Andy Warhol

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Warhol sa bhliain 1977.

Péintéir agus scannánóir Meiriceánach ba ea Andrew Warhola (6 Lúnasa, 192822 Feabhra, 1987), nó Andy Warhol mar is fearr aithne air. Bhí sé ar dhuine de na healaíontóirí ba thábhachtaí sa ghluaiseacht ar a dtugtar pop-ealaín, agus thuill sé cáil dhomhanda mar úrscéalaí, léiritheoir ceoil agus scannánóir avant-garde.

B'eisean a chum an coincheap "15 nóiméad de cháil"—go bhfuil gach duine in ann a bheith cáiliúil ar feadh tamaill ghearr, sula mbogann aird na ndaoine ar aghaidh go dtí an chéad cheann eile.