Géarchéim imirceach na hEorpa sna 2010idí
| ||||
Cineál | géarchéim imirceach | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | inimirce chun na hEorpa | |||
Tréimhse | 2014 - 2016 | |||
Dáta na bliana | 2014 | |||
Suíomh | an Eoraip | |||
Croineolaíocht | ||||
Bás Alan Kurdi | ||||
Balla na hUngáire | ||||
Shroich Géarchéim imirceach na hEorpa sna 2010idí a bhuaicphointe sa bhliain 2015. Sa bhliain sin, ardaíodh go tubaiste líon inimirce na inimircigh eachtrannach a bhain an tAontas Eorpach amach. Thaistil siad trasna an Mheánmhuir nó thar tír trí Eoraip thiar theas.
Stair roimh 2015
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 2011-2016, ainrialachas i Libia.
Sa bhliain 2011, mar chuid den Earrach Arabach, thosaigh éirí amach sa Libia i gcoinne réimeas Gaddafi. Feallmharaíodh Gadaffi ar 20 Deireadh Fómhair 2011. Bhí an chuid is mó den tír faoi smacht an Chomhairle Idirthréimhseach Náisiúnta de chuid na reibiliúnach, faoi cheannasaíocht na Ríochta Aontaithe agus Fraince... ar feadh cúpla seachtain. D'imigh Libia le hainriantacht beagnach láithreach. Agus tá an ainriail i réim sa tír ó shin i leith. Dúirt Barack Obama ar an 7 Márta 2016 go raibh praiseach d'obair a bhí ann, agus chuir sé cuid den locht ar David Cameron agus Nicolas Sarkozy.[1]
D'fhógair An Stát Ioslamach na Siria agus an Leiveaint, Cailifeacht Mhoslamach nua, san Iaráic agus in oirthear na Siria. B'shin é an chéad Cailifeacht ó ré na Otamánaigh.[2]
2015
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faoi dheireadh 2015, tháinig isteach is amach le milliún iarrthóir tearmainn chun na Eorpa le linn na bliana; bhí cuid mhór díobh ag teitheadh ón gcogadh cathartha sa tSiria. Bhí cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu dá dhroim sin.[3] Ghéaraigh ceannairí an Aontais Eorpaigh ar a n-iarrachtaí rialuithe ar theorainneacha seachtracha a neartú agus líon na n-iarrthóirí tearmainn a laghdú, trí bheith ag obair i gcomhar le stáit chomharsanachta ar nós na Tuirce.
Imeachtaí sa bhliain 2015
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thairg Rialtas na hÉireann cabhair do Rialtas na hIodáile le géarchéim na n-inimirceach tar éis bádh breis is 850 nuair a chuaigh bád béal faoi, 85km amach ó chósta Libia i mí Aibreáin 2015. Guardian[4]
- Chaith an LÉ Eithne sé seachtain (Bealtaine-Iúil) amuigh ann roimhe sin agus tuairiscítear gur shábháil sí 3,400 inimircigh i rith na tréimhse sin
- 10 Iúil 2015.
D'fhág an LÉ Niamh cósta na hÉireann ar 10ú Iúil le criú de 57, beirt oibrithe leighis ina measc. Ba í an dara bád cabhlaigh Éireannach a bhí ar dhualgais tarrthála sa Mheánmhuir ó mhí na Bealtaine.
Dúirt urlabhraí de chuid Eagraíocht Idirnáisiúnta na nImirceach Itayi Virri go raibh 2,000 inimircigh báite go dtí seo sa bhliain 2015 agus iad ag iarraidh an Mheánmhuir a thrasnú. De réir eolais ó Aireacht Intíre na hIodaíle bhí smuigléirí daoine, ón Libia den chuid is mó, freagrach as níos mó ná 100,000 inimircigh a sheoladh trasna na farraige chun na hIodáile i mbliana.
- 15 Iúil 2015.
Thosaigh an bád cabhlaigh LÉ Niamh (faoi Leifteanant-Cheannasaí Daniel Wall) ag obair sa Mheánmhuir. Ar an chéad lá, tharrtháil an LÉ Niamh 98 duine ó bhád inséigthe 76 muirmhíle amach ó chósta Tripilí 265 daoine ó bhád inséigthe an lá dár gcionn[5][6][7]
- 20 Iúil 2015.
Tharrtháil an LÉ Niamh 265 daoine, 13 ban agus 8 páistí ina measc ó bháirse adhmaid amach ó chósta Tripilí. Níos déanaí an lá sin ghlac sí le 114 daoine ó MV Dignity, long de chuid Médecins sans Frontiéres. Bhí 14 de na mná ag iompar agus bean amháin, Grace, i dtinneas clainne. Rugadh a leanbh agus í ar bord agus ghlaoigh sí Destiny uirthi. Tógadh máthair agus leanbh chuig ospidéal sa tSicil agus na daoine eile go Palermo. Irish Times[8]
- 24 Iúil 2015.
Tharrtháil an LE Niamh 243 imirceach a bhí ag iarraidh an Mheánmhuir a thrasnú ó chósta na hAfraice. Rinneadh an tarrtháil 80 ciliméadar siar ó thuaidh de phríomhchathair na Libia, Tripilí. Tuairiscítear go raibh 183 fear, 33 bean agus 27 páistí ar bord an bháid adhmaid beag. TheJournal.ie[9]
Níos déanaí an lá céanna, agus an 243 fós ar bord chuidigh an LÉ Niamh le tarrtháil eile ó bháirse a d'fhág cósta na Libia go luath ar maidin. Tógadh 210 inimircigh ar bord, 35 páistí ina measc. Tógadh na daoine eile ar bord long de chuid Médecins sans Frontiéres, an MV Dignity. Níos déanaí fuarthas 14 marbh i mbolg an bháid tar éis do gach duine eile a aistriú ón mbáirse. Creidtear go bhfuair siad bás de bharr aisficse nó gur brúdh chun bháis iad. Tógadh na daoine a tarrtháladh go calafort Messina, an tSicil. Irish Times
- 5 Lúnasa 2015.
Bádh 200 imirceach sa Mheánmhuir i ndiaidh dá long iompú bun os cionn. I bPalermo na Sicile Nuacht RTÉ. Chuaigh an LÉ Niamh i gcabhair le bád iascaireachta. Tuairiscítear go raibh 700 ar bord. Lainseáil an LÉ Niamh dhá bhád inséidte ach sular shroich siad an bád chuaigh sé béal faoi san uisce. Tógadh 367 daoine agus 25 chorp ar bord ón uisce agus tá baol ann gur bádh níos mó ná 185 daoine. Bhí Dignity 1, bád de chuid Médecins sans Frontiéres (MSF), agus na longa Iodálacha an Sirio agus an Mimbelli ag cuidiú leis an tarrtháil. Newstalk
=> Éíst le Leifteanant-Cheannasaí Caoimhín Mac Unfraidh ón tSeirbhís Chabhlaigh ag caint faoin tarrtháil ar Newstalk
- 10 Lúnasa 2015.
Ina 11ú tarrtháil ó thosaigh sí ag obair sa Mheánmhuir, phioc an LÉ Niamh1 25 inimircigh ó bhád inséidte a raibh an iomarca daoine ar bord amach ó chósta Libia. Bhí 26 ban agus 7 páistí i measc na ndaoine a tháinig ón Afraic fho-Shahárach, An Nigéir, Gána, Mailí, Tóga agus An Cósta Eabhair ina measc. Dúirt Leifteanant-Cheannasaí Caoimhín Mac Unfraidh ón tSeirbhís Chabhlaigh nár bhain gortú le héinne. Aistríodh 375 daoine eile ón long Iodálach an Mimbelli ina dhiaidh sin. Nuacht RTÉ
- 27 Lúnasa 2015.
Fuarthas leoraí tréigthe, lámh le teorainn na hUngáire, le breis is 70 corp dreoite. 59 fear, ochtar ban agus ceathrar páistí a bhí i gcúl an leoraí, cailín bliain d'aois ina measc Nuacht RTÉ
- 27 Lúnasa 2015.
Bhí 200 duine ar a laghad básaithe anois sa Mheánmhuir agus iad ag iarraidh an fharraige sin a thrasnú[10]
- 2 Meán Fómhair 2015.
Bás Aylan Kurdi. Báthadh Aylan Kurdi, 3 bliain d'aois, i mBodrum. Bhí íomhánna a choirp marbh ar an dtrá i mBodrum feicthe mórthimpeall an domhain agus tar éis aird a tharraingt ar ghéarchéim na dteifeach.
- 10 Meán Fómhair 2015.
Ocht lá níos déanaí, dúirt an tAire Dlí is Cirt Frances Fitzgerald go gcuirfeadh Éire fáilte roimh 4,000 teifeach faoi Chlár Chosanta Teifeach na hÉireann[11]. Ach ní dhearna an rialtas beart de réir a briathair; níor tháinig ach líon beag in Éirinn sa bhliain 2015.
- 15 Meán Fómhair 2015.
Ar an 15 Meán Fómhair 2015, bhí "staid éigeandála" fógraithe ag an Ungáir (an príomh-aire Viktor Orbán agus a rialtas a bhí go mór ar an eite dheas), toisc go raibh os cionn "200,000 imirceach" (sin a mhaígh Orban) tar éis a mbealach a dhéanamh isteach sa tír i mbliana, rud nach raibh fíor go baileach (níor fhan siad sa tír, thrasnaigh siad an Ungáir).[12][13]
2016 agus níos déanaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Lean na heachtraí ar aghaidh. Ach chaill na meáin agus an pobal suim iontu.
San Iodáil, i mí Bealtaine 2019, ceapadh Matteo Salvini de chuid Lega Nord, agus i bhfad amach ar an eite dheis, mar an tAire Gnóthaí Baile. Tharraing sé conspóid nuair a gabhadh oibrithe cabhracha sa bhliain 2019.[14]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Obama blasts Cameron, Sarkozy for Libya ‘mess’" (en). France 24 (2016-03-11). Dáta rochtana: 2021-07-29.
- ↑ The Guardian, 29 Meitheamh 2014
- ↑ europa.eu (2016-06-16). "A decade of opportunities and challenges" (en). European Union. Dáta rochtana: 2021-07-29.
- ↑ "700 migrants feared dead in Mediterranean shipwreck" (en). the Guardian (2015-04-19). Dáta rochtana: 2021-07-29.
- ↑ Irish Examiner agus Irish Times
- ↑ Sean O’Riordan (2015-07-15). "Irish naval ships salute in mission handover" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2021-07-29.
- ↑ Lorna Siggins. "LE Niamh rescues over 360 migrants in Mediterranean" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-07-29.
- ↑ Lorna Siggins. "More than 350 migrants rescued by LE ‘Niamh’ in Mediterranean" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-07-29.
- ↑ Rónán Duffy. "Irish sailors have saved 358 migrants drifting in a wooden barge" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2021-07-29.
- ↑ Nuacht RTÉ (2015-08-28). "200 duine ceaptar anois báite amach ón Libia" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2015-09-10). "Glacfaidh an tír seo le 4,000 mhíle teifeach" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2015-09-15). "Staid éigeandála fógartha ag an Ungáir" (as ga).
- ↑ bamf.de (2024-09-15). "BAMF - Bundesamt für Migration und Flüchtlinge - EMN Germany Paper - The changing influx of asylum seekers in 2014-2016: Germany's response". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-09-15. Dáta rochtana: 2024-09-15.
- ↑ "Carola Rackete" (as en) (2021-12-31). Wikipedia.