Máire Dinny Wren

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMáire Dinny Wren
Beathaisnéis
BreithGaoth Dobhair Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Is file Éireannach í Máire Dinny Wren.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le cois abhainn an Chláidí, faoi scáth na hEaragla i gContae Dhún na nGall atá cónaí ar Mháire Dinny Wren, áit a mbíonn sí ag scríobh filíochta agus gearrscéalta. Phill sí chun an bhaile go Gaoth Dobhair in 1999 i ndiaidh di tréimhse de 21 bliain a chaitheamh i Londain.

In 2011, d’fhoilsigh Coiscéim a céad bhailiúchán filíochta, Ó Bhile go Bile, agus tá go leor duaiseanna liteartha bronnta uirthi as a chuid saothar ó shin; ina measc, Comórtas Filíochta Uí Néill in 2011 agus Focail Aniar Aduaidh in 2017. Bhí a dara cnuasach filíochta, Tine Ghealáin, a d’fhoilsigh Éabhlóid in 2019, ainmnithe do Ghradam Uí Shuilleabháin ag Oireachtas na Gaeilge.

D’fhoilsigh Éabhlóid a céad chnuasach gearrscéalta, Go mbeinnse choíche saor, in 2016 agus tá saothair léi foilsithe in irisí ar nós Comhar, Duillí Éireann, Feasta, an tUltach, Poblachd nam Bàrd, agus Poetry Ireland Review. Tá ceithre scéal dá cuid sa chnuasach gearrscéalta Go dtí an lá bán a d’fhoilsigh Éabhlóid in 2012. Bronnadh duais Fhoras na Gaeilge ar Mháire in 2010 ag Féile Scríbhneoirí Lios Tuathail don ghearrscéal ‘Ag Téarnamh chun Baile’.

Bhí scannán filíochta bunaigh ar dhán dá cuid ar an ghearrliosta ag Féile filíochta Winter Warmer Ó Bhéal 2020.

In 2013 rinne Drama on One léiriúchán den scéal Thar an Tairseach agus craoladh é ar RTÉ Raidió 1 ar Lá Fhéile Pádraig na bliana sin. Bhí an léiriúchán sin ar an ghearrliosta don Dráma Raidió is Fearr ag an Prix Europa i mBeirlín in 2013.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Filíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gearrscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • [1] Máire Dinny Wren ar Portraidi.ie

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]