Marco Rubio
Polaiteoir Meiriceánach is ea Marco Antonio Rubio, a rugadh ar 28 Bealtaine 1971 in Miami, Florida. Ball den Pháirtí Poblachtach atá ann. Cheap Donald Trump Rubio mar Státrúnaí Mheiriceá[1] (an tAire Gnóthaí Eachtracha) in 2025.
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig tuismitheoirí Marco Rubio go Florida ó Chúba sa bhliain 1956.
Bhain Rubio céimeanna amach ó Ollscoil Florida agus ó Scoil Dlí Ollscoil Miami.
Sna 1990idí bhí sé ina choimisinéir cathrach ar son Miami Thiar agus toghadh é mar bhall de Theach na nIonadaithe Florida sa bhliain 2000. Ceann comhairle Theach na nIonadaithe i bhFlorida ba ea é (2007–2009).
Nuair a sheas sé do Sheanad na Stát Aontaithe i mí na Samhna, 2010, fuair sé 49% de na vótaí i gcoinne beirt eile, mar atá Charlie Christ (Poblachtánach ag rith mar iarrthóir neamhspleách) agus Kendrick Meek (Daonlathach).

Nuair a sheas Rubio do Uachtaránacht na Stát Aontaithe in 2016, b'é an t-iarrthóir is mó a thaitin leis na nuachoimeádaithe, agus ba iad a chuid comhairleoirí, leithéidí Bill Kristol agus Robert Kagan, ba chúis leis an gCogadh san Iaráic.[2] Fuair Trump an ceann is fearr air; thug sé an leasainm "little Marco" air.[3]
Ceapadh Rubio mar Státrúnaí Mheiriceá i Nollaig 2024 agus chuaigh sé i mbun oibre ar an 20 Eanáir 2025.
Conspóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Feabhra 2025, bhí amhras caite ag Rúnaí Stáit Mheiriceá Marco Rubio ar aisling gháifeach an Uachtaráin Donald Trump maidir le cinniúint Gaza. Taibhríodh do Trump na Palaistínigh a dhíbirt as Gaza go buan agus sórt parthais a dhéanamh den áit le haghaidh "an phobail idirnáisiúnta", mar a dúirt sé. Dar le Marco Rubio nach le teann naimhdis a rinne Trump an moladh ach a mhalairt.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ nó Rúnaí Stáit
- ↑ Maidhc Ó Cathail (15 Márta 2016). "Donald Trump nó Hillary Clinton? Rogha an dá dhíogha…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-18.
- ↑ "Marco Rubio: Who is the Florida politician who once said Donald Trump has small hands?" (en). Sky News. Dáta rochtana: 2025-02-18.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-02-06). "Amhras caite ar aisling Trump ag Rúnaí Stáit Mheiriceá" (as ga-IE).
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Senator Marco Rubio Curtha i gcartlann 2015-04-18 ar an Wayback Machine Suíomh Seanad oifigiúil