An Ostair
An Ostair | |||||
---|---|---|---|---|---|
Republik Österreich (de) Österreich (de) | |||||
|
|||||
Aintiún | Land der Berge, Land am Strome | ||||
Mana | «Arrive and revive» «Cyrraedd ac Adfer» | ||||
Ainmnithe in ómós | oirthear | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Vín | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 8,979,894 (2022) | ||||
• Dlús | 107.06 hab./km² | ||||
Déamainm | Ostarach | ||||
Teanga oifigiúil | an Ghearmáinis teanga chomharthaíochta na hOstaire | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | an Eoraip Láir an tAontas Eorpach an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch | ||||
Achar dromchla | 83,878.99 km² | ||||
• Uisce | 1.7 % | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Loch Konstanz, Neusiedl Lake (en) , An Réin, An Danóib, Inn, Salzach, Thaya agus Morava | ||||
Pointe is airde | Grossglockner (en) (3,798 m) | ||||
Pointe is ísle | Neusiedl Lake (en) (115 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | an Ostair-Ungáir | ||||
Cruthú | 12 Samhain 1918 | ||||
Saoire phoiblí | Lá Caille (1 Eanáir) Eipeafáine (6 Eanáir) Luan Cásca (Easter + 1 day (en) ) Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe (1 Bealtaine) Deascabháil (An Cháisc + 39 lá) Luan Cincíse (Easter + 50 days (en) ) Féilte Chorp Chríost (Easter + 60 days (en) ) Deastógáil Mhuire National Holiday (en) (26 Deireadh Fómhair) Féile Mhuire gan Smál (8 Nollaig) Lá Fhéile na Naomh Uile (1 Samhain) An Nollaig (25 Nollaig) Lá Fhéile Stiofán (26 Nollaig) | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht pharlaiminteach chónaidhmeach agus semi-presidential system (en) | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas Feidearálach na hOstaire | ||||
Comhlacht reachtach | Austrian Parliament (en) | ||||
• Uachtarán na hOstaire | Michael Hainisch (1920–1928) | ||||
• Seansailéir Cónaidhme na hOstaire | Karl Nehammer (2021–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Bhunreachtúil na hOstaire | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 480,368,403,893 $ (2021) | ||||
Buiséad | 123,488,300,000 € (2024) | ||||
Airgeadra | Euro | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .at | ||||
Glaochód | +43 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112, 122, 133, 144, 140, 120 agus 123 | ||||
Cód tíre | AT | ||||
Cód NUTS | AT |
Poblacht i lár na hEorpa í an Ostair (Gearmáinis: Österreich), ar mar a dtugtar go hoifigiúil Poblacht na hOstaire (Gearmáinis: Republik Österreich). Tá teorannacha aici leis an nGearmáin, leis an tSeic, leis an tSlóvaic, leis an Ungáir, leis an tSlóivéin, leis an Iodáil, le Lichtinstéin agus leis an Eilvéis. Is é Vín príomhchathair na tíre.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí daoine ina gcónaí i gceantar na Danóibe timpeall 80,000 bliain ó shin, ach níor tháinig aon fhorbairt ar stát ar bith sa cheantar go dtí gur ghabh na Rómhánaigh seilbh air timpeall aimsir Chríosta. Cúige ar theorainn impireacht Charlemagne a bhí san Ostair go luath sna meánaoiseanna, go dtí gur tháinig na Magyar, nó na hUngáirigh sa deichiú haois. Tháinig rítheaghlach Babenberg chun cinn agus bunaíodh stát lena phríomhchathair i Vín i 1116. Ba chuid d'impireacht naofa na Róimhe (impireacht Gearmánach i ndáiríre) í an Ostair as sin go ceann blianta fada.
D'athraigh na hOstaraigh a ndílseacht ar feadh tamaill go rithe na Bóithéime agus de réir a chéile tháinig rítheaghlach nua i dtreis, ceann de na teaghlaigh ba chumhachtaí a bhí riamh san Eoraip, na Hapsburg. Bhí siad ina rithe ar an Ostair agus ar an Bhóithéim agus tháinig tailte eile timpeall ar an Ostair, agus i bhfad i gcéin (ríocht na Spáinne agus a tailte thar lear san áireamh) ina seilbh. Bhí iomaíocht ghéar idir í féin agus Impireacht Ottomach na Tuirce agus rinne na Turcaigh léigear ar Vín in 1529 agus i 1683.
Bhí an Ostair ar cheann de mhórchumhachtaí na hEorpa go dtí gur cloíodh í sa Chéad Chogadh Domhanda, fiú tar éis do Napóilean an tír a ghabháil, agus a príomhchathair Vín (Wien) ar cheann de na cathracha ba thaibhsí sa domhan. D'éirigh leis na hOstaraigh an bua a fháil ar Napóilean i gcúpla cath, agus bhí lámh ag an gCunta Metternich, Seansailéir na hOstaire, i leagan amach teorainneacha na hEorpa in 1815. Bhí tréimhse fada síochána sa tír ansin go dtí gur dúnmharaíodh oidhre na ríochta, an tArd-diúc Franz Ferdinand i Sairéavó ar an 28 Meitheamh 1914, eachtra a chuir tús leis an Chéad Chogadh Domhanda. Chaill an Ostair a forlámhas ar fhormhór a himpireacht agus bunaíodh poblacht i 1918, ach níor mhair a neamhspleáchas i bhfad. Ghabh Adolf Hitler, Ostarach ó dhúchas, a tháinig i gceannas ar an Ghearmáin, seilbh ar an tír i 1936 agus ba mar chuid den Reich Gearmánach a ghlac sí páirt sa Chéad Chogadh Domhanda. Leagadh síos na teorannacha atá anois aici tar éis don Aontacht Shóivéadach í a ghabháil i 1945. Rinneadh ceithre chuid den tír, ach tugadh a neamhspleáchas di nuair a scríobhadh bunreacht nua a chinntigh neodracht na tíre agus bhí sí neamhspleách arís.
Le cabhair ó Phlean Marshall tháinig forbairt mhear eacnamaíoch ar an tír tar éis an Dara Chogaidh Dhomhanda. Is ball iomlán den Aontas Eorpach ó 1995 i leith í.
An tír sa lá inniu
[cuir in eagar | athraigh foinse]Téann a lán turasóirí chuig An Ostair, ach go háirithe chun dul ag sciáil sna hAlpa in iarthar na tíre. Is cathracha iad Salzburg agus Innsbruck a bhfanann a lán sciálaithe iontu, iad cathracha deasa freisin. Is cathair mhór thurasóireachta é Vín chomh maith.
Tá clú agus cáil ar An Ostair le haghaidh a gcuid cácaí, is iad Sachertorte agus Apfelstrudel na cácaí is cáiliúla a bhfuil acu.
Stáit
[cuir in eagar | athraigh foinse]Stáit | Príomhchathair | Achar (cc) | Daonra |
---|---|---|---|
Burgenland | Eisenstadt | 3,962 | 291,942 |
Kärnten | Klagenfurt | 9,538 | 561,077 |
An Ostair Íochtarach | Sankt Pölten | 19,186 | 1,665,753 |
An Ostair Uachtarach | Linz | 11,980 | 1,465,045 |
Salzburg | Salzburg | 7,156 | 549,263 |
Steiermark | Graz | 16,401 | 1,237,298 |
An Tioróil | Innsbruck | 12,640 | 746,153 |
Vín | - | 415 | 1,867,582 |
Vorarlberg | Bregenz | 2,601 | 388,711 |
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is tír sléibhtiúil den chuid is mó é An Ostair mar gheall ar a suíomh sna hAlpa. As achar iomlán na hOstaire níl ach timpeall ceathrú ábalta a bheith measta mar íseal, agus níl ach 32% na tíre thíos 500 méadar.
Tá na sé sléibhte is airde na hOstaire:
Ainm | Airde | Sliabhraon | |
---|---|---|---|
1 | Großglockner | 3,798m | Ard-Tauern |
2 | Wildspitze | 3,768m | Alpa na hÖtztaile |
3 | Weißkugel | 3,739m | Alpa na hÖtztaile |
4 | Glocknerwand | 3,721m | Ard-Tauern |
5 | Großvenediger | 3,662m | Ard-Tauern |
6 | Hinterer Brochkogel | 3,624m | Alpa na hÖtztaile |
Eacnamaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Úsáidtear an euro mar airgeadra san Ostair. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, is é geilleagar na hOstaire an 45ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 28ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 23ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an Ostair, é ar $49,247 don chónaitheach.
Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe, a thomhaiseann caighdeán an tsaoil i dtíortha éagsúla de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamh-eacnamaíochta, is í an Ostair an 17ú tír is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an 10ú tír is forbartha san Aontas Eorpach, as 28 ceann.[1] I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Ostair an 12ú tír is sona, as 156 thír.
I Mí na Márta 2019, bhí ráta dífhostaithe na tíre ag 4.8%, an 12ú leibhéal is ísle san Aontas Eorpach.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "| Human Development Reports". hdr.undp.org. Dáta rochtana: 2019-01-27.
- ↑ "Unemployment statistics - Statistics Explained". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2019-01-26.