Loch Konstanz

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLoch Konstanz
Radharc oíche
Íomhá
CineálLoch, area not part of a municipality of Switzerland (en) Aistrigh, loch holaimicteach, loch eotrófach, loch hipireotrófach agus loch méiseatrófach Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósKonstanz agus Bodman Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deAn Réin Cuir in eagar ar Wikidata
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúilLake Constance Basin (in Germany) (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Tír abhantraían Ghearmáin, an Eilvéis agus an Ostair Cuir in eagar ar Wikidata
Limistéar riaracháinThurgau, An Eilvéis, cantún St. Gallen, An Eilvéis, cantún Schaffhausen, An Eilvéis, Vorarlberg, An Ostair, Konstanz, An Ghearmáin (en) Aistrigh, Bodenseekreis, An Ghearmáin (en) Aistrigh agus Lindau, An Ghearmáin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 47°39′00″N 9°19′00″E / 47.65°N 9.3166666666667°E / 47.65; 9.3166666666667
Le cuid
Craobh-abhainn
EisilteachHigh Rhine (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Abhantrach draenálaAbhantrach na Réine Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige395.23 m Cuir in eagar ar Wikidata
Doimhneacht ingearachuasmhéid: 251.14 m
mód, meán, airmheán: 90 m Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí14 (leithead) × 63 (fad) km
Imlíne273 km Cuir in eagar ar Wikidata
Achar536 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Abhantrach11,500 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Bearta agus táscairí
Toirt48 km³ Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
ÚsáidIascaireacht, loingseoireacht lastais, caitheamh aimsire agus soláthar uisce Cuir in eagar ar Wikidata

Is loch mór é Loch Konstanz (Gearmáinis: Bodensee, Rómainis: Lai da Constanza, Iodáilis: Lago di Costanza, Fraincis: Lac de Constance, Béarla: Lake Constance, Laidin: Lacus Brigantinus) atá suite idir an Ostair, an Eilvéis agus an Ghearmáin. Le bheith beacht, tá dhá loch ann, an Loch Thuas nó Obersee agus an Loch Thíos nó Untersee atá i bhfad níos lú ná an Loch Thuas. Ritheann an abhainn úd Seerhein eatarthu.

Tagraíonn na hainmneacha Gaeilge, Béarla agus ainmneacha as na teangacha Rómánsacha do chathair Konstanz, agus í suite chois an locha. Maidir leis an ainm Laidine, is léir go raibh ainmneacha éagsúla ag na húdair Mheánaoiseacha ar an loch, ach is é an t-ainm is sine ná Lacus Brigantinus. San tseanársaíocht ba é Brigantinum (inniu: Bregenz) an chathair ba thábhachtaí cois an locha, agus é ainmnithe as an treibh Cheilteach a raibh cónaí uirthi timpeall na cathrach: na Brigantii, as Laidin.

Maidir leis an ainm Gearmáinise Bodensee, tagraíonn sé do cheann de na cathracha agus na háitribh timpeall an locha freisin: Bodman (inniu, Bodman-Ludwigshafen timpeall ar cheann thuaidh thiar an Locha Thuas).

Is é Loch Konstanz an tríú loch is mó i Lár na hEorpa de réir thoirt an uisce atá ann. Níl ach Loch na Ginéive san Eilvéis agus Loch Balaton san Ungáir níos toirtiúla.