Seán Mac Diarmada

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán Mac Diarmada

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Feabhra 1883
Coillte Clochair Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Bealtaine 1916
33 bliana d'aois
Príosún Chill Mhaighneann Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisPionós an bháis (Tráma balaistíoch)
Áit adhlacthaReilig Mhíleata Chnoc an Arbhair Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmréabhlóidí, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Gairm mhíleata
GéillsineBráithreachas na Poblachta
CoinbhleachtÉirí Amach na Cásca

Ba réabhlóidí Éireannach, ball de Rialtas Sealadach Phoblacht na hÉireann 1916 agus duine den seachtar a shínigh Forógra na Poblachta é Seán Mac Diarmada (a rugadh John Joseph MacDermott ar 28 Feabhra 1883 agus a cuireadh chun báis ar 12 Bealtaine 1916).

Ba é an príomheagraí IRB é agus rinneadh cur síos mar "phríomhsprionga[1]" an Éirí Amach.

Teach Sheáin Mhic Dhiarmada

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Seán Mac Diarmada sa Chorrán Mór (Corranmore)[2] in aice le Coillte Clochair, Co. Liatroma, mac le Donald MacDermott, siúinéir agus a bhean Mary McMorrow.[3] Fuair sé a chuid oideachais ag scoil náisiúnta Corradoona agus ag scoil oíche Thulaigh na Maoile,[4] Co. an Chabháin, áit ar fhoghlaim sé leabharchoimeád agus Gaeilge.[5]

Chaith sé roinnt blianta ag obair i nGlaschú, ag obair mar stiúrthóir tram. Ansin shocraigh Mac Diarmada i mBéal Feirste i 1905, ag obair arís mar stiúrthóir tram agus níos déanaí mar fhear beáir. Chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge agus in Ord Ársa na nIbeirneach (a bhí measarthach ó thaobh na polaitíochta).

Coillte Clochair, Co. Liatroma

Chuir Denis McCullough faoi mhóid é i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann agus chuidigh sé le Cumainn Dhún Geanainn phoblachtacha a bhí á mbunú ag McCullough agus Bulmer Hobson. Bhí sé ina eagraí do Shinn Féin chomh maith.

Baile Átha Cliath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhog Mac Diarmada go Baile Átha Cliath i 1907, agus bhí tionchar ag Tom Ó Cléirigh air. Bhí sé ina eagraí lánaimseartha don IRB. Sa bhliain 1910, rinneadh bainisteoir de den nuachtán radacach "Irish Freedom", nuachtán a bhunaigh sé féin in éineacht le Bulmer Hobson agus Denis McCullough. Mar aon le Clarke, MacCullough agus Hobson d'athbheoigh sé an IRB, agus ghabh an grúpa seo smacht air nach mór go hiomlán i 1911.[5]

I 1911 chomh maith, leagadh siar Mac Diarmada go mór nuair a bhuail póilió é, rud a d'fhág go raibh sé bacach agus gur theastaigh maide siúil uaidh. Timpeall ar an ama seo, bhí sé gníomhach in eagraíochtaí cultúrtha cosúil leis an gCumann Lúthchleas Gael agus le Conradh na Gaeilge, ag earcú ball chuig an IRB, agus nuair ab fhéidir á dtoghadh mar oifigigh ar na coistí ábhartha.[5]

Nuair a bhunaíodh Óglaigh na hÉireann sa bhliain 1913, ba bhall é Mac Diarmada ón tús, agus rinne sé a dhícheall an eagraíocht a chur faoi smacht an IRB.

Tar éis thús an Chéad Chogaidh Dhomhanda i Lúnasa 1914, chuaigh Mac Diarmada i mbun feachtais in aghaidh fir Éireannacha a bheith ag dul isteach in arm na Breataine. Gabhadh é i mí Bealtaine 1915 i dTuaim, Contae na Gaillimhe agus é ag tabhairt óráid i gcoinne na Coinscríofa (rud a bhí in aghaidh Defense of the Realm Act). Cuireadh i bPríosún Mhuinseo é ar feadh ceithre mhí faoin Acht um Chosaint na Ríochta.

Coillte Clochair[6]

Nuair a scaoileadh amach é, comhthoghadh é féin agus Ó Cléirigh ar Chomhairle Mhíleata an IRB, a bhí ag pleanáil Éirí Amach na Cásca ag an am. Bhí ról ceannasach ag Mac Diarmada i bpleanáil Éirí Amach 1916. Dúirt an staraí F.X. Martin gurbh é an "príomhsprionga" é. Bhí sé an-rúnda ina phleanáil, mar gheall go raibh sé ar an eolas go raibh formhór gluaiseachtaí réabhlóideacha na hÉireann roimhe seo lán le spiairí agus brathadóirí, níor inis sé d'fhormhór an bhfear san IRB faoin gcomhcheilg, rud a chur ar deireadh leis an mearbhall ar bhí ann ag tús an Éirí Amach.[5]

litir a scríobh sé ar 11 Bealtaine 2016

Éirí Amach na Cásca[cuir in eagar | athraigh foinse]

Plaic chuimhneacháin do Sheán Mac Diarmada

Nuair a thosaigh an chogaíocht, bhí Mac Diarmada in Ard-Oifig an Phoist, le formhór na mball den Rialtas Sealadach (in eineacht le Pádraig Mac Piarais, Séamus Ó Conghaile, Seosamh Pluincéad agus daoine eile).

De bharr a pholaimiailíteas, bhí air fanacht amach as an troid féin. Cé nach raibh aon rang míleata foirmiúil ag Mac Diarmada, aithníodh sa gharastún é mar dhuine de na ceannasaithe mar gheall ar a bhallraíocht sa Rialtas Sealadach agus a ról san IRB.[5]

Nuair a tháinig an géilleadh, rinne sé iarracht éalú, ach aithníodh é.

Cuireadh ar thriail armchúirte é agus cuireadh chun báis le scuad lámhaigh é i bPríosún Chill Mhaighneann ar an 12 Bealtaine.

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Idé-eolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is dócha nach raibh aon amhras ar Mhac Diarmada maidir le toradh an Éirí Amach ná a raibh i ndán do na daoine a ghlac páirt. Chreid sé nach raibh aon bhealach chun poblacht a bhaint amach ach réabhlóid. Ach d'aithin sé i gcúinsí 1916 nach raibh sé dóchúil go n-éireodh le réabhlóid. D'ainneoin sin, is cosúil gur cheap sé go raibh gá leis an Éirí Amach ag an am sin – díreach roimh an Rialtas Dúchais agus críochdheighilt dhóchúil na tíre – chun ionadh a chur ar náisiúnaigh agus ar aontachtaithe araon chun athmheasúnú a dhéanamh ar a raibh i ndán dóibh.[5]

Cosúil le Mac Piarais, d'fhéadfadh sé gur chreid sé in éifeachtúlacht na híobartha fola agus na mairtíreachta sa chúis chun saoirse a bhaint amach: in óráid ag Trá Lí, Co. Chiarraí i 1914, dúirt sé "the Irish patriotic spirit will die forever unless a blood sacrifice is made in the next few years". Seans, áfach, nach léirítear i ráiteas mar sin a smaointeoireacht agus nach raibh ann ach reitric, an cineál cainte a chinnteodh gáir mholta ón slua ar leith sin.

Páirc Sheáin Mhic Dhiarmada

Tús ré[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é féin agus Ó Conghaile an bheirt dheireanach a cuireadh chun báis. Ní raibh Mac Diarmada pósta riamh.

Roinnt blianta ina dhiaidh a bhású, le linn Chogadh Angla-Éireannach, bhain Mícheál Ó Coileáin díoltas amach ar an oifigeach Briotanach Daniel Hoey a roghnaigh Mac Diarmada amach ón slua; thug sé an t-ordú chun Hoey a mharú.

Tá roinnt áiteanna in Éirinn atá ainmnithe in ómós dó:

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "National Library of Ireland - 1916 Exhibition". www.nli.ie. Dáta rochtana: 2023-02-28.
  2. "An Corrán Mór/Corranmore" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-05-12.
  3. "Sean MacDiarmada's House | Kiltyclogher | UPDATED May 2019 Top Tips Before You Go (with Photos)" (en-IE). TripAdvisor. Dáta rochtana: 2019-05-12.
  4. "Tulaigh na Maoile/Tullynamoyle" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-05-12.
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 5.5 National Library of Ireland (2016). "1916 Exhibition - Seán Mac Diarmada". www.nli.ie. Dáta rochtana: 2021-05-12.
  6. "Kiltyclogher Heritage Centre & Sean MacDiarmada Homestead" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2019-05-12.