Donostia-San Sebastián
Ní mór feabhas a chur ar an litriú agus/nó ar an ngramadach san alt seo. Ná bain an chlib seo den alt ach i ndiaidh do chainteoir dúchais nó líofa súil a chaitheamh air, le do thoil.
Tar éis an t-alt a cheartú, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. |
Donostia-San Sebastián | |||||
---|---|---|---|---|---|
Donostia (eu) San Sebastián (es) | |||||
Mana | «Fidelidad, nobleza y lealtad» | ||||
Leasainm | kaskarinak agus ñoñostiarrak | ||||
Ainmnithe in ómós | Naomh Sebastian | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Spáinn | ||||
Comhphobal féinrialaitheach de chuid na Spáinne | Tír na mBascach Theas | ||||
Cúige de chuid na Spáinne | Gipuzkoa | ||||
Comarca of the Basque Country (en) | Donostialdea (en) | ||||
Príomhchathair de | |||||
Príomhchathair | Donostia | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 188,743 (2023) | ||||
• Dlús | 3,099.74 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Intermunicipalité des eaux du réservoir du fleuve Añarbe (fr) Intermunicipalité de San Markos (fr) | ||||
Achar dromchla | 60.89 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Mhuir Chantabrach agus Urumea | ||||
Airde | 6 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1180 | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Méara Donostia-San Sebastián | Eneko Goia Laso (2015–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 20001–20018 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 943 agus 843 | ||||
INE municipality code (en) | 20069 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | donostia.eus | ||||
Is príomhchathair cúige Gipuzkoa/Guipuscoacathair i gcomhphobal féinrialaithe Tír na mBascach sa Spáinn í Donostia-San Sebastián (Bascais: Donostia, Spáinnis: San Sebastián, go hoifigiúil glaotar Donostia-San Sebastián uirthi). Is cathair chósta í suite ar Bhá na Bioscáine, 20 cm (12 miles) ó teorainn na Fraincise i dtuaisceart na Spáinne. Tá daonra bardais 186,095 aici agus is iad Trádáil agus Turasóireacht na príomhghníomhaíochtaí eacnamaíochta sa chathair. Tá an tóir ag turasóirí ar an áit seo.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1014 Tugann Sancho III Pamplona mainistir Naomh Sebastián i mbaile Hernani do Mhainistir Leire.
- 1150 Tugann Sancho VI Pamplona cumhacht don chathair ar an réigiún uilig idir na haibhneacha Oria agus Bidasoa.
- 1656 Úsáidtear an chathair mar an cheanncheathrú ríoga le linn pósadh an Infanta le Louis XIV ag St Jean de Luz atá gar.
- 1728 Neartaíonn bunú an Real Compañía Guipuzcoana de Caracas tráchtáil le Críocha Mheiriceá na Spáinne.
- 1813 Buann fórsaí Briotanacha agus Portaingéalacha ar fhórsaí Napoléon sa chathair tar éis léigear, ar an 31 Lúnasa. Dónn na fórsaí buacha an chathair cé go bhfuil muintir na cathrach i gcoinne na bhFrancach. Ní fhágtar ach sráid amháin a ghlaoitear Sráid an 31ú Lúnasa uirthi anois.
- 1813 Déantar atógáil ar an gcathair sa suíomh ina raibh sé cheana, ach le leagan amach beagáinín éagsúil. Tá an ailtireacht go formhór sa stíl céanna.
- 1833 Cosnaíonn óglaigh Briotanacha faoi cheannas George de Lacy Evans an chathair ó ionsaí Carlach. Cuirtear na mairbh i Reilig na Sasanach ar Monte Urgull
- 1863 Leagtar ballaí na cathrach chun go rachaidh leathnú ar an gcathair ar aghaidh. (Is féidir na hiarsmaí dóibh a fheiceáil sa charrchlós faoi thalamh ag an Boulevarde)
- 1936 Buann na Náisiúnaigh Bascach ar an gcoup míleata.
- 1937 Cloíonn fórsaí Náisiúnacha an cúige le linn Chogadh Cathartha na Spáinne
- 1953 Tús le Féile Scannáin Idirnáisiúnta Naomh Sebastián.
Spórt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is í Donostia-San Sebastián baile club sacair Real Sociedad. Ar 17 Meitheamh 2007, thit an club síos chuig an dara sraith, tar éis dóibh bheith sa Primera División ar feadh 40 bliain. Imríonn Biarritz Olympique, foireann rugbaí, sa chathair chomh maith, i Staid Anoeta.
Cultúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féile Scannáin Idirnáisiúnta Donostia-San Sébastián Ceann de na féilte scannáin is tábhachtaí san Eoraip. Déanann iúré tromlach na gradaim a bhronnadh, ach vótáileann an pobail don scannán is fearr. Na príomgradaim ná an Sliogán Mara Órga agus an Sliogán Mara airgid.
Ceiliúraí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceiliúrann muintir na cathrach féasta Naomh Sebastián gach biain ar an 20iú Eanáir, ar a ghlaotar féile "Tamborrada". Ag meán oíche ardaíonn an méara bratach sa Konstituzioa plaza atá suite sa tseanchathair ("Alde Zaharra/Parte Vieja") agus bíonn fuaim drumaí le cloisteáil ar fud na cathrach ar feadh 24 uaire. Gléasann na daoine fásta mar chócairí agus saighdiúirí agus máirseálann siad ar na sráideanna. Síneann bunús na cultacha ar ais chuig aimsir forghabha na fórsaí Napoléonach ar an gcathair. Itheann na daoine fásta an bia agus ólann siad na fíonta is fearr sna "Sociedades". Ní cheadaíodh mná sna "Sociedades" seo go traidisiúnta, ach ní hé sin an chás sa lá atá inniu ann. Tar éis na drumaí a chloisteáil tríd an oíche, éiríonn na páistí chun tús a chur lena leagan ar an bhféile. Gléasann na páistí uilig mar shaighdiúrí agus máirseálann siad tríd an chathair. Bíonn siad gléasta i gcultacha a sheasann do tíortha éagsúla.
Tá féile bliantúil ann i Mí Lúnasa ar a ghlaotar Nagusia i mBascais, a mhaireann ar feadh seachtaine. Bíonn comórtas tinte ealaíona ann ina mbuann an taispeántas is fearr thar tréimhse na féile
Tá cáil ar Donostia-San Sebastián mar gheall ar a chócaireacht Bascaigh agus pintxos (tapas) agus a cheantar bialainne in aice an calafoirt.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is síol faoi thíreolaíocht na Spáinne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |