An difríocht idir athruithe ar: "Brian Ó Comhain"
A somewhat more flattering and less gormless image of Ár dTaoiseach ghlórmhar (better res, too :) ) |
No edit summary |
||
Líne 50: | Líne 50: | ||
:Sé atá á mholadh agam ná stádas na teanga a ardú agus sochaí na tíre a spreagadh agus a ghríosadh chun cuspóirí ár sinsear a bhaint amach." |
:Sé atá á mholadh agam ná stádas na teanga a ardú agus sochaí na tíre a spreagadh agus a ghríosadh chun cuspóirí ár sinsear a bhaint amach." |
||
[[File:Brian Cowen and President Barack Obama in a press conference.jpg|thumb|325px|Brian Ó Comhain ag bronnadh babhla seamróige ar [[Barack Obama]], sa [[Teach Bán]]]] |
|||
{{Taoisigh na hÉireann}} |
{{Taoisigh na hÉireann}} |
Leagan ó 12:44, 9 Samhain 2009
Teimpléad:Bosca Sonraí Polaiteoir Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála é Brian Ó Comhain (10 Eanáir, 1960 a rugadh é). Is é an 11ú Taoiseach (ceann Rialtais na hÉireann) ó 7 Bealtaine 2008.
Ó Mheán Fómhair 2004 bhí sé ina Aire Airgeadais, roimhe seo b'é an tAire Gnóthaí Eachtracha. Ar an 9 Aibreán 2008 d'éirigh sé ina cheannaire ar an bpáirtí Fianna Fáil. Tánaiste ab ea é ón 14 Meitheamh 2007 go dtí gur toghadh é mar Thaoiseach.
Rugadh sa Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí é. D'fhás sé aníos i gClóirtheach, Co. Uíbh Fhailí.
Saol
Toghadh Brian Ó Comhain don Dáil don chéad uair i 1984 tar éis bháis a athar, a bhí ina TD sa dáilcheantar céanna. Ní raibh sé ach 24 bliain d'aois ag an am. Fuair an Teachta Ó Comhain 26,022 vótaí ina chéad toghchán i 1984, rud nach ndearna sé arís ó shin.
Nuair a toghadh é mar Uachtarán Fhianna Fáil in Aibreán 2008, thug sé cuid mhaith dá óráid i nGaeilge:
- "I dtosach báire, ba mhaith liom labhairt i mo theanga dhúchais. Is mór an onóir dom ceannaireacht an pháirtí a ghlacadh agus táim fíor-bhuíoch do mo chomhpholaiteóirí, mo chairde, a roghnaigh mé don post fíor-thábhachtach seo.
- Ó bhíos ar scoil, tá grá agam don teanga agus tá sé ar intinn agam gach tacaíocht a thabhairt do fhorbairt na Gaoluinne amach anseo. Cé nach féidir linn go léir ár dteanga a labhairt go líofa, táim cinnte go bhfuilimid báúil di. De bhárr go bhfuil cónaí orainn ar oileán atá ar imeall na hEorpa, níl brú orainn Gaoluinn a labhairt. Dá mbeimís lonnaithe i lár na hEorpa táim cinnte go mbeadh Gaoluinn már chéad teanga againn mar bheimís ag éisteacht le teangacha éagsúla agus in iomaíocht leo.
- Is cuid dár gcultúr dár n-oidhreacht, dár bhféinionannas í, ár dteanga agus caithimidne, baill Fhianna Fáil, tréan-iarracht a dhéanamh chun Gaoluinn a chur chun cinn.
- Sar i bhfad beimid ag plé Chonradh Liospóin agus tá sé de dhualgas orainn teanga bhinn ár sinsear a fhorbairt agus féin-aitheantas mhuintir na hÉireann a chothú.
- Sé atá á mholadh agam ná stádas na teanga a ardú agus sochaí na tíre a spreagadh agus a ghríosadh chun cuspóirí ár sinsear a bhaint amach."