Contae Dhún na nGall
Contae Dhún na nGall | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Uladh | ||||
Príomhchathair | Leifear | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 161,137 | ||||
• Dlús | 33.15 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Northwest Ireland and Lakelands (en) | ||||
Achar dromchla | 4,861 km² | ||||
Airde | 749 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | office of the Cathaoirleach of Donegal County Council (en) | ||||
Comhlacht reachtach | comhlacht reachtach Chomhairle Contae Dhún na nGall | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód ISO 3166-2 | IE-DL | ||||
Eile | |||||
Logainm.ie | 100013 | ||||
Suíomh gréasáin | donegal.ie |
In iarthuaisceart Chúige Uladh atá Dún na nGall nó Contae Dhún na nGall[1], ceann de thrí chontae i gCúige Uladh nach bhfuil i dTuaisceart Éireann. Úsáidtear an t-ainm Tír Chonaill chun tagairt leis an chontae fosta, cé nach ionann an dá áit go stairiúil, toisc nach nglacadh an téarma Tír Chonaill Inis Eoghain, leithinis mhór in oirthuaisceart an chontae, san áireamh.
Is é Leifear príomhbhaile an chontae, ach is í Leitir Ceanainn an baile is mó atá ann, agus daonra 19,274 aici de réir daonáirimh 2016. Is é Bun Cranncha an dara baile is mó sa chontae, agus is é Baile Dhún na nGall an baile as ar ainmníodh an contae.
Is í Gaeltacht Dhún na nGall an ceann is mó in Éirinn ó thaobh líon na gcainteoirí dúchais.
Tíreolas
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir achair, tá sé ar an chontae is mó in Ultaibh agus an ceathrú contae is mó in Éirinn. Go sainiúil as contaetha Phoblacht na hÉireann, níl teorainn aige ach le contae amháin eile sa stát: Contae Liatroma. Tá an chuid is mó dá theorainn talún roinnte le trí chontae sa Tuaisceart: Contae Dhoire, Contae Thír Eoghain, agus Contae Fhear Manach. Tá baint mhór eacnamaíochta agus sóisialta idir Dhún na nGall agus Cathair Dhoire, atá suite thart ar 10 gciliméadar uaidh ar taobh eile na teorann. Go deimhin, áirítí Cathair Dhoire ina cuid de Chontae Dhún na nGall go dtí 1610, an bhliain ar cruthaíodh Contae Dhoire as codanna de Chontae Dhún na nGall agus Contae Chúl Raithin.[2][3]
Barúntachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá ocht mbarúntacht stairiúla sa chontae:
- Báinigh
- Baollaigh
- Cill Mhic Réanáin
- Inis Eoghain Thiar
- Inis Eoghain Thoir
- Ráth Bhoth Theas
- Ráth Bhoth Thuaidh
- Tír Aodha
Ceantracha neamhfhoirmiúla
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cuid mhór ceantracha neamhfhoirmiúla a aithnítear sa chontae chomh maith. In oirthear an chontae, tá Gleann na Finne, gurb é Bealach Féich a phríomhbhaile, agus in aice leis ar an taobh thoir de, tá an Lagan, atá láraithe ar bhaile Ráth Bhoth. Tá cuid mhór ceantracha Gaeltachta ar chósta an chontae: ar an chósta iarthair tá Na Rosa agus Gaoth Dobhair, agus ar an chósta thuaidh tá Cloch Cheann Fhaola, lena n-áirítear na bailte Gort an Choirce agus An Fál Carrach. 'Na Trí Pharóiste' a thugtar ar Na Rosa, Gaoth Dobhair agus Cloch Cheann Fhaola trí chéile. Thoir ó Chloch Cheann Fhaola tá trí leithinis: Ros Goill, Fánaid, agus Inis Eoghain, agus an pointe is faide ó thuaidh ar oileáin na hÉireann, Cionn Mhálanna, suite ar an cheann dheireanach díobh seo.
Tíreolaíocht nádúrtha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an contae ar an cheann is sléibtí in Ultaibh, agus an chuid is mó de déanta suas de trí shliabhraon beaga: sléibhte Inis Eoghain san oirthuaisceart, sléibhte Dhoire Bheatha san iarthuaisceart, agus na Cruacha Gorma san iardheisceart. Is í an Earagail, i sléibhte Dhoire Bheatha, binn is airde an chontae, agus 749m aici. Tá cósta an-bhearnach ag an chontae chomh maith ina bhfuil go leor lochanna mara, gurb iad Loch Feabhail agus Loch Súilí na cinn is mó díobh. Tá aillte Shliabh Liag ar na séú cinn is airde san Eoraip, agus is é Cionn Mhálanna an pointe is faide ó thuaidh ar mhórthír Éireann.
Tá dhá oileán a bhfuil buandaonra acu: Oileán Árainn Mhór agus Oileán Thoraí, chomh maith le líon mór oileán nach bhfuil ach lucht cónaithe neamhbhuan orthu. Ritheann an dara n-abhainn is faide in Éirinn, an Éirne, isteach i mBá Dhún na nGall cóngarach do Bhéal Átha Seanaidh, agus dambaí uirthi a ghineann leictreachas. Ritheann abhainn na Feabhaile feadh cuid mhaith de theorainn thalún an chontae, í á scaradh ó Chontae Dhoire agus Contae Thír Eoghain.
Duaiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir an iris idirnáisiúnta National Geographic an contae ag barr liosta de na 'coolest' áiteanna ar domhan le cuairt a thabhairt orthu sa bhliain 2017[4]. Tá clú agus cáil ar áilleacht an chontae agus ar chairdiúlacht mhuintir na háite, a dúirt an National Geographic.
Bailte i gContae Dhún na nGall
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ailt an Chorráin, Anagaire, Ard an Rátha
- Baile an tSratha, Baile Lifín, Baile na Finne, Baile na nGallóglach, An Baile Nua, Béal Átha Seanaidh, Baile an tSratha, Bealach Féich, An Bhroclais, Bun an Phobail, An Bun Beag, Bun Cranncha, Bun Dobhráin, Bun na hAbhann
- Caisleán na Finne, An Caisleán Nua, Carn Domhnach, Carraig Airt, Carraig Mhic Uidhilín, An Carraigín, Ceann an Droichid, An Charraig, An Cheathrú Chaol, Cill Charthaigh, Cill Mhic Réanáin, Cionn Caslach, An Clochán, An Clochán Liath, Cluain Maine, Conbháil agus Leac, Conmhaigh, An Craoslach, Croithlí, Cúil Dabhcha
- Doirí Beaga, Dún Cionnaola, An Dúchoraidh, Dún Fionnachaidh, Dún Lúiche, Dún na nGall
- An Fál Carrach, Fathain
- Gaoth Dobhair, Gartán, Gleann Cholm Cille, Gort an Choirce
- Halla an Phoirt
- Inbhear
- An Lathaigh, An Leadhb Gharbh, Leifear, Leitir Ceanainn, Leitir Mhic an Bhaird
- An Machaire, Machaire Rabhartaigh, Magh, Mainéar Uí Chuinneagáin, Málainn, Mín an Lábáin, Moin Séarlas
- Na Cealla Beaga, Na Dúnaibh, Na Frosa, Na Gleannta
- Paiteagó, Port an tSalainn, Port na Bláiche, Port Nua
- Ráth Bhoth, Ráth Maoláin, Ráth Mealtain, Ros Goill, Ros Neamhlach
- Srath an Urláir
- An Tearmann, Teileann, Tamhnach 'a Mhullaigh
Oileáin ar chósta Dhún na nGall
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bailte fearainn
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Baile an Easa
- Carraig Brachai, Cluan Glas, Cill Clunaidh
- Droim Ardagh, Droim Raithnaigh
- Learga na Saorthach, Leitir Mhic an Bhaird
- Mín na Gualann Mullach Dubh
Tíreolaíocht nádúrtha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An Bearnas Mór, Bealach na gCruach, Bealach na Gaeltachta, An Bheart
- Cloch Cheann Fhaola, Na Cruacha Gorma, Corrán Binne, Cuan na gCaorach
- An Earagail
- An Feabhal
- Gaoth Dobhair
- Iorras
- Loch Iascaigh
- An Mhucais
- Na Rosa
- An Trá Bhán
Cultúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an ceol an-láidir sa chontae agus tá clú ar cheoltóirí na háite ar fud an domhain.
- Amharclann Ghaoth Dobhair, Amharclann an Ghrianáin
- Comhairle Contae Dhún na nGall, Clochar Loreto, Coláiste Naomh Adhamhnáin, Coláiste Ailigh, Coláiste Pobail Bhun an Phobail
- Féile Ealaíne na hEaragaile
- Highland Radio
- Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn
- Músaem Chontae Dhún na nGall
- Ospidéal Ginearálta Leitir Ceanainn, Ospidéal Naomh Conaill
- Páirc Uí Dhómhnail, Páirc na Finne, Páirc Sheáin Mac Cumhaill, Pobalscoil Charn Domhnaigh, Pobalscoil Ghaoth Dobhair
- Scoil Colmcille, Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy, Scoil na Mainistreach
Spórt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Na cluichí Gaelacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuirtear suim mhór sna cluichí Gaelacha sa chontae agus tá Craobh na hÉireann buaite ag peileadóirí an chontae faoi dhó - sna blianta 1992 agus 2012.
Sacar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cumann sacair de chuid Chumann Peile na hÉireann ag imirt sa chontae, mar atá Cláirsigh na Finne. Imríonn an fhoireann a gcluichí baile i bPáirc na Finne, i mBealach Féich.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Caisleán Dhún na nGall, Caisleán Ghleann Bheatha, Caisleán na dTuath
- Droichead Leifear, An Dún Riabhach
- Grianán Ailigh
- An Muileann Úr
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gailearaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]-
Bratach Dhún na nGall ar foluain i bhFánaid
-
Radharc ó Ghrianán Ailigh
-
Droichead na nDeor
-
Trá Bhaile Mhic an Stocaire
-
Caisleán Dhún na nGall, Baile Dhún na nGall
-
Eaglais Dhún Lúiche
-
Cionn Fhánada
-
An Mám Mór
-
Mám Ghleann Gheis
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Contae Dhún na nGall/Donegal | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ Brian Lacy (Editor), Archaeological Survey of County Donegal, P. 1. Donegal County Council, Lifford, 1983.
- ↑ Cowley, Pat.; Ronayne, Liam. (1998). "The Donegal Highlands". Domhnach Daoi, Co. An Dúin, Tuaisceart Éireann: Cottage Publications. OCLC 41500168.
- ↑ http://www.donegaldaily.com/2016/12/01/national-geographic-names-donegal-as-the-coolest-place-of-all-for-2017/