Seán F. Lemass

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Seán Lemass)
Seán F. Lemass
Seán F. Lemass

I bhfeidhmeannas: 23 Meitheamh, 1959 -
10 Samhain, 1966
Réamhtheachtaí: Eamon de Valera
Comharba: Seán Ó Loingsigh
Dáta breithe: 15 Iúil, 1899
Áit bhreithe: Baile Átha Cliath, Éire
Dáta báis: 11 Bealtaine, 1971
Áit bháis: Baile Átha Cliath, Éire
Gairm: Polaiteoir
Páirtí polaitíochta: Fianna Fáil
Tánaiste: (1) Seán Mac an tSaoi
(2) Proinsias Mac Aodhagáin

Ba é Seán Francis Lemass (15 Iúil 1899 - 11 Bealtaine 1971), an tríú Taoiseach (ceannaire rialtas na hÉireann) idir 1959 agus 1966.

[athraigh] Saol

Rugadh Seán Francis Lemass i 1899 i mBaile Átha Cliath. Agus é in ógánach ghlac sé páirt in Éirí Amach na Cásca 1916 i mBaile Átha Cliath. Gabhadh agus cuireadh i bpríosún é ach scaoileadh saor é de bharr a aois. Bhí sé gníomhach freisin i gCogadh na Saoirse agus sa Chogadh Cathartha i 1922. Toghadh Lemass mar theachta i nDáil Éireann i 1924 agus bhunaigh sé Fianna Fáil i 1926 le hEamon de Valera agus comhghleacaithe eile.

I 1932 rinneadh Aire Tionscal agus Tráchtála de. I rith an Dara Cogadh Domhanda gníomhaigh sé mar Aire Soláthairtí. Rinneadh Aire Tionscal agus Tráchtála de arís tar éis an chogaidh agus i rith na gcaogaidí (1951-1954 agus 1957-1959). I 1959 toghadh mar Thaoiseach é. Sa ré sin bunaíodh RTÉ, tháinig John F. Kennedy go hÉirinn, agus chonacthas feabhas mór san eacnamaíocht. Thug sé cuairt thábhachtach ar Terence O'Neill, Príomh-aire Tuaisceart Éireann i 1965, cuairt a thosaigh ré nua caidrimh idir an dá chuid den oileán. D'éirigh sé as a phost mar Thaoiseach agus cheannaire Fhianna Fáil i 1966. D'éag sé i 1971.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.




Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile