An Leabhar Oghaim
Cineál | saothar liteartha |
---|---|
Teanga | an tSean-Ghaeilge |
Tréith | |
Príomhábhar | aibítir na gcrann |
Tráchtas Sean-Ghaeilge faoin aibítir Oghaim is ea An Leabhar Oghaim (Sean-Ghaeilge In Lebor Ogaim), aitheanta fosta mar an Dréacht Oghaim. Is príomhfhoinse é dosna Briatharoghaim.
Faightear sa Dréacht sraith céad ogham éagsúla nó rúnda. Cuirtear an Younger Futhark in iúl fiú mar "Ogham Lochlannach" (Uia. 91, 92). Is liostaí focal roinnt díobh bunaithe ar an aibítir, agus is amhlaidh gur córais áirimh roinnt eile díobh. Níl ann ámh sa chuid is mó díobh ach leaganacha éagsúla chun an aibítir oghaim a scríobh. Scrúdaigh Macalister (1937) agus ag McManus (§7.11, 1991) iad chun léirmheas a thabhairt.
Lámhscríbhinní
[cuir in eagar | athraigh foinse]Caomhnaítear an dréacht sa lámhscríbhinní a leanas:
- Leabhar Bhaile an Mhóta (ARÉ, MS 23 P 12), ll. 308–314 (AD 1390)
- Coláiste na Tríonóide, MS H.3.18, ff. 26.1–35.28 (AD 1511)
- Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, MS G53 1–22 (17ú haois)
- Blúiríní sa British Library, Add. 4783.
Ní fheictear an teideal sna lámhscríbhinní, ach luaitear é in Auraicept na n-Éces (f. 2813f) mar amal isber in leapar ogaim, agus dá bharr a ainm.
Teagasc agus feidhm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mar file Gaelach, b'éigean duit céad ogham is caoga a fhoghlaim mar chuid dod' theagasc, caoga in aghaidh na bliana le linn na chéad trí bliana ag staidéar (McManus § 7.13, 1991).
Mhol Macalister go gcuirtí na haibítrí oghaim seo i bhfeidhm mar chóid chumarsáide rúnda. De réir McManus ámh, ní léir iad buntáistí na n-aibítrí. Is dócha gur taisce fhoclóra leathain ab ea na liostaí, rangaithe go háisiúil, ach níl ann ach líon beag díobh, agus molann sé nach bhfeictear sna cinn eile ach dúspéis na hintinne meánaoisí le haibítrí diamhra.
Liostaí focal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuimsítear sa dréacht roinnt liosta focal, agus na túslitreacha in ord na haibítre le focal ina dteannta. Mhol Macalister gur glacadh iad chun caint i gcód, ach de réir McManus, ní raibh iontu ach liostaí aicmithe. Seo a leanas roinnt samplaí:
Enogam Éanogham |
Dathogam Dathogham |
Ogam tirda Ogham tíre |
Danogam Ogham dána |
Ogam Cuidechtach Ogham Cuideachta |
---|---|---|---|---|
|
|
Liostaí áirimh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ogam uiscech/Ogham Uisneach: is dócha gur scéim áirimh atá ann, agus d'fhéadfadh é mar sin go n-úsáidtí é chun maoin a thaifeadadh.
Conogam/Ogham Chú: Tá bonn áirimh ag baint leis an liosta seo.
Bo-ogam/Ogham Bó: Is dócha gur scéim áirimh atá i gceist anseo freisin, chun b'fhéidir seilbh bólachta a thaifeadadh.
Ogham | Aicme | |||
---|---|---|---|---|
Beith | hUath | Muin | Ailm | |
Uisceach | Sruth | Cora | Abha | Tobar |
Madra | Faire | Cú | Tréadaí | Measán |
Bó | Loilíoch[16] | Gamhnach[17] | Samhaisc[18] | Dairt[19] |
Aibítrí ilchineálacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faightear sa dréacht roinnt aibítrí le feidhmeanna éagsúla, mar a leanas:
Macogham: Seo modh chun inscne linbh sa bhroinn a thuar. Tugtar ainm na máthar agus "roinntear é, mura raibh leanbh aici roimhe sin. Má raibh leanbh aici roimhe sin ámh, tugtar ainm an linbh sin agus roinntear é. Agus má tá litir sa bhreis, is buachaill atá ann. Má tá ré-uimhir ann, tugfar iníon ar an saol." Is dócha go gciallaíonn é seo go ndéanann ainm le corrlitreacha fáistine ar buachaill, ré-uimhir ar cailín.
Cossogam/Foot-ogam: Déantar cur síos ar slí chun ogham a chomharthú le méara ar an gcois. "Méara na láimhe timpeall chnámh na lorga dosna litreacha agus iad a chur faoi dheis na lorga d'Aicme Bheithe. Faoi chlé d'Aicme Uatha. Fiarthrasna na lorga d'Aicme Mhuine. Trasna d'Aicme Ailme, viz, mear amháin don chara litir na haicme, dhá don dara litir, go mbeadh cuid mhéar san áireamh don aicme ab ea ann."
Sronogam/Srónogham: Is ionann seo agus cosogham, seachas go n-úsáidtear an tsrón in ionad na coise. "Méara na láimhe timpeall na sróine viz, similiter faoi dheis agus chlé, fiarthrasna, trasna."
Basogam/Bosogham: manus aliam percutit lignorum as Laidin, .i. buaileann bos adhmad ar shlite éagsúla'. Ní thugtar sonraí ar bith eile.
Cend a muine/Ceann I muin: Is é atá i gceist anseo ná litir a scríobh in ionad ainm na litreach úd at tús focail éigin más féidir, m.s., CLE a scríobh in ionad ceirtle.
Cend fo muine/Ceann faoi mhuin: Is a mhalairt den scéim thuas é seo, ina seasann litir in ionad ainm na litreach ag deireadh focail, m.s. MAELR do Maelruis
Leaganacha rúnda
[cuir in eagar | athraigh foinse]Seo a leanas roinnt samplaí suimiúla de leaganacha oghaim rúnda (uimhriú de réir Calder):
Ui. 1: Áradach Fionn/Dréimire Fhionn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá a heireaball ingreach féin ag gach litir sa leagan seo, rud a spreag an hipitéis gur cumadh Ogham ar dtús mar nodaireacht cheoil. De réir Sean O’Boyle,[20] d'fhéadfaí Dréimire[21] Fhionn a chur i bhfeidhm mar nodaireacht mhéara ar chláirseach. Measann Máire Egan (1983) ámh, de bharr easpa fianaise maidir le seinm na cláirsí traidisiúnta, ní féidir an smaoineamh a chruthú ar dhóigh amháin nó eile.
Ui. 11: Rúnogham na bhfiann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ui. 14: Ogham Bhricreann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa leagan seo, tá eang amháin don litir B, dhá rang don litir L, agus mar sin de go dtí ar deireadh fiche eang don litir I. Tugtar dán gearr ansin sa scéim sách mhaslach seo. Níorbh fhéidir le Macalister bun ná barr a fháil air, agus dúirt gur bhlúirín ársa de shaíocht na ndraoithe a bhí ann. Scrúdaigh Meroney an dán arís agus d'aimsigh sé rabhcán faoin bhfile agus é éagaoineadh a dhrochrogha dí!
Sean-Ghaeilge | Nua-Ghaeilge |
---|---|
Uisge slébi ním sása |
Usice sléibhe ním' shásamh |
Ainmníodh an aibítir seo as an scabhaire Bricre, file rí na nUladh, Conchúr mac Neasa, mór le rá dá theanga nimhneach agus dá chumas ag cothú achrainn.
Ui. 17: Ogam adlenfid/Ogham Litiraidhlinne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa leagan seo (aidhleann feánna nó raca litreacha), bíonn scíob in aghaidh na scorlíne amhail is an aicme chuí, le líon oiriúnach stríoc cothromach ag a dheireadh mar is gá don litir. An-chosúil le hui. 51 é seo, seachas go gcuirtear na stríce ag deireadh na scríbe.
Ui. 19: Crád Cride Ecis/Crá Croí Eagnaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuirtear cruth dronuilleogach in aghaidh na scorlíne amhail is an aicme, le líon oiriúnach stríoc ag teacht óna bharr mar is gá don litir. Is deacair a thuiscint céard é san aibítir seo a bhfuil ina chúis chrá croí níos mó ná cinn eile, ach feictear ar a laghad féith ghrinn i bhfeidhm.
Ui. 23: Foraicimib 7 Deachaib/Aicmí Breise agus Siollaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bacht, lact, fect, sect, nect; huath, drong, tect, caect, quiar; maei, gaeth, ngael, strmrect, rect; ai, ong, ur, eng, ing. Is liostaí sa bhreis iad seo de shiollaí ba chóir do scoláirí an oghaim a fhoghlaim mar chuid dá dteagasc gramadaí. Tá roinnt aibítrí den chineál seo sa dréacht.
Ui. 32: Ogam Dedanach/Ogham Déanach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scríobhtar litir deatach d'ainm na litreach, in ionad na litreach féin, .i. 'E' in ionad 'B', 'S' do 'L', 'N' do 'F', 'L' do 'S', 'N' do 'N', srl. Bhíodh a leithéid d'aibítir beartaithe chun cód rúnda a chruthú.
Ui. 33: Cend ar Nuaill/Ceann ar Eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]I ngach aicme, scríobhtar an chéad litir don litir deireanach, agus a mhalairt, m.s. 'N' in ionad 'B', agus 'B' do 'N', srl; agus an dara litir don dara ón deireadh, m.s. 'L' in ionad 'S' agus 'S' dp 'L' srl.[26] Is breacnuithe ar an bhfonn seo de mhalartú litreacha iad roinnt de na haibítrí.
Ui. 35: Ogam Buaidir Foranna/ Ogham Buairimh Feirge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tóg an chéad litir den chéad Aicme Bheithe (.i. Beith), agus scríobh é faoi aon go cúig do gach litir na haicme. Ag leanúint ar aghaidh, for Group H, tóg an dara litir den dara Aicme Uatha (.i. Dair), agus scríobh é faoi aon go cúig do gach litir na haicme, srl. Is amhlaidh go n-eascraíonn ainm suimiúil na haibítre as deacrachtaí an léitheora ag iarraidh ciall a bhaint as aon rud scríofa leis![27]
Ui. 40: Brec Mor/Breac Mór
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn scríob amháin in aghaidh na scorlíne mar is gá don aicme, agus ansin á mhéid eang lúide a haon amháin mar is gá don litir, m.s. tá ag an litir 'F' ᚃ scríob amháin ar an scórlíne i dteannta le dhá eang.
Ui. 51: Ogam Dedad/Ogham Deadhadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn scríob amháin in aghaidh na scorlíne mar is gá don aicme, agus a mhéid stríoc cothromach ag rith amach as a raibh dheis mar is gá don litir. An-chosúil le hui. 17 is ea é, seachas go scríobhtar na stríoca i lár na scríbe.
Ainm eile is ea Clanna Dedad[28] dosna na hÉrainn, an cine daonna as a n-ainmníodh an tír.
Ui. 63: Ogam Érimóin/Ogham Éireamhóin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn uillinneacha nó cruthanna in aghaidh na scorlíne mar is gá don aicme, ceann ar cheann mar is gá don litir. Ainmnítear an aibítir seo as Éireamhón mac Mhíle, céad rí na hÉireann, agus a mheastar gur shinsear na nGael ab ea é.
Ui. 64: Ogam Snáithi Snímach/ Ogham Snáithe Shníomhaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]In ionad stríoc, bíonn cruthanna 'X' ann, ceann ar cheann a haon go cúig mar is gá don litir, mar a chéile leis an bhforfid, Eamhancholl.
Ui. 66: Nathair fria Fraech/Nathair trí Fhraoch
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scríobhtar líne chorrach amhail is nathair.
Ui. 73: Ogam Airenach/Ogham Scéithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ui. 74: Rothogam Roigni Roscadhaig/Rothogham Ranna Roscaidh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá nasc arís anseo le rosc (reitric) agus filíocht. Tá cuma roth nó sciath adhmaid an ogham seo, leis an litir 'C' cabhartha air.
Ui. 75: Fége Find/Fuinneog Fhionn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá bua na nuachta ag an leagan seo, go gcóirítear na litreacha i ndea-sraith fáinní.
Tá an chiall 'maide mullaigh' ag an bhfocal fége[29], a d'úsáidtí chun teach a thacú. B'fhéidir go bhfuil teach ciorclach na hiarannaoise le spreagadh leis an aibítir seo.
Aimníodh an aibítir as an laoch seanscéalach, Fionn mac Cumhaill.
Ui. 76: Traig Sruth Ferchertne/Trá-Sruth Ferchertne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Eagraítear na litreacha i sraith chearnóg. File miotasach mór le rá ab ea Ferchertne, a léirigh feabhas cheird an fhile. Luaitear é mar údar an chuid in Auraicept na n-Éces maidir le filíocht. De réir Uí Ógáin, chomh iontach ab ea cumhachtaí fileata Ferchertne go dtriomaíonn na locha is na haibhneacha agus é ag cumadh aortha, agus go n-éiríonn siad agus é á moladh. B'fhéidir go míníonn seo an t-ainm (lag)'Trá-Sruth'.
Ui. 83: Tráig Sruth Ferchertne /Trá-Sruth Ferchertne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an t-ainm céanna ag an aibítir seo mar atá ag Ui. 76 thuas, agus tá dán ina teannta ag labhairt le Nere, príomhbhreitheamh na bhFilí Gaelacha. Seo a leanas aistriúchán Béarla le McManus as an Sean-Ghaeilge dhoiléir chasta:
- O splendid famous judging Nere,
- If you treat of pure Ogham,
- I can name straight off in rapid words
- Every unfamiliar variation of Ogham,
- Of which you inquire in fitting questions.
- For you are a multi-skilled luminary
- Of the thrice fifty varied Oghams
- Set at the time of primary study
Ui. 91: Ogham Lochlannach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Auraicept na n-Éces, le fáil ar CELT, G502003
- Calder, G, Auraicept na nÉces (1917), Dún Éadain
- Egan, M, 'Reflections on Ogam and the Irish harp', Éigse 19 (1983), ll. 217–229
- Macalister, R. A. S. The Secret Languages of Ireland, 'Chapter II 'Cryptology', Cambridge University Press (1937)
- McManus, Damian, Irish letter-names and their kennings, Ériu 39 (1988), ll. 127–168.
- McManus, Damian, A Guide to Ogam, Maigh Nuad, 1991
- Meroney, H, 'A Druidic liturgy in Ogam Bricrenn?', Modern Language Notes 62, (1947) ll. 187–9.
- O'Boyle, S Ogam; the poets' secret (1980)
- Ó hÓgáin, Daithí, Myth, Legend and Romance: An Encyclopedia of the Irish Folk Tradition, Prentice Hall Press, Nua Eabhrac, (1991)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 3 adaig, ainm shaghas éin, ar eDIL
- ↑ rocnat at eDIL
- ↑ odor liathdhonn ar eDIL
- ↑ cf. Leabhar na hUidhre
- ↑ 2 erc, breac, dubhdhearg, ar eDIL
- ↑ 1 fidba ar eDIL
- ↑ úartan ar eDIL
- ↑ tál1 ar teanglann.ie FGB
- ↑ cual, beart, ar teanglann.ie FB
- ↑ 1 macha, machad, bleánlann, ar eDIL
- ↑ usca ar eDIL
- ↑ eipit ar eDIL
- ↑ airchetal at eDIL
- ↑ sédguinecht ar eDIL
- ↑ 1 bachlaid (c), sagart, ar eDIL
- ↑ bó bhainne
- ↑ bó ag deireadh a tréimhse tháil/lachta, ag tabhairt ach beagán bainne
- ↑ bodóg trí bliana
- ↑ bodóg aon bhliain
- ↑ O’Boyle, ‘Ogam: The Poet’s Secret’
- ↑ nó áradh Lit. ar teanglann.ie FGB
- ↑ [fff coibche], spré, tochra, ar eDIL
- ↑ blúsar, búir, ar eDIL
- ↑ lús(aid), ól; bain só as; ar eDIL
- ↑ Meroney, Howard. “A Druidic Liturgy in Ogam Bricrend?” Modern Language Notes, iml. 62, ui. 3, 1947, ll. 187–189. JSTOR, www.jstor.org/stable/2910034.
- ↑ 1 núall ar eDIL
- ↑ búaidir, buair, cráigh, ar r eDIL
- ↑ Dedad C Nom. (c) ar eDIL
- ↑ féige, géire; nó féice, féic, maide mullaigh; ar eDIL