Taoiseach
Sealbhóir | Simon Harris ó 9 Aibreán 2024 | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cónaithe | Steward's Lodge (en) | ||||
Ceaptha ag | Uachtarán na hÉireann | ||||
Dlínse | Éire | ||||
Institiúid | Roinn an Taoisigh | ||||
Stáit | Éire | ||||
Sainordú | 5 bliain | ||||
Cruthú | 29 Nollaig 1937 | ||||
Ionadaí | Tánaiste | ||||
Liosta | list of Taoisigh (en) | ||||
Suíomh | gov.ie… |
In Éirinn inniu, is é an Taoiseach (Taoisigh an uimhir iolra) ceannaire rialtais nó príomh-aire Phoblacht na hÉireann. Sa stair, thugtaí taoiseach ar cheannaire treibhe (mar shampla Geronimo nó Vercingetorix), nó go ginearálta, ar an té a bhí i gceannas.
Seanteideal Gaelach é taoiseach, a chiallaíonn "tiarna" nó "ceannaire". I Stair na hÉireann bhíodh an taoiseach ina ionadaí dá ríocht nuair a bhíodh gnóthaí aige leis na treibheacha eile, chomh maith le bheith i gceannas ar a mhuintir i bpáirc an áir.
An Taoiseach mar cheannaire rialtais in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é an tUachtarán atá freagrach as Taoiseach a cheapadh ar mholadh Dáil Éireann. Caithfidh an Taoiseach, an Tánaiste agus an tAire Airgeadais bheith ina mbaill de Dháil Éireann. Sa Dáil, freagraíonn an Taoiseach ceisteanna maidir leis an pholaitíocht, le polasaithe nó le hábhair áirithe a bhaineann lena Roinn féin.
Is é Leo Varadkar, TD, ceannaire pháirtí Fhine Gael, Taoiseach na hÉireann faoi láthair.
Taoisigh na hÉireann idir 1919 agus an lá inniu
[cuir in eagar | athraigh foinse]Uimh | An Taoiseach | Ó | Go dtí | Páirtí |
---|---|---|---|---|
1 | Cathal Brugha | 21 Eanáir 1919 | 1 Aibreán 1919 | Sinn Féin |
2 | Éamon de Valera | 1 Aibreán 1919 | 9 Eanáir 1922 | Sinn Féin |
3 | Art Ó Gríofa | 10 Eanáir 1922 | 12 Lúnasa 1922 | Sinn Féin |
4 | Mícheál Ó Coileáin | 16 Eanáir 1922 | 22 Lúnasa 1922 | Sinn Féin |
5 | Liam Tomás Mac Cosgair | 22 Lúnasa 1922 | 9 Márta 1932 | Cumann na nGaedheal |
(2) | Éamon de Valera | 9 Márta 1932 | 18 Feabhra 1948 | Fianna Fáil |
6 | Seán A Mac Coisdealbha | 18 Feabhra 1948 | 13 Meitheamh 1951 | Fine Gael |
(2) | Éamon de Valera | 13 Meitheamh 1951 | 2 Meitheamh 1954 | Fianna Fáil |
(6) | Seán A Mac Coisdealbha | 2 Meitheamh 1954 | 20 Márta 1957 | Fine Gael |
(2) | Éamon de Valera | 20 Márta 1957 | 23 Meitheamh 1959 | Fianna Fáil |
7 | Seán F. Lemass | 23 Meitheamh 1959 | 10 Samhain 1966 | Fianna Fáil |
8 | Seán Ó Loingsigh | 10 Samhain 1966 | 14 Márta 1973 | Fianna Fáil |
9 | Liam Mac Cosgair | 14 Márta 1973 | 5 Iúil 1977 | Fine Gael |
(8) | Seán Ó Loingsigh | 5 Iúil 1977 | 11 Nollaig 1979 | Fianna Fáil |
10 | Cathal Ó hEochaidh | 11 Nollaig 1979 | 30 Meitheamh 1981 | Fianna Fáil |
11 | Gearóid Mac Gearailt | 30 Meitheamh 1981 | 9 Márta 1982 | Fine Gael |
(10) | Cathal Ó hEochaidh | 9 Márta 1982 | 14 Nollaig 1982 | Fianna Fáil |
(11) | Gearóid Mac Gearailt | 14 Nollaig 1982 | 10 Márta 1987 | Fine Gael |
(10) | Cathal Ó hEochaidh | 10 Márta 1987 | 11 Feabhra 1992 | Fianna Fáil |
12 | Ailbhe Mac Raghnaill | 11 Feabhra 1992 | 15 Nollaig 1994 | Fianna Fáil |
13 | Seán de Briotún | 15 Nollaig 1994 | 26 Meitheamh 1997 | Fine Gael |
14 | Parthalán Ó hEachthairn | 26 Meitheamh 1997 | 6 Bealtaine 2008 | Fianna Fáil |
15 | Brian Ó Comhain | 7 Bealtaine 2008 | 9 Márta 2011 | Fianna Fáil |
16 | Éanna Ó Coinnigh | 9 Márta 2011 | 14 Meitheamh 2017 | Fine Gael |
17 | Leo Varadkar | 14 Meitheamh 2017 | 27 Meitheamh 2020 | Fine Gael |
18 | Mícheál Ó Máirtín | 27 Meitheamh 2020 | Nollaig 2022 | Fianna Fáil |
19 | Leo Varadkar | Nollaig 2022 | anois | Fine Gael |
Tabhair faoi deara gurb i 1937 a cuireadh tús leis an teideal 'Taoiseach' don té a bhí i gceannas ar an rialtas. Ba é an Príomhaire a bhí mar cheann rialtais sa Chéad Dáil. I 1921, déanadh Uachtarán Phoblacht na hÉireann de Eamon de Valera. Bhí Mícheál Ó Coileáin ina Chathaoirleach ar Rialtas Sealadach na hÉireann. De réir Bhunreacht Shaorstát Éireann, an teideal a bhí ar cheann an rialtais ná Uachtarán na hArdchomhairle. Mar sin, níl sé go huile is go hiomlán ceart an teideal 'Taoiseach' a bhronnadh ar gach duine a bhí i gceannas na rialtas éagsúil in Éirinn roimh dhaingniú Bhunreacht na hÉireann i 1937.
Taoisigh eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Geronimo
- Vercingetorix (Taoiseach ar treibh Ghallach) agus Asterix (carachtar ficseanúil)
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Taoiseach.gov.ie Suíomh oifigiúil
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |