Droimeanach
(Athsheolta ó Droimneach)
Jump to navigation
Jump to search
Droimneach | |
---|---|
Léarscáil | |
Daonra (2006) | |
Airde: | ~58m |
Contae: | Contae Bhaile Átha Cliath |
Cúige: | Laighin |
Is bruachbhaile de chuid Bhaile Átha Cliath é Droimeanach. Tá sé suite i ndeisceart na cathrach agus é ag críochantacht le Baile Bhailcín, le Cromghlinn, le hInse Chór agus leis an gCanáil Mhór. Tá an bruachbhaile i gceantar poist Bhaile Átha Cliath 12.
Tá caisleán de chuid na Normannach, Caisleán Dhroimeanaigh, suite sa cheantar.
Tá Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn suite i nDroimeanach (d'ainneoin a ainm).
Daoine[cuir in eagar | athraigh foinse]
Daoine a tógadh i nDroimeanach:
- Michael Carruth, dornálaí
- Eamonn Coghlan, lúthchleasaí
- Kevin Moran, peileadóir
- Gabriel Byrne agus Patrick Bergin, aisteoirí
- Ailéin de Diúc, polaiteoir
- Brian Kerr, iar-bhainisteoir fhoireann náisiúnta sacair Phoblacht na hÉireann