Pat Kenny
(2011) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 29 Eanáir 1948 76 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Institiúid Teicneolaíochta Georgia |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Láithreoir |
Gairm | pearsa raidió, iriseoir, láithreoir teilifíse, láithreoir |
Fostóir | Newstalk Raidió Teilifís Éireann |
Is craoltóir Éireannach é Pat Kenny. Ba é Kenny láithreoir an chláir teilifíse The Late Late Show ó 1999 go 2009 ar Radio Telefís Éireann.
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cáilíodh Kenny mar innealtóir ceimiceach.
Thosaigh sé a shlí bheatha sna meáin ag obair mar bholscaire leanúnachais (an duine a bhíonn le cloisteáil ag tús agus deireadh cláir) ar raidió RTÉ i lár na seachtóidí. Sa bhliain 1975, rinne sé botún ollmhór dodhearmadta go luath ina shlí bheatha. Bhí RTÉ ag craoladh ceol sollúnta tar éis bhás an iar-uachtaráin agus ceannaire an Éirí Amach, Eamon de Valera, agus léigh Kenny amach teideal píosa ceoil thraidisiúnta darbh ainm 'The ol' divil is dead’.
I lár na n-ochtóidí, bhí Kenny ag obair sa teilifís le RTÉ mar dhuine de na láithreoirí ar an chlár cúrsaí reatha Today Tonight a chraoltaí trí huaire sa tseachtain.
Tugadh clár cainte dó nár mhair ach séasúr amháin, agus ansin bhí sé mar aoi-láithreoir ar an chlár cainte Saturday Live. Rinneadh cinneadh ina dhiaidh sin an jab a thabhairt do Kenny amháin, agus athraíodh ainm an chláir go Kenny Live. Leis an athrú sin, thosaigh iomaíocht ghéar idir an seó Kenny Live, a chraoltaí ar an Satharn, agus an Late Late Show, a chraoltaí ar an Aoine. Cé go ndúirt Gay Byrne, duine de na láithreoirí cláir cainte is mó taithí, agus Kenny go poiblí go raibh an-mheas acu ar a chéile, agus go raibh an dá chlár dírithe ar lucht éisteachta a bhí go hiomlán difriúil, bhí foirne an dá chlár i gcónaí i gcomórtas lena chéile.
Nuair a d'éirigh Byrne as a phost mar láithreoir an Late Late Show i 1999, tugadh an post do Kenny, cé gur chuir criticeoirí in iúl gur mheas siad nach mbeadh pearsantacht Kenny oiriúnach don Late Late.
Idir 2009–2013, bhí Frontline agus Primetime á gcúr il láthair aige.
Sa bhliain 2013, thosaigh Kenny ag obair le Newstalk agus níos déanaí, UTV Ireland, agus TV3.