Dúblóga Uamacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is éard is dúblóga uamacha (comhaonaid, dúblóga, nathanna macallachafocail eamhnaithe uaireanta) ann ná nathanna beaga a bhfuil dhá fhocal iontu agus a bhfuil rím eatarthu de ghnáth. Is féidir an focal céanna a athrá nó athrú beag a bheith i gceist. Tá an tógáil sách coitianta sa Ghaeilge, rí rá mar shampla. Feictear samplaí amhail helter skelter sa Bhéarla, áit a dtugtar reduplicated words, reduplicatives, rhyme motivated compounds, echo wordsflip-flop words orthu.

Samplaí sa Ghaeilge[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sampla Míniú Foinse
beag beagadán duine beag
(seolta) bocóideacha bacóideacha bellying sails. ('chequered' dar le roinnt foinsí) Ó Dónaill
bog bogadán duine bog
briolla bhrealla/brille bhreaille seafóid chainte
briste brúite worn out
bulcánta balcánta sturdy and strong FGB
cling-cleaing clang FGB
ciolar chiot (a dhéanamh de rud) rud a bhriseadh ina phíosaí beaga, bia míoltóg a dhéanamh de dhuine
clic cleaic click-clack/Clack-clack, trup-trap FGB
cliotar cleatar racket, din FGB
clipthe cráite tormented
clú agus cáil fame
cniogaide cnagaide tap-tap (foilsíodh rainn i bhfoirm leabhair ag Nicholas Williams faoin teideal seo https://www.cic.ie/books/published-books/cniogaide-cnagaide-leabhair-cloite)
cogar mogar hugger mugger (i.e. jumble, confusion; jumbled, confused)
cosair-easair litter, mess
croí cráite broken heart, broken-hearted
dáiríre píre
de dhoirte dhairte (leagan malartach: de dhorta dharta) dartingly, suddenly. de dhorta dharta ar leathanach 226 de Deoraithe le Dónall Mac Amhlaigh.
dic-dic Abhacantalóp atá dúchasach don Afraic is ea an dic-dic
diúra deabhra (nó dúra dara) Bheith i do dhiúra dheabhra, to be in a state of utter confusion, to be left speechless. FGB
thit an drioll ar an dreall aige he was flabbergasted; he lost courage
dubhdóite sick and tired
dúr dúramán duine dúr
duth is dath 'Bhí sé cinnte orm duth is dath í a choinneáil uaim.' Deoraíocht, Pádraic Ó Conaire, lch 44.
gan dubh gan dath without a trace FGB
dúrtam dártam tittle-tattle
dúirse-dáirse ráfla, on the grape-vine. Leagan eile is ea "Dubhairt sé Dabhairt sé" an leagan Gaeilge a cuireadh ar theideal dhráma Lady Gregory a d'aistrigh An Seabhac Foilsíodh é ar an An Claidheamh Soluis ar an 29 Iúil, 1911. FGB
éasca péasca easy-peasy
faoiste fáiste (a dhéanamh de rud) to pooh-pooh sth.; a bheag de dhéanamh de rud
fíge fí a trifling thing
filimín fálaimín Humpty-dumpty. FGB
fionna feanna jot, nothing. "Níor fágadh fionna feanna ann" - nothing was left there; "ní fiú fionna feanna é" - it is worth nothing.
fite fuaite (le) intertwined (with) (i.e. intricately associated with) FGB
ag teacht go folcanta falcanta (leagan malartach folcánta falcánta) ag teacht go neartmhar láidir FGB
frois frais (a dhéanamh de rud) praiseach a dhéanamh de rud
frumsó framsó
frum fram Fan Inti, Domhnall Mac an tSíthigh, lch 97.
"Fú Fá Féasóg" fee fo fum Sgéalta na bhFianna. Micilín Mac Donnachadha. Cárna.
fuirseadh fairseadh (a dhéanamh de rud) praiseach a dheanamh de rud
fud fad
fudar fadar praiseach; "fudar a dhéanamh de rud" - praiseach a dhéanamh de rud; Tá rudaí ar fudar fadar - things are in a state of confusion
fuile faile confusion, commotion, fuss, hubbub
fuimine farc a ghabháil ar dhuine léasadh a thabhairt do dhuine
furtla fartla fuadar, tranglam
futa fata/fut fat gáróid, clismirt, cabaireacht áthais
géaraide goinide a leech
giob geab/giub geab pecking, mionchaint
ní raibh gíog ná míog as Ní raibh focal le clos uaidh
gírle guairle hurly-burly (leagan malartach - gírle má guairle)
gliog gleaig click-clack, chatter
gogaille gó (a dhéanamh de dhuine) to send someone on a fool's errand
Gugalaí gug leabhar foilsithe ag Futa Fata.
bheith i do hoibín host ag duine to be a burden-bearer, a drudge for someone
hip hap/hip hop hip hop tearma.ie, focloir.ie
holam halam/hulam holam/hulm halm commotion, uproar; confusion. (leagan malartach: hólam tró)
húirte háirte hubbub
hula hairc (call to dogs) hark (away)!
Hula hul liú fiaigh Ciarraíoch - le feiceáil mar theideal ar leabhar le Seán Mac Mathúna.
hulach halach commotion, uproar; noise of chase.
hulúiste huláiste yo-heave-ho!
hurla burla hurly-burly
Ní raibh húm ná hám as There was not a sound or a move out of him
hurdaí-gurdaí hurdy-gurdy
hurlama giúrlama commotion, uproar
huth ná hath int. Huh! Ní dúirt sé huth ná hath leis, he said nothing, was non-committal, about it. FGB
(teanga) liom leat double-talk, double-dealer Ó Dónaill
liútar éatar raic agus rírá
longar langar disorder, confusion
luchartha lochartha decrepit
thit an lug ar an lag aige he was flabbergasted, chaill sé misneach
lúrapóg lárapóg ainm ar chluiche do pháistí ar buille faoi thuairim (FGB); nonsense phrase signifying the galloping of a horse (Dineen). FGB, Dineen
luthairt lathairt raidhse, mórán
lumpar agus lampar bailúchán seanrudaí; "idir lumpar agus lampar": everything included (fosta: "cruifleog")
míle murdal! (nó Míle murdar!) horror of horrors!
idir mhioth agus mhaith idir mhaith agus olc, de gach sórt
meascán mearaí
mugadh magadh humbug, farce
múta máta duine gan mhaith, bodach (FGB); one who can do nothing properly (Dineen) FGB, Dineen
neam neam s. (Child's talk) Sweet, titbit.
niúdar neádar 1.trifling, indecisive, insipid talk; namby pamby. 2. Hesitant person; dead-and-alive person
núscar náscar 1. insipiant talk 2. hesitant person, duine lag
gheall sé na hoirc is na hairc dom gheall sé gealach is grian dom
ping pang an cluiche leadóige boird - bunaithe ar an mBéarla
plinc pleainc De thuairt, ceann ar aghaidh, (adv.); "dúirt sé plinc pleainc é" - dúirt sé glan amach é Liosta Focal as Ros Muc
plob plab 1. bubbling, gurgling sound. 2. blubbering, incoherent speech
prup-prab 'prup-prab na tine aitinn' lch 32 Conaire Mór, Seacht nDoras na Cinniúna, Diarmuid Johnson, Leabhar Breac.
rírá hubbub, uproar
de rite reaite faoi luas FGB
ruaille buaille/rúille búille commotion, tumult, confusion
rup rap buinneach agus caitheamh amach
rúp ráp confusion, din
sciobtha scuabtha spick and span
sciob sceab scrimisc, brútam
sciot sceat/sciot scot (a dhéanamh de rud) to mess up sth.; to cut up something so as only to leave the worst parts
seobob, siobab m., haste, hurry, confusion, fluster; diarrhoea. cf hubub an dhob. Dineen
(tá an bord seo) siugaí siú this table is falling apart, unsteady, wobbling
siún sincín confused person, exhausted person
sithe seatha tittle-tattle FGB
slis sleais Ealaín an Aistriúcháin 4: The Jabberwocky. Comhar 72 (5), 22. Antain Mac Lochlainn.
slubar slabar muck, mush
slupar slapar an fhuaim a dhéanann uisce atá ag lapadaíl
smuchar smachar 'smuchar smachar na gcapall' lch 82 Conaire Mór, Seacht nDoras na Cinniúna, Diarmuid Johnson, Leabhar Breac.
snasta blasta branda seacláide
sníomhaí snámhaí feithid (spinner FGB) FGB, agus Rí na gCearrbhach le Seán Ó Dúrois, agus sa ghearrscéal seo http://www.feasta.ie/2014/meanf/alt4.html
spior spear (a dhéanamh de rud) a bheag a dhéanamh de rud
sputar spatar Lch 440 Cluiche na Corónach.
subhach sách/súch sách Conaire Mór le Diarmuid Johnson
súm sám duine leamh, díbheo, spadaire, duine fuarspreosach, duine spadánta.
tamhach táisc commotion, uproar
tic teaic tick-tack, tick-tock; "Cluineann sí tic teaic an chloig." FGB agus lch 71, Máire Dinny Wren, Go mbeinnse choíche saor, cnuasach gearrscéalta
toiriall tairiall stráice craiceann ó chorpán, (a ndeirtí go raibh draíocht ag roinnt leis)
(Go) torpach tiarpach all puffed up, full of pomposity. FGB
treillisg bhreillisg melee
triopall treapall trailing thing; disorder; confusion "Ná fág gach uile rud ina thriopall treapall" - Ná fág gach rud ina phraiseach.
tromach tramach pell-mell, topsy-turvy
bhí *trup trap* acu ar fud an tí bhíodar ag siúl go torannach ar fud an tí.
tuf taf rancid; "Tá an sneachta alright ach is fearr liom tuf-taf é ná ina phlub-phlab" gearrscéal Leaca an Tí Mhóir le Seán Mac Mathúna
tuirseach traochta exhausted
trut trat sound of tramping feet, noise, din. FGB

Abairtí agus eile[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • ar bhois agus ar bhais an mhaide rámha
  • bhain sé sliseóg dhe thaobh dúrach agus sliseóg de thaobh darach
  • Ba mhó a shola ná a dhola, he gained more than he lost. FGB
  • siúlach scéalach
  • Patairín agus Patarún – leabhar le hAilbhe Ó Monacháin
  • Gan “thú" gan “thá” as (David Copperfield, lch 801)
  • Ó Stiúcaí Stiúgtha: Bliodar bleadar, fastaím, brille breaille, amaidí-dú-dá, truflais smuflais, réiméis raiméis
  • Leabhar Stiofáin Uí Ealaoire 'D'eirghi sé go hú, há, go neart a chrá[mh]...'
  • 'hólas bólas' - Alan Titley - Is fíor go raibh níos mó oideachais orainn seachas mar a bhí aimsir Vítneaim, ach shílfeá nach slogfaí a leithéid hólas bólas arís.
  • fiosach feasrach “Níl dochar a bheith fiosach feasrach an uair atá ann”. Nó ‘fiosrach feasrach’, b’fhéidir. Tá ‘fiosrach’ san fhoclóir agus níl ‘fiosach’. Níl aon sampla eile de ‘fiosach’ ach amháin ag Seán Mac Meanman.
  • Ící Pící - Amhráin nuachumtha do pháistí
  • brútam prúcam prácam Alan Titley https://www.irishtimes.com/culture/treibh/coincr%C3%A9it-anuas-ar-chne%C3%A1-1.3460643
  • Trumpaí Dumptaí agus an Falla Mór
  • Filimín Failimín - Humpty Dumpty Nicholas Williams Lastall
  • Munachar agus Manachar - Tweedledum and Tweeldledee Nicholas Williams Lastall
  • Hurú! Hurá! mar aistriú ar Callooh! Callay! an Gheabairleog, Williams
  • Fuadar ná feadar Peadar Ua Laoghaire
  • Súistín búistín - ón amhrán Léim Thart le Des Bishop agus ón rann Lúrabóg, Lárabóg."

"Lúrabóg Lárabóg, buidhe ó n-Éirinn, Éire plubán, plubán súlach, súil na gcaorach, dhá chéad lumán, lumán, láthaigh, súistín, búistín, buille bheag ar bhéicín, buille bheag ar bharr na gcos agus cnap isteach an fhaoideóig bhuidhe."

Samplaí i nGaeilge na hAlban[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • fìth-fàth masc - mist of invisibility (or the power to produce said mist) (féth fíada sa Ghaeilge)
  • fàth-fìth masc -mist of invisibility (or the power to produce said mist)
  • sù-sì - súisí/sushi ACDD
  • rù-ra - haphazard, jumbled The Gaelic-English Dictionary - Colin B.D. Mark

Foinsí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Foinse FGB nó Dineen seachas uimh. 21 is uimh. 70. Maidir le huimh. 69, seans go gciallaíonn sé 'd'ardchaighdeán', 'an-mhaith', 'an-deas'.
  • LISTSERV.HEANET.IE
  • Tá eolas breise le fáil i mBéaldoideas, 1988, lch 141-152 agus ar http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/corpus/macalla/
  • 10459.

Ní Dhomhnaill (Cáit): Dúblóga uamacha Gaeilge. In Béaloideas 56 (1988), pp. 141�152

A collection of alliterative and riming doublets in Irish. Includes (Ÿ8) an excursus on the possible derivation of �onna feanna