhainn Logia (Loch Lao). I measc dteanga luaite ag Tolamaes, tá na Coriondi; na Manapii, gaolmhar b'fhéidir leis na Menapii as an nGaill; na Cauci, is dócha gaolmhar le na Chauci as na hÍsiltíortha; na hEblani; na hUoluntii, aitheanta leis na hUlaid den luath-mheánaois; agus na Darini.

Tagairtí níos dearanaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déantar trácht i bhfoinsí Rómhánacha ar ruathair ar an mBreatain ag Sacsanaigh as iarthuaisceart na Gearmáine, na Cruithnigh as an Albain agus ag dhá dhream gaolmhar de ghnáth le hÉirinn, na Scotti agus na hAtacotti. Ní fios go cruinn cad as na hainmneacha úd. Imíonn an t-ainm Atacotti leis na Rómhánaigh. Is ionann Scotti agus Gaeil d'Adomnán déanach sa 7ú haois, ach go luath sa 6ú haois, scríobh Colm Cille 'Iberi' ina ionad sin. B'fhéidir gur chónaidhm treibheanna san Ulaid ba ea na Scotti, agus na hAtacotti sa Laighin.[10]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Diodorus Siculus, Historical Library 5.32
  2. Strabo, Geographica 4.5.4
  3. Pomponius Mela, De Chorographia 3.53
  4. Julius Caesar, Commentarii de Bello Gallico 5.13
  5. 5.0 5.1 Tacitus, Agricola 24
  6. R. B. Warner, "Tuathal Techtmar: A Myth or Ancient Literary Evidence for a Roman Invasion?", Emania 13, 1995, ll. 23–32
  7. Philip Freeman, Ireland and the Classical World, University of Texas Press, 2001, ll. 62-64
  8. 8.0 8.1 T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1946
  9. Eoin Mac Néill, "Early Irish population groups: their nomenclature, classification and chronology", Proceedings Acadamh Ríoga na hÉireann (C) 29, 1911, ll. 59–114
  10. Charles-Edwards, ll. 158–160.