Jump to content

Cumann Peile na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó FAI)
Bosca Sonraí EagraíochtaCumann Peile na hÉireann
(ga) Cumann Peile na hÉireann
(en) Football Association of Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálassociation football federation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1921
Gníomhaíocht
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Tír spóirtÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deFIFA (1923–)
UEFA (1958–) Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíre FIFAIRL Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
PríomhchóitseálaíMartin O'Neill Cuir in eagar ar Wikidata
MáthaireagraíochtUEFA Cuir in eagar ar Wikidata
Úinéir de

Suíomh gréasáinfai.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Youtube: UCVLu65vhESK74_u-6SAXqxg Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Cumann Peile na hÉireann (Football Association of Ireland as Béarla nó FAI) an eagraíocht a rialaíonn peile i bPoblacht na hÉireann. Tharla scoilt idir an IFA, lena gceannáras i mBéal Feirste agus na clubanna sacair i Saorstát Éireann i 1921. Ba é John Delaney príomhoifigeach feidhmiúcháin an Chumann Peile na hÉireann ó 2004 go 2019.[1]

peil (nó sacar) ar cheann de na spóirt is sine ar domhan.[2] Tá aon imreoir déag ar an bhfoireann peile.[2]cúl báire amháin ann.[2] De ghnáth bíonn ceathrar cosantóirí, ceathrar imreoir lár páirce, agus beirt tosaithe.[3] Tá seacht n-ionadach ar an binse na n-ionadaithe i ngach cluiche.[2] Is féidir le gach foireann trí ionadach a ainmniú i ngach cluiche.[2] Tá réiteoir amháin beirt agus maor líne i ngach cluiche.[2] Maireann cluichí peile nócha nóiméad agus tarlaíonn an sos leath ama tar éis daichead a cúig nóiméad agus faigheann na himreoirí sos cúig nóiméad déag.[2] De ghnáth bíonn an pháirc peile céad fiche slat ar fad agus tá sé seachtó cúig slat ar leithead.[2]

Is é aidhm an chluiche cúil a scóráil.[2] Chun cúl a scóráil caithfidh an liathróid a bheith os cionn na líne.[2] Chun an cluiche a bhuachan caithfidh an fhoireann níos mó cúil a scóráil ná an fhoireann eile.[2] De bharr seo faigheann siad trí phointe.[4] Má thagann deireadh leis an gcluiche agus scóráil an dá fhoireann an líon céanna cúil, faigheann an dá fhoireann pointe amháin.[4] Mura bhfuil aon cúil scóráilte sa chluiche ní fhaigheann siad aon phointí.[4]

Rialacha peile

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Cic pionóis - Tugtar pionós nuair a tharlaíonn imirt fhealltach nó liathróid láimhe taobh istigh den bhosca.[5]
  • Cic cúinne - Tarlaíonn sé seo nuair a thosaíonn an fhoireann atá ag cosaintan liathróid thar an líne chúil.[5] Faigheann an fhoireann eile seans scór ó chiceáil na liathróide ó choirnéal na páirce.[5]
  • Cic amach - Thosaíonn an cúl báire an liathróid ó líontán an chúl báire.[5]
  • Caitheamh isteach - Nuair a thosaíonn foireann an liathróid thar teorainn, faigheann an fhoireann eile an liathróid a chaitheamh isteach.[5]

Stair an Chumainn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunú an Chumainn Peile na hÉireann

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Foireann Sacair Phoblacht na hÉireann

Bhunaigh clubanna i mBéal Feirste Cumann Sacair na hÉireann (Béarla: IFA) sa bhliain 1880.[6] Tar éis sin imríodh peil go príomha i dtuaisceart na hÉireann mar go raibh ceanncheathrú Chumann Sacair na hÉireann lonnaithe i mBéal Feirste.[6] Bunaíodh an Cumann Peile Bhaile Átha Cliatha sa bhliain 1883.[6] Chonacthas forbairt na peile nuair a bunaíodh an Cumann Peile Laighean sa bhliain 1892.[6]

Ní raibh clubanna atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann sásta leis an mbainistíocht mar cheap siad go raibh an bhainistíocht i bhfabhar imreoirí ó thuaisceart na hÉireann.[6] Tharla Éirí Amach na Cásca ag an am seo.[6] De bharr sin bhí náisiúnachas Éireannach tábhachtach do go leor daoine agus thosaigh clubanna i ndeisceart na hÉireann ag éileamh níos mó ó Chumann Peile na hÉireann.[6] Bhí díomá le feiceáil nuair a d’fhág trí chlub léig na hÉireann.[6] D'fhág Club Peile Bóithéimeach (Béarla: Bohemians), Club Peile St James Gate agus Club Peile Shíol Bhroin (Béarla: Shelbourne)[7] sraithchomórtas na hÉireann.[6] Ach d’imir siad i gcomórtais coirn.[6] D'imir an fhoireann Shíol Bhroin i gcoinne an fhoireann Bhéal Feirste i gcoirn Cumann Peile na hÉireann sa bhliain 1921.[6] Cluiche cothrom a bhí ann agus shocraigh Cumann Sacair na hÉireann (Béarla: IFA) go ndéanfaí an cluiche a athimirt i mBéal Feirste arís.[6] Dhiúltaigh an fhoireann Shíol Bhroin imirt i mBéal Feirste toisc go raibh siad ag iarraidh an cluiche a imirt i mBaile Átha Cliath.[6] Shocraigh siad gan an cluiche a imirt arís agus chaill siad an cluiche.[6] Tharla cruinniú ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an gcéad lá de Mheitheamh 1921 toisc nach raibh an Cumann Peile Laighean agus an Cumann Peile Mumhan sásta eis an mbainistíocht i mBéal Feirste lena gcinneadh faoin an cluiche a imirt arís i mBéal Feirst.[6] Ag an gcruinniú seo scar clubanna i mBéal Feirste agus clubanna sa phoblacht toisc nach raibh siad in ann ceart a bhaint dá chéile agus bunaíodh Cumann Peile na hÉireann (Béarla: FAI).[6] Tá na sé chontae is fiche de phoblacht na hÉireann faoi údarás Cumann Peile na hÉireann.[6] Bunaíodh an eagraíocht seo chun cluiche peile in Éirinn a fheabhsú, a fhorbairt agus a spreagadh.[8] Cosnaíonn an eagraíocht seo na baill agus an cluiche peile ó mhí-úsáid.[8]

Tharla cruinniú ar siúl i halla Theach Laighean i mBaile Átha Cliath.[6] Ag an gcruinniú seo bunaíodh sraith na hÉireann.[6] Ba iad an fhoireann St James Gate an chéad fhoireann a bhuaigh an comórtas seo.[6] Ar dtús bhí go leor deacrachtaí ag an eagraíocht tiosc nár grúpa peile aitheanta iad in Éirinn agus mar thoradh air sin ní raibh siad in ann imirt i gcluichí idirnáisiúnta.[6] Sa bhliain 1923 chuir An Comhaontas Idirnáisiúnta Sacair (Béarla: FIFA) fáilte roimh chumann peile na hÉireann mar bhaill oifigiúla.[6] Sa bhliain 1926 ghlac Éire páirt i gcluichí agus i gcomórtais idirnáisiúnta. D’imir Éire an Iodáil dá gcéad chluiche idirnáisiúnta.[6] Tharla an cluiche seo i gcathair san Iodáil agus chaill Éire an cluiche seo.[6] Toisc go raibh dhá chumann peile in Éirinn bhí go leor mearbhaill ann maidir le cluichí idirnáisiúnta.[6] Bhí conspóid ann mar chreid Cumann Sacair na hÉireann nach bhféadfadh Cumann Peile na hÉireann ach imreoirí as poblacht na hÉireann a roghnú le himirt ina gcluichí idirnáisiúnta.[6] Ach phioc Cumann Sacair na hÉireann imreoirí ó phoblacht na hÉireann agus tuaisceart na hÉireann chun imirt ina gcluichí idirnáisiúnta.[6] Mar thoradh air sin d’imir go leor imreoirí i gcluichí idirnáisiúnta d’fhoireann IFA agus d’fhoireann FAI araon.[6]

Imríodh an chéad chluiche baile in Éirinn i mí Aibreáin sa bhliain 1927.[6] Bhí suas le 20,000 ag an gcluiche i staid Bóthar Lansdún.[6] D’imir Éire i gcoinne an Bheilg agus bhuaigh siad a gcéad chluiche sa bhliain 1928.[6]

Comhairle agus bord Chumann Peile na hÉireann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc chomhlachtaí comhairleacha Chumann Peile na hÉireann tá:

  • Comhairle Chumann Peile na hÉireann.[9] - Tagann an páirtí le chéile chun uachtarán nua agus baill nua coiste a thoghadh.[9] Déanann siad na cinntí laethúla, na cinntí stiúrthóra agus na cinntí tábhachtacha.[9]
  • An Coiste Chumann Peile na hÉireann.[9]
  • An Fhoireann Riaracháin Chumann Peile na hÉireann.[9]
  • An Bord Bainistíochta.[9] Is é Gerry McAnaney Uachtarán an Chumainn agus is é Paul Cooke Iar-Uachtarán an chumainn.[9] Tá siad ar an mbord bainistíochta.[9]

An bord stiúrthóirí bainistíochta:

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Robert Watt.[9]
  • Roy Barrett.[9]
  • Liz Joyce.[9]
  • Catherine Guy.[9]

Comhaltaí tofa den bhord eatramhach

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Tá Dick Shakespeare agus Martin Hegarty ar an mbord eatramach agus tá siad i gceannas ar chomórtais Náisiúnta na hÉireann.[9]
  • Tá Ursula Scully ar an mbord eatramhach agus tá sí i gceannas ar shraith buachaillí scoile agus cailíní scoile.[9]
  • Tá Joe O'Brien ar an mbord eatramhach agus tá sé i gceannas ar ghrúpaí eile a bhfuil baint acu le Cumann Peile na hÉireann.[9]
  • Tá Dave Moran agus John Finnegan ar an mbord eatramhach agus tá siad i gceannas ar pheil do dhaoine fásta amaitéaracha.[9]

An bhainistíocht shinsearach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Suaitheantas Chumann Peile na hÉireann

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Suaitheantas Chumann Peile na hÉireann
Staid Aviva

Tá an lógó 'Ireland' scríofa ar an suaitheantas.[11] Tá dathanna an chlub (glas, bán agus oráiste) agus liathróid le feiceáil ar an suaitheantas freisin.[11] Cuireadh an seamróg san áireamh i sean suaitheantais Chumann Peile na hÉireann.[12]

Ceanncheathrú Chumann Peile na hÉireann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an seancheanncheathrú lonnaithe ag 80 Cearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath.[13] D'aistrigh an eagraíocht seo a cheanncheathrú sa bhliain 2007.[13] Tá an cheanncheathrú nua lonnaithe san ionad spóirt náisiúnta i mBaile an Aba.[13]

Ionad oiliúna náisiúnta Chumann Peile na hÉireann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh Ionad oiliúna náisiúnta Chumann Peile na hÉireann sa bhliain 2015.[14] Tá sé lonnaithe ar an gCampas Náisiúnta Spóirt.[14] Tá cúig pháirc peile agus páirc uile-aimsire amháin ann.[14]

Páirc Cnocán Uí Dhálaigh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’imir an fhoireann Saorstát Éireann a gcéad chluiche baile i Páirc Cnocán Uí Dhálaigh [15] ar an séú lá déag de mhí an Mheitheamh sa bhliain 1924.[16] Bhuaigh siad an cluiche.[16] D’imir an fhoireann Phoblacht na hÉireann sa pháirc seo ochtó dhá uair.[16] Thosaigh an fhoireann Phobhacht na hÉireann ag imirt sa staid Bóthar Lansdún toisc go raibh Páirc Cnocán Uí Dhálaigh róbheag.[16] Imríodh an cluiche peile idirnáisiúnta deireanach sa Pháirc Cnocán Uí Dhálaigh an an dara lá déag de mhí Mheán Fómhair sa bhliain 1990.[16]

Staid Bóthar Lansdún

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh Henry Wallace Doveton Dunlop an staid Bóthar Lansdún i 1872.[17] Bhí an staid lonnaite i nDroichead na Dothra, i mBaile Átha Cliath.[17] Bhí áit sa staid do 49,000 duine.[18] Tharla an chéad pheil idirnáisiúnta ar an seachtú lá déag de mhí an Mhárta sa bhliain 1900.[17] D'imir an fhoireann Phoblacht na hÉireann i gcoinne Sasana.[17] Sa bhliain 1981, d’fhreastail 48,500 lucht leanúna ar chluiche idirnáisiúnta ag an staid.[18] Ba é an tinreamh peile ba mhó.[18] Leagadh an staid sa bhliain 2007 agus tógadh Staid Aviva ina áit.[18]

Páirc an Chrócaigh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'imir an fhoireann Phoblacht na hÉireann sa staid seo nuair a bhí an Staid Aviva á thógáil.[19] Tharla an chéad chluiche peile sa staid seo ar an gceathrú lá is fiche de mhí an Mhárta sa bhliain 2007.[19] D'imir Éire i gcoinne An Bhreatain Bheag i gCraobhchomórtais na hEorpa.[19]

Tógadh Staid Aviva sa bhliain 2010.[20] Is staid idirnáisiúnta spóirt é.[20] Tá áit sa staid do 51,700 duine.[20] Imríonn foireann Peile na hÉireann agus foireann rugbaí na hÉireann cluichí baile sa staid seo.[20] Bíonn ceolchoirmeacha ar siúl sa staid seo freisin.[20] Imríodh an chéad chluiche peile ar an Máirt, an ceathrú de Lúnasa sa bhliain 2010.[21] D'imir an fhoireann Manchain Aontaithe i gcoinne foireann sraithe.[21] Bhí an chéad chluiche peile idirnáisiúnta ar siúl Dé Céadaoin an t-aonú lá déag de Lúnasa sa bhliain 2010.[21] D'imir an fhoireann Phoblacht na hÉireann i gcoinne An Airgintín.[21]

Foireann Sacair Phoblacht na hÉireann

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Geansaí Peile FAI

Is é Seamus Coleman captaen na foirne.[22] Tá seacht n-imreoir is fiche ag foireann Sacair Phoblacht na hÉireann.[23]

Comórtais idirnáisiúnta

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Craobhchomórtais na hEorpa - Is comórtas idirnáisiúnta peile é.[24] Imríonn baill d’Aontas na gCumann Peile Eorpach nó UEFA sa chomórtas seo.[24] Bhí Craobhchomórtais na hEorpa ar siúl den chéad uair sa bhliain 1960.[24] Tosaíonn cáiliú don chomórtas seo dhá bhliain roimh an gcluiche ceannais ar siúl.[24]
  • Corn Sacair an Domhain - Is é an comórtais is mó a bhfuil tóir air sa domhan iomlán.[25] Bhí Corn Sacair an Domhain ar siúl den chéad air sa bhliain 1930.[25] Bhunaigh an Comórtas Idirnáisiúnta Sacair an comortais seo.[25] Tarlaíonn sé gach ceithre bliana. Imríonn tríocha a dó foireann sa chomórtas seo.[25] Díbríodh Éire sna babhtaí ceathrú ceannais.[26]

Comórtais peile sinsir

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comórtas idirmheánach

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Corn idirmheánach FAI.[32]
  • Corn idirmheánach FAI na mban.[33]
  1. "Delaney signs on". Extratime.ie. Dáta rochtana: 2010-07-13.[nasc briste go buan] (en)
  2. 2.00 2.01 2.02 2.03 2.04 2.05 2.06 2.07 2.08 2.09 2.10 "Football Rules: How To Play Football/Soccer | Rules of Sport". www.rulesofsport.com. Dáta rochtana: 2021-03-16.
  3. Megan Garcia. "Positions in Soccer and Their Roles" (en). HowTheyPlay - Sports. Dáta rochtana: 2021-03-16.
  4. 4.0 4.1 4.2 Ben. "A Goal in Soccer: What It Is, the Rules, and It’s Worth" (en-us). Your Soccer Home. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 "Soccer: Rules and Regulations". www.ducksters.com. Dáta rochtana: 2021-03-23.
  6. 6.00 6.01 6.02 6.03 6.04 6.05 6.06 6.07 6.08 6.09 6.10 6.11 6.12 6.13 6.14 6.15 6.16 6.17 6.18 6.19 6.20 6.21 6.22 6.23 6.24 6.25 6.26 6.27 6.28 6.29 6.30 "FAI History: The Early Years | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-16.
  7. "Lána Shíol Bhroin/Shelbourne Lane" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-03-17.
  8. 8.0 8.1 "Benefacts". search.benefacts.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-09-24. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  9. 9.00 9.01 9.02 9.03 9.04 9.05 9.06 9.07 9.08 9.09 9.10 9.11 9.12 9.13 9.14 9.15 "FAI Board and Council | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  10. 10.0 10.1 10.2 10.3 10.4 10.5 10.6 10.7 10.8 "Senior Leadership Team | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  11. 11.0 11.1 "The top 10 classic football crests that need to make a comeback" (en). SportsJOE.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  12. "Football Association of Ireland" (en). Logopedia. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  13. 13.0 13.1 13.2 "FAI Headquarters | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  14. 14.0 14.1 14.2 "FAI National Training Centre | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  15. "Cnocán Uí Dhálaigh/Dalymount" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  16. 16.0 16.1 16.2 16.3 16.4 "Dalymount Park : Dalyer : Republic of Ireland's First Football Ground : Home of Irish Soccer : Ireland's Record at Dalymount". www.soccer-ireland.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-09-18. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  17. 17.0 17.1 17.2 17.3 "Lansdowne Road: From old to new". Dublin.ie. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  18. 18.0 18.1 18.2 18.3 "Rugby Football History". www.rugbyfootballhistory.com. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  19. 19.0 19.1 19.2 "First Floodlit & Rugby Game, 125th Year anniversary - Croke Park". crokepark.ie. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  20. 20.0 20.1 20.2 20.3 20.4 "The Aviva Stadium Dublin" (en). O'Callaghan Collection. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  21. 21.0 21.1 21.2 21.3 "Aviva Stadium : Lansdowne Road : Dublin 4 : Republic of Ireland Soccer Team New Football Ground for Home Matches". www.soccer-ireland.com. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  22. "Seamus Coleman | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  23. "Players | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  24. 24.0 24.1 24.2 24.3 "European Championship | History, Winners, & Facts" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  25. 25.0 25.1 25.2 25.3 "World Cup | History & Winners" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  26. "Ireland At The World Cup - DoDublin Bus Tours" (en). dodublin.ie. Dáta rochtana: 2021-03-18.
  27. "SSE AIRTRICITY LEAGUE INFORMATION". Dáta rochtana: 2021-03-19.
  28. 28.0 28.1 "Extra.ie FAI Senior Cup | Football Association of Ireland" (en). www.fai.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-09-18. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  29. "Womens National League - Women's National League". wnl.fai.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-03-23. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  30. "EA SPORTS Cup | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-12. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  31. "FAI Women's Senior Cup | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-19.[nasc briste go buan]
  32. "FAI Intermediate Cup | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-23.
  33. "FAI Intermediate Cup (Wmns) | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2021-03-23.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]