Ted Cruz
Polaiteoir Meiriceánach agus seanadóir sóisearach ó Texas is ea Rafael Edward "Ted" Cruz, a rugadh in Calgary, Alberta, Ceanada, ar 22 Nollaig 1970. Is ball den Pháirtí Poblachtach é. Bhí sé ar lorg ainmiúchán na bPoblachtach d'uachtaránacht na Stát Aontaithe sa bhliain 2016 ach theip air.
Rugadh Ted Cruz do thuismitheoirí a raibh gnólacht ar siúl acu a bhain le dtionsclaíocht an pheitriliam in Calgary, ar na machairí in iarthar Cheanada. Ba as Cúba a athair, Rafael, agus ba as na Stáit Aontaithe a mháthair. Matamaiticeoirí agus cláraitheoirí ríomhaire a bhí ina thuismitheoirí a deir sé. D'imigh Rafael, an t-athair, ó Chúba go Texas sna 1950idí le staidéar a dhéanamh ag Ollscoil Texas. D'iarr sé tearmann Meiriceánach nuair a bhí ceithre bliana an chlár ollscoile curtha isteach aige. Tháinig a shinsir go Cúba ó na hOileáin Chanáracha. Meiriceánach ba ea a mháthair: as Éirinn na trí cheathrú cuid dá shinsearacht, as an Iodáil an ceathrú cuid eile.
D'fhreastail Ted Cruz ar Ollscoil Princeton (B.A., 1992) agus Scoil Dlí Ollscoil Harvard (1995).
| Is síol faoi dhuine Meiriceánach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- Síolta a bhaineann le daoine as na Stáit Aontaithe Mheiriceá
- Daoine a rugadh i 1970
- Daoine beo
- Alumni Ollscoil Harvard
- Baistigh
- Daoine de shliocht Easpáinneach agus Latino
- Daoine Meiriceánacha de bhunadh na hIodáile
- Dlíodóirí Mheiriceá
- Fir
- Gníomhaithe Mheiriceá
- Gníomhaithe polaitiúla
- Meiriceánaigh de bhunadh na hÉireann
- Pobalóirí
- Poblachtánaigh na Stát Aontaithe
- Polaiteoirí Meiriceánacha an 21ú haois
- Seanadóirí na Stát Aontaithe