Jump to content

Roger Casement

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRoger Casement

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Meán Fómhair 1864
Cuas an Ghainimh Cuir in eagar ar Wikidata
Bás3 Lúnasa 1916
51 bliana d'aois
Príosún Pentonville, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisPionós an bháis (Crochadh)
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon (1965–) Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síAcadamh an Bhaile Mheánaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Beirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmtaidhleoir, consal, réabhlóidí, laoch an náisiúin, polaiteoir, scríbhneoir, file, Beamter Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOifig Gnóthaí Eachtracha Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaÓglaigh na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda
Saothar
Suíomh a chartlainne
Eile
AthairRoger Casement  agus Anne Jephson
SiblínTom Casement
Ciontaíodh itréas (1916) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas


Goodreads author: 296343 Find a Grave: 4128 Project Gutenberg: 5652 Cuir in eagar ar Wikidata

Taidhleoir, daonnúlach agus náisiúnaí Éireannach ab ea Ruairí Dáithí Casement (Mhic Easmainnan tEasmannach )Roger Casement (1 Meán Fómhair 1864 - 3 Lúnasa 1916). Bhí ról cinniúnach aige in imeachtaí na bliana 1916, agus chuir sé Éire ar bhóthar an neamhspleáchais.[1]

Ard, dubh agus dathúil, agus breá ábalta an chluain a chur ar dhuine, bhí neamhord dépholach ag gabháil dó is cosúil.[2]

Sa Ghearmáin ó 1914 go dtí 1916, bhí trí éileamh ag Casement, airm, go dtreoródh oifigigh na Gearmáine éirí amach in Éirinn, agus go bhfoirmeofaí briogáid Éireannach ina mbeadh saighdiúirí Éireannacha in arm ba Breataine a bhí ina bpríosúnaigh chogaidh sa Ghearmáin ag an am. Theip air. Níor gheall na Gearmánaigh ach líon réasúnta beag arm, agus ní raibh mórán de na príosúnaigh chogaidh sásta dul isteach sa bhriogáid Éireannach.

Gabhadh Casement ag Trá na Beannaí i gCo. Chiarraí ar Aoine an Chéasta 1916, tar éis d’fhomhuireán Gearmánach é a chur i dtír. Cuireadh tréas ina leith, fuarthas ciontach é agus crochadh é ar an 3 Lúnasa 1916 i bpríosún Pentonville i Londain.

Casement i bPutumayo, Peiriú, 1911 b'fhéidir
Roger Casement agus Mrs French Sheldon Wellcome, Congó, 1904
Bhí an dealbhóir Herbert Ward[3] an-mhór le Casement roimh 1915 (ar dheis)
timpeall 1908
1910 le Keogh Brothers Studio, BAC
pdf ceangailte: leabhar a scríobh Casement : The crime against Ireland and how the war may right it
1913: cruinniú poiblí in aghaidh an "Carsonism"
1915
Eanáir 1916: litir a scríobh Monteith huig Casement
Curtha i Reilig Ghlas Naíon

Rugadh Roger Casement (1864-1916) ag Teachín Doyle, Lawson Terrace, Cuas an Ghainimh, Co. Bhaile Átha Cliath, mac leis an gCaptaen Roger Casement ón 3ú Garda Dragúin in arm na Breataine agus Anne Jephson ó Mhala, Co. Chorcaí. Tógadh mar Phrotastúnach (Eaglais na hÉireann) é, cosúil lena athair.

Timpeall trí bliana d'aois, bhog an teaghlach as Baile Átha Cliath go Sasana, áit ar mhair siad go himeallach ó thaobh airgid de. Le linn na tréimhse sin i Sasana, thug a mháthair go dtí an Bhreatain Bheag é lena bhaisteadh ina Chaitliceach faoi rún. Níl na foinsí ar aon intinn faoin mbaile beacht: deir cuid acu gurbh í Rhyl í, ach de réir Vicipéid an Bhéarla, luaigh an sagart a rinne an baisteadh, in agallamh ó 1916, Aberystwyth go sonrach — 130 km ó Rhyl.

Fuair a mháthair bás i 1873, nuair nach raibh Ruairí ach naoi mbliana d'aois; b'shin an fáth ar fhill an teaghlach ar Chontae Aontroma. Fuair a athair bás i 1877 agus b'iad muintir a athar i gCúige Uladh a thóg é.. As sin amach, ba é a uncail, John Casement as Magherintemple, in aice le Baile an Chaistil, Contae Aontroma, a thóg é. Cuireadh oideachas mar scoláire cónaithe air ag scoil na deoise sa Bhaile Meánach.

Dar le Jeffrey Dudgeon — an príomhbheathaisnéisí ar Mhac Easmainn — ní raibh baint dá laghad ag muintir Casement leis an bpobal Albanach Preispitéireach in Aontroim. Tugtar le fios go raibh siad tomhaiste bródúil as a bheith difriúil óna gcomharsana Preispitéireacha.[4]

Tar éis an scoil a fhágáil i 1880, d’oibrigh Casement i bpoist éagsúla, lena n-áirítear mar chléireach i Learpholl, i riarachán, agus sa tseirbhís phoiblí san Afraic. Ó 1895 ar aghaidh, bhí ceapacháin consalacha aige ag áiteanna éagsúla san Afraic.[5]

I mBoma sa Chongó fuair Casment údarú ó Oifig Eachtrach na Breataine chun iniúchadh agus tuairisciú a dhéanamh ar mhíbhainistiú na Beilge. Ar dtús, bhain Casement cáil amach leis an tuairisc a thug sé ar an léirscrios a rinne anlathas na Beilge, Leopold, ar Chongó na Beilge.

I mí an Mheithimh 1903 tháinig Casement go dtí Leopoldville ag ceann deiscirt an Chongó Uachtaraigh. Thaistil sé suas an abhainn ag brath ar ghrúpaí de mhisinéirí le haghaidh iompair agus lóistín. I gcomparáid le turas roimhe sin i 1887, tháinig sé ar phobal laghdaithe agus brúite.

Ar an 2 Feabhra 1904, foilsíodh tuairisc Casement um ainghníomhartha na mBeilgeach sa Chongó, bunaithe ar staidéar agus agallaimh. Cháin sé rialtas na Beilge ina thuairisc mar rialtas gan trua, agus nochtadh ann sárú córasach ar chearta daonna na ndaoine dúchais.

Sa bhliain chéanna, 1904, bhunaigh a chara, Edmond Morel, Cumann Leasú an Chongó. Mhéadaigh an cumann seo ar an eolas i measc an phobail maidir leis na hainghníomhartha agus rinne sé comhghríosú chun leasú a dhéanamh.[6]

Fuair Casement CMG (Order of St Michael and St George) in 1905 mar gheall ar an tuairisc.[5]

Sa deireadh i 1908, gabhadh Saorstát an Chongó isteach sa Bheilg. Mar thoradh ar sin tháinig feabhas ar leas an phobail dhúchasaigh.

Chuaigh sé ar ais i mbun seirbhíse consalach in Santos, Para agus Rio sa Bhrasaíl. Nuair a coimisiúnaíodh é le tabhairt faoi thuairisc ar mhí-úsáid tuairiscithe oibrithe i dtionscal an rubair in imchuach Putumayo sa Pheiriú. Foilsíodh an tuairisc mar pháipéar parlaiminteach (1911) agus bhí tionchar suntasach aige.

Fuair Casement aitheantas idirnáisiúnta dá bharr mar dhaonnúlach, agus aithníodh a ionchur le ridireacht.[5]

"Nuair a bhuail ráig den fhiabhras dubh Conamara sa bhliain 1913, scríobh Casement chuig na nuachtáin ag cur síos ar Leitir Mealláin mar "an Irish Putumayo", agus ceangal á dhéanamh aige idir na dálaí maireachtála ansin agus an fhulaingt a bhí feicthe aige san Amasóin. Go deimhin, bhí Casement ag obair gan staonadh chun na droch-dhálaí maireachtála in iarthar na hÉireann céad bliain ó shin a mhaolú agus aird a dhíriú orthu, agus é chomh diongbháilte dúthrachtach céanna ina leith sin is a bhí sé i bPutumayo agus sa Chongó."[7]

Bhí Casement ina bhall de Chonradh na Gaeilge ar feadh roinnt blianta agus ghlac sé páirt ian ghníomhaíochtaí cultúrtha pé uair a bhí sé in Éirinn. Bhí sé ag foghlaim Gaeilge agus bhí suim ghníomhach aige i litríocht, stair agus traidisiún na hÉireann.

Ba chosúil chomh maith go raibh sé éirithe díomách faoin am gur fhág sé an tseirbhís chonsalach timpeall 1911 le himpireacht na Breataine agus an rud ar bhreathnaigh sé air anois mar an smacht éagórach a bhí aici ar Éirinn. Anuas air sin, d’éirigh sé níos radacaí mar gheall go raibh aontachtaithe Uladh ag cur in aghaidh an Rialtas Dúchais ó 1912 ar aghaidh.

Nuair a bunaíodh Óglaigh na hÉireann i Samhain 1913, toghadh é ar an gcoiste sealadach. Nuair a thosaigh an cogadh i mí Lúnasa 1914 bhí sé sna Stáit Aontaithe ag bailiú airgid d’óglaigh na hÉireann.

Sa staid pholaitiúil nua in 1914, d’aithin sé an Ghearmáin mar chomhghuaillí féideartha ag Éirinn agus chinn sé cúnamh a iarradh ar an nGearmáin. Bhí sceipteachas ag go leor de náisiúnach na hÉireann i leith Casement a raibh amhras orthu faoina mhacántacht nó a cheap go raibh sé míshocair agus dainséarach. D’ainneoin sin, chuir ceannaire Chlann na Gael, John Devoy, a d’óstáil a chamchuairt ar Mheiriceá, i dteagmháil é le hambasadóir na Gearmáine a shocraigh cuairt dó i mBeirlín.[5]

Ar an 31 Deireadh Fómhair 1914, tháinig Ruairí Casement go Beirlín ó Mheiriceá. Bhí Casement ina idirghabhálaí rúnda ag iarraidh lón cogaidh a sholáthar do reibiliúnaigh na Cásca. Bhuail sé le hArthur Zimmermann, Fo-Rúnaí Stáit in Oifig Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine, agus le Theobald von Bethmann Hollweg, Seansailéir na hImpireachta. D'fhógair seisean go raibh an Ghearmáin ar son chúis na Náisiúnaithe. Bhí sé ar intinn ag Casement saighdiúirí Éireannacha a earcú as na príosúnaigh chogaidh sa Ghearmáin le linn an Chogaidh Mhóir. Thosaigh Casement ag earcú don “Bhriogáid Éireannach” i measc príosúnaigh chogaidh Éireannacha, iarrachtaí gan toradh ar dtús.[8]

Sa bhliain 1915, thug sé an sáirsint Robert Monteith[9][10] in éineacht leis, a bhí ina theagascóir druile le hÓglaigh na hÉireann i Luimneach, chun a bheith mar Phríomh-Oifigeach na Briogáide. Shroich siad Campa Príosúnaigh Chogaidh Zossen, a bhí fiche míle ó dheas ó Bheirlín, ar an 26 Deireadh Fómhair 1915.[8] Ní raibh aon rath ar an eagraíocht; ní raibh ach 56 fhear inti an bhliain dár gcionn.

Fuair Casement airm agus armlón sa Ghearmáin sa bhliain 1916 le haghaidh na reibiliúnach, ach ní raibh an cúnamh chomh maith agus a cheap sé a bheadh.[11]

Nuair a fuair Casement amach go raibh éirí amach pleanáilte don Cháisc, rinne sé cinneadh é a stopadh mar gur chreid sé nach n-éireodh leis gan go leor arm agus gan tacaíocht na Gearmáine.

Ar an 11 Aibreán 1916, sheol Casement ó Wilhelmshaven ar a bhealach go hÉirinn ar bhord an fhomhuireáin U19 le súil go mbuailfeadh sé leis an long "Aud" i gContae Chiarraí, ar a raibh lastas 20,000 raidhfil, 10 meaisínghunna agus 1,000,000 urchar a bhí le tabhairt i dtír d’Éirí Amach na Cásca.

Go luath maidin Aoine an Chéasta 1916 (21 Aibreán 1916), tháinig Casement, Robert Monteith agus Daniel Bailey i dtír ar Thrá na Beannaí tar éis dóibh an fomhuireán Gearmánach, inar thaistil siad ón Ghearmáin, a fhágáil. Theip ar a n-iarrachtaí castáil leis an Aud. D’fhan Casement, a bhí breoite agus tnáite i ndiaidh an aistir fhada, i nDún Mhic Cionnaith, fad a d’imigh Monteith agus Bailey go Trá Lí. Ghabh cabhlach na Breataine an long ar a raibh na raidhfilí Gearmánacha, an Aud, amach ó chósta an deiscirt agus chuir an captaen go tóin poill é.

Ar a chloisteáil d’Eoin Mac Néill, ceannaire Óglaigh na hÉireann, go raibh Casement gafa agus na hairm ón nGearmáin caillte, d’ordaigh sé an tÉirí Amach, a bhí beartaithe do Dhomhnach Cásca,  a chur ar ceal.

Tugadh Casement chuig Túr Londain agus cuireadh ar a thriail é as ardtréas san Old Bailey. Ciontaíodh as tréas é. Sular cuireadh chun báis é, ghlac an Eaglais Chaitliceach Rómhánach leis. Crochadh Roger Casement ag Príosún Pentonville ar an 3 Lúnasa 1916.

Cuireadh Casement chun báis i bhfad i ndiaidh cheannairí eile na Cásca.

'Na Dialanna Dubha '

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is dialanna iad na Dialanna Dubha a mhaítear gur scríobh Casement féin iad, ina bhfuil cuntais ar chaidrimh homaighnéasacha le fir óga — striapaigh den chuid is mó. Clúdaíonn siad na blianta 1903 agus 1910, chomh maith le dhá dhialann ó 1911.

Le linn a thrialach as ardtréas, mhol an t-ionchúisitheoir (F. E. Smith) don chosaint na dialanna a chur os comhair na cúirte, toisc gurbh fhéidir go sábhálfaí a bheatha dá bharr; dhiúltaigh Mac Easmainn dó. Tar éis a chiontaithe, scaip Rialtas na Breataine cóipeanna "go rúnda" i measc daoine tábhachtacha i Meiriceá go háirithe, iad siúd a bhí ag iarraidh trócaire a lorg dó — beart a mhaolaigh go mór ar an tacaíocht a bhí ag a achomharc.

Is í an tuairim is coitianta i measc staraithe faoi láthair gur scríobh Mac Easmainn féin na dialanna (in 1993: dúirt saineolaí de chuid na Roinne Baile (David Baxendale) gurbh í lámh Mhic Easmainn féin a bhí i bhformhór na lámhscríbhneoireachta).

Is iomaí sin duine údarásach a cheap nach gcrochfaí Mac Easmainn gan iad, go raibh an oiread sin cáirde cumhachtacha aige a bheadh in ann breith na cúirte a athrú agus príosún saoil a fháil curtha air, sin nó é a chur i ngealtlainn, marach an úsáid ghránna a bhain gníomhairí de chuid Rialtais na Breataine astu.[12]

Tugann an leabhar ‘The Black Diaries’ le Peter Singleton-Gates agus Maurice Girodias (Grove Press) cuntas an-bhreá ar shaol Casement ón lá ar rugadh é go lá a bháis, ar a mhuintir, agus ar stair na hÉireann roimhe agus ina dhiadh.[12][13]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Comóradh ar Thrá na Beannaí ar theacht i dtír agus gabháil Mhic Easmainn cothrom an lae seo céad bliain ó shin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-21.
  2. dib.ie. "Casement, Sir Roger David". Dáta rochtana: 2026.
  3. "Herbert Ward (sculptor)" (as en) (2021-05-06). Wikipedia.
  4. Jeffrey Dudgeon. "Roger Casement: a campaigner, not a conspirator or even an Ulster Protestant" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-08-03.
  5. 1 2 3 4 nli.ie. "Roger Casement". Dáta rochtana: 2026.
  6. museum.ie. "Mac Easmainn i Saorstát an Chongó" (as ga-IE).
  7. Brian Glynn / DFA.ie (2016). "Casement". Dáta rochtana: 2026.[nasc briste go buan]
  8. 1 2 centenaries.ucd.ie. "DEICH mBLIANA na gCUIMHNEACHÁN". Dáta rochtana: 2021.
  9. "Monteith, the officer in charge of the Irish Brigade". www.irishbrigade.eu. Dáta rochtana: 2021-10-26.
  10. Nuair a thosaigh an cogadh i 1914, ordaíodh do Monteith earcaíocht a dhéanamh d'arm na Breataine; dhiúltaigh sé, agus caitheadh amach as a phost é (agus as Baile Átha Cliath). Ansin a chuaigh sé go Luimneach mar theagascóir druile — sé sin, go déanach i 1914, tar éis do Mhac Easmainn Éire a fhágáil (Lúnasa 1914 go Meiriceá, Deireadh Fómhair 1914 go dtí an Ghearmáin). Ní raibh Mac Easmainn in Éirinn a thuilleadh nuair a bhí Monteith i Luimneach, mar sin. I Luimneach a d'earcaigh Tom Clarke é chun dul i mbun na Briogáide leis an nGearmáin, agus i München, i mí Dheireadh Fómhair 1915, a bhuail Monteith agus Mac Easmainn lena chéile den chéad uair.
  11. forasnagaeilge.ie/. "Ruairí Mac Easmainn". Dáta rochtana: 2021.
  12. 1 2 Proinsias Mac Aonghusa i gComhar, Iml. 18, Uimh. 5, Bealtaine 1959
  13. Peter Singleton-Gates, Maurice Girodias (1959). "Na Dialanna Dubha". Comhar 18 (5): 10–13. doi:10.2307/20550587. ISSN 0010-2369.