Mícheál Ó hAnnracháin
Ainm sa teanga dhúchais | (ga) Micheál Ó hAnnracháin |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 16 Eanáir 1877 Ros Mhic Thriúin |
Bás | 4 Bealtaine 1916 39 bliana d'aois Príosún Chill Mhaighneann |
Siocair bháis | Tráma balaistíoch |
Áit adhlactha | Reilig Mhíleata Chnoc an Arbhair |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Phádraig Ceatharlach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | réabhlóidí |
Gairm mhíleata | |
Coinbhleacht | Éirí Amach na Cásca |
Náisiúnaí agus réabhlóidí Éireannach ab ea Mícheál Ó hAnnracháin (Béarla: Michael O'Hanrahan), 17 Márta, 1877 – 4 Bealtaine, 1916) a ghlac páirt ghníomhach in Éirí Amach na Cásca i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1916.[1]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]As Ros Mhic Thriúin i gContae Loch Garman dó, bhunaigh Ó hAnnracháin craobh de Chonradh na Gaeilge i gCeatharlach agus scríobh sé na húrscéalta A Swordsman of the Brigade agus When the Norman Came. Chuaigh sé díreach isteach in Óglaigh na hÉireann gan mhoill nuair a bunaíodh iad sa bhliain 1913.
Éirí Amach na Cásca
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Ó hAnnracháin ar an dara duine i gceannas ar 3ú Cathlán Bhaile Átha Cliath, faoi cheannas Thomáis Mhic Dhonnchadha. Bhí na réabhlóidithe bunaithe i monarcha bhriosca Jacob's, ach ní fhaca siad mórán aicsin i rith na seachtaine. Gabhadh Ó hAnnracháin, agus lámhachadh é i bPríosún Chill Mhaighneann ar an 4 Bealtaine in éineacht leis na gceannairí. Bhí a dheartháir Anraí páirteach san éirí amach chomh maith, agus daoradh pianseirbhís air.
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]- A Swordsman of the Brigade (1914).
- When the Norman Came (1918).
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an stáisiún traenach i Loch Garman agus an droichead thar abhainn na Bearú i Ros Mhic Thriúin ainmnithe in ómós dó.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó hANNRACHÁIN, Micheál (1877–1916) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |