An Veasúiv

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ag féachaint ar an Veasúiv ón chathair scriosta Pompeii.

Is stratabholcán Iodálach é an Veasúiv, nó Sliabh Veasúive (Iodáilis: Monte Vesuvio, Laidin: Mons Vesuvius) atá suite taobh thoir den chathair Napoli. Is í an Veasúiv an t-aon bholcán amháin atá suite ar mhórthír na hEorpa (tá Etna agus Stromboli suite ar oileáin). Tá sí suanach faoi láthair, agus tharla an brúchtadh is déanaí sa bhliain 1944.

Bhí brúchtadh cáiliúil sa bhliain AD 79, an ceann a scrios na cathracha Rómhánacha Pompeii agus Herculaneum. Cailleadh idir 10,000 agus 25,000 duine san eachtra seo. Meastar fós go bhfuil sí ar cheann de na bolcáin is baolaí ar domhan, mar tá thart ar trí mhilliún duine ina gcónaí sa cheantar máguaird.

Áit naofa don laoch agus dia Earcail a bhí inti do na sean-Rómhánaigh agus na sean-Ghréigigh, agus tógadh an chathair Herculaneum ag bun an bholcháin mar ómós dó.