Tadhg mac Nuad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

San Fhiannaíocht i miotaseolaíocht na nGael, draoi agus seanathair Fhionn mac Cumhaill ar thaobh a mháthar ba ea Tadhg mac Nuadha. Ní léir é arbh é a athair Ardrí na hÉireann, Nuadha Neacht; an dia, Nuadha Airgeadlámh na dTuath Dé Danann; nó pearsa eile.

Bhí cónaí ar Thadhg ar Chnoc Alúine.

Bhí iníon le Tadhg darbh ainm Muirne, a raibh a lán fear sa tóir uirthi, Cumhall, ceannaire na bhfian ina measc. Dhiúltaigh de cách, ámh, óir go bhfaca i dtuar go gcaillfeadh sé a áit dúchais dá bpósfadh sí. D'fhuadaigh Cumhall Muirne, dá bharr rinne Tadhg achainí ar an Ardrí, Conn Céadchathach, a eisreachtaigh é agus a chuaigh ar a thóir. Maraíodh Cumhall i gCath Chnucha ag Goll mac Morna, a tháinig ina ionad mar cheannaire na bhFiann, ach bhí Muirne torrach chéanna féin. Diúltaigh Tadhg í agus d'ordaigh sé a mhuintir í a dhó, ach chuir Conn cosc ar seo agus chuir sé Muirne faoi chosaint comhghuaillí dá chuid.

Rugadh agus tugadh Fionn mac Mhuirne faoi cheilt, agus d'éirigh sé ina cheannaire na bhFiann in ionad Ghoill agus é fásta. D'éiligh sé éiric as Tadhg i gcoir bhás a athar, ag bagairt cogaidh nó comhrac aonair dá ndiúltófaí é. Thairg Tadhg dó a áit chónaithe ar chnoc Alúin, agus ghlac Fionn leis seo.

Bhí iníon eile ag Tadhg, Uirne, a ndearnadh cú di ag banríon Dhál Araí, agus thug sé cúpla cú ar an saol, Bran agus Sceólang.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]