Conchúr Crús Ó Briain
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 3 Samhain 1917 Baile Átha Cliath, Éire |
Bás | 18 Nollaig 2008 91 bliana d'aois Binn Éadair, Éire |
Seanadóir na hÉireann | |
27 Deireadh Fómhair 1977 – 13 Meitheamh 1979 Téarma parlaiminte: 14ú Seanad Éireann Toghcheantar: Ollscoil Átha Cliath | |
Teachta Dála | |
14 Márta 1973 – 25 Bealtaine 1977 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 20ú Dáil Toghcheantar: Baile Átha Cliath Thoir Thuaidh Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1973 | |
Aire Poist agus Telegrafa | |
14 Márta 1973 – 5 Iúil 1977 | |
Feisire de Pharlaimint na hEorpa | |
1 Eanáir 1973 – Márta 1973 | |
Teachta Dála | |
2 Iúil 1969 – 5 Feabhra 1973 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 19ú Dáil Toghcheantar: Baile Átha Cliath Thoir Thuaidh Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1969 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Scoil Pháirc Sandford |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Strasbourg An Bhruiséil |
Gairm | údar, iriseoir, taidhleoir, polaiteoir, scríbhneoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí an Lucht Oibre |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Teaghlach | |
Céile | Máire Mhac an tSaoi |
Máthair | Kathleen Cruise O'Brien |
|
Scríbhneoir, polaiteoir agus acadúlach Éireannach ab ea Conchúr Crús Ó Briain (seanlitriú Gaeilge: Conchubhar Crús Ó Briain, Béarla: Conor Cruise O'Brien), a dtugtar The Cruiser nó An Crúiseoir uaireanta (3 Samhain 1917 - 18 Nollaig 2008). Pearsa mhór chonspóideach i stair na tíre a bhí sa mBrianach.[1][2]
Óige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Saolaíodh i Ráth Maonais ar an tríú lá de Mhí na Samhna 1917 é agus bhásaigh sé ar an 18 Nollaig 2008. D'fhoghlaim sé a chuid léinn i gColáiste na Tríonóide, rud as an ngnáth san am, ós rud é gur Caitliceach a bhí ann féin, agus clú Protastúnach ar an áit. Phós sé, in oifig chlárúcháin, cailín Preispitéireach arbh ainm di Christine Foster sa bhliain 1939 agus bhí triúr clainne acu.
Sa bhliain 1962 phós sé Máire Mhac an tSaoi (file agus bean a raibh intleacht thar an gcoitiantacht aici), cúig bliana níos óige ná é féin (cleamhnas scannalach ag an am sin).[3] Nuair a d’imigh an bheirt go dtí an Congó in éineacht le chéile i 1962, bhí sé ina scannal chomh mór sin go raibh an scéal clúdaithe sa Daily Express i Sasana.[1]
Bhí beirt pháistí uchtaithe acu, de shliocht Afracach.
Gnóthaí Eachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh sé ag obair sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, agus bhain sé an chéad cháil idirnáisiúnta amach, nuair a bhí sé ina ionadaí do na Náisiúin Aontaithe in Katanga sa Chongó (an tír a dtugtaí an tSáír uirthi ní ba mhaille, agus arb í Poblacht Dhaonlathach an Chongó í inniu).
Sa bhliain 1961, d'fhéach cúige seo na tíre le neamhspleáchas a bhaint amach, agus bhí géarchéim mhór sa tír dá dheasca sin. Bhí a lán tíortha ag cur a ladair féin i gcúrsaí an Chongó, agus sa deireadh, b'éigean don Bhrianach éirí as a phost agus glanadh as an tír. Scríobh sé leabhar faoin taithí seo, To Katanga and Back, a bhfuil cáil an chlasaicigh uirthi i gcónaí.
Sna blianta 1962–1965, bhí sé ina Sheansailéir ar Ollscoil Ghána, agus ina dhiaidh sin, chaith sé ceithre bliana ina Ollamh le Daonnachtaí in Ollscoil Nua-Eabhrac (ollúnacht a bhí ann a bunaíodh in ómós d'Albert Schweitzer).
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1969, d'fhill sé ar Éirinn le bheith ina pholaiteoir agus ina ionadaí do Pháirtí an Lucht Oibre. D'éirigh go maith leis ar dtús, ach nuair a rinneadh Aire Poist agus Teileagraif de sa bhliain 1973, tharraing sé a lán seantithe anuas air. Ghlac sé col fíochmhar leis an bPoblachtánachas Éireannach, agus chuaigh sé i dtuilleadh cinsireachta leis an mbolscaireacht Phoblachtánach a ruaigeadh as an gcraolachán. Thriail sé freisin na hamhráin reibiliúnacha a chosc ar an raidió. De thoradh na n-iarrachtaí seo, theip air sa chéad toghchán eile, agus chaill sé a shuíochán mar Theachta Dála. Mar sin féin, rinneadh Seanadóir de go gairid ina dhiaidh sin.
Sna blianta 1979–1981, bhí an Brianach ina eagarthóir ar an nuachtán Sasanach úd The Observer. San am céanna, bhí sé ina Ollamh agus ina léachtóir taistil a thug cuairt ar a lán ollscoileanna, go háirithe sna Stáit Aontaithe. Chuaigh sé ag léachtóireacht san Afraic Theas féin, rud a tharraing seantithe áirithe anuas air, ó bhí córas na hapairtéide i bhfeidhm sa tír sin san am.
Bhí sé an-mhíshásta le polasaithe Chathal Uí Eochaidh, agus b'eisean a cheap an acrainim úd GUBU (Grotesque, Unbelievable, Bizarre, Unprecedented - "arrachtúil, dochreidte, áiféiseach, gan réamhshampla") mar ainm ar rialtas Uí Eochaidh sa bhliain 1982.
Go dtí an bhliain 1994, bhí an Brianach ina Leas-Seansailéir Cúnta ar Ollscoil Bhaile Átha Cliath (is é sin, Coláiste na Tríonóide).
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Maria Cross (mar Donat O'Donnell) (1954)
- To Katanga and Back (1962)
- Albert Camus (Penguin, 1970) ISBN 978-0-670-01902-1
- States of Ireland (1972) ISBN 978-0-09-113100-5
- The Siege: The Saga of Israel and Zionism (1986) ISBN 978-0-671-63310-3
- Passion & Cunning: Essays on Nationalism, Terrorism, and Revolution (1988)
- The Great Melody: A Thematic Biography of Edmund Burke (1992). ISBN 0-226-61651-7
- On the Eve of the Millennium (1994). ISBN 978-0-88784-559-8
- The Long Affair: Thomas Jefferson and the French Revolution, 1785-1800 (1996) ISBN 978-0-7126-6683-1
- Memoir: My Life and Themes (1999) ISBN 978-1-85371-947-9
In éineacht lena bhean Máire Mhac an tSaoi:
- A Concise History of Ireland (1972) ISBN 0-500-45011-0
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Síobhra Aiken (2016). "Déanaimis ceiliúradh ar Mháire Mhac an tSaoi ar Lá Idirnáisiúnta na mBan" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-10-18.
- ↑ "Cruise O'Brien, Máire (Máire Mhac an tSaoi) - The Same Age as the State - PB - A Biography - BRAND NEW" (en). TheBookshop.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-10-18. Dáta rochtana: 2021-10-18.
- ↑ Kathy Sheridan. "Máire Mhac an tSaoi interviewed in 2015: ‘I was very formidable’" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-10-18.
- Básanna in 2008
- Ailt le téacs sa Ghaeilge
- Ailt le téacs sa Bhéarla
- Daoine a rugadh i 1917
- Airí Rialtais na hÉireann
- Alumni Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
- Baill den 14ú Seanad
- Baill den 19ú Dáil
- Baill den 20ú Dáil
- Baill Pháirtí an Lucht Oibre (Éire)
- Críostaithe
- Daoine as Baile Átha Cliath
- Feisirí de Pharlaimint na hEorpa as Éirinn
- Fir
- Iriseoirí Éireannacha
- Polaiteoirí Aontachtacha
- Staraithe Éireannacha ón 20ú haois
- Staraithe Éireannacha ón 21ú haois
- Taidhleoirí Éireannacha