Calgary
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
![]() ![]() | |||||
Ainmnithe in ómós | Calgarraidh ![]() | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Ceanada | ||||
Cúige Cheanada | Alberta ![]() | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 1,306,784 (2021) ![]() | ||||
• Dlús | 1,582.91 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 466,725 (2016) ![]() | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Calgary Metropolitan Region (en) ![]() ![]() | ||||
Achar dromchla | 825.56 km² ![]() | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Abhainn Bow, Abhainn Elbow agus Glenmore Reservoir (en) ![]() ![]() | ||||
Airde | 1,045 m ![]() | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1875: Áit lonnaithe 7 Samhain 1884: Baile | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Calgary City Council (en) ![]() ![]() | ||||
• Méara Calgary ![]() | Jyoti Gondek (2021–) ![]() | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | T1, T2 agus T3 ![]() | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 403, 587 agus 825 ![]() | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | calgary.ca ![]() | ||||
![]() |
Cathair i gcúige Alberta, Ceanada is ea Calgary. Tá Calgary suite i ndeisceart an chúige i measc cnoc íseal agus fásach féir, 89 ciliméadar no mar sin taobh thoir de raonta tosaigh na Sléibhte Creagacha. Sa bhliain 2006, bhí 1,096,833 duine ina gcónaí sa chathair féin agus é ar an tríú cathair is mó i gCeanada. Sa bhliain chéanna, bhí 1,214,839 duine i mórcheantar Chalgary, rud a fhágann gurb í Calgary an cúigiú mórcheantar uirbeach is mó sa tír.
Tá Calgary 294 ciliméadar ó dheas ó Edmonton, príomhchathair an chúige. “Bealach [Corridor] Calgary-Edmonton” a thugtar ar an tsraith bhailte beaga idir an dá chathair. Tá geilleagar Chalgary bunaithe ar an ola agus ar an ngás nádúrtha, ar an talmhaíocht agus ar an turasóireacht. Bíonn an Calgary Stampede, rodeo agus aonach mór, ann gach bliain i mí Iúil ón bhliain 1912 anuas. Tionóladh na Cluichí Oilimpeacha Geimhridh den chéad uair riamh i gCeanada, in Calgary, sa bhliain 1988.
Fort Brisebois a thugtaí ar an áit ar feadh tamall, ach sa bhliain 1876 d’ainmnigh an Coirnéal James MacLeod Fort Calgary é i ndiaidh Calgary (Gàidhlig: Calgarraidh) i Muile, in Albain.
Bíonn Calgary rangaithe go hard ar shuirbhéanna a bhaineann le cáilíocht na beatha. Mar shampla, sa bhliain 2007 chuir an iris Forbes Calgary sa chéad áit ar a liosta s'acusan de na cathracha is glaine ar Domhan.[1]
Aeráid[cuir in eagar | athraigh foinse]
Calgary International Airport – Aeráid | |||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Mí | Eanáir | Feabhra | Márta | Aibreán | Bealtaine | Meitheamh | Iúil | Lúnasa | Meán Fómhair | Deireadh Fómhair | Samhain | Nollaig | Bliain |
Teocht is airde (°C) | 16.5 | 22.6 | 22.8 | 29.4 | 32.4 | 35.0 | 36.1 | 35.6 | 33.3 | 29.4 | 22.8 | 19.5 | 36.1 |
Meán-uasteocht an lae (°C) | −2.8 | −0.1 | 4.0 | 11.3 | 16.4 | 20.2 | 22.9 | 22.5 | 17.6 | 12.1 | 2.8 | −1.3 | 10.5 |
Meán-bháisteach (mm) | 11.6 | 8.8 | 17.4 | 23.9 | 60.3 | 79.8 | 67.9 | 58.8 | 45.7 | 13.9 | 12.3 | 12.2 | 412.6 |
Foinse: Environment Canada[2] Lúnasa 2010 |
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Which Are The World's Cleanest Cities?" (Aibreán 2007).
- ↑ "Canadian Climate Normals 1971–2000". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 Meitheamh 2009. Dáta rochtana: 28 Lúnasa 2011.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |