Óstaí an Rí
Mana | Nolumus Mutari |
---|---|
Sonraí | |
Cineál | coláiste rialaitheach institiúid oideachais eagraíocht oideachais eagraíocht neamhbhrabúis |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1541 (Féilire Ghréagóra) |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Suíomh gréasáin | http://www.kingsinns.ie/ |
Is é Cumann Onórach Óstaí an Rí[1] an t-aon institiúid i bPoblacht na hÉireann a bhfuil sé mar cumhacht aici céim Abhcóide Dlí a bhronnadh. Ní ghairtear chuig Barra na hÉireann ach iad sin a bhfuil an chéim seo acu.[2]
Is foras oideachais neamhspleách é a bhfuil clú agus cáil air as oiliúint ghairmiúil sa dlí den scoth a sholáthar. Tá Óstaí an Rí lonnaithe idir Sráid Henrietta agus Cnoc an Bhunreachta.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh dlíodóirí i mBaile Átha Cliath cumann dóibh féin sa bhliain 1541. Thug Anraí VIII Shasana cead dóibh an cumann a bhunú. Chomh maith leis sin thug sé seanmhainistir dóibh a dhún sé roimhe sin. Thug na dlíodóirí Óstaí an Rí ar an gCumann mar ómós dó (d’athraigh an t-ainm de réir a chéile). D’athbhunaigh Arthur Chichester an Cumann sa bhliain 1607.[3]
Bhí an Cumann suite ar Ché na nÓstaí go dtí deireadh na 18ú haois. Ba mhór dó bogadh ansin mar bhí na Ceithre Cúirteanna á thógáil ansin. Fuair an Cumann áit nua ag barr Shráid Henrietta agus d’iarr na binseoirí ar James Gandon foirgneamh a dhearadh don cumann. Thosaigh obair na tógála i 1800. Thóg an Cumann leabharlann idir 1826 agus 1832.[4]
Ballraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuimsíonn an Cumann binseoirí, abhcóidí agus mic léinn.[5]
Tá scrúdaithe iontrála don cumann gach bliain.[6] Tá céim dlí formheasta nó dioplóma an Chumainn i Léinn Dlí riachtanach dóibh a bhfuil ag iarraidh na scrúdaithe a dhéanamh. Má éiríonn le hiarrthóir sna scrúdaithe seo, ligtear isteach sa Chumann é mar mhac léinn.
Déanann an mac léinn cúrsa ar feadh bliain nó dhá bhliain. Má éiríonn le mac léinn sa chúrsa seo, bronnadh céim Abhcóide Dlí air, agus gaireann an Príomh-Bhreitheamh chuig an Barra é.
Toghann na abhcóidí líon díobh mar binseoirí. Is binseoirí iad freisin breithiúna na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte ar fad.[5]
An Scoil Dlí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é an príomhról atá ag an gCumann ná abhcóidí nua a oil, agus is í Scoil Dlí an Chumainn a dhéanann é sin. Is í an Scoil an institiúid oideachais dlí is sine in Éirinn. Is féidir le mic léinn an chúrsa gairmeach a dhéanamh i mbliain amháin nó ar feadh dhá bhliain. Ní cúrsa acadúil atá i gceist leis seo ach cúrsa praiticiúil don ghairm.
Tá cúrsa dlí acadúil ag an Scoil chomh maith .i. an Dioplóma i Léinn Dlí. Is cúrsa é seo dóibh nach bhfuil céim dlí acu agus atá ag iarraidh an chúrsa gairmeach a dhéanamh. Ligtear céimí ollscoile agus léinn aibí a bhfuil taithí ábhartha acu an cúrsa seo a dhéanamh. Maireann an cúrsa seo dhá bhliain.
Chomh maith le hoideachas a chur ar abhcóidí faoi oiliúint, tairgeann an Scoil Dlí cúrsaí páirtaimseartha inrochtana i sainréimsí dlí don phobal i gcoitinne idir dhaoine a bhfuil cúlra dlí acu agus daoine nach bhfuil.
Bíonn na cúrsaí á dteagasc ag cleachtóirí dlí saineolacha
Cumann Díospóireachta Mhic Léinn Dlí na hÉireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Cumann Díospóireachta Mhic Léinn Dlí na hÉireann (CDMLDÉ) (Law Students Debating Society of Ireland / LSDSI) an t-aon chumann do mhic léinn in Óstaí an Rí. D’ainneoin a hainm, ní cumann díospóireachta amháin é. Eagraíonn sé comórtais bhréagchúirte agus díospóireachta chomh maith le cúrsaí spóirt agus sóisialta na hÓstaí.
Bunaíodh an CDMLDÉ i 1830. De réir a bhunreacht, is baill de é gach mac léinn an Chumainn. Toghann na baill ceann díobh gach bliain chun a bheith ina reachtaire ar an CDMLDÉ. Ceapann an reachtaire coiste chun cabhrú leis an CDMLDÉ a eagraigh.
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an Scoil Dlí ag tús cadhnaíochta ó thaobh cúrsa dlí a mhúineadh trí Ghaeilge, mar shampla an Ard-Dioplóma sa Dlítheangeolaíocht agus san Aistriúchán Dlíthiúil.[7][8]
Baill Cháiliúla
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dlí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Patrick Connolly, Ard-Aighne na hÉireann
- George Gavan Duffy, Aire Gnóthaí Eachtracha, Uachtarán na hArd-Chúirte
- Thomas Langlois Lefroy, Tiarna Príomh-Bhreitheamh na hÉireann, teachta parlaiminte
- Christopher Palles, breitheamh, abhcóide
- Harry Whelehan, Ard-Aighne na hÉireann
Gnó
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Dermot Gleeson, Ard-Aighne na hÉireann, cathaoirleach Allied Irish Banks
- Peter Sutherland, Ardstiúthóir An Eagraíocht Domhanda Tráchtála, Coimisinéir Eorpach, Ard-Aighne na hÉireann, cathaoirleach BP, cathaoirleach Goldman Sachs International
- Vivion de Valera, Teachta Dála, stiúrthóir bainistíochta Scéala Éireann
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Risteard Mac An Earraigh, Tánaiste, Aire Gnóthaí Eachtracha
- Seán de Briotún, Taoiseach, Ambasadóir an Aontais Eorpaigh do Stáit Aontaithe Mheiriceá
- Richard Burke, Aire Oideachais, Coimisinéir Eorpach
- Isaac Butt, bunaitheoir Léig an Rialtais Dúchais
- David Byrne, Coimisinéir Eorpach, Ard-Aighne na hÉireann
- Edward Carson, ceannaire Aontachtóireachta na hÉirinn, Aire Rialtas na Ríochta Aontaithe
- Arthur Chichester, Tiarna Ionadaí na hÉireann
- Dónall Ó Conaill, ceannaire Ghluaiseacht Fhuascailt na gCaitliceach, ceannaire ghluaiseachta in aghaidh Acht an Aontais
- Seán A. Mac Coisdealbha, Taoiseach
- Liam Mac Cosgair, Taoiseach
- Cearbhall Ó Dálaigh, Uachtarán na hÉireann, Príomh-Bhreitheamh na hÉireann
- Mícheál Mac Dubhghaill, Tánaiste, Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, Ard-Aighne na hÉireann
- Charles Gavan Duffy, Príomh-Aire Victeoiria, An Astráil, bunaitheoir An Náisiún (The Nation)
- Cathal Ó hEochaidh, Taoiseach
- Gearóid Mac Gearailt, Taoiseach
- Henry Grattan, ceannaire freasúra d’Acht an Aontais
- Timothy Michael Healy, Seanascal Shaorstát Éireann
- Seán Ó Loingsigh, Taoiseach
- Brian Ó Luineacháin, Tánaiste, Aire Gnóthaí Eachtracha
- Brian Óg Ó Luineacháin, Aire Airgeadais
- Seán MacBride, Aire Gnóthaí Eachtracha
- Michael O'Kennedy, Aire Airgeadais, Coimisinéir Eorpach
- Seán Mac Réamainn, ceannaire Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann
- Máire Mhic Róibín, Uachtarán na hÉireann, Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta Daonna
- Caoimhín Ó hUiginn, Leas-Uachtarán na hArd-Chomhairle, Aire Dlí
Réabhlóidithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Robert Emmet, ceannaire éirí amach i 1803
- Pádraig Mac Piarais ceannaire Éirí Amach na Cásca i 1916
- Theobald Wolfe Tone ceannaire Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe i 1798
Spórt
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Michelle Smith de Bruin, snámhóir Oilimpeacha
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, King's Inns
- ↑ "Home". The Honorable Society of King's Inns. Dáta rochtana: 2024-09-14.
- ↑ Herbert Wood (1933). "The King's Inns, Dublin". The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 3 (1): 125–127. ISSN 0035-9106.
- ↑ kingsinns.ie. "King's Inns : Heritage". www.kingsinns.ie. Dáta rochtana: 2024-09-14.
- ↑ 5.0 5.1 courts.ie. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-11-04. Dáta rochtana: 2010-10-18.
- ↑ kingsinns.ie. "degrees". www.kingsinns.ie. Dáta rochtana: 2024-09-14.
- ↑ "Ard–Dioplóma sa Dlítheangeolaíocht agus san Aistriúchán Dlíthiúil / Advanced Diploma in Lawyer–Linguistics and Legal Translation". The Honorable Society of King's Inns. Dáta rochtana: 2024-09-14.
- ↑ "GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Ar mhaith leat gairmréim rathúil trí Ghaeilge ag croí na hEorpa?" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-09-12). Dáta rochtana: 2024-09-14.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Óstaí an Rí - Láithreán gréasáin oifigiúil (Béarla)
- Léirmheas Dlí Mhic Léinn Óstaí an Rí Curtha i gcartlann 2011-08-09 ar an Wayback Machine - Foilseachán an Chumainn (Béarla)