Mícheál Ó Mulláin
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Nollaig 1874 Baile Átha Cliath |
Bás | 8 Bealtaine 1916 41 bliana d'aois Príosún Chill Mhaighneann |
Siocair bháis | Tráma balaistíoch |
Áit adhlactha | Reilig Mhíleata Chnoc an Arbhair |
Gníomhaíocht | |
Gairm | trodaí, sóisialaí, ceardchumannaí |
Gairm mhíleata | |
Géillsine | Arm na Breataine |
Coinbhleacht | Éirí Amach na Cásca |
Réabhlóidí Éireannach agus sóisialaí ab ea Micheál Ó Mealláin nó Michael Mallin (1 Nollaig 1874 – 8 Bealtaine 1916)[1] a ghlac páirt gníomhach in Éirí Amach 1916.[2] Ba é Leascheannasaí Arm Cathartha na hÉireann é faoi James Connolly. Ar nós Connolly, bhí Mallin é féin in Arm na Breataine nuair a bhí sé óg.[3]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Ó Mulláin sna Saoirsí i gcroílár Bhaile Átha Cliath.[4], [5]
Ba é Micheál an duine ba shine de sheisear clainne a tháinig slán ó naíonacht; fuair cúigear eile bás agus iad ina leanaí. Ní raibh seo as an ghnáth in aon chor ag an am.
Cé go raibh bá ag a mháthair don phoblachtachas, bhí cuid den teaghlach báite i gcultúr míleata Shasana. Mí amháin roimh a chúigiú breithlá déag, liostáil sé leis na Royal Scots Fusiliers mar dhrumadóir. Chaith sé beagnach 14 bliain in arm Shasana, cuid mhaith de san India.
1902
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig Micheál abhaile ag deireadh 1902. Fuair sé post mar fhíodóir poiplín ag Atkinson & Co agus chuaigh sé le Ceardchumann na bhFíodóirí Síoda sa chathair. Chuaigh a thaithí ansin go mór i bhfeidhm air. Roimh i bhfad bhí sé ina oifigeach ar cheardchumainn na bhfíodóirí síoda agus ansin ina rúnaí ar an cheardchumann.
1913
[cuir in eagar | athraigh foinse]In Earrach 1913 chuaigh na hoibrithe i monarcha Atkinson ar stailc agus bhí Micheál i gcroílár imeachtaí. Bhí bua acu sa deireadh ach níorbh fhada gur éirigh Micheál as a phost sa mhonarcha agus sa cheardchumann.
Chuaigh sé ansin leis an ITGWU.Roimh i bhfad bhí sé i mbun oibre leis an Arm Cathartha na hÉireann. Rinneadh príomh-oifigeach traenála de agus faoi dheireadh 1914 d’ainmnigh Séamus Ó Conghaile é mar cheann foirne.
Mar aon leis an Chonghaileach, scríobh Ó Mealláin sraith alt don Workers’ Republic ag deireadh 1915 ar chúrsaí míleata, a chuir béim ar chogaíocht neamhrialta. Thug le fios dá lucht léite gurbh fhéidir le baicle bheag trodairí an lámh in uachtar a fháil ar fhórsa láidir ar nós arm Shasana.
1916
[cuir in eagar | athraigh foinse]I rith an Éirí Amach, bhí Ó Mulláin mar leas cheannasaí faoi Séamas Ó Conghaile agus i gceannas ar an ngrúpa saighdiúirí ag Faiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath, leis an gCúntaois Markiewicz mar leascheannaire.
Ghéill sé ar an Domhnach, 30 Aibreán 1916 nuair a fuair sé an t-ordú ón gCongailleach. Cuireadh chun báis é ar an 8ú lá de Bealtaine i bPríosún Chill Mhaighneann.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Seoladh leabhair: 'Mícheál Ó Mealláin' - Indymedia Ireland". lists.indymedia.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-05-08. Dáta rochtana: 2019-05-08.
- ↑ ladyjaneott (2014-08-30). "Seachtar Dearmadta. Part 1. Michael Mallin.".
- ↑ "1916 Seachtar Dearmadta | Seinnteoir | TG4 | Irish Television Channel, Súil Eile" (as ga-IE) . Curtha i gcartlann 2022-05-08 ar an Wayback Machine
- ↑ "Micheál Ó Mealláin – Ag Athaimsiú Laoch Lucht Oibre" (ga). Crá Croí Cois Cuain (2013-08-12). Dáta rochtana: 2019-05-08.
- ↑ "Mícheál Ó Mealláin Séamus Ó Mealláin curtha in eagar ag Aindrias Ó Cathasaigh". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2019-05-08.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |