Ceann an Chairn, Loch Garman
Ceann an Chairn, Loch Garman | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Contae in Éirinn | Contae Loch Garman | |||
Tíreolaíocht | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Muir Éireann | |||
Logainm.ie | 1165667 |
Ceann tíre agus sráidbhaile in oirdheisceart Chontae Loch Garman é Ceann an Chairn[1] nó an Carn (Carnsore Point i mBéarla), a bhain clú amach i 1977, nuair a chinn Rialtas na hÉireann, agus Desmond O'Malley an t-aire Fuinnimh, stáisiún ginte leictreachais núicléigh a bhunú ann, i gCeann an Chairn. Bhíothas i mbun agóide ag an suíomh agus ar fud na tíre sna blianta 1977-79. Tá cáil go fóill ar na mórchoirmeacha ceoil a eagraíodh "Get to the Point" (1978) agus "Back to the Point" (1979) agus bhí coirmeacha beaga in áiteanna eile chun aird an phobail a tharraingt ar chinneadh an rialtais.
Bhí an-bhaint ag an gceoltóir Christy Moore leis an bhfeachtas. Mar gheall ar an agóidíocht ghéill an rialtas faoi dheireadh i 1979, ag rá nach raibh an tír sách mór do stáisiún núicléach. Ní dhearnadh aon fhorbairt ar an suíomh ó shin, agus tá Éire saor ó stáisiúin núicléacha fós.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Ceann an Chairn/Carnsore Point | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2024-01-04.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |