Míchail Gorbaitseov
Iar-cheannaire an Aontais Shóivéadaigh ab ea Míchail Gorbaitseov[1] nó Mikhail Gorbachev (Rúisis: Михаи́л Серге́евич Горбачёв), a bhí i gceannas ar an APSS idir 1985 agus 1991 (2 Márta 1931 i bPrivolnoye, an Rúis - 30 Lúnasa 2022 i Moscó).
Tháinig Gorbachev chun cinn in 1985 mar cheannaire ar an Aontas Sóivéadach agus bhí na polasaithe nua Gleasnast (oscailteacht nó réchúiseachas) agus perestroika (athstruchtúrú) á gcur i bhfeidhm aige.[2] Ba é Gorbachev an ceannaire deireanach ar an Aontas Sóivéadach. Chuir sé deireadh leis an gChogadh Fuar i ndiaidh tréimhse détente agus bhog sé ar aghaidh ón cheannasaíocht thraidisiúnta Shoivéadach ar na 'stáit ar adhastar' in Oirthear na hEorpa.[3]
Teacht i réim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair Leonid Brezhnev bás sa bhliain 1982. Ar feadh cúpla bliain ina dhiaidh sin, chonacthas beirt seanfhear, Yuriy Andropov agus Konstantin Chernenko, ag rialú an Aontais go tiubh sna sálaí ag a chéile. Ceannairí idirlinne ab ea iad nach raibh mórán difríochta idir iad agus Brezhnev.
Sa bhliain 1985, áfach, tar éis bhás Chernenko, ba é Gorbaitseov a ghlac ceannaireacht an pháirtí, an tríú ceannaire taobh istigh de thrí bliana.[4]
Bhí sé i bhfad ní b'óige ná mar ba ghnách d'Ard-Rúnaí an Pháirtí Chumannaigh a bheith, agus chrom sé ar an eacnamaíocht, an Páirtí agus an polasaí meán cumarsáide a chur i gcrích.
Fealsúnacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí a fhios ag Gorbaitseov go gcaithfeadh an APSS athrú ó bhun, idir chúrsaí polaitiúla agus chúrsaí eacnamaíocha, dá mb’áil leis fanacht beo. Ba é an chéad chéim deireadh a chur le hiomaíocht na n-arm, sa dóigh go bhféadfaí airgead a infheistiú i ngeilleagar an stáit.[4]
Spreag Gorbaitseov an pobal fosta, áfach, cáineadh cruthaitheach a dhéanamh ar an chóras chumannach mar dhóigh le cuidiú leis éirí nua-aimseartha agus feabhsú.[4]
Leasuithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Gorbachev go háirithe an-bhuartha faoi staid an gheilleagair Rúisigh. Ba eisean an chéad cheannaire Sóivéadach nach raibh baint pholaitiúil aige leis an ré Stailíneach. Bhí a fhios ag Gorbachev nach dtiocfadh leis an Rúis leanúint de bheith ag caitheamh airgid gan stad ar mhaithe le bheith ag an leibhéal céanna caiteachas cosanta le SAM:
B'iad na focail 'peireastráice" (perestroika, "atógáil, athstruchtúrú" nó geilleagar ní b'oscailte) agus "gleasnast" (glasnost', "neamhbhailbhe" nó oscailteacht) a tharraing Gorbachev chuige ag iarraidh a chuid leasuithe a shainmhíniú.
Tá an coincheap gleasnast (glasnost i mBéarla), nó oscailteacht tuairimíochta, lárnach maidir le tuiscint a fháil ar an Rúis sna 1980idí.[3] B'é an gleasnast ba mhó a d'athraigh an saol san Aontas, nó bhain sé srianta na cinsireachta de na meáin chumarsáide, ionas go bhfuair muintir an Aontais cead cainte agus teacht ar eolas an chéad uair riamh sa stair.
Mar shampla, sa bhliain 1990, d’admhaigh Mikhail Gorbachov go raibh airm an tSóivéadach freagrach as Sléacht Katyn.[5]
Deireadh leis an gCogadh Fuar
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Mhárta 1985 d’fhógair Gorbaitseov deireadh le Teagasc Brezhnev. Bhí an smaointeoireacht taobh thiar de seo sothuigthe; chiallaigh a chinneadh deireadh a chur leis an Chogadh Fhuar nach raibh aon ghá a thuilleadh le crios maolánach Oirthear na hEorpa. Anois ní thriailfí tíortha a choinneáil siar dá mba mhian leo a saoirse a bhaint amach. Lena thaispeáint gurbh fhíor dó sa mhéid a dúirt sé, thosaigh Gorbaitseov a aistarraingt trúpaí Rúiseacha as Oirthear na hEorpa.[4]
I mí Dheireadh Fómhair 1989, thug Míchail Gorbachev cuairt ar Bheirlín Thoir agus thosaigh na rialtais Chumannacha in Oirthear na hEorpa ag titim ceann i ndiaidh a chéile.[6]
Rinne Gorbachev iarracht athchóiriú a dhéanamh, agus cuireadh deireadh leis an gCogadh Fuar mar thoradh.
Bronnadh Duais Nobel na Síochána air sa bhliain 1990.
Titim an rialtais Sóivéadach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní raibh Gorbachev féin ag súil leis an seachthoradh, áfach, gur thosaigh na poblachtaí Sóivéadacha éagsúla ag éileamh forlámhais ar a gcuid tailte, nó fiú neamhspleáchas,
Tharla Iarracht ar coup d'état san APSS i 1991. Theip ar na ceannaircí nuair a chuir trúpaí a bhí dílis do Yeltsin agus Gorbachev an coup faoi chois. D'fhógair Boris Yeltsin ar an 22 Lúnasa 1991 go raibh an coup thart. Bhain sé dea-cháil amach.
Ní raibh an oiread cumhachta ag Gorbachev agus a bhíodh. Cuireadh ar ais in oifig é. Ach laistigh de cheithre mhí, eisreachtaíodh an Páirtí Cumannach sa Rúis. Roimh dheireadh na mbliana, bhí a neamhspleáchas fógartha ag gach ceann de na 15 poblacht san APSS. Chruthaigh triúr de na stáit ba mhó, an Rúis, an Úcráin agus an Bhealarúis aontas nua darb ainm Comhlathas na Stát Neamhspleách.
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair Gorbachev bás ar 30 Lúnasa 2022, in aois 91 dó, ag an Central Clinical Hospital i Moscó, i ndiaidh do a bheith breoite le tamall fada. Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh Mikhail Gorbachev ar dhuine do na daoine is suntasaí ó thaobh na polaitíochta a bhí ann, déanach sa 20ú haois. Chabhraigh polasaithe Gorbachev chun ''Eoraip saor'' a chruthú.[7]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Gleasnast
- 'Peireastráice (Perestroika) agus geilleagar ní b'oscailte
- An Cogadh Fuar
- APSS
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ""Míchail Gorbaitseov"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-08-19.
- ↑ Deaglán de Bradún. (2016). "Cinnlínte" (Cois Life).
- ↑ 3.0 3.1 curriculumonline.ie. "An Stair ː DRÉACHT-THREOIRLÍNTE DO MHÚINTEOIRÍ". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 4.3 Diarmuid Ua Bruadair, St Mary's Béal Feirste. "An Cogadh Fuar". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Shane Ó Curraighín, Sinéad Ingoldsby, Fearghal Ó Maolagáin (27 September 2013). "‘Herody Kaytn’ a léiriú ag Aisteoirí Bulfin < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2022-08-30.
- ↑ "Fall of the Berlin Wall: It was thanks to Soviet leader Mikhail" (en). The Independent (2014-10-30). Dáta rochtana: 2020-08-19.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-08-31). "Ómós léirithe do Mikhail Gorbachev atá tar éis bháis" (as ga).