Síol Chonaire
Is éard atá sa Síol Chonaire (Sean-Ghaeilge Síl Conairi) ná na Clanna Dedad úd de shliocht Chonaire Mhóir,[1] agus iad sin ná an Dál Riada, an Múscraí, an Chorca Dhuibhne, agus an Chorca Bhaiscinn.[2]
Ríocht na hAlban
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is amhlaidh gur lonnaigh an Dál Riada in oirthuaisceart chúige Uladh, agus chuaigh siad ar aghaidh chun Ríocht na hAlban a bhunú. Glaodh "síol Chonaire" ar rítheaghlach na hAlban, Ríshliocht Dùn Chailleann, chomh déanach is an 12ú haois.[3] Trí an ríshliocht úd agus Conaire Mór, is sinsear Teaghlach Ríoga na Breataine é Deda mac Sin. Ba é Alexander III of Scotland (bás 19ú Márta 1286) an rí deireanach sa sinsear díreach ar thaobh athar de Shíl Chonaire.
Cruithnigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugadh faoi ndeara le fada ag scoláire gur lonnaigh na Gaeil go luath in Albain. Tá beirt luath-ríthe na gCruithneach ann a mheastar gur de shliocht an Dáil Riada iad, mar atá Bridei IV na gCruithneach agus a dheartháir Nechtan mac Der-Ilei. D'fhéadfadh é go raibh ról lárnach acu i dtuilleadh(?) Gaelaithe Tír na gCruithneach.
Mumha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Lonnaigh Síol Chonaire eile i gcúige Mumhain, áit a bheadh siad ar dtús faoi scáth a ngaol, na Dáirine, agus níos deireanaí faoi cheannas na nEoghanacht. Is amhlaidh, ámh, gurbh áisitheoirí suntasacha iad, na Múscraí ach go háirithe, ar son na nEoghanacht, agus is amhlaidh go raibh sin in aghaidh na nDáirine.[4] Cheaptaí go raibh a rí ar chomh stádas a bheag nó a mhór leis na dtrí nó ceithre ríthe regional faoi ardcheannas Caiseal.[5]
Rí déanach agus gan coinne na Mumhan de shliocht an Mhúscraí ab ea Flaithbertach mac Inmainén (bás 944).[6]
Sa deireadh, slogadh an Chorca Bhaiscinn isteach i Ríocht Tuamhan, faoi cheannas rítheaghlach Uí Bhriain.
Seanscéalta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Insítear scéal breith, beatha agus bás Chonaire Mhóir sa seanscéal Togail Bruidne Dá Derga. Tá dhá scéal ann, gaolta ar éigin ach níos tábhachtaí de réir ginealeolaithe, agus iad ná De Síl Chonairi Móir[7] agus De Maccaib Conaire.[8] Sa scéalta seo, measctar é lena sliocht, Conaire Caomh, athair Na dTrí Cairbre, mar atá: Coirpre Músc, a quo an Múscraí agus an Chorca Dhuibhne; Coirpre Baschaín, a quo an Chorca Bhaiscinn; agus Coirpre Rígfhota (Riada), a quo an Dál Riada.
Ogham
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá clú ag an gCorca Dhuibhne as ucht a n-inscríbhinní Oghaim. Faightear aon trian a bheag nó a mhór desna hinscríbhinní atá ar marthain ar fud a dtailte.[9]
Mairnéalaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhaineadh an Chorca Dhuibhne agus an Chorca Bhaiscinn clú amach mar mhairnéalaigh iomráiteacha.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- John Bannerman, Studies in the History of Dalriada. Edinburgh: Scottish Academic Press. 1974
- Edel Bhreathnach (eag.), The Kingship and Landscape of Tara. Baile Átha Cliath: Four Courts Press for The Discovery Programme. 2005.
- Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings. Four Courts Press. 2a eagrán athbhreithnithe, 2001.
- Hector Munro Chadwick, Early Scotland: the Picts, the Scots and the Welsh of southern Scotland. Cambridge University Press. 1949.
- Margaret E. Dobbs, Side-lights on the Táin age and other studies. Dún Dealgan: WM. Tempest. 1917.
- Thomas Charles-Edwards, Early Christian Ireland. Cambridge University Press. 2000.
- Eoin Mac Néill, "Early Irish Population Groups: their nomenclature, classification and chronology", Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann (C) 29 (1911), ll. 59–114
- —, "Notes on Irish Ogham Inscriptions", Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann. 1909, ll. 329–70
- Kuno Meyer (eag.), "The Laud Genealogies and Tribal Histories", in Zeitschrift für celtische Philologie 8 (1912), ll. 291–338.
- Michael A. O'Brien (eag.) le réamhrá le John V. Kelleher, Corpus genealogiarum Hiberniae. IALBÁC. 1976. Páirt-eagrán digiteach: Donnchadh Ó Corráin (eag.), Genealogies from Rawlinson B 502]. University College Cork: Corpus of Electronic Texts. 1997.
- T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology. Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 1946.
- Julius Pokorny, "Beiträge zur ältesten Geschichte Irlands (3. Érainn, Dári(n)ne und die Iverni und Darini des Ptolomäus)", in Zeitschrift für celtische Philologie 12, 1918, ll. 323–57.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Dobbs 1917, lch. 9
- ↑ Byrne, lch. 63
- ↑ Chadwick, lch. 121
- ↑ féach Byrne, ll. 45, 181
- ↑ Charles-Edwards, ll. 542 ff
- ↑ Byrne, ll. 204, 214
- ↑ Lucius Gwynn, "De Sil Chonairi Móir", in Ériu 6 (1912), ll. 130-43.
- ↑ Lucius Gwynn, "De Maccaib Conaire", in Ériu 6 (1912), ll. 144-53.
- ↑ MacNeill 1909, lch. 334