Jump to content

Sasana

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó England)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilSasana
England (en-gb) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnGod Save the King (1745) Cuir in eagar ar Wikidata

Siombail oifigiúilTudor rose (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
LeasainmBlighty Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósAnglaigh agus talamh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 53° N, 1° O / 53°N,1°W / 53; -1
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairLondain Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán53,012,456 (2011) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús406.92 hab./km²
Líon na dteaghlach23,044,097 (2011) Cuir in eagar ar Wikidata
DéamainmSasanach Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla130,278 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeScafell Pike (978 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleThe Fens (−4 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síRíocht Shasana Cuir in eagar ar Wikidata
ÉarlamhNaomh Seoirse Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaismonarcacht pharlaiminteach agus monarcacht bhunreachtúil Cuir in eagar ar Wikidata
• Monarc na Ríochta Aontaithe Cuir in eagar ar WikidataSéarlas, Prionsa na Breataine Bige (2022–) Cuir in eagar ar Wikidata
• Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Cuir in eagar ar WikidataKeir Starmer (2024–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
Airgeadrapunt steirling Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód+44 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód ISO 3166-2GB-ENG Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinvisitengland.com Cuir in eagar ar Wikidata

Tír in oileán na Breataine Móire is ea Sasana (Béarla: England; Coirnis: Pow Sows). Is é Sasana an tír is mó sa Ríocht Aontaithe.

Tá sé ag críochantaíocht le hAlbain sa tuaisceart agus leis an mBreatain Bheag san iarthar. Go hoifigiúil, is cuid de é Corn na Breataine, ach níl Oileán MhanainnOileáin Mhuir nIocht suite i Sasana. Is é Sasana an náisiún is mó sa Ríocht Aontaithe. Fuair sé a ainm ó na Sacsanaigh, a chuir an tír ar bun. Thángadar go dtí an Bhreatain ó mhór-roinn na hEorpa. Thugadar a dteanga leo go dtí an Bhreatain, an Sacs-Bhéarla nó an Béarla mar is gnách a thabhairt air anois. Scaipeadh teanga agus cultúr Shasana ar fud an domhain le linn ré Impireacht na Breataine, a mbíodh críocha ollmhóra faoi smacht aici i ngach mór-roinn.

Tírdhreach agus timpeallacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Timpeall ar thrí chúigiú achair na Breataine Móire atá i Sasana, chomh maith le roinnt oileán eile, de shaghas Inis Iocht agus Na Scillí. Chomh maith le bheith ag críochantaíocht leis an mBreatain Bheag agus Albain, tá Sasana scartha ón Fhrainc ag dorchla mara de 34 chiliméadar, agus tollán iarnróid á gceangailt idir Folkestone agus Calais. Tá cóstaí ar cheithre fharraige ag Sasana: ar an Aigéan Atlantach, ar Mhuir Éireann, ar an Muir Thuaidh, agus ar Mhuir nIocht.

Port Felixstowe, agus long á lódáil
Port Felixstowe

Is iad Felixstowe agus Grimsby and Immingham na poirt is mó i Sasana[1][2], agus is í an tSabhrainn an abhainn is mó atá i Sasana. Is í an abhainn is mó atá go hiomlán i Sasana (ritheann an tSabhrainn tríd an mBreatain Bheag chomh maith) ná an Tamais. Cosúil le hÉirinn, tá a lán tírdhreacha cnocaigh i Sasana, go háirithe sa Tuaisceart agus san Iarthar, agus lochanna go leor inti. Is í an loch is mó sa tír ná Lake Windermere, suite i réigiún fíor-ainmnithe na Lake District.

Inbhear na Sabhrainne, agus a dhá droichead, ag breathnú chun an Deiscirt. Is de chuid Shasana é an bruach clé, agus is de chuid na Breataine Bige é an bruach deas.
Loch Windermere

Is iad na Pennines an sliabhraon is sine sa tír, iad cruthaithe ag deireadh na Pailéasóiche 300 milliún bliana ó shin. Is go príomha as gaineamhchloch, aolchloch agus gual iad. Tá réigiúin charst sna réigiúin saibhir de chailcít, de shaghas Yorkshire agus Derbyshire mar shamplaí. Tá trí pháirc náisiúnta sna Pennines: na Yorkshire Dales, Páirc Náisiúnta Northumberland, agus an Peak District. Is í an bhinn is airde i Sasana ná Scafell Pike, i gContae Cumbria. Go cóngarach leis an teorainn Albanach, tá suite na Cheviot Hills.

Scafell Pike

Aimsítear an chuid is mó d'ísilcríocha Shasana taobh theas de na Pennines, agus grúpaí éagsúla cnoc ann: na Cotswolds, na Chilterns, na North Downs agus na South Downs ina n-áireamh. Sna háiteanna a mbuaileann siad leis an muir, feictear an charraig bhán atá iontu, mar shampla ag Aillte Dover. Is de thalamh ard é den chuid is mó leithinis an Iardheiscirt, na páirceanna náisiúnta Exmoor agus Dartmoor go háirithe, agus tá aeráid aigéanach láidir aici.

Aillte Dover

Is aeráid aigéanach mheasartha atá ag Sasana. Bíonn an aimsir séimh: ní bhíonn an mheánteocht íosta laistíos de 0°C fiú sna míonna is fuaire, agus ní théann an mheánteocht ardaitheach lastuas de 25°C sna cinn is teo.[3] Is iad Mí Eanáir agus Mí Feabhra na míonna is fuaire, an dara ceann go háirithe ar an gcósta, fad is gurb í Mí Iúil an mhí is teo. Tá an fliuchras spréite ar fad na bliana, cé go mbíonn an samhradh níos tirime go ginearálta ná an geimhreadh.

I measc na dtosca is tábachtaí ar aeráid Shasana, tá an chóngaracht atá aige leis an Aigéan Atlantach, a dhomhanleithead tuaisceartach, agus téamh na farraige i Sruth na Murascaille – na tosca céanna a shocraíonn aeráid na hÉireann, cé go bhfuil gach ceann acu beagán níos lú láidre. Is sa Lake District, san Iarthuaisceart, atá na háiteanna is fliche sa tír. Ó tosaíodh cáipéisí na haimsire, is í 38.5°C an teocht is airde ar a ndearnadh cuntas, ar 10ú Mhí Lúnasa 2003 ag Brogdale, Kent, agus is í −26.1°C an teocht is ísle, ar 10ú Mhí Eanáir 1982 in Edgmond, Shropshire.

Spéirlíne Cathrach Londaine feicthe ó Halla na Cathrach. Feictear an Gherkin agus an abhann Tamaise ina háireamh.
Spéirlíne Chathrach Londan feicthe ó Halla na Cathrach
Spéirlíne Mhanchain

Is í Londain, an phríomhchathair, cathair is mó Shasana – má thomhaistear de réir daonra sa líomatáiste faoi fhoirgnimh, tá thart ar 10 milliún duine inti. Ina diaidh, tá Manchain (2.5 milliún), Birmingham (2.5 milliún), Leeds (1.8 milliún) agus Learpholl (800,000).[4]

Sampla de chathracha Shasana a leanas sa liosta seo:

Féach freisin: Contaetha Shasana

Tá 39 contae stairiúla i Sasana. Go ginearálta, ní úsáidtear iad a thuilleadh le haghaidh riaracháin ó athchóirithe na bliana 1974, ach is minic a bhíonn fiúntas mór cultúrtha ag baint leo mar sin féin. De réir achair, is í Sír Eabhrac (Yorkshire) an ceann is mó díobh, agus Rutland an ceann is lú.

Féach freisin: Stair Shasana

Roimh 800,000 bliana ó shin a tháinig na céad daoine go Sasana, agus uirlisí agus lorganna coise a aimsíodh in Happisburgh, Norfolk, ar na céad rianta daonna a aimsíodh sa tír. Is í an rian is sine de Homo Sapiens in Eoraip an Iar-Thuaiscirt ná cnámh géill a aimsíodh in Uaimh Kents (Kents Cavern), Devon, a meastar a aois ar idir 41,000 agus 44,000 bliana. Tá cónaí ar Homo Sapiens go leanúnach i Sasana ó 13,000 bliana ó shin, deireadh na haoise oighir is déanaí. Meastar gur thosaigh an tréimhse Mhéisiliteach sa Bhreatain Mhór timpeall ar an am seo, 11,000 RRC. Tháinig an tréimhse Neoiliteach timpeall ar 4500 RRC, lorgtha le hathruithe móra cultúrtha, agus an Chré-umhaois, lorgtha le húsáid na n-uirlisí cré-umha, timpeall ar 2100 RRC. Meastar gur thosaigh an Iarnnaois (a shainmhínítear mar an tréimhse ó thosaíodh ar uirlisí iarainn a úsáid go dtí gur thosaíodh ar scríobh na staire) timpeall ar 750 RRC, agus tá a fhios againn gurbh iad na Briotanaigh, pobal a raibh teanga Cheilteach acu, a bhí ar an mórphobal i Sasana sa tréimhse seo, in éindí le roinnt treibheanna Beilgeacha, pobal Ceilteach eile, san oirdheisceart.

Tráth na Rómhánach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 43 AD, thosaigh gabháil na Rómhánach ar an mBreatain Mhór; i rith na mblianta a lean uirthi seo, d'iomlaoidíodh smacht na hImpireachta Rómhánaí ar chodanna éagsúla an oileáin; is sna codanna is cothroime agus is gaire leis an Mór-Roinn, san Oirthear agus sa Deisceart, áfach, a bhíodh is mó smachta acu; na codanna, den chuid is mó, a d'eireodh i Sasana sa tréimhse tar éis imeachta na hImpireachta. Is na Rómhánaigh a bhunaigh cuid mhór de chathracha Shasana an lae inniu, ina n-áireamh Londain, Eabhrac, agus gach cathair a bhfuil deireadh -chester uirthi as Béarla, leithéidí Manchain (Manchester) agus Colchester.

Teacht na dtreibheanna Gearmánacha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Léarscáil de Shasana sa bhliain 878. Ba í an 'Danelaw' an chuid den tír a bhí faoi riail Lochlannach ag an am sin

Ag tosú an 5ú céad, d'imigh na Rómhánaigh den Bhreatain Mhór, ionas lena bhfócas a chur ar chroí na himpireachta a chosaint. Lig a n-imeacht an chuid den oileán a bhí faoina smacht – an chuid is mó dá n-éireodh i Sasana – gan riarachán socraithe, agus rinne sé seo éasca do threibheanna as an Ísiltír, an nGearmáin Thuaidh, agus an Danmhairg – na hAingligh, na Sacsanaigh, agus na Iútaigh – a theacht isteach agus a shocrú ar an oileán. Is as na Sacsanaigh, as a ainmnítear réigiún na Sacsaine sa Ghearmáin freisin, a thagann an t-ainm Sasana don tír, agus is as na hAingligh a thagann an t-ainm England as Béarla. Is na treibheanna seo a thug an cultúr Gearmánach don tír leo, ina áireamh seo a dteangacha, a d'éireodh isteach sa Sean-Bhéarla. Sa chuid is mó den tír ar Sasana é anois – gach cuid seachas Corn na Breataine, codanna eile den iardheisceart, agus cuid den iarthuaisceart – chuir an cultúr Gearmánach an seanchultúr Briotanach as áit.

Ó timpeall na bliana 800, d'éirigh ruathair Lochlannacha coitianta, agus níos moille tháinig méid mhór Lochlannach chun áitriú i Sasana, san Oirthear agus sa Tuaisceart go háirithe. Sa tréimhse seo fosta, rinne rialtóirí éagsúla iarrachtaí na ríochtaí Angla-Sacsanacha éagsúla a aontú; is dá bharr sin a cruthaíodh 'Sasana' féin mar ríocht aontaithe faoin 10ú céad.

Na Meánaoiseanna

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1066, rinne fórsaí Normannacha forghabháil ar Shasana. D'fhan an ríshliocht a bhunaigh an rí a ghiollaigh an fhorghabháil seo, an rí Liam I, i gcumhacht ar Shasana ar feadh níos mó ná leath-aoise go dtí gur tháinig an ghéarchéim chomharbais ar a dtugtar An Ainrialtacht, idir 1135 agus 1153. I ndiaidh na tréimhse cogaidh seo, tháinig Sasana faoi riail Theaghlach na bPlantaigíneach, teaghlach a choinnigh an chathaoir ríoga go dtí 1485. Sa tréimhse seo a síníodh an Chairt Mhór, nó an Magna Carta, conradh polaitiúil a chuir teorannacha ar chumhacht an rí i gcomórtas leis na barúin. Troideadh freisin an Cogadh Céad Bliain, idir theaghlaigh ríoga Shasana agus na Fraince. Sna 1400idí, troideadh Cogadh na Rósanna, cogadh comharbais eile, idir Theaghlach Lancaster agus Theaghlach Eabhrac. Cuireadh deireadh leis an gcoimhlint seo i 1485, nuair a tháinig Anraí Túdar i gcoróin.

Na Túdair go dtí cruthú na Ríochta Aontaithe

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Greanadh de bhású Shéarlas I, a tharla sa bhliain 1648

Faoi Theaghlach na dTúdar agus ina ndiaidh sin faoi Theaghlach na Stíobhartaí, d'éirigh Sasana ina chumhacht chóilíneach, agus é ag leathnú a shmachta ar Éirinn i measc tíortha eile. I lár riail na Stíobhartaí, bhris Cogadh Cathartha Shasana amach idir lucht tacaíochta an Rí Séarlas I agus lucht tacaíochta Pharlaimint Shasana, cogadh a bhí ina chuid de Chogaidh na Trí Ríochta, agus é bainteach le Cogadh na hAon Bhliana Déag in Éirinn. B'é an toradh air seo ná cuireadh an rí Séarlas I chun báis agus bunú poblachta parlaiminte ab ainm dó Comhlathas Shasana i 1649, a d'iompaíodh ina dheachtóireacht mhíleata faoi Oilibhéar Cromail sa bhliain 1653, ab ainm dósan An Coimirceas. Cuireadh an mhonarcacht ar bun arís i 1660, cé go lean aighnis faoin reiligiún agus faoin gcumhacht ar aghaidh; mar thoradh ar na haighnis seo a cuireadh rí eile, an rí Séamas II, as an ríchathaoir sa 'Réabhlóid Ghlórmhar' sa bhliain 1688. Bhí an Bhreatain Bheag faoi riail Shasana cheana féin ón 13ú haois, agus í measta mar chuid de Shasana ag an rialtas, agus sa bhliain 1707, d'aontaíodh Sasana agus Albain chun stát nua, Ríocht na Breataine Móire, a chruthú. Tugadh ar Éire a theacht isteach sa ríocht seo sa bhliain 1801, ag athrú ainm na ríochta go 'Ríocht na Breataine Móire agus Éireann', nó An Ríocht Aontaithe mar ghiorrúchán.

Impireacht na Breataine

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Agóid sa Tanganaice ag éileamh neamhspleáchais ó Impireacht na Breataine, 1961

I ndiaidh na réabhlóide tionsclaíochta, bhí an Ríocht Aontaithe ag rialú ar impireacht coilíneach, an ceann is mó a bhí ariamh sa stair thaifeadta. Tar éis próiseas déchóilíneachta san 20ú haois, d'éirigh beagnach gach dúiche thar lear den impireacht seo neamhspleách di. Ina ainneoin sin, tá tionchar chultúrtha Shasana go leathan agus go domhain i gcuid mór acu go fóill.

  1. Oirthuaisceart Shasana
  2. Iarthuaisceart Shasana
  3. Sír Eabhrac agus an Humber
  4. An Lár-Réigiún Thiar
  5. An Lár-Réigiún Thoir
  6. Sasana Thoir
  7. Oirdheisceart Shasana
  8. Iardheisceart Shasana

Is iad an St George's Cross agus armas na Three Lions príomhshiombailí Shasana. Úsáídtear siombailí eile freisin, mar shampla an dair agus an rós. Is é Lá Naomh Seoirse (23 Aibreán) an lá náisiúnta.

Pálás Westminster, suíomh Pharlaimint na Ríochta Aontaithe, i Londain
Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, Boris Johnson

Is daonlathas parlaiminte de facto í an Ríocht Aontaithe, a bhfuil Sasana ina chuid de, cé go bhfuil ceart de jure ag an mbanríon diúltú le dlí ar bith as an bparlaimint. Toisc go nglactar de réir a chéile nach gceadófaí leis an mbanríon diúltú le dlíthe na parlaiminte i ndáiríre, is féidir a mhaíomh gurb ag an bparlaimint amháin atá an chumhacht ardcheannasach sa Ríocht Aontaithe – tá an tír neamhchoiteann ar an nós nach bhfuil bunreacht scríofa aici; mar sin, is féidir leis an bparlaimint dlí ar bith a athrú ach amháin le tromlach simplí i vóta parlaiminte. Tá parlaimintí cineachta ag Tuaisceart Éireann, ag an Albain, agus ag an mBreatain Bheag (faoi réir dheireanach na parlaiminte in Westminster), ach níl a leithéid ag Sasana féin. Is é an Páirtí Coimeádach an páirtí a fuair an méid is mó vótaí i Sasana san olltoghchán is deireanaí (47.3%); ina dhiaidh sin bhí Páirtí an Lucht Oibre (33.9%), an Páirtí Daonlathach Liobrálach (12.3%), an Páirtí Glas (3.0%), agus Páirtí an Bhreatimeachta (2.0%). Úsáideann an Ríocht Aontaithe córas vótála 'céad duine abhaile' (en) ina cuid olltoghchán, ar fud 650 toghcheantar a thoghann feisire amháin gach aon: tugann sé seo buntáiste mór do na páirtithe móra i bpolaitíocht Shasana. I vótáil an Bhreatimeachta sa bhliain 2016, ba é Sasana an tír a vótáil ba mhó i bhfabhar an Bhreatimeachta i measc ceithre náisiún na Ríochta Aontaithe: 53% de vótóirí i Sasana thar n-ais 52% sa Ríocht ar fad.

Tá dhá chineál riarachán áitiúil i Sasana: sna réigiúin níos tuathúla, bíonn dhá leibhéal rialtais go ginearálta: comhairlí contae taobh thuas agus comhairlí áitiúla fúthu sin; sna réigiúin níos uirbí, bíonn leibhéal amháin de ghnáth, ar a dtugtar unitary authority ('údarás aonadach') sna réigiúin níos tuathúla díobh sin, nó borough ('buirg') sna ceantair is uirbí ar fad.

Meastar geilleagar Shasana go coiteann mar gheilleagar atá ag leanúint na heiseamláire Angla-Shacsanaí, mar an gcéanna le Poblacht na hÉireann – is éard is brí leis sin: leibhéil ísle de rialacháin agus de chánacha, agus beag seirbhísí á soláthar ag an earnáil phoiblí. Is é an punt steirlinn an t-airgeadra oifigiúil i Sasana.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Visit England (bord turasóireachta)