Mike Enzi
Ball de Sheanad na Stát Aontaithe sinsearach do Wyoming is ea Michael Bradley "Mike" Enzi (1 Feabhra 1944 a rugadh é). Is ball den Pháirtí Poblachtach é. Bhí Enzi ina fhear gnó agus ina pholaiteoir stáit sular toghadh é mar Sheanadóir i 1996. Toghadh arís é i 2002.
Rugadh Enzi in Bremerton, Washington. D'fhreastail sé ar scoileanna poiblí i Thermopolis agus Sheridan, Wyoming. Bhain sé amach dioplóma in Ard Scoil Sheridan i 1962. Is Gasóg Iolair é. Bhain sé amach céim cuntasaíochta in Ollscoil George Washington i 1968 agus MBA i margaíocht mhiondíola as Ollscoil Denver. B'é Méara Gillette, Wyoming ó 1975-1982. D’fhreastail sé ar Theach na nIonadaithe Wyoming ó 1987-1991 agus ar Sheanad Wyoming ó 1991-1996.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Suíomh idirlín oifigiúil Curtha i gcartlann 2020-09-16 ar an Wayback Machine
Seanadóirí reatha na Stát Aontaithe | ||||
---|---|---|---|---|
AL: Shelby (P), Jones (D) |
HI: Schatze (D), Hirono (D) |
MA: Warren (D), Markey (D) |
NM: Heinrich (D), Luján (D) |
SD: Thune (P), Rounds (P) |
Poblachtach (52) | Daonlathach (46) | Neamhspleách (2) |