Úsáideoir:MALA2009/Salvador Dalí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Salvador Dalí

Salvador Dalí
Grianghraf glactha ag Carl Van Vechten
29 Samhain 1939.
Ainm BreitheSalvador Domingo Felipe
Jacinto Dalí i Domènech
Breith 11 Bealtaine, 1904
Figueres, An Chatalóin, An Spáinn
Bás 23 Eanáir, 1989 (84 bliain d’aois)
Figueres, An Chatalóin, An Spáinn
Náisiúntacht Spáinneach
Ábhar Péintéireacht, Líníocht, Grianghrafadóireacht, Dealbhóireacht, Scríbhneoireacht
Oiliúint Real Academia de Bellas Artes de San Fernando, Maidrid
Gluaiseacht Ciúbachas, Dada, Osréalachas
Saothair The Persistence of Memory (1931)
Face of Mae West Which May Be Used as an Apartment, (1935)
Soft Construction with Boiled Beans (Premonition of Civil War) (1936)
Swans Reflecting Elephants (1937)
Ballerina in a Death's Head (1939)
The Temptation of St. Anthony (1946)
Galatea of the Spheres (1952)
Crucifixion (Corpus Hypercubus) (1954)

Ba phéintéir osréalaíoch Catalónach Spáinneach é Salvador Domingo Felipe Jacinto Dalí i Domènech, a bhí ina chéad Mharcas ar Púbol (Bealtaine 11 1904 – Eanáir 23 1989).

Ba línitheoir oilte é Dalí arbh iad íomhánna mórthaibhseacha neamhchoinbhinsiúnacha a shaothair a thuill an clú ba mhó dó. Tugtar creidiúintí do thionchar mháistrí na hAthbheochana as ucht a scileanna péintéireachta. Ba sa bhliain 1931 a chríochnaigh sé an saothar is iomráití uaidh The Persistence of Memory. Áirítear ar repertoire leathan ealaíne Dalí an scannánaíocht, an dealbhóireacht, agus an fhótagrafaíocht a rinne sé i gcomhar le líon difriúil ealaíontóirí trí mheáin éagsúla.

Thug Dalí creidiúintí dá ghinealach Arabach as ucht an grá a bhí aige do gach ní mórthaibhseach a raibh an dath óir air, an dúil a bhí aige i sónna an tsaoil agus in éadaí oirthearacha. Mhaígh sé gur de shliocht na Múrach iad a shinsearaigh.

Bhí sé luaite leis go forleathan go raibh bua mór na samhlaíochta aige, agus ba mhór aige é féin a iompar go neamhghnách chun aird a tharraingt air féin. Uaireanta chuir sé sin isteach orthu siúd a raibh grá acu dá shaothar mar aon lena léirmheastóirí, óir ba mhinic a tharraing a iompar éalárnach ní ba mhó airde air ná mar a tharraing a chuid saothar.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba an 11 Bealtaine 1904 ar 8.45 rn a rugadh Salvador Domingo Felipe Jacinto Dalí i Domènech in Figueres, baile sa réigiún Empordà gar do theorainn na Fraince sa Chatalóin sa Spáinn. Fuair a dheartháir, a raibh an t-ainm Salvador air chomh maith agus a bhí ní ba shine ná é, bás den ghaistreintríteas naoi mí ní ba luaithe an 1 Lúnasa 1903 (ba é an 12 Deireadh Fómhair 1901 a bhreithlá). Agus Dalí cúig bliana d’aois tugadh é chuig uaigh a dhearthár agus dúirt a thuismitheoirí leis gurbh ann dó mar thoradh ar a athionchollú, scéal ar chreid sé ann. Maidir lena dheartháir dúirt Dalí: “…[we] resembled each other like two drops of water, but we had different reflections.” Lean sé air ag rá gurbh é ba dhóichí gurbh é a bhí ina dheartháir ná “a first version of myself but conceived too much in the absolute”.

Bhí deirfiúr ag Dalí chomh maith, Ana María, a bhí trí bliana ní b’óige ná é. Sa bhliain 1949 d’fhoilsigh sí leabhar faoina deartháir Dali As Seen By his Sister. Áirítear ar na cairde a bhí aige agus é óg Sagibarbá agus Josep Samitier a bhí ina bpeileadóirí do FC Barcelona tamall ní ba dhéanaí sa saol. D’imrídís peil le chéile agus iad ar saoire san ionad saoire Catalónach in Cadaqués.

D’fhreastail Dalí ar scoil líníochta. I 1916 tháinig Dalí ar an bpéintéireacht nua-aimseartha agus é ar laethanta saoire an tsamhraidh in Cadaqués le teaghlach Ramon Pichot. B’ealaíontóir áitiúil é Pichot a chuaigh ar thurais go Páras go minic. An bhliain dár gcionn, d’eagraigh athair Dalí taispeántas dá líníochtaí gualaigh i dteach an teaghlaigh. Ba san Amharclann Cathrach a bhí a chéad taispeántas poiblí aige in Figueres i 1919.

I mí Feabhra 1921, fuair máthair Dalí bás d’ailse chíche. Ní raibh Dalí ach 16 bliana ag an am. Ba dheacair a chuaigh bás a mháthar air agus ba mhór an buille air é: “was the greatest blow I had experienced in my life. I worshipped her… I could not resign myself to the loss of a being on whom I counted to make invisible the unavoidable blemishes of my soul.” I ndiaidh a báis, phós athair Dalí deirfiúr a mháthar. In ainneoin go ndeirtear a mhalairt, níorbh olc le Dalí an pósadh. Bhí grá mór agus meas aige dá aintín.

Maidrid agus Páras[cuir in eagar | athraigh foinse]

Súile fiáine Dalí (ar chlé) i dteannta Man Ray, an t-ealaíontóir osréalaíoch i bPáras an 16 Meitheamh 1934. Ba é Carl Van Vechten a ghlac an pictiúr.

I 1922, bhog Dalí go Residencia de Estudiantes (Lóistín na Mac Léinn) i Maidrid agus d’fhreastail sé ar Academia de San Fernando (an Scoil Mínealaín). Bhí cuma éalánach ar Dalí, a bhí caol, ró-ard agus tanaí (5 troithe 7 ¾ orlaí ar airde), ag tarraingt airde air féin cheana féin – a ghruaig fhada, a chóta, stocaí agus a bhrístí glún i stíl aeistéitiúil na mBriotanach ó bhlianta deireanacha an naoú haois déag. Ba é a chuid péintéireachta, áfach, a raibh baint aici leis an ngluaiseacht ar a dtugtar Ciúbachas a tharraing an aird ba mhó air i measc a chomhscoláirí. Sna saothair chiúbacha ba luaithe dá chuid a bhain leis an ngluaiseacht seo, ba é ba dhóichí nár thuig sé gach ar bhain léi go huile is go hiomlán. Ní raibh aon eolas aige ar an gcineál péintéireachta seo ach amháin na blúirí eolais a fuair sé ó roinnt alt in irisleabhair agus i gcatalóg a thug Pichot dó (ní raibh ealaíontóirí Ciúbacha i Maidrid ag an am).

Sa bhliain 1924, rinne Salvador Dalí, nach raibh i mbéal an phobail go fóill, leabhar a mhaisiú den chéad uair. Ba éard a bhí ann an dán CatalónachLes bruixes de Llers” (“Cailleacha Llers”) le cara agus comhscoláire leis, an file Carles Fages de Climent.

Chomh maith leis sin, bhí Dalí ag plé leis an ngluaiseacht Dada a raibh tionchar aici ar a shaothar ar feadh a shaoil. Ag an Residencia, d’éirigh dlúthchairdeas idir é féin agus Pepín Bello, Luis Buñuel, agus an file Federico García Lorca (daoine eile ina measc chomh maith). Bhí gné láidir paisin ag baint lena chaidreamh le Lorca cé gur dhiúltaigh sé d’iarrachtaí earótacha an fhile é a mhealladh.

Nuair a mhaígh sé nach raibh ar chumas aon duine sa roinn measúnú a dhéanamh air, caitheadh amach as an Academia é tréimhse ghairid roimh na scrúduithe sa bhliain 1926. Is léiriú maith é Basket of Bread (1926), atá chomh réalaíoch sin nach bhféadfaí locht a fháil air, ar an máistreacht a bhí aige ar a chuid scileanna péintéireachta faoin am sin. Ba sa bhliain chéanna sin a thug sé a chéad turas ar Pháras áit ar bhuail sé le Pablo Picasso. Bhí meas ollmhór ag Dalí air. Ba mhór teist Dalí i súile Picasso ó na scéalta a chuala sé ó Joan Miró. In imeacht na mblianta sin, agus stíl dá chuid féin á forbairt aige, bhí tionchar láidir Picasso agus Miró le brath ar a chuid saothar.

Sna 1920idí bhí cuid de nósanna fadtéarmacha Dalí le sonrú ar a chuid saothar cheana féin. Bhí dúil mhór aige i dtionchar chineálacha éagsúla ealaíne agus rinne sé saothair bunaithe orthu siúd ba chlasaicí i slí acadúil ─ a léiríonn go raibh tuiscint aige ar Raphael, Bronzino, Francisco de Zurbaran, Vermeer agus Velázques ─ agus orthu siúd ba cheannródaí avante-garde idir shaothair aonair agus chomhshaothair. Tharraing taispeántais dá chuid saothar in Barcelona aird mhór air féin mar aon le moladh agus le díospóireacht chasta óna chuid léirmheastóirí.

D’fhás Dalí croiméal mórthaibhseach atá ina chomhartha íocónach anois; bhí tionchar ag an máistirphéintéir Spáinneach Diego Velázquez ón seachtú haois déag air.

An tréimhse idir 1929 agus an Dara Cogadh Domhanda[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1929 bhí Dalí ag obair leis an stiúrthóir osréalaíoch scannán Luis Buñuel ar an ngearrscannán Un Chien Andalou (Madra Andalúiseach). Ba í an obair a rinne sé ar script an scannáin an chabhair ba mhó a thug sé do Buñuel. Mhaígh Dalí ní ba dhéanaí go raibh páirt ní ba mhó aige i scannánaíocht an tionscadail ach ní thacaíonn na cuntais chomhaimseartha leis sin. Ba sa bhliain sin a bhuail sé lena bhé agus lena bhean chéile Gala, Elena Ivanovna Diakonova, inimirceach Rúiseach a bhí aon bhliain d’éag ní ba shine ná é. Ba ise foinse a chuid inspioráide. Bhí sí pósta ag an am le Paul Éluard, an file osréalaíoch. Sa bhliain chéanna, chuir Dalí taispeántais thábhachtacha phroifisiúnta ar bun agus chuaigh sé leis an ngrúpa Osréalaíoch i gceantar Montparnasse i bPáras (cé go raibh tionchar láidir á imirt ag an osréalachas air le dhá bhliain roimhe sin). Chuir na hOsréalaithe fáilte roimh mhodh Paranóiach-criticiúil Dalí a d’úsáid an fo-chomhfhios ar mhaithe le cruthaitheacht ealaíne níos mó.

Idir an dá linn, ba chaidreamh corrach a bhí aige lena athair. Chuir Don Salvador Dalí y Cusi go láidir i gcoinne an chaidrimh a bhí ag Dalí le Gala, mar aon leis an mbaint a bhí aige leis na hOsréalaithe a d’fhéadfadh, dar leis, droch-thionchar a bheith acu ar thuiscintí morálta a mhic. Ba é buille na tubaiste é nuair a léigh Don Salvador i bpáipéar ó Barcelona go ndearna a mhac taispeántas i bPáras ina raibh líníocht de Chroí Rónaofa Íosa leis an mana gríosaitheach “Sometimes, I spit for fun on my mother’s portrait” (Uaireanta, caithim seile ar phortráid mo mháthar mar spraoi). D’éiligh Don Salvador, a bhí ar buile, go ndéanfadh a mhac é a shéanadh go poiblí. Dhiúltaigh Dalí é a dhéanamh — seans go raibh eagla air go ndéanfaí é a chaitheamh amach ón ngrúpa Osréalaíoch. Caitheadh amach go foréigneach as baile a athar é an 28 Nollag 1929. Dúirt a athair leis nach bhfaigheadh sé aon ní uaidh le hoidhreacht agus gan cos a leagan ar thalamh Cadaques go deo arís. Deir roinnt daoine gur shín sé coiscín lán dá speirm chuig a athair nuair a chuala sé an nuacht sin agus go ndúirt sé: “Tóg é sin uaim. Níl aon ní agat orm a thuilleadh!” An samhradh ina dhiaidh sin, fuair Dalí agus Gala cábán iascaire ar cíos ag cuan in aice láimhe ag Port Lligat. Cheannaigh sé an áit, agus chuir sé leis thar na blianta agus teach mór á thógáil aige in aice na farraige.

I 1931, rinne Dalí ceann de na saothair is iomráití uaidh The Persistance of Memory a chuir íomhá bhog d’uaireadóir póca agus é ag leá i láthair. Is í an chiall is coitianta a bhaintear as an saothar ná go ndéanann na huaireadóirí boga an tuiscint go bhfuil cúrsaí ama dolúbtha agus cinntitheach a bhréagnú. Tacaíonn íomhánna eile an tsaothair leis an tuiscint seo cosúil leis an tírdhreach fairsing agus na seangáin agus an chuileog ag ithe na n-uaireadóirí eile.

Bhí Dalí agus Gala ag maireachtáil le chéile ó 1929. Pósadh iad sa bhliain 1934 i searmanas sibhialta (athpósadh iad i searmanas Caitliceach sa bhliain 1958).

Ba é an ceannaí ealaíne, Julian Levy, a chuir Meiriceá in aithne do Dalí sa bhliain 1934 agus thóg taispeántas a shaothair (ina raibh Persistance of Memory san áireamh) callán láithreach i Nua-Eabhrac. Thug scothaicme Chlár Sóisialta Mheiriceá onóir dó ag cóisir “Dalí Ball”. Tháinig sé i láthair le cás gloine ar a bhrollach (ina raibh cíochbheart). I 1936 ghlac Dalí páirt i dTaispeántas Idirnáisiúnta Osréalaíoch Londan. Thug sé léacht uaidh dar teideal Fantomes paranoiaques authentiques le culaith tumadóireacht domhainfharraige air. Tháinig sé i láthair le cleathóg billéardaí agus péire con Rúiseach á leanúint. B’éigean dóibh an clogad a scaoileadh dó agus gan tarraingt anála ann. Dúirt sé go raibh sé ag iarraidh a thaispeáint go raibh sé á thumadh go doimhin in intinn an duine.

De réir thuairiscí Luis Buñuel, chuaigh Dalí agus Gala go cóisir bhréagreachta in Chicago gléasta i bhfeisteas Leanbh Lindbergh agus a fhuadaitheora. Thóg an eachtra an oiread sin calláin sna nuachtáin gur ghabh Dalí leithscéal leo. Ar fhilleadh go Páras dó, thug na hOsréalaithe chun trialach é as ucht leithscéal a ghabháil as gníomh osréalaíoch a dhéanamh.

Chuir André Breton i leith Dalí go raibh gach a raibh “new” agus “irrational” á chosaint aige in “the Hitler phenomenon”. Dhiúltaigh Dalí na líomhaintí seo go tapa, áfach, agus dúirt sé nach raibh sé ag tabhairt tacaíochta do Hitler ná níor theastaigh uaidh a leithéid a dhéanamh. Nuair a tháinig Francisco Franco i gcumhacht, áfach, i ndiaidh Chogadh Cathartha na Spáinne, caitheadh amach as an ngrúpa Osréalaíoch é toisc go raibh sé ag tabhairt tacaíochta don riailréim nua, i measc nithe eile. Mar fhreagra air seo ba éard a dúirt Dalí ná “I myself am surrealism”. Cheap André Breton an t-anagram “avida dollars” agus é ag tagairt do Salvador Dalí i ndiaidh dó a bheith caite amach as an ngrúpa. Aistrítear an t-anagram sin mar “saint chun saibhris”. Ón am sin ar aghaidh, labhair na hosréalaithe ar Dalí san aimsir chaite, faoi mar a bheadg sé marbh cheana féin. Faoin am sin, ba é Edward James a phríomhphátrún, ar fhear an-saibhir é. Lean an ghluaiseacht Osréalaíoch agus roinnt dá baill (leithéidí Ted Joans) orthu á mhaslú go láidir go dtí gur bhásaigh sé agus fiú ina dhiaidh sin.

Thug Edward James cabhair do Salavador Dalí, a bhí óg ag an am, é féin a léiriú i ndomhan na healaíne trí roinnt saothar a cheannach uaidh agus trí thacaíocht airgeadais a thabhairt dó ar feadh dhá bhliain. D’éirigh cairdeas maith eatarthu agus tá James le feiceáil i bpictiúr Dalí Swans Reflecting Elephants. D’oibrigh siad le chéile ar dhá cheann d’íocóin sheasmhacha na Gluaiseachta Osréalaíche: an Lobster Telephone agus an Mae West Lips Sofa.

Is é seo a leanas a scríobh Robert agus Nicolas Descharnes ina leith: “During this period, Dalí never stopped writing”. I 1941, rinne sé dréacht de radharc scannáin do Jean Gabin dar teideal Moontide. Scríobh sé catalóga dá chuid taispeántas – a cheann ag Dánlann Knoedler (i gCathair Nua-Eabhrac sa bhliain 1943) mar shampla. Ba ann a bhí an míniú seo aige: “Surrealism will at least have served to give experimental proof that total sterility and attempts at automatizations have gone too far and have led to a totalitarian system. ... Today’s laziness and the total lack of technique have reached their paroxysm in the psychological signification of the current use of the college.” Scríobh sé úrscéal chomh maith (a foilsíodh sa bhliain 1944) ar shiopa faisin do charranna. Rinne Edwin Cox líníocht as an úrscéal sin in The Miami Herald a léirigh carr a bhí a ghléasadh ag Dalí i ngúna tráthnóna.

I 1940, agus an Dara Cogadh Domhanda á thosú san Eoraip, bhog Gala agus Dalí chuig na Stáit Aontaithe, áit ar fhan siad go ceann ocht mbliana. Tar éis dóibh bogadh ann, d’fhill Dalí ar an gCaitliceachas. I 1942 d’fhoilsigh sé a dhírbheathaisnéis The Secret Life of Salvador Dalí. Mhaígh bráthair Iodálach, Gabriele Maria Berardi, go ndearna sé díbirt deamhain ar Dalí fad is a bhí sé sa Fhrainc sa bhliain 1947. Bhí dealbh d'Íosa Críost ar an gCros in eastát an bhráthar a bhfuair sé ó Dalí, dar leis, chun buíochas a ghabháil leis. Thángthas ar an dealbh sa bhliain 2005 agus dhearbhaigh beirt saineolaithe Spáinneacha ar an Osréalachas go raibh cúiseanna maithe stíle ann le creidiúint go ndearna Dalí é.

Blianta deireanacha sa Chatalóin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ón mbliain 1949 ar aghaidh, chaith Dalí a bhlianta deireanacha sa Chatalóin, áit a raibh sé an-cheanúil uirthi. Cháin forchéimnithe agus ealaíontóirí eile é nuair a bheartaigh sé ar mhaireachtáil sa Spáinn fad a bhí Franco i gceannas ansin. Is é is dóichí gur cúis amháin í an pholaitíocht leis an tslí nár bacadh le saothair dhéanacha Dalí go minic seachas cúiseanna a bhaineann leis an saothar féin. I 1959 d’eagraigh André Breton taispeántas dar teideal Homage to Surrealism chun ceiliúradh 40 bliain a dhéanamh ar an osréalachas ina raibh saothair Dalí, Joan Miró, Enrique Tábara agus saothair Eugenio Granell. Throid Breton go láidir i gcoinne Sistine Madonna Dalí a bheith páirteach sa Taispeántas Idirnáisiúnta Osréalaíoch i Nua-Eabhrac an bhliain dár gcionn.

Níos faide anonn ina shaol gairmiúil, ní raibh sé bainteach leis an bpéintéireacht amháin ach bhain sé triall as go leor meán a bhí neamhghnách agus nuálach: rinne sé saothair bulletist agus bhí sé ar na chéad ealaíontóirí a bhain úsáid as an holagrafaíocht ar shlí ealaíonta. Cuimsíonn cuid dá shaothair seachmaill radhairc. Sna blianta deireanacha, dhearbhaigh ealaíontóirí óga cosúil le Andy Warhol go raibh tionchar tábhachtach ag Dalí ar phop-ealaín. Bhí an-suim ag Dalí san eolaíocht nádúrtha agus sa mhatamaitic chomh maith. Tá sé sin léirithe i gcuid mhaith dá phictiúir, go háirithe sna 1950idí nuair a phéinteáil sé a chuid ábhar le hadharca srónbheannaigh a léiríonn geoiméadracht (fásann adharc an tsrónbheannaigh de réir bíse logartamaí) agus geanmnaíocht (nascann Dalí an srónbheannach leis an Maighdean Mhuire). Bhí Dalí faoi draíocht ag ADN agus ag an hipirchiúb chomh maith (ciúb ceathairthoiseach): léirítear nochtadh hipirchiúib sa phictiúr Crucifixion (Corpus Hybercubus).

Tá rian na rímháistreachta teicniúla le brath ar shaothair Dalí sa tréimhse i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Chomh maith leis sin, léirítear suim sna seachmaill radhairc, san eolaíocht agus sa chreideamh. Mar thoradh ar an ngeit a bhain Hiroshima as, chomh maith leis an tsuim a bhí aige sa Chaitliceachas, chuir sé an lipéad “an Misteachas Núicleach” ar an tréimhse sin. Sna pictiúir cosúil le “The Madonna of Port-Lligat” (an chéad leagan) (1949) agus “Coprus Hypercubus” (1954), theastaigh ó Dalí an íocónagrafaíocht Chríostaí a shintéisiú le híomhánna d’ábhar agus iad á ndíscaoileadh, a raibh tionchar ag an bhfisic núicléach orthu. Áirítear saothair thábhachtacha cosúil le “La Gare de Perpignan” agus “Hallucinogenic Toreador” (1968-1970) sa tréimhse “an Misteachas Núicléach” . I 1960 thosaigh Dalí ag obair ar Théatar agus Iarsmalann Dalí ina bhaile féin, Figueres. Ba é sin an tionscadal aonair ba mhó a bhí idir lámha aige ag an am agus ba ann, den chuid is mó, a chuir sé a chuid fuinnimh i 1974. Lean sé air ag cur leis trí lár na n-ochtóidí.

I 1968, d’fhorbair Dalí fógra teilifíse do sheacláidí Lanvin agus, sa bhliain 1969, rinne sé lógó Chupa Chups a dhearadh. I 1969 bhí sé freagrach as gnéithe fógraíochta an Chomórtais Amhránaíochta ‘Eurovision’ chomh maith agus rinne sé dealbh mhór miotail a bhí ar stáitse Teatro Real i Maidrid.

Sa chlár teilifíse ‘Dirty Dalí: A Private View’ a craoladh ar Channel 4 an 3 Meitheamh 2007 rinne an léirmheastóir ealaíne Brian Sewell cur síos ar a chaidreamh le Dalí sna seascaidí déanacha. Áirítear sa chur síos sin scéal ina raibh sé ina luí síos mar a dhéanfadh féatas gan a chuid brístí air faoi ascail deilbhe d’Íosa Críost. Ba ann a ghlac seisean agus Dalí páirtí i ngníomh glacaireachta fad is a bhí Dalí ag ligean air go raibh pictiúir á dtógáil aige.

Tháinig drochchor ar shláinte Dalí sa bhliain 1980. Bhí meascán contúirteach de leigheas á thábhairt dó ag a bhean chéile Gala a raibh meath ag teacht ar a sláinte féin. Rinne an meascán sin dochar dá néarchóras a chuir deireadh tobann lena bhua ealaíne. Agus é 76 bliain d’aois bhí drochbhail ar Dalí, a bhí go breá sláintiúil go dtí sin, ag na néaróga agus bhí a lámh dheis ag crith go láidir, a chuirfeadh duine a raibh galar Parkinson air i gcuimhne duit.

I 1982, bhronn Rí Juan Carlos na Spáinne an teideal ‘Marcas ar Púbol’ air. D’íoc Dalí as an ngradam níos deireanaí le líníocht a rinne sé de (Head of Europa - an pictiúr deireanach dá chuid) tar éis don Rí cuairt a thabhairt air agus é ar leaba a bháis.

Sant Pere in Figueres, áit a raibh Baisteadh, Céad Chomaoineach agus sochraid Dalí.
Téatar agus Iarsmalann Dalí in Figueres ina bhfuil a uaimh.

Cailleadh Gala an 10 Meitheamh 1982. I ndiaidh a báis, ba bheag suim a bhí ag Dalí sa saol a thuilleadh. Rinne sé iarracht é féin a dhíhiodráitiú d’aon ghnó — iarracht féinmharaithe, b’fhéidir. D’fhéadfadh go raibh sé ag iarraidh bail beochana ar fuaidreamh a chur air féin. Bhí sé léite aige go raibh miocrorgánaigh áirithe in ann é sin a dhéanamh. Bhog sé ó Figuereschuig an gcaisleán in Púbol a cheannaigh sé do Gala. Ba ann a fuair sí bás. I 1984 chuaigh a sheomra codlata trí thine agus níor léir cad ba chúis leis – iarracht eile féinmharaithe b’fhéidir. D’fhéadfadh nach raibh i gceist ach gur tharla sé trí fhaillí bhaill foirne Dalí. Ar aon chuma, rinneadh Dalí a tharrtháil ón tine agus d’fhill sé ar Figueres. D’fhéach grúpa cairde chuige, chomh maith lena chuid pátrún agus a chomhealaíontóirí go raibh saol compordach aige ina Théatar-Iarsmalann sna blianta deireanacha.

Cuireadh i leith a chaomhnóirí gur cuireadh iallach ar Dalí canbháis bhána a shíniú a d’fhéadfaí a dhíol ní ba dhéanaí mar shaothair bhunaidh (fiú tar éis a bháis). Mar thoradh air sin, is minic nach mbíonn aon iontaoibh ag ceannaitheoirí ealaíne as saothair dheánacha Dalí.

I mí na Samhna 1988, tugadh chuig an ospidéal é de bharr cliseadh croí. Thug Rí Juan Carlos cuairt air an 5 Nollaig 1988 agus d’admhaigh go raibh sé ar dhuine dá lucht leanúna i gcónaí.

Cailleadh é den chliseadh croí an 23 Eanáir 1989 in Figueres agus é 84 bliain d’aois. Fad is a bhí sé ag saothrú an bháis, bhí an ceirnín ab fhearr leis, Tristan agus Isolde, á sheinm. Cuireadh é in uaigh Téatar Museo in Figueres trasna na sráide ó Eaglais Sant Pere ina raibh a shochraid, a chéad chomaoineach agus a bhaisteadh - 3 bhloc ón teach inar rugadh é.

Is é Fondúireacht Gala-Salvador Dalí atá ag feidhmiú mar Eastát oifigiúil aige anois. Is é an Artists Rights Society ionadaí cóipchirt Stáit Aontaithe Mheiriceá d’Fhondúireacht Gala-Salvador Dalí. In 2002 bhí an eagraíocht sin i mbéal an phobail nuair a d’iarr siad ar Google leagan saincheaptha dá lógó, a cuireadh suas chun comóradh a dhéanamh ar Dalí, a bhaint. Chuir siad ina leith go raibh codanna de shaothair áirithe a bhí faoi chosaint in úsáid acu mar chuid dá lógónna agus nach raibh cead faighte acu chun é sin a dhéanamh. Ghéill Google don iarratas ach shéan siad go ndearnadh cóipcheart a shárú.

Siombalachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain Dalí úsáid fhorleathan as siombalachas ina chuid saothar. Mar shampla, sainmharc na “n-uaireadóirí boga” atá le feiceáil den chéad uair in The Persistance of Memory, cuireann siadsan teoiric Einstein i láthair, is é sin go bhfuil cúrsaí ama coibhneasta seachas seasta. Ba le linn dó a bheith ag stánadh ar phíosa de cháis Camembert ag leá lá breá samhraidh i mí Lúnasa a rith an smaoineamh leis cloig a chur ag feidhmiú go siombalach sa tslí sin.

Is íomhá athfhillteach i saothair Dalí í an eilifint chomh maith. Chonacthas í den chéad uair i saothar na bliana 1944 Dream Caused by the Flight of a Bee around a Pomegranate a Second Before Awakening. Léirítear na heilifintí “with long multijoined, almost invisible legs of desire” agus le hoibiliscí ar a ndromanna. Ba é dealbh Gian Lorenzo Bernini sa Róimh (eilifint le sean-oibilisc á hiompar aici) a thug an inspioráid sin do Dalí. Cruthaíonn na hualaí sin, a bhfuil cáil ar a mblasanna fallacha, chomh maith le híomhá a gcos lag, cruthaíonn siad mothú réaltachta falsa. Míníonn ainilísí amháin gur díchumadh sa spás í an eilifint agus go bhfuil a cosa arda laga i gcontráthacht le coincheap an dímheáchain maidir le struchtúr. “I am painting pictures which make me die for joy, I am creating with an absolute naturalness, without the slightest aesthetic concern, I am making things that inspire me with a profound emotion and I am trying to paint them honestly.” —Salvador Dalí, in Dawn Ades, Dalí and Surrealism.

Is íomhá choitianta eile de chuid Dalí í an ubh. Déanann sé ceangal idir an ubh agus cúrsaí réamhbhreithe agus ionútaracha, í á húsáid aige, mar sin, le dóchas agus le grá a shiombalú. Feictear é in The Great Masturbator agus in The Metamorphic of Narcissus. Feictear líon ainmhithe éagsúla ina chuid saothair chomh maith: is siombail ar an mbás, ar mheath agus ar mhianta gnéasacha iad seangáin; déanann sé ceangal idir an seilide agus ceann an duine (chonaic sé seilide ar rothar lasmuigh de theach Sigmund Freud an chéad lá ar bhuail sé leis); agus is siombail ar uisce agus ar an eagla iad lócaistí.

Saothar croídhíchill lasmuigh den phéintéireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

The Dalí Atomicus”, grianghraf le Philippe Halsman (1948), á thaispeáint sular baineadh na sreanga tacaíochta.

Ba ealaíontóir ilchumasach é Dalí nár bhac le péintéireacht amháin maidir lena shaothar croídhíchill ealaíonta. Áirítear ar na saothair is coitianta de chuid Dalí dealbha agus ábhair eile, agus is cuid suntais iad an méid a rinne sé don téatar, do chúrsaí faisin, agus don ghrianghrafadóireacht, i measc réimsí eile.

Lobster Telephone agus Mae West Lips Sofa, a chríochnaigh Dalí i 1936 agus i 1937 faoi seach, ar an dá phíosa ón ngluaiseacht osréalaíoch is mó a bhfuil éileamh orthu. Rinne an t-ealaíontóir agus an pátrún osréalaíoch Edward James an dá phíosa sin a choimisiúnú ó Dalí. Tháinig James in oidhreacht eastáit mhóir Shasanaigh, in West Dean, West Sussex nuair a bhí sé cúig bliana d’aois agus bhí sé ar dhuine de na chéad daoine a thug tacaíocht do na hosréalaithe sna 1930idí. De réir fhoscríbhinn taispeána Lobster Telephone ag Dánlann Tate, bhí ciall ghnéasach leis an dá phíosa sin i súile Dali “Lobsters and telephones had strong sexual connotations for [Dali] . . .and he drew a close analogy between food and sex”. Bhí an teileafón feidhmiúil agus cheannaigh James ceithre cinn díobh ó Dalí in ionad na dteileafón a bhí ina theach tearmainn. Tá ceann acu i nDánlann Tate anois agus is féidir teacht ar an dara ceann san Iarsmalann Ghearmánach Teileafóin in Frankfurt. Is le Fondúireacht Edward James an tríú ceann agus tá an ceathrú ceann ag Gailearaí Náisiúnta na hAstráile.

De dhéantús adhmaid agus sróil, rinneadh Mae West Lips Sofa i gcruth bhéal an aisteora Mae West, a raibh an-suim ag Dalí inti. Roimhe sin, bhí West ina hábhar de phictiúr Dalí The Face of May West (1935). Tá Mae West Lips Sofa lonnaithe in Iarsmalann Brighton agus Hove i Sasana faoi láthair.

Le linn na mblianta idir 1941 agus 1970, chruthaigh Dalí bailiúchán suntasach de sheoda – 39 ar an iomlán. Tá na seoda casta, agus cuimsíonn cuid acu páirteanna a ghluaiseann. Tá an tseoid is cáiliúla de chuid Dalí, “The Royal Heart”, múnlaithe as ór agus tá sí maisithe le 46 rúibín, 42 diamant, agus ceithre smaragaid. Tá sí cruthaithe sa chaoi go mbíonn “buille” ann ar nós fíorbhuille croí. Dúirt Dalí féin: “Without an audience, without the presence of spectators, these jewels would not fulfill the function for which they came into being. The viewer, then, is the ultimate artist.” (Dalí, 1959.) Tá an bailiúchán “Dalí ―Joies!” (“Seoda Dalí”) le feiceáil in Iarsmalann Téatair Dalí in Figueres, an Chatalóin, an Spáinn, áit a bhfuil sé ar taispeáint bhuan.

Sa téatar, cuimhnítear ar Dalí as an bhfeisteas stáitse a thógáil i gcomhair dráma rómánsach de chuid García Lorca, Mariana Pineda. Chuir Dalí an dearadh seite agus an leabhróg araon ar fáil le haghaidh Bacchanale (1939) – bailé atá bunaithe ar an gceoldráma Tannhäuser (1845) le Richard Wagner, agus atá cóirithe le ceol an cheoldráma sin. Rinne sé dearaí seite le haghaidh Labyrinth (1941) agus The Three-Cornered Hat (1949) i ndiaidh Bacchanale.

Cé gur fearr aithne air as a chuid pictiúr, bhí an-suim ag Dalí sna scannáin nuair a bhí sé óg agus théadh sé chuig an bpictiúrlann chun scannáin dhifriúla a fheiceáil beagnach gach Domhnach. D’fhéachtaí ar scannáin thostacha lena linnse agus bhí sé coitianta spreagadh a bhaint as meán na scannán. Chreid sé gurbh fhéidir teoiricí scannán agus cineama a roinnt in dhá ghné: “na rudaí iad féin” – is iad sin na fíricí a chuirtear in iúl i ndomhan an cheamara, agus “an tsamhlaíocht fhótagrafach” – an chaoi a léiríonn an ceamara an pictiúr agus cé chomh cruthaitheach nó cé chomh samhlaíoch agus a fhéachann sé. Ghlac Dalí páirt i ndomhan na scannán os comhair na gceamaraí agus taobh thiar díobh. Chruthaigh sé píosaí seoighe d’obair ealaíne ar nós Destino, a chomhchruthaigh sé le Walt Disney. Tugtar creidiúint dó mar chomhchruthaitheoir den scannán osréalaíoch de chuid Luis Buñuel, Un Chien Andalou – scannán ealaíne Francach seacht nóiméad déag ar fad a chomhscríobh Luis Buñuel, agus a gcuimhnítear go forleathan air as a chéadradharc grafach a ionsamhlaíonn meall súile á shlaiseáil le rásúr. Is de bharr an scannáin sin atál clú ar Dalí i ndomhan na scannán neamhspleách. Thug Un Chien Andalou deis do Dalí tréithe aislingeacha a chruthú san fhíordhomhan. Athraíonn íomhánna agus aistríonn na radhairc, rud a threoraíonn an breathnadóir ar bhealach iomlán difriúil ón radharc roimhe sin. Ba é L’age d’or an dara scannán a léirigh sé le Bruñuel agus cuireadh i láthair é ag Studio 28 i bPáras sa bhliain 1930. Cuireadh cosc ar L’age d’or ar feadh na mblianta fada tar éis do ghrúpaí frith-Sheimíteacha círéib buama bréan agus caithimh dúigh a chur ar bun sa téatar i bPáras inar léiríodh é. Cé go raibh gnéithe diúltacha den tsochaí ag cur isteach ar shaol Dalí, agus go raibh tionchar follasach acu sin ar rath a shaothair ealaíne, níor chuir sin srian air a smaointe agus a chreideamh ina ealaín a chur in iúl. Bhí tionchar mór millteach ag an dá scannán sin, Un Chien Andalou agus L’age d’or, ar ghluaiseacht na scannán neamhspleách osréalaíoch. “If Un Chien Andalou stands as the supreme record of Surrealism’s adventures into the realm of the unconscious, then L’Âge d’or is perhaps the most trenchant and implacable expression of its revolutionary intent.”

D’oibrigh Dalí le scannánóirí cáiliúla eile freisin ar nós Alfred Hitchcock. Seans gurb é an tsraitheog taibhrimh in Spellbound le Alfred Hitchcock an tionscadal scannáin is mó clú dá chuid. Déanann an tsraitheog sin mionphlé ar théamaí síocanailíse. Theastaigh cáilíocht aislingeach ó Hitchcock ina scannán, a phléigh an smaoineamh gur féidir néaróis a chur ag gluaiseacht le taithí a bhrúitear faoi chois, agus bhí a fhios aige go gcabhródh saothar Dalí leis chun an t-atmaisféar sin a chruthú ina scannán. D’oibrigh sé ar chlár faisnéise freisin dar teideal Chaos and Creation, ina bhfuil go leor tagairtí ealaíonta snite tríd chun fís Dalí maidir leis an ealaín a thuiscint. D’oibrigh sé ar léiriú an chartúin Destino de chuid Disney freisin. Chríochnaigh Baker Bloodworth agus Roy Disney é sa bhliain 2003, agus cuimsíonn sé íomhánna aislingeacha d’fhigiúirí aisteacha ag eitilt agus ag siúl thart. Tá sé bunaithe ar an amhrán “Destino” leis an gcumadóir amhrán Meicsiceach Armando Dominguez. Nuair a d’fhostaigh Disney Dalí chun cabhrú le léiriú Destino i 1946, ní raibh siad ullmhaithe don mhéid oibre a bhí os a gcomhair. Lean siad orthu ag beochan go leanúnach ar feadh ocht mí go dtí go raibh orthu stopadh nuair a rith sé leo go raibh deacrachtaí airgeadais acu. Ní raibh aon airgead fágtha acu chun léiriú an scannáin bheochana a chríochnú. Críochnaíodh é ar deireadh, áfach, agus cuireadh i láthair é ag roinnt féilte. Cuimsíonn an scannán saothar ealaíne Dalí agus é idirchurtha le beochan chlasaiceach bhanphrionsach carachtar Disney. Níor chríochnaigh Dalí ach scannán amháin eile le linn a shaoil, Impressions of Upper Mongolia (1975), inar inis sé scéal faoi shluaíocht ar thóir siabhraiginí i bhfoirm beacán mór. Bunaíodh an t-íomháineachas ar smáil mhicreascópacha d’aigéad úrach ar an mbanda práis de pheann gránbhiorach a raibh Dalí ag mún air ar feadh roinnt seachtainí.

D’fhorbair Dalí stór saothair i dtionscal an fhaisin agus na grianghrafadóireachta chomh maith. Bhí comhoibriú iomráiteach ann idir Dalí agus an dearthóir faisin Iodálach Elsa Schiaparelli – d’fhostaigh Schiaparelli Dalí chun gúna bán le prionta gliomaigh a dhéanamh. Áirítear hata i gcruth bróige agus crios bándearg le béal in áit an bhúcla i measc na ndearaí eile a rinne Dalí di. Bhí baint aige le cruthú dearaí teicstíle agus buidéal cumhráin chomh maith. Chruthaigh Dalí “culaith speisialta don bhliain 2045” in éineacht le Christian Dior i 1950. Áirítear Man Ray, Brassaï, Cecil Beaton agus Philippe Halsman i measc na ngrianghrafadóirí ar chomhoibrigh sé leo.

Ghlac Dalí grianghraif den nádúr le Man Ray agus le Brassaï; phléigh sé réimse ábhar dobhar le grianghrafadóirí eile, lena n-áirítear (le Halsman) an tsraith Dalí Atomica (1948) – spreagtha ag a phictiúr Leda Atomica - ina léiríonn grianghraf amháin tacas péintéara, trí chat, buicéad uisce agus Dalí é féin agus é ar foluain san aer.

I gcomhthéacs na heolaíochta, déantar tagairtí do Dalí maidir leis an spéis a bhí aige san aistriú paraidíme a tháinig ar an bhfód le teacht chun cinn na meicnice candamaí san fhichiú haois. I 1958, agus Prionsabal na hÉiginnteachta de chuid Werner Heisenberg á spreagadh, scríobh sé ina “Anti-Matter Manifesto”: “In the Surrealist period, I wanted to create the iconography of the interior world and the world of the marvelous, of my father Freud. Today, the exterior world and that of physics has transcended the one of psychology. My father today is Dr. Heisenberg.”

Ar an ábhar sin, déanann The Disintegration of the Persistence of Memory (1954) achoimre ar aitheantas Dalí ar an eolaíocht nua. Cuireann sé The Persistence of Memory i gcuimhne agus léiríonn sé an pictiúr sin i mbloghadh agus i gcoscairt.

Áirítear a theach in Port Lligat gar do Cadaqués, chomh maith le pailliún osréalaíoch Dream of Venus ag Aonach an Domhain sa bhliain 1939 – a chuimsigh roinnt snoiteán agus dealbh éagoiteann – ar a éachtaí ailtireachta. I measc a shaothar liteartha, áirítear The Secret Life of Salvador Dalí (1942), Diary of a Genius (1952 – 63), agus Oui: The Paranoid-Critical Revolution (1927 – 33). D’oibrigh an t-ealaíontóir go fairsing sna healaíona grafacha agus rinne sé cuid mhaith eitseálacha agus liotagraf. Cé gurb ionann cáilíocht a luathshaothair i ndéanamh priontaí agus cáilíocht a phictiúr tábhachtach nuair a d’éirigh sé níos sine, dhíolfadh sé cearta na n-íomhánna sin ach ní bheadh baint aige le táirgeadh na bpriontaí féin. Chomh maith leis sin, táirgeadh cuid mhaith picitiúr bréagach neamhúdaraithe sna hochtóidí agus sna nóchaidí, a chuir mearbhall ar mhargadh priontaí Dalí.

Bhí fíordhuine iomlán i measc na ndéantús ealaíonta ba neamhghnáiche de chuid Dalí. Bhuail Dalí le Amanda Lear i gclub oíche Francach i 1965. Ba mhainicín faisin í darbh ainm Peki D’Oslo. Bhí Lear ina dalta coimirce agus ina bé dó, agus scríobh sí faoina gcaidreamh sa bheathaisnéis údaraithe My Life With Dalí (1986). Agus é faoi dhraíocht ag Lear fearúil maorga, chuaigh Dalí i mbun scéime chun í a aistriú ó dhomhan na mainicíneachta go domhan an cheoil. Thug sé comhairle di faoi conas ba cheart di í féin a chur i láthair agus chabhraigh sé le scéalta mistéireacha a chruthú faoina bunús, fad is a bhí sise ag cur draíochta ar shaolréim na dioscó ealaíonta. Dar le Lear, bhí Dalí agus í féin aontaithe i “bpósadh spioradálta” ar mhullach sléibhe tréigthe. Rinneadh tagairt di mar “Frankenstein” Dalí, agus creideann daoine áirithe freisin gur imeartas focal ar “L’amant Dalí” ón bhFraincis nó Leannán Dalí atá i gceist in ainm Lear. Ghlac Lear áit Ultra Violet (Isabelle Collin Dufresne), bé a tháinig roimpi agus a d’fhág Dalí chun dul le The Factory le Andy Warhol.

Dalí sna 1960idí agus é ag caitheamh na stíle stráiciúla croiméil a scaip sé i measc an phobail.

Polaitíocht agus pearsantacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghlac polaitíocht Dalí ról suntasach ina bhorradh mar ealaíontóir. Déantar cur síos air uaireanta mar thacaí an tiarnasaigh Franco. Rinne André Breton, ceannaire na gluaiseachta Osréalaíche, tréaniarracht a ainm a dhealú ó na fíor-Osréalaithe. Is maith an seans go bhfuil an scéal dáiríre níos casta. Ar aon chuma, níor fhrith-Sheimíteach é mar bhí aithne chairdiúil aige ar Paul László, an t-ailtire agus dearthóir Giúdach mór le rá. D’admhaigh sé meas mór ar Freud (ar bhuail sé leis) agus Einstein freisin, Giúdaigh araon, mar is léir óna chuid scríbhneoireachta. Ó thaobh phearsanacht Dalí de, scríobh George Orwell in aiste: “One ought to be able to hold in one’s head simultaneously the two facts that Dalí is a good draughtsman and a disgusting human being. The one does not invalidate or, in a sense, affect the other.”

Le linn a óige, ghlac Dalí an t-ainrialachas agus an cumannachas araon chuige go díocasach ar feadh tamaill. Tugann a scríbhneoireacht cuntas ar roinnt scéilíní faoi ráitis radacacha pholaitiúla a rinne sé, go príomha, ar mhaithe le preab a bhaint as éisteoirí, seachas aon fhíorchreideamh a bheith aige iontu, a bhí ar aon dul le dílseacht Dalí do ghluaiseacht Dada. D’athraigh a dhílseachtaí polaitiúla agus é ag dul in aois, go háirithe nuair a tharla claochlú sa ghluaiseacht Osréalaíoch faoi stiúir André Breton, leantóir de chuid Trotsky, a thoghair Dalí, deirtear, chun a chuid polaitíochta a cheistiú. Ina leabhar Dalí by Dalí (1970), mhaígh Dalí gurbh ainrialaí agus monarcaí é, ráiteas a chuir tuairimíocht maidir le hAnairc-Mhonarcachas ar bun.

Le tús Chogadh Cathartha na Spáinne, theith Dalí ón troid agus dhiúltaigh sé taobhú le haon ghrúpa ar leith. Mar an gcéanna, tar éis an Dara Cogadh Domhanda, cháin George Orwell Dalí as “scuttling off like rat as soon as France is in danger” i ndiaidh do Dalí rath a bhaint amach sa Fhrainc le blianta: “When the European War approaches he has one preoccupation only: how to find a place which has good cookery and from which he can make a quick bolt if danger comes too near.” Nuair a d’fhill sé ar an gCatalóin tar éis an Dara Cogadh Domhanda, dhruid Dalí i dtreo réimeas Franco. Thacaigh cuid de ráitis Dalí le réimeas Franco, á thréaslú as a ghníomhartha a bhí dírithe ar “clearing Spain of destructive forces.” Seans go raibh sé ag tagairt do na Cumannaigh, do na Sóisialaithe agus do na hanaircithe a mharaigh beagnach 7,000 sagart agus bean rialta le linn Chogadh Cathartha na Spáinne, ós rud é gur thiontaigh Dalí ar ais ar an gcreideamh Caitliceach agus go raibh sé ag éirí ní ba chráifí le himeacht ama. Chuir Dalí teileagraim chuig Franco á mholadh as barántais bháis príosúnach a údarú. Bhuail Dalí le Franco go pearsanta fiú agus phéinteáil sé portráid de ghariníon Franco. Is deacair a mheas más dáiríre nó spangach a bhí a ómós do Franco; chuir sé teileagram moltach chuig an Conducător, ceannaire Cumannach na Rómáine Nicolae Ceauşescu, as ríshlat a ghlacadh chuige féin mar chuid dá libhré ríoga. D’fhoilsigh nuachtán laethúil na Rómáine Scînteia é, agus iad neamhfheasach faoin ngné scigiúil de. Easurraim oscailte fhéideartha amháin a bhí ag Dalí ná an moladh leanúnach a thug sé do Federico García Lorca, fiú nuair a bhí toirmeasc ar shaothair Lorca.

Bhí cáil ar Dalí – lena phearsantacht dhathúil mhaorga agus a chába fada, a mhaide siúil, a dhreach uaibhreach agus a chroiméal ciartha droim in airde – as a rá: “every morning upon awakening, I experience a supreme pleasure: that of being Salvador Dalí.” Bhí iontas ar an siamsóir Cher agus ar a fear céile Sonny Bono, agus iad óg, nuair a tháinig siad chuig cóisir ag teach costasach Dalí san Óstán Plaza i Nua-Eabhrac – shuigh Cher ar chreathóir gnéis aisteach-chrutha a bhí fágtha ar chathaoir uillinne. Choinníodh Dalí pinn a lucht leanúna nuair a bhíodh sé ag scríobh síniúchán. Agus é i mbun agallaimh le Mike Wallace ar a chlár teilifíse 60 Minutes, thagair Dalí go leanúnach dó féin sa tríú pearsa, agus d’inis sé do Mr Wallace ar nós cuma liom: “Dalí is immortal and will not die.” D’iompair Dalí srónbheannach leathair thart leis le linn dó a bheith ar chlár teilifíse eile, The Tonight Show, agus ní shuífeadh sé ar aon rud seachas é sin.

Liostú de shaothair roghnaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Íomhá:Dali on the Rocky Steps.jpg
D’úsáid Iarsmalann Ealaíne Fhilideilfia taispeántas osréalaíoch den tslí isteach ar chéimeanna Rocky i gcomhair thaispeántas Salvador Dalí sa bhliain 2005.

Rinne Dalí breis agus 1,500 pictiúr le linn a ghairmréime, mar aon le léaráidí le haghaidh leabhar, liotagraif, dearaí seite agus culaithe téatair, cuid mhaith líníochtaí, na dosaenacha dealbh agus tionscadail éagsúla eile, lena n-áirítear cartún beochana do Disney. Chomhoibrigh sé le Jack Bond i 1965 freisin ag cruthú scannáin dar teideal Dali in New York. Seo a leanas sampla croineolaíoch de shaothar tábhachtach ionadaíoch, mar aon le roinnt nótaí ar an méid a rinne Dalí i mblianta áirithe.

Léiríonn Carlos Lozano ina bheathaisnéis Sex, Surrealism, Dalí and Me – a táirgeadh le comhoibriú ó Clifford Thurlow – nár éirigh Dalí as a bheith ina osréalaí riamh. Mar a dúirt Dalí féin: “the only difference between me and the surrealists is that I am a surrealist.”

  • 1910 Landscape Near Figueras
  • 1913 Vilabertin
  • 1916 Fiesta in Figueras (a tosaíodh i 1914)
  • 1917 View of Cadaqués with Shadow of Mount Pani
  • 1918 Crepuscular Old Man (a tosaíodh i 1917)
  • 1919 Port of Cadaqués (Night) (a tosaíodh i 1918) agus Self-portrait in the Studio
  • 1920 The Artist’s Father at Llane Beach agus View of Portdogué (Port Aluger)
  • 1921 The Garden of Llaner (Cadaqués) (a tosaíodh i 1920) agus Self-portrait
  • 1922 Cabaret Scene agus Night Walking Dreams
  • 1923 Self Portrait with L’Humanite agus Cubist Self Portrait with La Publicitat
  • 1924 Still Life (Syphon and Bottle of Rum) (do García Lorca) agus Portrait of Luis Buñuel
  • 1925 Large Harlequin and Small Bottle of Rum agus sraith portráidí dá dheirfiúr Anna Maria, Figure at a Window go sonrach
  • 1926 The Basket of Bread agus Girl from Figueres
  • 1927 Composition with Three Figures (Neo-Cubist Academy) agus Honey is Sweeter than Blood (an chéad saothar tábhachtach osréalaíoch a rinne sé)
  • 1929 Un Chien Andalou (An Andalusian Dog) scannán i gcomhoibriú le Luis Buñuel, The Lugubrious Game, The Great Masturbator, The First Days of Spring, agus The Profanation of the Host
  • 1930 L’Âge d’Or (The Golden Age) scannán i gcomhoibriú le Luis Buñuel
  • 1931 The Persistence of Memory (an saothar is cáiliúla dá chuid, a chuimsíonn “cloig ag leá”), The Old Age of William Tell, agus William Tell and Gradiva
  • 1932 The Spectre of Sex Appeal, The Birth of Liquid Desires, Anthropomorphic Bread, agus Fried Eggs on the Plate without the Plate. The Invisible Man (a tosaíodh i 1929) críochnaithe (ach ní raibh Dalí sásta leis)
  • 1933 Retrospective Bust of a Woman (colláis deilbhe le meáin mheasctha) agus Portrait of Gala With Two Lamb Chops Balanced on Her Shoulder, Gala in the Window
  • 1934 The Ghost of Vermeer of Delft Which Can Be Used As a Table agus A Sense of Speed
  • 1935 Archaeological Reminiscence of Millet’s Angelus agus The Face of Mae West
  • 1936 Autumn Cannibalism, Lobster Telephone, Soft Construction with Boiled Beans (Premonition of Civil War) agus dhá shaothar dar teideal Morphological Echo (tosaíodh an chéad cheann díobh i 1934)
  • 1937 Metamorphosis of Narcissus, Swans Reflecting Elephants, The Burning Giraffe, Sleep, The Enigma of Hitler, Mae West Lips Sofa agus Cannibalism in Autumn
  • 1938 The Sublime Moment agus Apparition of Face and Fruit Dish on a Beach
  • 1939 Shirley Temple, The Youngest, Most Sacred Monster of the Cinema in Her Time
  • 1940 The Slave Market with Disappearing Bust of Voltaire, The Face of War
  • 1941 Honey is Sweeter than Blood
  • 1943 The Poetry of America agus Geopoliticus Child Watching the Birth of the New Man
  • 1944 Galarina agus Dream Caused by the Flight of a Bee around a Pomegranate a Second Before Awakening
  • 1944–48 Hidden Faces, úrscéal
  • 1945 Basket of Bread – Rather Death than Shame agus Fountain of Milk Flowing Uselessly on Three Shoes; chomhoibrigh Dalí le Alfred Hitchcock ar shraitheog taibhrimh don scannán Spellbound – nach raibh ceachtar díobh sásta leis – an bhliain seo freisin.
  • 1946 The Temptation of St. Anthony
  • 1948 Les Elephants
  • 1949 Leda Atomica agus The Madonna of Port Lligat. D’fhill Dalí ar an gCatalóin an bhliain seo.
  • 1951 Christ of St. John of the Cross agus Exploding Raphaelesque Head
  • 1952 Galatea of the Spheres
  • 1954 The Disintegration of the Persistence of Memory (a tosaíodh i 1952), Crucifixion (Corpus Hypercubus) agus Young Virgin Auto-Sodomized by the Horns of Her Own Chastity
  • 1955 The Sacrament of the Last Supper, Lonesome Echo, clúdach albaim do Jackie Gleeson.
  • 1956 Still Life Moving Fast, Rinoceronte vestido con puntillas
  • 1957 Santiago el Grande olaphéint ar chanbhás ar taispeáint bhuan ag Gailearaí Ealaíne Beaverbrooke in Frederiction, NB, Ceanada
  • 1958 The Rose
  • 1959 The Discovery of America by Christopher Columbus
  • 1960 Thosaigh Dalí ag obair ar an Teatro-Museo Gala Salvador Dalí agus Portrait of Juan de Pareja, the Assistant to Velázquez
  • 1965 Bronnann Dalí líníocht guaise, dúigh agus pionsail den Chéasadh do phríosún Oileán Riker i gCathair Nua-Eabhrac. Bhí an líníocht ar crochadh i seomra bia na bpríosúnach ó 1965 go 1981.
  • 1965 Dali in New York
  • 1967 Tuna Fishing
  • 1969 Lógó Chupa Chups
  • 1970 The Hallucinogenic Toreador, a fuair A. Reynolds Morse & Eleanor R. Morse sular críochnaíodh é i 1969.
  • 1972 La Toile Daligram
  • 1976 Gala Contemplating the Mediterranean Sea
  • 1977 Dalí’s Hand Drawing Back the Golden Fleece in the Form of a Cloud to Show Gala Completely Nude, Very Far Away Behind the Sun (péire pictiúr steiritipiciúil)
  • 1983 Críochnaíonn Dalí an pictiúr deireanach dá chuid, The Swallow’s Tail
  • 2003 Eisítear Destino, cartún beochana ar chomhoibrigh Dalí le Walt Disney air. Thosaigh léiriú Destino i 1945.

Tá an bailiúchán is mó de shaothar Dalí ag Téatar agus Iarsmalann Dalí in Figueres, an Chatalóin, an Spáinn. Ina dhiaidh sin, tá Iarsmalann Salvador Dalí in St. Petersburgh, Florida ina bhfuil bailiúcháin A. Reynolds Morse & Eleanor R. Morse agus 1,500 saothar de chuid Dalí. Áirítear Iarsmalann Reina Sofia i Madrid agus Gailearaí Salvador Dalí in Pacific Palisades, California i measc na mbailiúchán suntasach eile. Tá bailiúchán mór líníochtaí agus dealbh in Espace Dalí in Montemarte, Páras, sa Fhrainc mar aon le Dalí Universe i Londain i Sasana.

Ba é an t-ionad b’inchonspóide le haghaidh shaothar Dalí ná príosún Oileán Riker i gCathair Nua-Eabhrac – bhí sceitse a bhronn sé ar an bpríosún ar crochadh i seomra bia na bpríosúnach ar feadh 16 bliana sular aistríodh é go forsheomra an phríosúin ar mhaithe le slándáil. Goideadh an líníocht i Márta na bliana 2003 agus níl sé aimsithe go fóill.

Úrscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le spreagadh an fhile Garcia Lorca, bhain Dalí triail as gairm liteartha trí chur chuige an ghlanúrscéil. Sa tháirgeadh liteartha aonair dá chuid, déanann Dalí cur síos radharcach beoga ar chaidrimh rúnda ghrá a bhíonn ag grúpa uaslathaithe drithleacha aisteacha. Tá an grúpa sin – agus a stíl mhaireachtála mhacnasach róchaifeach – ina shiombail de mheathlúchán na 1930idí.

  • 1944 Hidden Faces


Gailearaí[cuir in eagar | athraigh foinse]