Diarmuid Johnson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDiarmuid Johnson
Beathaisnéis
Breith1965
58/59 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Bhreatnais agus an Ghaeilge

File, ealaíontóir, ceoltóir agus acadóir ó Éirinn is ea Diarmuid Johnson (1965 - ) agus saothair scríofa aige i nGaeilge, i mBreatnais agus i mBéarla. Tá an Dún Laoghaire International Poetry Festival Prize (2000) ar na duaiseanna a ghnóthaigh sé.

Rugadh Diarmuid Johnson in Caerdydd sa Bhreatain Bheag. Fuair sé oideachas i nGaillimh idir 1970 agus 1989, agus tá céim BA, MA agus PhD sa Léann Ceilteach aige. Tá obair déanta aige mar iriseoir agus mar eagarthóir i gConamara, agus idir 1989 agus 1996 bhí sé ina léachtóir sna Léann Ceilteach sa Bhreatain Bheag, sa Bhriotáin, sa Ghearmáin agus sa Pholainn. Ba é eagarthóir Cuisle, míosachán Gaeilge, é idir 1999 agus 2000, agus tá sé ina eagarthóir ar Transcript, iris liteartha ar líne. Tá sé le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta mar thuairisceoir agus múineann sé Gaeilge in Éirinn i rith an tsamhraidh. Tá sé pósta agus clann aige.[1][2]

Litríocht, ceol agus ealaín[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá a lán leabhar foilsithe ag Johnson. Orthu sin tá na cnuasaigh dánta An tÉan agus Dánta Eile / Der Vogel und andere Gedichte, Another Language, The Woods are Growing Younger / Pădurile întineresc, agus Súil Saoir, in éineacht le saothair phróis i dtrí theanga. I 2014 bhí sé ina fhile teallaigh i dteach mór Rhos-y-Gilwen in iardheisceart na Breataine Bige.[3]

Seinneann sé ar an bhfliúit agus tá cuid mhaith den Eoraip siúlta aige mar cheoltóir traidisiúnta. Tá roinnt mhaith ceoil taifeadta aige.[4]

I 2015 cuireadh an chéad taispeántas aonair d’ealaín ghrafach aige, Feuer und Schatten (Tine agus Scáth), ar bun in Bonn sa Ghearmáin.[5]

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Filíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An tÉan agus Dánta Eile / Der Vogel und andere Gedichte, Curach Bhán Verlag, Berlin 2013
  • The Woods are Growing Younger / Pădurile întineresc, Eikon, Cluj, an Rómáin 2013 (E. Ivancu a d’aistrigh go Romáinis)
  • Súil Saoir, Cló Iar-Chonnachta 2004
  • Another Language, Motivex, Poland 2009 (Gaeilge, Béarla, Breatnais)

Prós[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 2021 Seacht dTír Seacht dTeanga (Leabhar Breac)
  • 2017 Conaire - athinseacht ar an scéal Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga (Leabhar Breac)
  • 2016 Pen and Plough - 20th Century Poets and Bards of Ceredigion (Carreg Gwalch)
  • 2013 Tro ar Fyd (gyda Amanda Reid) (Y Lolfa)
  • 2011 Y Gwyddel - O Geredigion i Galway (Gomer)

Aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Dafydd ap Gwilym, petite anthologie d'un grand poète (WODAN, Amiens 1994), le Jean-CLaude Lozac'hmeur
  • Coinnigh do Mhisneach (aistriúchán de Yfory Ddaw, úrscéal le Shoned Wyn Jones) (Cló Iar-Chonnachta, 2004)

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Suíomh Dhiarmada Johnson (SDJ), rochtain 11 Márta 2017
  2. Transcript, rochtain 11 Márta 2017
  3. SDJ ibid.
  4. SDJ ibid.
  5. SDJ ibid.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]