Cluiche na Corónach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é Cluiche na Corónach (A Game of Thrones) an chéad imleabhar sa tsraith Fonn Oighir agus Tine, sraith fantaisíochta leis an údar Meiriceánach George R. R. Martin. Foilsíodh é den chéad uair i mBéarla ar an gcéad lá de mhí Lúnasa, 1996. Bhuaigh an t-úrscéal Locus Award na bliana 1997 agus ainmníodh é don 1997 Nebula Award agus don 1997 World Fantasy Award. Bhuaigh an nóibhille Blood of the Dragon (lit. Fuil an Dragain), atá ina chnuasach de chaibidlí Danaeras Tairgéirian ón úrscéal, Hugo Award na bliana 1997 don Nóibhille is Fearr. Rinneadh leabhar sárdhíola de chuid an New York Times de i mí Eanáir 2011 agus shroich sé barr an liosta i mí an Mheithimh, 2011.

Insítear eachtraí an scéil ó roinnt dearcthaí éagsúla, agus leanann na leabhair trí mhórphlota; aighneas idir uaisle Iartharais, eachtraí an Mhúir, agus feachtas na dTairgéirianach deoraíoch. Bhí an t-úrscéal ina fhoinse inspioráide do roinnt saothair dhíorthacha, cluichí san áireamh. Is é an bunús leis an gcéad séasúr de Game of Thrones, sraith teilifíse de chuid HBO ar cuireadh tús léi i mí Aibreáin 2011.

Foilsíodh leagan Gaeilge faoin teideal Cluiche na Corónach i mí Dheireadh Fómhair 2016. Leabhar Breac an chomhlacht fhoilsithe ba bhun leis, agus Oisín Ó Muirthile a chuir Gaeilge ar an saothar. Tagraítear don teideal ag roinnt pointí sa leabhar agus sna leabhair a leanann é.

Plota[athraigh | athraigh vicithéacs]

Leanann Cluiche na Corónach trí phríomhshnáithe scéil ag an aon am amháin.

Sna Seacht Ríocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ag tosach an scéil, daorann an Tiarna Eideard “Neid” Stairc tréigtheoir ó Fhaire na hOíche chun báis. Is mílíste í an Fhaire a chosnaíonn an Múr ollmhór a tógadh d’oighear, de charraig agus de dhraíocht chun na Seacht Ríocht a chosaint. Ar an mbealach abhaile go Geimhsceird, aimsíonn an meitheal sé chriún óga a uchtaíonn a chlann níos déanaí, agus an criún ar shuaitheantas na Stairceach. Tá trí choileán fireann agus dhá choileán baineann ann, chomh maith le híochtairín bán, a thagann le chéile leis an triúr dlisteanach de mhic, an bheirt dhlisteanach iníonacha agus an tuilí amháin atá ar an tiarna. Tagann tásc oide Neid, an Tiarna Eoin Ó hAirín, an oíche chéanna arbh é príomhchomhairleoir chara óige Neid, an Rí Roibeard Ó Barratháin, é. Le linn a chuairte féin ar chaisleán Neid, Geimhsceird, ceapann Roibeard Neid mar Lámh an Rí in ionad an Airínigh. Tá drogall ar Neid glacadh leis an gceapachán, ach aontaíonn sé leis nuair a fhaigheann amach go gcreideann baintreach an Airínigh, Líosa, gur nimhigh an Bhanríon Soirse Lanastair agus a muintir a fear céile. Go gairid ina dhiaidh sin, feiceann mac amháin de chuid Neid, Bran, an ríon Soirse ag bualadh leathair lena leathchúpla Séimí Lanastair, agus caitheann seisean Bran amach as fuinneog túir chun a gcumann a choimeád faoi rún. Imíonn Neid agus a iníonacha Sansa agus Airia ag triall ar phríomhchathair an fhlaithis, Port an Rí, fad is a fhanann a bhean chéile Caitlín le Bran atá i dtámh suan, agus lena mic eile, Raib is Riocán, i nGeimhsceird.

Le linn an aistir aduaidh, tarlaíonn bruíon idir Airia agus mac Roibeard, an Prionsa Séafra, a bhfuil cleamhnas aige le Sansa, agus deanann sí an teannas idir na Staircigh agus na Lanastraigh agus idir Airia is Sansa a mhéadú. Ionsaíonn criún Airia, Niamhra, Séafra chun í a chosaint, agus cuireann Airia ruaig ar Niamhra lena slánú ó chuthach na Lanastrach, sa chaoi is go maraítear criún Shansa, Ríon, in ionad Niamhra. I nGeimhsceird, déanann feallmharfóir iarracht Bran a mharú, agus imíonn Caitlín go Port an Rí chun scéala de seo a thabhairt do Neid. Dúisíonn Bran go gairid ina dhiaidh sin, gan mhothú ná feidhm ina chosa a thuilleadh, agus níl aon chuimhne aige ar chúis a thitime. I bPort an Rí, buaileann Neid le comhairleoirí an Rí, lena n-airítear an cisteoir ríoga Peadar Ó Baelais, dar leasainm Lúidín, agus Vaireas, maidir na gcogarnach. Titeann cumhacht ríoga iarbhír ar Neid gan mhoill, toisc go gcaitheann Roibeard a chuid ama ar an drabhlás. Ar shroichint Phort an Rí do Chaitlín, tugtar í chuig an mBaelasach, a deir gurbh é Tirian Lanastair, deartháir abhcach Shoirse agus Shéimí, úinéir na miodóige a úsáideadh i gcoinne Bhrain, agus aontaíonn sé cúnamh a thabhairt do Neid tréas féideartha na Lanastrach a imscrúdú. Agus í ag filleadh aneas ar Gheimhsceird, buaileann Caitlín le Tirian de thaisme ar Bhóthar an Rí, gabhann sí ar láimh é, agus tugann é a fhad le dún a deirféar Laoise Bean Uí Airín sa Ghleann, mar a n-éilíonn Tirian breith chomhraic agus gnóthaíonn sé a shaoirse arís nuair a bhuann a churadh, amhas darb ainm Brún, an comhrac. Mar dhíoltas ar ghabháil Thirian, cuireann athair an abhaic, an Tiarna Taidhbhín Lanastair, saighdiúirí chuig tír dhúchais Chaitlín, Dúiche na nAibhneacha.

Faigheann Neid amach ar deireadh gurb iad oidhrí dleathacha Roibeard, Séafra san áireamh, clann Shoirse le Séimí agus gur maraíodh Eoin Ó hAirín chun fionnachtain a gcoil a cheilt. Tugann Neid an deis do Shoirse teitheadh sula n-insíonn sé an fhírinne do Roibeard, ach úsáideann sí an deis seo bás Roibeard a eagrú i dtimpiste sealgaireachta. Bailíonn Neid, ar ndearnadh leasrí de in uacht bháis Roibeard, cúnamh Lúidín chun dílseacht agus cabhair gharda na cathrach a chinntiú d’fhonn dúshlán a thabhairt faoi éileamh Shéafra ar an ríchathaoir; ach feallann Lúidín air, cuirtear Neid i gcarcair, maraítear a fhir go léir agus gabhtar Sansa mar chime de chuid na Lanastrach. Éalaíonn Airia ón rídhún, agus corónaítear Séafra mar rí ar na Seacht Ríocht. Toilíonn Neid admháil éithigh d’ardtréas a thabhairt os comhair na cathrach agus dul le Faire na hOíche mar mhalairt ar shláinte Shansa, ach baineann Séafra a cheann de ar aon chaoi.

Cruinníonn Raib Stairc airm agus máirseálann aduaidh mar fhreagra ar ghabháil a athar; agus ar chloisint bhás Neid dó, déanann sé iarracht a thuilleadh tacaíochta a fháil ó athair a mháthar, an Tiarna Oistir Ó Taithligh. Chun dúichí na dTaithleach a bhaint amach, aontaíonn sé do chleamhnas le muintir Fhraoich, atá i gceannas ar na tailte sa bhealach air. Beireann Raib an bua ar Shéimí Lanastair, a ghabhtar ina bhraighdeanach, agus cinneann a athair Taidhbhín cúlú aduaidh thar theorainn theas dhúichí na dTaithleach, agus cuireann Tirian chuig Port an Rí chun smacht a chur ar Shéafra. Nuair a roghnaíonn Raib gan tacú le deartháireacha Roibeard, Ránaillín agus Stáineas, a ndearnadar araon an ríchathaoir a éileamh, gaireann na tiarnaí deisceartacha agus tuaisceartacha “Rí an Tuaiscirt” de, arbh é teideal ársa na Stairceach é, tráth.

Ar an Múr[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cuireann brollach an urscéil an Múr in aithne dúinn: balla ársa cloiche, oighir is draíochta, na céadta de throithe ar airde agus na céadta míle ar leithead, atá ina sciath ag na Seacht Ríocht in éadan an fhiántais ó thuaidh. Tá Faire na hOíche i bhfeighil ar an Múr: ord gaiscíoch a gheallann a saol ar fad a chaitheamh ann, gan pósadh, teideal, maoin ná clann a bheith orthu choíche. Lastuaidh den Mhúr, buaileann meitheal beag de ránaithe ó Fhaire na hOíche leis an Aos Alltair, cine ársa naimhdeach fhordhaonna. Maraítear na ránaithe go léir cé is moite de mharthanóir amháin a gcuireann Eideard Stairc chun báis é mar gheall ar a thréigean.

Spreagann Beineán Stairc tuilí a dhearthár Neid, Seán an tSneachta, dul le Faire na hOíche. Tagann díomá ar Sheán nuair a fhaigheann sé amach gurb í príomhfheidhm na Faire ná beith ina háitreamh pionóis do choirpigh, chun cúl a choinneáil ar na “fianlaigh”, lucht treibhe a mhaireann in ainriail lastuaidh den Mhúr. Ar an Múr, aontaíonn Seán na hearcaigh i gcoinne a dteagascóra dhian agus cosnaíonn sé earcach amháin, Saiméil Mac Toirealaigh, ar cladhaire é ach atá lách agus cliste. Bhí Seán ag súil go dtuillfeadh a chumas troda post an ránaí, duine de throdaithe Fhaire na hOíche, ach ina ionad ceaptar é mar stíobhard faoi cheannasaí na Faire, an Tiarna Ceannasaí Díorán Ó Mórmhuine, a d’fheadfadh oidhre an Mhórmhuinigh a dhéanamh de Sheán dá bharr. Ní fhilleann Beineán aduaidh, a threoraigh meitheal beag ránaithe lastall den Mhúr, agus sé mhí níos déanaí, aimsítear corpáin bheirt de na ránaithe óna bhaicle lastuaidh den Mhúr agus tugtar siar go príomhfhort na Faire, Caisleán an Duibh, iad. Mar sin féin, tagann athbheos iontu trí dhraíocht éigin agus déantar taisí díobh. Maraíd seisear sa chaisleán agus is beag nach n-éiríonn leo an Mórmhuineach féin a mharú ach cuireann Seán stop leo.

Nuair a shroicheann nuacht de bhású a athar a fhad le Seán, déanann sé iarracht dul le Raib i gcoinne na Lanastrach ach éiríonn lena pháirtithe cosc a chur air agus áitíonn an Mórmhuineach air a dhílse don Fhaire a dhaingniú. Ansin deir an Tiarna Ceannasaí leis go bhfuil sé i gceist aige teacht ar a uncail Beineán – beo nó marbh – agus chun imeacht mórán fianlach a fhiosrú chomh maith le fírinne na ráflaí maidir leis an “Rí-lastall-den-Mhúr”: tréigtheoir ó Fhaire na hOíche darb ainm Mánas mac an Chreachaire.

San Oirthear[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa Pheantóis, státchathair ar an ilchríoch soir ó Iartharas darb ainm Oirthearas, pósann Viosaeras Tairgéirian, mac an rí ar chuir Roibeard Ó Barratháin é as cumhacht, a dheirfiúr Danaeras ar an Khal Drogo, taoiseach cogaidh de chuid na nDothráiceach fáin, mar mhalairt ar fheidhm airm Drogo ina iarrachtaí ríchathaoir Iartharais a athghabháil dó féin. Tugann Illyrio, ceannaí saibhir a bhí ag tabhairt tacaíochta do na Tairgéirianaigh bhochta agus a shocraigh an cleamhnas, trí ubh chlochraithe dragain do Dhanaeras mar bhronntanas bainise. Téann Ióra Ó Mórmhuine, ridire ionnarbthach ó Iartharas, le Viosaeras mar chomhairleoir. Cé go raibh uamhan uirthi faoina fear nua agus faoina mhuintir, éiríonn le Danaeras a ról cuí a ghlacadh mar khaleesi, nó ríon, Drogo. Nuair nach léiríonn Drogo aon suim i gconcas Iartharais, déanann Viosaeras iarracht a dheirfiúr a bhrú chun Drogo a chomhéigniú lena dhéanamh, ach diúltaíonn sí dó. Nuair a bhagraíonn Viosaeras Danaeras go poiblí, cuireann Drogo chun báis é trí ór leáite a dhoirteadh ar a cheann. Ina dhiaidh sin, déanann feallmharfóir atá ag iarraidh fabhar Roibeard Rí a ghnóthú iarracht Danaeras agus a leanbh gan bhreith a nimhiú, agus ansin toilíonn Drogo cúnamh a thabhairt di Iartharas a chloí. Agus é ag creachadh bailte chun an t-ionradh a mhaoiniú, gortaítear Drogo, agus ordaíonn Danaeras do chneasaí gafa é a leigheas. Nuair atá sé ó tharrtháil, íobraíonn an cneasaí, ar chuir creachadóireacht na nDothráiceach fraoch uirthi, leanbh neamhbheirthe Danaeras chun an ortha a tharrthálfadh beatha Drogo a luchtú, a leigheasann Drogo ach a fhágann é i riocht seasta gan chiall gan chéadfaí. Tréigeann tromlach an airm Dhothráicigh Drogo agus leanann ceannaire nua. Plúchann Danaeras Drogo le hadhairt agus daorann an cneasaí chun báis trína cheangal le breocharn sochraide Drogo. Cuireann sí a trí huibhe dragain ar an mbreocharn, agus siúlann isteach sa dóiteán, ansin tagann amach gan díobháil a bheith déanta di agus trí dhragan nuaghortha ag diúl a cíoch. Tugann na Dothráicigh go léir a d’fhan léi agus Ióra Ó Mórmhuine móid dílseachta di le barr iontais. Den chéad uair le fada an lá, tá an oíche beo le ceol na ndragan.

Pearsana dearcaidh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Insítear gach caibidil ó dhearcadh carachtair amháin sa tríú pearsa; insítear scéal an chéad leabhair ó dhearcadh ochtar príomhcharachtar. Is ó dhearcadh mioncharachtair amháin a insítear an brollach. Insíonn teidil na gcaibidlí ainm na pearsan dearcaidh.

  • Brollach: Liam, fear i bhFaire na hOíche.
  • An Tiarna Eideard “Neid” Stairc, Bardach an Tuaiscirt agus Tiarna Gheimhsceirde, Lámh an Rí.
  • An Bhantiarna Caitlín Ní Thaithligh, Bean Eideard Stairc.
  • Sansa Stairc, an iníon is sine de chuid Eideard agus Caitlín Stairc.
  • Airia Stairc, an iníon is óige de chuid Eideard agus Caitlín Stairc.
  • Branán “Bran” Stairc, an dara mac is óige de chuid Eideard agus Caitlín Stairc.
  • Seán an tSneachta, mac mídhlisteanach Eideard Stairc.
  • Tirian Lanastair, abhac, deartháir an chúpla Soirse Ríon agus Sior Séimí, mac an Tiarna Taidhbhín Lanastair.
  • An Banphrionsa Danaeras Tairgéirian, Danaeras an Anfa, banfhlaith Chloch na nDragan agus banoidhre ríchathaoir na dTairgéirianach i ndiaidh a dearthár mhóir Viosaeras Tairgéirian.

Sna leabhair ina dhiaidh seo, cuirtear roinnt dearcthaí carachtair leis agus baintear cinn eile.

Duaiseanna agus ainmniúcháin[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Locus Award – An tÚrscéal is Fearr (Fantaisíocht) (Bhuaigh) – (1997)
  • World Fantasy Award – Úrscéal Is Fearr (Ainmníodh É) – (1997)
  • Hugo Award – An Nóibhille is Fearr le haghaidh Blood of the Dragon (a Bhuaigh) – (1997)
  • Nebula Award – An tÚrscéal is Fearr (Ainmníodh é) – (1997)
  • Ignotus Award – An tÚrscéal is Fearr (Coigríche) (a Bhuaigh) – (2003)

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]