Lusca
Lusca | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Contae riaracháin áitiúil | Fine Gall | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 25 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 16994 |
Baineann an t-alt seo leis an sráidbhaile i mBaile Átha Cliath. Má tá spéis agat sa seomra faoi thalamh, féach Uaimh (foirgneamh).
Sráidbhaile i dtuaisceart Átha Cliath is ea Lusca.[1] Tá sé suite 23km ó lár Bhaile Átha Cliath. Is cuid de Chontae Fhine Gall é freisin. Dar le daonáireamh 2016, bhí 7,786 duine ina gcónaí ann.
Cosúil le sráidbhailte eile timpeall Bhaile Átha Cliath, tá daonra Lusca ag fás agus brú ag teacht air de dheasca praghsanna tithíochta sa chathair.
Tá Ionad Oidhreachta faoi stiúir Oifig na nOibreacha Poiblí lonnaithe sa tsráidbhaile. Tá túr cruinn ón 9ú haois, cloigtheach meánaoiseach agus seanséipéal ón 19ú haois ann. Sa chloigtheach tá taispeántas faoi sheipéil na meánaoise i dtuaisceart Chontae Átha Cliath. Tá samhail-uaigh Sir Christopher Barnwell agus a mhná chéile Marion Sharl ansin freisin.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Lusca/Lusk | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |