Frithchiallaigh 'S' agus 'D' na Gaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is ciall le frithchiallaigh 'S' agus 'D' na Gaeilge ná péirí focal a thosaíonn le 'S' agus le 'D' agus ar leathbhádóirí frithchiallacha a chéile iad. Na réimíreanna 'so' agus 'do', atá dearfach agus diúltach faoi seach, a chinntíonn an difear idir roinnt de na péirí seo. Feictear an ghné chéanna i nGaeilge na hAlban.

Samplaí Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir liosta mór fada a dhéanamh leis na réimíreanna "so" nó "do" roimh aidiacht bhriathartha, so-ite - do-ite, soléite - doléite, sodhéanta - dodhéanta, soghlanta - doghlanta, sothuartha - dothuartha, sochreidthe agus dochreidte, agus sodhéanta agus dodhéanta, is araile.

Tá amhras ann faoi na samplaí a bhfuil comhartha ceiste ina ndiaidh.

  • saibhir agus daibhir
  • saibhléis agus daibhléis (An tAthair Peadar a mhol aibhleach is mhol Seán Ó Maoláin aibhléis ar ar bhunaigh sé na téarmaí seo - bhuaigh sé duais an Oireachtais in 1907
  • saibhre agus daibhre
  • saibhreas agus daibhreas
  • saoi agus daoi
  • saoirse agus daoirse
  • saor agus daor
  • saorchlann agus daorchlann
  • saorstát agus daorstát
  • sealbh agus dealbh
  • sochar agus dochar
  • sochma agus dochma
  • sodhéanta agus dodhéanta
  • sofheicthe agus dofheicthe
  • sona agus dona
  • soicheallach agus doicheallach
  • soilbhir agus doilbhir
  • soiléir agus doiléir
  • soilíos agus doilíos
  • soineann agus doineann
  • soineann agus doineann
  • soineanta agus doineanta
  • soirbh agus doirbh
  • soirbhíoch agus doirbhíoch
  • soirbhíoch agus doirbhíoch
  • soiscéal (an tslánaitheora) agus doiscéal (an diabhail)
  • soiscéala agus doiscéala
  • solas agus dolas
  • sólás agus dólás
  • solúbtha agus dolúbtha
  • sona agus dona
  • sonas agus donas
  • sonuachar agus donuachar
  • sorcha agus dorcha
  • sorchadas agus dorchadas
  • suairc agus duairc
  • subhach agus dubhach
  • suáilce agus duáilce
  • sursan agus dursan?
  • síoth agus díoth
  • sóchas agus dóchas
  • sócúl agus dócúl
  • sólás agus dólás
  • suthain agus duthain

Focail eile nach bhfuil gaol eatarthu[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • soirb agus doirb
  • só agus dó