Jump to content

Páirc Hans

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilPáirc Hans
Baile Fiobail nó Páirc Hans (ga) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53° 23′ 31″ N, 6° 26′ 21″ O / 53.392058°N,6.439081°W / 53.392058; -6.439081
Aitheantóir tuairisciúil
Logainm.ie17104
Stáisiún traenach Pháirc Hans
Comhartha Shráid an Stáisiúin i bPáirc Hans
Stáisiún traenach


Is ceantar ilchultúrtha i mórcheantar Chluain Saileach é Páirc HansHansfield as Béarla.

Tá an ceantar suite in aice le Ongar agus Cluain Aodha agus níl sé i bhfad ó Bhaile Bhlainséir agus Caisleán Cnucha freisin.

Tá stáisiún traenach, bunscoil agus meánscoil sa cheantar chomh maith le siopa, caifé, bearbóir agus creis agus montessori. Tá ollmhargadh á thógáil ann. Ritheann An Chanáil Ríoga in aice leis.

Is Crios Forbartha Straitéisí é Páirc Hans lena lán forbairt tithíochta agus árasáin tosaithe agus curtha i gcríoch sa cheantar le roinnt blianta anuas agus tá méadú ag teacht ar an daonra agus tá neart forbartha tuartha sna blianta atá amach romhainn freisin.

Tá conspóid sa cheantar faoi láthair agus é á phleanáil ag An Roinn Oideachas Coláiste Pobalscoil Ériu á athlonnú 8 km as an gceantar.[1]

Chomh maith le stáisiún traenach atá suite ann freastalaíonn busanna Bhus Átha Cliath an 39 agus 39a agus bus an 139 de chuid Go-Ahead Ireland ar an gceantar.

Rialú agus ionadaíocht áitiúil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Páirc Hans mar chuid de "Toghlimistéar Áitiúil Ongar" i gComhairle Contae Fhine Gall agus tá sé suite i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar. Is iad na comhairleoirí do Ongar idir 2024-2029 ná: Tom Kitt (Fianna Fáil), Kieran Dennison (Fine Gael), Angela Donnelly (Sinn Féin), Gerard Sheehan (Aontú) agus Tania Doyle (Neamhspleách).[2]

  1. https://dublinpeople.com/news/northsidewest/articles/2024/11/27/planned-eriu-move-met-with-further-protests/ | Planned Ériu move met with further protests - The Northside People (Samhain 2024)
  2. https://www.fingal.ie/ga/taxonomy/term/404 | Comhairle Contae Fhine Gall - Ongar - Comhairleoirí (2024)

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]