Jump to content

Dúblóga Uamacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
dúblóga uamacha timpeall an domhain[1]

Is éard atá i gceist le dúblóga uamacha (comhaonaid, dúblóga, nathanna macallachafocail eamhnaithe uaireanta) ann ná nathanna beaga a bhfuil dhá fhocal iontu agus a bhfuil rím eatarthu de ghnáth. Is féidir an focal céanna a athrá nó athrú beag a bheith i gceist, ar nós rírá agus ruaille buaille.

Tá an tógáil sách coitianta sa Ghaeilge, rí rá mar shampla.

Feictear samplaí amhail helter skelter sa Bhéarla, áit a dtugtar reduplicated words, reduplicatives, rhyme motivated compounds, echo wordsflip-flop words orthu.

Tá cineál eile dúblóige ann freisin, leithéidí gan stop gan stad, beo bocht, briste brúite.

Samplaí sa Ghaeilge

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sampla Míniú Foinse
beag beagadán duine beag
(seolta) bocóideacha bacóideacha

bucóideacha bacóideacha (leagan malartach, ní in Ó Dónaill ach scéal i gCnuasach Bhéaloideas Éireann)

bellying sails. ('chequered' dar le roinnt foinsí) Ó Dónaill
bog bogadán duine bog
bois bais '...agus easgainí móra na fairrge thoir agus na fairrge thiar a' teacht ar bhois bais a mhaide-rámha...'
briolla bhrealla/brille bhreaille seafóid chainte
briste brúite worn out
bulcánta balcánta sturdy and strong FGB
cling-cleaing clang FGB
ciolar chiot (a dhéanamh de rud) rud a bhriseadh ina phíosaí beaga, bia míoltóg a dhéanamh de dhuine
clic cleaic click-clack/Clack-clack, trup-trap FGB
cliotar cleatar racket, din FGB
clipthe cráite tormented
clú agus cáil fame
cniogaide cnagaide tap-tap (foilsíodh rainn i bhfoirm leabhair ag Nicholas Williams faoin teideal seo https://www.cic.ie/books/published-books/cniogaide-cnagaide-leabhair-cloite Curtha i gcartlann 2016-12-07 ar an Wayback Machine)
cogar mogar hugger mugger (i.e. jumble, confusion; jumbled, confused)
cosair-easair litter, mess
croí cráite broken heart, broken-hearted
dáiríre píre
de dhoirte dhairte (leagan malartach: de dhorta dharta) dartingly, suddenly. de dhorta dharta ar leathanach 226 de Deoraithe le Dónall Mac Amhlaigh. Rinne sé de dhurta dharta é, is é sin le rá go ndearna sé go tobann é gan smaoineamh roimh ré.
dic-dic Abhacantalóp atá dúchasach don Afraic is ea an dic-dic
diúra deabhra (nó dúra dara) Bheith i do dhiúra dheabhra, to be in a state of utter confusion, to be left speechless. FGB
thit an drioll ar an dreall aige (Tá "thit an trioll ar an treall" ann fosta.) he was flabbergasted; he lost courage http://focailfholaithe.fng.ie/content/dr%C3%BAill
dubhdóite sick and tired
dúr dúramán duine dúr
duth is dath 'Bhí sé cinnte orm duth is dath í a choinneáil uaim.' Deoraíocht, Pádraic Ó Conaire, lch 44.
gan dubh gan dath without a trace FGB
dúrtam dártam suainseán, cúlchaint, gearrchaint, mionchaint.
dúirse-dáirse ráfla, on the grape-vine. Leagan eile is ea "Dubhairt sé Dabhairt sé" an leagan Gaeilge a cuireadh ar theideal dhráma Lady Gregory a d'aistrigh An Seabhac Foilsíodh é ar an An Claidheamh Soluis ar an 29 Iúil, 1911 Suainseán, cúlchaint, gearrchaint, mionchaint. FGB
éasca péasca easy-peasy
faoiste fáiste (a dhéanamh de rud) to pooh-pooh sth.; a bheag de dhéanamh de rud Leagan malartach is ea fuisteo faisteo FGB
figear feaigear An rud sin eile, thingamy cá hainm seo atá air FGB
fíge fí a trifling thing
filimín fálaimín Humpty-dumpty. FGB
fionna feanna jot, nothing. "Níor fágadh fionna feanna ann" - nothing was left there; "ní fiú fionna feanna é" - it is worth nothing.
fite fuaite (le) intertwined (with) (i.e. intricately associated with) FGB
flup flap flop (aimnfhocal) focloir.ie
ag teacht go folcanta falcanta (leagan malartach folcánta falcánta) ag teacht go neartmhar láidir FGB
frois frais (a dhéanamh de rud) praiseach a dhéanamh de rud
Fruch frach An míniú a thugann FGB ná: bustle, hurry, excitement. FGB
frumsó framsó nó Fromsó Framsó (focail ráiméise) Fromsó Framsó

Bean a dhamhsódh, A dhéanfadh greann, A d’ólfadh leann, A bheadh in am Anseo ar maidin! Ó An Sagart Le Pádraig Mac Piarais 'Spraoi (ag tórramh)' a thugtar air in ''Foirisiún Focal as Gaillimh''.

frum fram Fan Inti, Domhnall Mac an tSíthigh, lch 97.
"Fú Fá Féasóg" fee fo fum Sgéalta na bhFianna. Micilín Mac Donnachadha. Cárna.
fuirseadh fairseadh (a dhéanamh de rud) praiseach a dheanamh de rud
fud fad
fudar fadar praiseach; "fudar a dhéanamh de rud" - praiseach a dhéanamh de rud; Tá rudaí ar fudar fadar - things are in a state of confusion
fuile faile confusion, commotion, fuss, hubbub. Leagan malartach: fuithilí faithilí
fuithilí faithilí: f.4. (Fuithile faithile 500 Mallacht Ort) duine gan chrích, rud, obair, cainnte etc. gan éifeacht. Níl it fhalla ach fuithilí faithilí oibre. Cá bhfuil an leithead ná an fhuaimeantamhlacht? anuas leis ar an gcéad ghála: obair neamhcheárdamhail: abláil. Fuithilí faithilí ná deárna faic riamh i gceart: útamálaidhe gur cuma leis. Seán a' Chóta
fuimine farc a ghabháil ar dhuine léasadh a thabhairt do dhuine
furtla fartla fuadar, tranglam
futa fata/fut fat gáróid, clismirt, cabaireacht áthais
géaraide goinide a leech
giob geab/giub geab pecking, mionchaint
ní raibh gíog ná míog as (leagan malartach 'gíocs ná míocs') Ní raibh focal le clos uaidh
gírle guairle hurly-burly (leagan malartach - gírle má guairle) Gírle-ma-guairle, 'an dusta a thagas nuair a bheitheá ag tolladh leis an tarachair, nó an trathair' dar leis An Béal Beo.
gliog gleaig click-clack, chatter. (Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne) glig gleaig caint gan chiall gan éifeacht FGB
gogaille gó (a dhéanamh de dhuine) to send someone on a fool's errand
Gugalaí gug leabhar foilsithe ag Futa Fata.
bheith i do hoibín host ag duine to be a burden-bearer, a drudge for someone
hip hap/hip hop hip hop tearma.ie, focloir.ie
holam halam/hulam holam/hulm halm commotion, uproar; confusion. (leagan malartach: hólam tró)
húirte háirte (Leagan malartach hurta harta hubbub FGB
hula hairc (call to dogs) hark (away)!
Hula hul liú fiaigh Ciarraíoch - le feiceáil mar theideal ar leabhar le Seán Mac Mathúna.
hulach halach commotion, uproar; noise of chase.
hulúiste huláiste yo-heave-ho!
hurla burla hurly-burly
Húrla hárla Focail ráiméise atá le fáil i rann beag 'Húrla hárla Tuirne is carda.. Lch 247 The Book of Aran
hurla harla 'tharla an hurla harla' halloo Lch 95 Duinnín Bleachtaire
Ní raibh húm ná hám as There was not a sound or a move out of him
hurdaí-gurdaí hurdy-gurdy
hurlama giúrlama commotion, uproar
huth ná hath int. Huh! Ní dúirt sé huth ná hath leis, he said nothing, was non-committal, about it. FGB
(teanga) liom leat double-talk, double-dealer Ó Dónaill
liútar éatar raic agus rírá
lí-lé níl lí-lé déanta iniubh agum = níl aon ábhar gnótha déanta inniubh agum, níl lí-lé acu = táid dealamh, beó bocht Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne
longar langar disorder, confusion
luchartha lochartha decrepit
thit an lug ar an lag aige he was flabbergasted, chaill sé misneach
lúrapóg lárapóg ainm ar chluiche do pháistí ar buille faoi thuairim (FGB); nonsense phrase signifying the galloping of a horse (Dinneen). FGB, Dinneen
luthairt lathairt raidhse, mórán
lumpar agus lampar bailúchán seanrudaí; "idir lumpar agus lampar": everything included (fosta: "cruifleog")
míle murdal! (nó Míle murdar!) horror of horrors!
idir mhioth agus mhaith idir mhaith agus olc, de gach sórt
meascán mearaí
mugadh magadh humbug, farce
muranáin maranáin little creatures of the sea. FGB
múta máta duine gan mhaith, bodach (FGB); one who can do nothing properly (Dinneen) FGB, Dinneen
neam neam s. (Child's talk) Sweet, titbit.
niúdar neádar 1.trifling, indecisive, insipid talk; namby pamby. 2. Hesitant person; dead-and-alive person
núscar náscar 1. insipiant talk 2. hesitant person, duine lag
gheall sé na hoirc is na hairc dom gheall sé gealach is grian dom
ping pang an cluiche leadóige boird - bunaithe ar an mBéarla
plinc pleainc De thuairt, ceann ar aghaidh, (adv.); "dúirt sé plinc pleainc é" - dúirt sé glan amach é Liosta Focal as Ros Muc
plob plab 1. bubbling, gurgling sound. 2. blubbering, incoherent speech
prup-prab 'prup-prab na tine aitinn' lch 32 Conaire Mór, Seacht nDoras na Cinniúna, Diarmuid Johnson, Leabhar Breac.
rírá hubbub, uproar
de rite reaite faoi luas FGB
ruaille buaille/rúille búille commotion, tumult, confusion
rup rap buinneach agus caitheamh amach
rúp ráp confusion, din
sciobtha scuabtha spick and span
sciob sceab scrimisc, brútam
sciot sceat/sciot scot (a dhéanamh de rud) to mess up sth.; to cut up something so as only to leave the worst parts
seobob, siobab m., haste, hurry, confusion, fluster; diarrhoea. cf hubub an dhob. Dinneen
(tá an bord seo) siugaí siú this table is falling apart, unsteady, wobbling
siod sead chit-chat FGB
siún sincín confused person, exhausted person
sifil seaifil '...ag síor-rith chuig dochtúirí faoi chuile shifil sheaifil. 'Chuile frois frais!' Dialann Mo Mháthar Pádhraic Breathnach.
sithe seatha suainseán, cúlchaint, gearrchaint, mionchaint. FGB
slis sleais Ealaín an Aistriúcháin 4: The Jabberwocky. Comhar 72 (5), 22. Antain Mac Lochlainn.
slubar slabar muck, mush
Smid ná smeaid focal ar bith, níor labhair sé smid ná smeaid Foirisiún Focal as Gaillimh
slupar slapar / sluparnach is slaparnach an fhuaim a dhéanann uisce atá ag lapadaíl
smuchar smachar 'smuchar smachar na gcapall' lch 82 Conaire Mór, Seacht nDoras na Cinniúna, Diarmuid Johnson, Leabhar Breac.
snasta blasta branda seacláide
sniog sneag Lagiarracht ar bhó a chrú. 'Ní raibh sé ach ag sniog sneag leis'. 'D'iarras air dhá bhuicéad a líonadh dom ach ní bhíonn sé siúd ach ag sniog sneag leis'
sníomhaí snámhaí feithid (spinner FGB) FGB, agus Rí na gCearrbhach le Seán Ó Dúrois, agus sa ghearrscéal seo http://www.feasta.ie/2014/meanf/alt4.html Curtha i gcartlann 2017-11-07 ar an Wayback Machine
spior spear (a dhéanamh de rud) a bheag a dhéanamh de rud
sancam soncam Mias glasraí meascaithe FGB
sputar spatar Lch 440 Cluiche na Corónach.
subhach sách/súch sách Conaire Mór le Diarmuid Johnson
súm sám duine leamh, díbheo, spadaire, duine fuarspreosach, duine spadánta.
súgach sáthach Do dhóthain mhór olta agat.
tamhach táisc commotion, uproar
tiuf-teaf Chiffchaff (cineál éin) FGB
tic teaic tick-tack, tick-tock; "Cluineann sí tic teaic an chloig." FGB agus lch 71, Máire Dinny Wren, Go mbeinnse choíche saor, cnuasach gearrscéalta
toiriall tairiall stiall craicinn ó chorpán, (a ndeirtí go raibh draíocht ag roinnt leis)
(Go) torpach tiarpach all puffed up, full of pomposity. FGB
treillisg bhreillisg melee
triopall treapall trailing thing; disorder; confusion "Ná fág gach uile rud ina thriopall treapall" - Ná fág gach rud ina phraiseach.
tromach tramach pell-mell, topsy-turvy
bhí *trup trap* acu ar fud an tí bhíodar ag siúl go torannach ar fud an tí.
tuf taf rancid; "Tá an sneachta alright ach is fearr liom tuf-taf é ná ina phlub-phlab" gearrscéal Leaca an Tí Mhóir le Seán Mac Mathúna
tuirseach traochta exhausted
trut trat sound of tramping feet, noise, din. FGB

Abairtí agus eile

[cuir in eagar | athraigh foinse]

GoIna measc seo tá abairtíní beaga agus nathanna a leanann an sainmhíniú thuas nó a thagann leis de bharr litrithe.

  • fudar fadar, mix up, mess FGB
  • gíog (Sa nath) gíog guag a dhéanamh de dhuine, to confound s.o. utterly. FGB
  • Nath, Níl ciú ná ceá aige, he is quite illiterate. FGB
  • Niúidí-neáidí EID, boigeartán, Síle.
  • 'siúd isteach an to-tó' Tomhas de chuid Anna Nic an Luain, focal folaithe raiméise ar luchóg.
  • gib-gab, dil.ie/25821 (A.S. origin acc. to Meyer, Wortk. 78 . Cf. Scottish and N. Engl. `giff-gaff'; native formation acc. to Kelly, Celtica xxv 98 ) onomatop. unintelligible gabbling, jargon : gib-gab (gipa-gapa, giba-gapa v.ll.) na gcennaighi, Anecd. ii 72.9 . Cf. gic-goc and see Dinneen s.vv. giob, geab.
  • gan frapa gan taca
  • steig meig a dhéanamh de dhuine - cloigeann duine a scoilteadh focloir.ie
  • Gíoc bíoc! - Peep-bo! FGB
  • fuip faip - tagairt do (fhuaim?) ráipéar, An Litir, Liam Mac Cóil.
  • ar bhois agus ar bhais an mhaide rámha
  • bhain sé sliseóg dhe thaobh dúrach agus sliseóg de thaobh darach
  • Ba mhó a shola ná a dhola, he gained more than he lost. FGB
  • siúlach scéalach
  • Patairín agus Patarún – leabhar le hAilbhe Ó Monacháin
  • Gan “thú" gan “thá” as (David Copperfield, lch 801)
  • Ó Stiúcaí Stiúgtha: Bliodar bleadar, fastaím, brille breaille, amaidí-dú-dá, truflais smuflais, réiméis raiméis
  • Leabhar Stiofáin Uí Ealaoire 'D'eirghi sé go hú, há, go neart a chrá[mh]...'
  • 'hólas bólas' - Alan Titley - Is fíor go raibh níos mó oideachais orainn seachas mar a bhí aimsir Vítneaim, ach shílfeá nach slogfaí a leithéid hólas bólas arís.
  • fiosach feasrach “Níl dochar a bheith fiosach feasrach an uair atá ann”. Nó ‘fiosrach feasrach’, b’fhéidir. Tá ‘fiosrach’ san fhoclóir agus níl ‘fiosach’. Níl aon sampla eile de ‘fiosach’ ach amháin ag Seán Mac Meanman.
  • Ící Pící - Amhráin nuachumtha do pháistí
  • brútam prúcam prácam Alan Titley https://www.irishtimes.com/culture/treibh/coincr%C3%A9it-anuas-ar-chne%C3%A1-1.3460643
  • Trumpaí Dumptaí agus an Falla Mór
  • 'Humtí Dumtí' aistriúchán Gaeilge ar an rann cáiliúil in An Tigh a Thóg Seáinín le Pronnséas Ó Súilleabháin.
  • Filimín Failimín - Humpty Dumpty Nicholas Williams Lastall
  • Munachar agus Manachar - Tweedledum and Tweeldledee Nicholas Williams Lastall
  • Hurú! Hurá! mar aistriú ar Callooh! Callay! An Gheabairleog, Nicholas Williams
  • Fuadar ná feadar Peadar Ua Laoghaire
  • Súistín búistín - ón amhrán Léim Thart le Des Bishop agus ón rann Lúrabóg, Lárabóg."
  • Lumpar is Lampar - 'bhailíodar Lumpar is Lampar lasmuigh den sceallóglann...' Muiris Ó Meára.

"Lúrabóg Lárabóg, buidhe ó n-Éirinn, Éire plubán, plubán súlach, súil na gcaorach, dhá chéad lumán, lumán, láthaigh, súistín, búistín, buille bheag ar bhéicín, buille bheag ar bharr na gcos agus cnap isteach an fhaoideóig bhuidhe."

  • Dúidín dáidín (An ruidín deas a chaill mé, Go lige Dia na nGrásta Go bhfaighidh mé aríst é.) ón amhrán An Dreoilín.
  • Tá léimeadáin againn, preabadáin, siúladáin, scioradáin, cnagadáin, lupadáin, lapadáin, súistín, búistín, agus dib-a-deáb-a-dúistín againn. Tuairisc https://tuairisc.ie/ta-leimeadain-preabadain-siuladain-scioradain-cnagadain-lupadain-lapadain-suistin-buistin-agus-dib-a-deab-a-duistin-againn/
  • Gígí Gaigí Iontais - Ainm Gaeilge a cumadh mar leagan ar Wibbly Wobbly Wonder. https://tuairisc.ie/cen-ghaeilge-ata-ar-wibbly-wobbly-wonder-agus-loop-the-loop/
  • Aililiú Pililiú Jeepers Creepers Ingemar Lejonborg Pádraig Ua Maoileoin 1982 A0741 agus san amhrán An Poc ar Buile.
  • tamhach, s. (In phrase) ~ táisc, commotion, uproar. FGB
  • Gogaí bogaí - gogaí (Child’s name for) egg. Duinnín ar an Sceilig.
  • Rann beag ag Brian Ó Baoill faoi na méara: Ordóg, colagóg, méar fuda fada, mac an aba, lúirín beag ina luí sa log is é ag baint fug do mhamaí.
  • taoile tuile
  • scríb scrob
  • Fear scrob scrab (veidhleadóir)/Ag imirt ar a scríob scrab. lch 18 Cín Lae Amlaoibh
  • gíc goc Stair na Gaeilge.
  • Hong Cong
  • Cu-cú - gairm an éin, an chuach. NEID
  • Tic Teac - dráma le Púca Puppets
  • ho hó, int. Oho! FGB
  • had dad = háidí 1. = int. (Admonishing child) Ha! Aha! 2 :ha. FGB
  • prúta práta - sa scéal An Tríú Scéal Déag, lch 204 le hAlan Titley
  • Trupall Trapall, Rainn bheaga ón mbéaloideas do pháistí óga, 1972, An Gúm, Clíodna Cussen
  • sníc píc - feicthe in úsáid
  • slug slag (gib gab i mBéarla) á rá ag foileán, http://www.potafocal.com/beo/?s=slug+slag
  • na briathra foisteanacha faisteanacha, lch 1 An Béal Beo le Tomás Ó Máille.
  • Chun gur dhein an bhean so leongó liúngó dhom chroí. Casadh an tSúgáin.
  • fuis-fais, ciall- ráiméis. Sampla(í) Úsáide: Níl sa sgéal ach fuis fais. (Focail Fholaithe) féach fuis fáis in EID agus FGB a deir gur leagan de faoiste fáiste é seo.
  • liop-a-leap; sin é an t-iasg go dtugann na béarlóírí “Sunfish” air “Sáimhín” ainm eile air. ó An Chéad La Iasgaigh ag Garsún leis an údar Common Noun.

LIOP-A-LEAP / LIOP-A-DA-LEAP, seanfhocal: Chomh sámh le liop-a-da-leap.

  • Tharraing sé (leis) é ar an iarach agus ar an árach, he tugged at it every way he could, dragged it along as best he could.
  • och óch! och ochón! Alas! FGB
  • hoibín host, s. 1. (a) Load carried on back. (b) Child being carried pick-a-back. 2. Bheith i do ~ ag duine, to be a burden-bearer, a drudge, for s.o. (Var:hoibín hos)
  • had dad = háidí
  • Haid aid! = have at you! (in beginning a fight) (Con.). Duinnín
  • 'fear frélic agus froilic, i seomra nó i halla, 'Sea Dónal na Gréine,' Dónal na Gréine, lch 146, An Blas Muimhneach, Imleabhar II.
  • FGB leathadh leathadh lúitheach, numbness (of hands from cold).
  • (Nath) Go breas nó go treas, by hook or by crook. (FGB)
  • Tá na focail 'mirlín murláin' ag Doireann Ní Ghríofa ina dán Míreanna Mearaí, cé nach dublóg ó cheart an struchtúr.
  • Humpty Dumpty. (Leagan Ciarraíoch.)
Tá Filimín Falaimín i n áird' ar an bhfalla.
Thuit Filimín Falaimín anuas ar an dtalamh;
Dá dtagadh dháréag agus triúr agus dachad
N'Fhéadfaidís filimín Falaimín a chuir i
n áird' ar an bhfalla.
"Sleithide [seilmide] búrtach, bártach,
Cuir amach do adharca
Atá na ba bána
Ag ól do chuid meidhge."
Do dhún mo rosc is is olc mar tá mo chiall
Tá lagar im chois is stoca bán faoim ghiall;
Ní fada a bheidh och ná boch ag mnáibh i mo dhiaidh
Ach is fada a bheidh corp na loicht ag fail na bpian.
  • Thá tú id mhungó mhangó ~ tá tú gan bhrí (Díolaim Dhéiseach)
  • Bíonn an nath 'ar bhocht agus ar nocht' ann uaireanta
  • Púcaí Schmúcaí: bailiúchán dánta agus rann do pháistí, leabhar le Gabriel Rosenstock
  • gan í gan ó, foinsí éagsúla. Ag an gCadhnach is cosúil gutr 'gan deacracht;' is ciall leis. Ag Máire Dinny Wren seans gur gan fhuaim atá i gceist. https://www.duchas.ie/en/cbes/4602714/4597887/4631704?ChapterID=4602714
  • Manrán Banrán, tríréad téadach a sheinn ag Éigse na Bruiséile
  • cric-creaic an traona sa mhóinfhéar taobh leis.' lch 188, An Bheirt Dearbhráthar agus Scéalta Eile le Máiréad Ní Ghráda
  • Ná habair maithín ná graithín ina thaobh, say nothing good or bad, nothing whatever, about it. FGB
  • Maighdean an tSoluis agus Sgéalta Eile II, In eagar ag Henry Morris, Ainm Cleite, Mac Róigh, Feargus (Bail. / Eag.) Bailitheoir/Eagarthóir, Morris, Henry Dáta cumtha, 1921, Foilsitheoir, Dundalgan Press
Sgaoil sé leis ins na sidhe siúmannaí, ins na rith ruaimeannaí, ins na ruaimeannaí rith ruadh reatha, go dtabhradh sé cnoc de léim agus gleann de thuslóig, go rabh dubhantaí dubha na h-oidhche ag druidim leis, dubhantaí geala an lae ag druidim uaidh, an gearrán bán ag dul faoi chapóig agus an chapóg ag imtheacht uaidh gur casadh sgaoith gearrfhiadh leis ar thaoibh molaidh shléibhe.
  • Prioc preac - Bhí na haon phrioc preac aige orm, he kept teasing me, kept picking at me. Cnuasach Focal Ón gCom
  • ní raibh smid ná smaid aige 'he had nothing to say', 'he was taciturnly silent' Duinnín
  • géaraide goinide (súmaire) leech téarma.ie
  • Baineann an tóir ar fhocail a chur i rím agus aithris a dhéanamh ar chaint duine agus véarsaíocht páistí leis an tréimhse seo, ar nós boisiúige , boiseáige - lúrabóg , larabóg - fromsó , framsó ... . -- Seán Ó Curraoin, Boscaí
  • gan hú ná há a rá
  • sciobtha-scuabtha (tá amhras ann faoin gceann seo)
  • lumpar agus lampar, collection of odds and ends FGB
  • féirín flóirín dom óirín stóirín lch 16 ag dul i bhfad Alan Titley
  • Ar mhuirc mhairc = ar mhuin mhairc
  • muirc mair, diúra dheabhra, ‘Sean-Eoin' Foilsíodh an leagan Gaeilge de i 1938 - é aistrithe ag Tomás Ó Faoláin - agus chuireadh an t-eagrán seo amach i 1974. Máirín Ní Chriagáin, an t-údar.
  • Cá bhfuil na crogaill?

Snip sneap, cluinim sibh, Maith sibh, a chrogalla, Anois isteach libh!

Ón rann Le do Thoil, a Naoi

"Píosum Pósum, Práitín Rósta, Poitín uisce i lár na tine Sin iad mo lánú pósta."

  • bíp búp - cluichí ríomhairí á n-imirt, Dialann Dúradáin An Fhírinne Shearbh le Jeff Kinney lch 135.
  • Plúra Lúra - carachtar ón leabhar faoi na Bopóga, Plúra Lúra agus Na Bopóga
  • An Pocaire an pacaire, Ó Bhéal an Bhab
  • BABHLAÍ RABHLAÍ A hoop, the babhlaí, often a wheel off an old bicycle or pram, which children rolled with either a hand or stick in the game of rabhlaí- babhlaí. [O Dón dictionary: rabhlaí-babhlaí, a child's hoop.]
  • fíolta, a3. (Used for síolta in alliterative phrase) fíolta fálta fuirsithe, seeded, fenced and harrowed; completely finished. FGB
  • An Coláiste Sinne Muinne, Alan Titley, AN CRANNCHUR. Comhar 79 (4),
  • sniog-sneog - clocha a chur ag scinneadh ar bharr an uisce, a bheith ag déanamh sciotar uisce, a bheith ag déanamh sciotairíní https://www.learngaelic.net/dictionary/index.jsp?abairt=sniog-sneog&slang=both&wholeword=false

Samplaí i nGaeilge na hAlban

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • fìth-fàth masc - mist of invisibility (or the power to produce said mist) (féth fíada sa Ghaeilge)
  • fàth-fìth masc -mist of invisibility (or the power to produce said mist)
  • sù-sì - súisí/sushi ACDD
  • rù-ra/rù-rà - meascán mearaí, praiseach, trína chéile. The Gaelic-English Dictionary - Colin B.D. Mark
  • Hoilibheag Hilibheag - focail ráiméise san amhrán Smeòrach Clann Dòmnaill
  • "Cha bhi agad ach gigein air gach goigein dhìot" - rud a mhaoidheas fuamhairean gu tric ann an sgeulachdan, a' ciallachadh rud mar "pronnaidh mi tu nad mhìrean".
  • Leabhar do pháistí é Na Stocan agus Na Stùcan
  • Sgeulachdan Eagalach Feagalach - Gearrscéalta do pháistí le Catriona Lexy Campbell
  • Friuthail ! frathail! anns an abhainn, / Iarann a cheann, snód a mhuineal, / Maide a dhruim, is duine a thón. (Freagra: Iasgair le slaiti-asgaich) Tóimhseachain o Innse Gall, Anna Nic Iain, Béaloideas, An Cumann Le Béaloideas Éireann
  • Craobh ghitheaganach, ghathaganach, /A bun suas, a barr sios, /Is i fas mar sin. (Freagra: Earball mairt.) Tóimhseachain o Innse Gall, Anna Nic Iain, Béaloideas, An Cumann Le Béaloideas Éireann
  • tha Calum air an ran-dan = Calum is on a binge. Air an splaoid. Drabhlás, ragús. Learn Gaelic Dictionary.
  • áimh tháimh / ám [t]hám ‘siar agus aniar’, Thurneysen
  • Ám [t]hám - cuid de shraithe péirí a chiallaíonn ‘siar agus aniar’ (O’Rahilly 1973‒4).
  • adall tadall ‘visit re-visit’
  • aile taile

https://ogham.glasgow.ac.uk/index.php/2023/02/20/what-does-the-word-ogam-mean-and-where-does-the-name-come-from/

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Foinse FGB nó Dinneen seachas uimh. 21 is uimh. 70. Maidir le huimh. 69, seans go gciallaíonn sé 'd'ardchaighdeán', 'an-mhaith', 'an-deas'.
  • LISTSERV.HEANET.IE
  • Tá eolas breise le fáil i mBéaldoideas, 1988, lch 141-152 agus ar http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/corpus/macalla/
  • 10459.

Ní Dhomhnaill (Cáit): Dúblóga uamacha Gaeilge. In Béaloideas 56 (1988), pp. 141–152

A collection of alliterative and riming doublets in Irish. Includes (§8) an excursus on the possible derivation of fionna feanna

  1. M. Haspelmath, M. S. Dryer, D. Gil, B. Comrie (2005). "World atlas of language structures". Oxford: Oxford University Press. OCLC 252699579.