Ron Wyden
Is é Ronald Lee Wyden (rugadh 3 Bealtaine 1949) an seanadóir sinsearach ó Oregon i Seanad Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is ball den Pháirtí Poblachtach é. Rugadh i Wichita, Kansas, é agus tá sé ina chónaí i bPortland, Oregon.
Sular toghadh é mar ionadaí sa Seanad i 1996, chaith sé cúig bliana déag i dTeach na nIonadaithe. D'fhreastail sé ar Ollscoil California, Santa Barbara, le scoláireacht cispheile agus bhain sé céim amach ó Ollscoil Stanford. Bronnadh céim Juris Doctor ó Ollscoil Oregon air agus mhúin sé an tseaneolaíocht in Oregon. Tá beirt chlainne aige, Adam (21) agus Lilly (16), lena iarbhean chéile Laurie. Tá siad colscartha ó 1998 i leith. Phós Wyden Nancy Bass sa bhliain 2005.
Toghadh go Seanad na Stát Aontaithe i 1996 é, tar éis do Bob Packwood éirí as oifig, agus atoghadh é i 1998 agus 2004.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi dhuine Meiriceánach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |