Jump to content

An Ghearmáinis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Ghearmáinis
Deutsch

Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais76,540,740 (2019)
Dúchasach doGearmánaigh, an Ostair, Karlovy Vary Region (en) Aistrigh, Ústí nad Labem Region (en) Aistrigh, an Ghearmáin, Trentino-An Tioróil Theas agus Trentino
Stáitan Ghearmáin, an Ostair, an Bheilg, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Iodáil, Lichtinstéin, Lucsamburg, an Pholainn, an Eilvéis, an Fhrainc agus an Rúis
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Gearmáinice
Gearmáinic an Iarthair
South Germanic (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir na Gearmáinise agus aibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaitheCouncil for German Orthography (en) Aistrigh agus Leibniz Institute for the German Language (en) Aistrigh
Staidéar agGerman studies (en) Aistrigh agus teangacha diagachta
Leibhéal leochaileachta1 sábháilte
Cóid
ISO 639-1de
ISO 639-2deu
ISO 639-3deu
Glottologstan1295
Ethnologuedeu
ASCL1301
IETFde

Is í an Ghearmáinis (nó an Almáinis, mar a thug Amhlaoibh Ó Súilleabháin ar an teanga; Gearmáiltis an leagan a bhíonn ag scríbhneoirí Ghaeilge Uladh uaireanta) teanga náisiúnta na Gearmáine agus na hOstaire. Deutsch a thugann lucht labhartha na teanga féin uirthi. Tá sí ar cheann de theangacha oifigiúla na hEilvéise, chomh maith leis an bhFraincis, an Iodáilis agus an Réata-Rómáinis. Tá stádas oifigiúil aici i Lucsamburg chomh maith, in éineacht leis an bhFraincis agus an Lucsambuirgis, agus sna ceantair Bheilgeacha atá suite in aice leis an nGearmáin.

Ós teanga Gearmáinice í an Ghearmáinis, tá gaol cuibheasach dlúth aici leis an mBéarla, cé nach bhfuil an Béarlóir in ann mórán adhmaid a dhéanamh den Ghearmáinis i ndiaidh an oiread craiceann a chuir stór focal an Bhéarla de faoi thionchar na Laidine agus na sean-Fhraincise. Tá sé níos fusa comhchosúlacht na Gearmáinise agus na hOllainnise a aithint, mar shampla.

Eolas ar an nGearmáinis san A.E.

Tá an t-ainm úd Deutsch bunaithe ar fhocal Gearmáinice a chiallaíonn "pobal", "cosmhuintir"—focal atá beo i gcónaí san Íoslainnis, ar a laghad (þjóð = "náisiún"). Ba í an Ghearmáinis teanga na cosmhuintire, nuair a bhí na manaigh ag saothrú na Laidine sna mainistreacha. Tá gaol ag an bhfocal Deutsch leis an bhfocal Gaeilge úd tuath.

Chuaigh an focal sin deutsch nó an seanleagan de in úsáid sa Laidin mar theodiscus, agus is as sin a tháinig an téarma Iodáilise tedesco. Maidir leis an ainm Almáinis, a úsáidtear san Fhraincis agus sa Spáinnis, creidtear go bhfuil sé bunaithe ar na focail Ghearmáinise all = uile agus Mann = fear, nó ar sheanleaganacha na bhfocal seo. I gcanúineolaíocht na Gearmáinise, tugtar canúintí Almannacha ar na canúintí deisceartacha a labhraítear san Eilvéis agus sa chuid bheag den Ostair atá ag críochantacht leis an Eilvéis. Canúintí Baváracha a labhraítear sa chuid is mó den Ostair.

Uaireanta feictear an leagan malartach Teutsch freisin. Inniu, ní úsáidtear é ach sa chiall íorónta, ach nuair a bhí scríbhneoirí clasaiceacha na teanga i mbun pinn, ní raibh an tseach-chiall greamaithe de go fóill. Mar shampla, thug Friedrich Schiller Teutschland ar an nGearmáin ina chuid scríbhinní.

Aibitír na Gearmáinise

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na litreacha speisialta a úsáidtear sa Ghearmáinis ná ä, ö, ü agus ß. Seasann an chéad trí cheann do ghutaí a fhuaimnítear i dtosach an bhéalchuais, seachas ina chúl, áit a bhfuaimnítear na gutaí a chomhfhreagraíonn do na litreacha gan an dá phonc. Mar sin, tá an t-ä cosúil le h-è na Fraincise; dhealrófá an t-ü le h-u na Fraincise; agus is é eu na Fraincise is cosúil leis an ö.

Maidir le ß, úsáidtear é ar lorg na ngutaí fada agus na ndéfhoghar le tabhairt le fios go bhfuil [s] neamhghlórach i gceist: Strauß 'ostrais', Straße 'sráid', Maß 'tomhas, miosúr'. Is é an gnáth-s dúbailte a thugann an rud céanna le fios ar lorg na ngutaí gearra: Pass pas taistil. Ní úsáidtear ach an s dúbailte san Eilvéis: Strauss, Strasse, Mass.

Nuair a bhí an seanlitriú i bhfeidhm (roimh na nóchaidí), ba nós an ß a úsáid i ndeireadh an fhocail agus idir guta is consan beag beann ar cé acu a bhí an guta fada nó gearr: Paß seachas Pass, mußte 'chaithfeadh sé (rud a dhéanamh)' seachas musste, mar shampla.

Gramadach na Gearmáinise

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá alt deimhneach agus alt neamhdheimhneach sa Ghearmaínis, agus iad á n-infhilleadh de réir na hinscne, an tuisil agus na huimhreach. Ní úsáidtear alt neamhdheimhneach san iolra, ach is féidir a rá go ndéanann an forainm einige a ghnó.

Féach foirmeacha an ailt sna táblaí thíos.

Go cothrománach: firinscneach, neodrach, baininscneach, iolra.

Go hingearach: tuiseal ainmníoch, tuiseal ginideach, tuiseal tabharthach, tuiseal cuspóireach.

An tAlt Deimhneach
der das die die
des des der der
dem dem der den
den das die die
An tAlt Neamhdheimhneach
ein ein eine -
eines eines einer -
einem einem einer -
einen ein eine -

Na hAinmfhocail

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar a chonaic muid thuas tá trí inscne sa Ghearmáinis: an fhirinscne (Maskulinum), an bhaininscne (Femininum) agus an inscne neodrach (Neutrum).

Tá ceithre thuiseal sa Ghearmáinis: an t-ainmníoch (Nominativ, Werfall), an ginideach (Genitiv, Wesfall), an tabharthach (Dativ, Wemfall) agus an cuspóireach (Akkusativ, Wenfall). Is minic a bhíonn na tuisil seo cumaiscthe, áfach. Níl foirm ar leith ag an gcuspóireach ach in uimhir uatha na firinscne: der Mann (an fear, ainmníoch), den Mann (an fear, cuspóireach). Níl difríocht idir ginideach agus tabharthach na baininscne: die Frau (an bhean, ainmníoch), der Frau (an bhean, ginideach agus tabharthach) ná idir ainmníoch agus cuspóireach na hinscne neodraí: das Kind (an páiste, ainmníoch agus cuspóireach).

Is é des foirm an ailt i nginideach na hinscne neodraí agus na firinscne araon: des Mannes, des Kindes. Cuirtear -s nó -es leis an ainmfhocal sa ghinideach, ach tá grúpa réasúnta mór d'ainmfhocail fhirinscneacha ann a gcuirtear -en nó -n leo sna tuisil go léir san uimhir uatha agus san uimhir iolra araon, amach ón ainmníoch. Go tipiciúil, is focail iad seo a bhfuil iarmhír iasachta iontu: der Demokrat "an daonlathach", des Demokraten (ginideach uatha), dem Demokraten (tabharthach uatha), den Demokraten (cuspóireach uatha), die Demokraten "na daonlathaigh" (ainmníoch iolra), der Demokraten (ginideach iolra), den Demokraten (tabharthach iolra), die Demokraten (cuspóireach iolra). Tugtar "firinscnigh laga" (schwache Maskulina) ar na focail seo. Ní focail iasachta iad go léir, cf. der Bauer "an feirmeoir, an scológ", des Bauern (ginideach uatha) 7rl.

De ghnáth, áfach, ní aithnítear tuiseal an ainmfhocail ach ar fhoirm an ailt agus na n-aidiachtaí - is eisceacht é an -(e)s i nginideach uatha na firinscne agus na hinscne neodraí. Is féidir -e a chur le tuiseal tabharthach na firinscne agus na hinscne neodraí san uimhir uatha, ach níl sé riachtanach: tá dem Mann agus dem Kind ceart ar fad, cé go bhfeicfeá dem Manne agus dem Kinde sa teanga liteartha. Go tipiciúil is le focail aonsiollacha seanbhunaithe is mó a chuirfeá an -e seo - seachnaítear é sna focail iasachta agus na focail ilsiollacha.

Maidir leis an uimhir iolra, is iad na hiarmhíreanna iolra is coitianta ná -e, .er, -en agus -0 (is é sin, an uimhir iolra gan iarmhír). Is é -e an iarmhír is coitianta ag na hainmfhocail fhirinscneacha agus neodracha; is minic a chuirtear an t-umlabht (a > ä, o > ö, u > ü) i bhfeidhm ar ghuta an tamhain ag na cinn fhirinscneacha - der Baum an crann, die Bäume na crainn, ach is rud sárannamh é ag na cinn neodracha: das Floß an rafta die Flöße na raftaí an t-aon eisceacht, is dócha.

Tá an iarmhír úd -er réasúnta coitianta in iolraí na n-ainmfhocal fhirinscneacha agus neodracha, agus más féidir an t-umlabht a chur i bhfeidhm ar an bhfocal, sin é an rud a dhéanfar sa dá inscne: das Haus an teach, die Häuser na tithe.

Maidir leis an iarmhír úd -(e)n, is í an ceann is tipiciúla ag na hainmfhocail bhaininscneacha: die Frau an bhean, die Frauen na mná. Tá dornán éigin de bhaininscnigh i mbunstór focal na teanga a gcuirtear -e leo, áfach, agus más féidir an t-umlabht a chur i bhfeidhm ar ghuta an tamhain ansin, is mar sin a dhéanfar: die Kuh an bhó, die Kühe na ba.

Is iad na hainmfhocail laga (mar a chonaic muid) an grúpa is mó de na firinscnigh a fhaigheann an iarmhír seo, ach tá cinn eile ann fosta: der Staat stát, ginideach uatha des Staates, ainmníoch iolra die Staaten. Tabhair faoi deara an grúpa beag atá idir eatarthu idir na cinn laga agus na cinn láidre: der Name an t-ainm, den Namen (cuspóireach), dem Namen (tabharthach), ach cuirtear an -s leis an -n sa ghinideach: des Namens. Is fiú cuimhne a choinneáil ar das Herz "an croí", ainmfhocal neodrach a bhfuil neamhrialtacht den chineál chéanna ag baint leis: das Herz (ainmníoch agus cuspóireach), des Herzens (ginideach), dem Herzen (tabharthach), die Herzen (uimhir iolra). (De ghnáth áfach is iad na foirmeacha dem Herz, des Herzes agus an fhoirm iolra die Herze a úsáidtear más é an t-orgán, an chuid choincréiteach den chorp, atá i gceist, seachas an croí mar mheafar ar mhothúcháin an duine.)

Na hainmfhocail ar -el, -er nó -en, is gnách dóibh gan iarmhír ar bith a bheith acu san uimhir iolra: der Wecker an clog aláraim, die Wecker na cloig aláraim - ach amháin más baininscneach atá i gceist: die Schwester an deirfiúr, die Schwestern na deirfiúracha. Tabhair faoi deara na heisceachtaí die Mutter an mháthair, die Mütter na máithreacha agus die Tochter an iníon, die Töchter na hiníonacha. Cuirtear an t-umlabht i bhfeidhm ar an dá cheann seo, rud a bhíonn coitianta ag na firinscnigh freisin, cé nach dianriail atá ann: der Wagen an carbad, die Wagen na carbaid (chloisfeá die Wägen i gcanúintí ó am go ham ach ní foirm chaighdeánach é).

Is é an -(e)n an iarmhír a chuirtear leis an ainmfhocal sa tabharthach san uimhir iolra: die Bäume - na crainn, den Bäumen - na crainn (tuiseal tabharthach); die Töchter - na hiníonacha, den Töchtern - na hiníonacha (tuiseal tabharthach). Má tá an -n ann cheana féin, ní chuirfear a dhath leis an bhfocal: die Schwestern na deirfiúracha, den Schwestern na deirfiúracha (tuiseal tabharthach). Ní úsáidtear an t-umlabht leis an iarmhír -(e)n ar aon nós.

Úsáidtear an iarmhír -s leis na focail iasachta a tháinig isteach ón bhFraincis nó an Béarla, ach is cuid den Íseal-Ghearmáinis í freisin, agus is minic a d'fheicfeá í ag ainmfhocail a bhaineann leis an mairneálachas: das Hoch aerbhrú ard, iolra die Hochs. Is é -s a chuirtear le focail cosúil le das Auto gluaisteán, iolra die Autos, der Hiwi comhoibrí, iolra die Hiwis (giorrúchán an fhocail Hilfswilliger) - is é sin, focail a bhfuil guta eile seachas -e sa deireadh iontu.

Foirmeacha cosúil le die Jungs, die Jungens na buachaillí (seachas die Jungen, de réir an chaighdeáin), tháinig siad ó chanúintí an Tuaiscirt, nó is toradh do thionchar na gcanúintí sin iad.

Sna focail léannta a fuarthas ón Laidin nó ón tsean-Ghréigis thiocfá ar iarmhíreanna iasachta nó measctha: das Prinzip prionsabal (seanleagan: das Prinzipium), iolra die Prinzipien (seanleagan: die Prinzipia díreach ón Laidin; feictear an leagan nua Prinzipe uaireanta).

An tInfinideach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an t-infinideach foirm bhunaidh an bhriathair. Tá an iarmhír -(e)n i ndeireadh an infinidigh (tun, machen, leben, frösteln), ach cosúil leis an to sa Bhéarla is minic a chuirtear an mhír zu roimh an infinideach i gcoimhthéacs na habairte (zu tun, zu machen, zu leben, zu frösteln). Má tá réimír inscartha ag an mbriathar, cuirtear an mhír seo idir an réimír agus an tamhan: eingehen > einzugehen, zugeben > zuzugeben.

An Aimsir Láithreach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá iarmhíreanna pearsanta ag na briathra sa Ghearmáinis. Is é an córas rialta san aimsir láithreach ná:

  • ich mache déanaim
  • du machst déanann tú
  • er/sie macht déanann sí
  • wir machen déanaimid
  • ihr macht déanann sibh
  • sie machen déanann siad
  • Sie machen déanann tú/sibh (úsáid dhea-mhúinte fhoirmeálta)

Ag na briathra neamhrialta nó "láidre" (starke Verben) is féidir athruithe áirithe a aithint i bhfoirmeacha uatha na haimsire láithrí, cosúil leis an umlabht sa dara agus sa tríú pearsa:

  • ich halte coinním greim
  • du hältst coinníonn tú greim
  • er hält coinníonn sé greim
  • wir halten coinnímid greim
  • ihr haltet coinníonn sibh greim
  • sie halten coinníonn siad greim

Tabhair faoi deara go bhfuil an dara pearsa san iolra rialta go hiomlán: cuirtear -e- roimh an -t leis an iarmhír phearsanta a scaradh ó thamhan an bhriathair, agus ní théann an t-umlabht i bhfeidhm ar ghuta an tamhain.

Neamhrialtacht eile é an t-athrú ó e go i, nó an Brechung ("briseadh"). Oiriúnach go leor tá an t-athrú le haithint ag an mbriathar úd brechen ("bris!/briseadh") féin:

  • ich breche brisim
  • du brichst briseann tú
  • er bricht briseann sé
  • wir brechen brisimid
  • ihr brecht briseann sibh
  • sie brechen briseann siad

Má tá an guta "i" fada san fhuaimniú, is féidir go scríobhtar mar ie é, cf. an briathar befehlen, ordú a thabhairt:

  • ich befehle tugaim ordú
  • du befiehlst tugann tú ordú
  • er befiehlt tugann sé ordú
  • wir befehlen tugaimid ordú
  • ihr befehlt tugann sibh ordú
  • sie befehlen tugann siad ordú

Tá dornán briathra ann arb ionann an chéad phearsa uatha agus an tríú pearsa uatha acu, agus an t-athrú guta céanna sa tamhan ag na foirmeacha uatha go léir. Tugtar Präteritopresentia orthu, nó na briathra inar iompaigh seanfhoirmeacha de chuid na haimsire caite ina bhfoirmeacha aimsire láithrí. Is iad na briathra können, müssen, sollen, dürfen, mögen, wissen atá i gceist.

  • ich weiß tá a fhios agam
  • du weißt tá a fhios agat
  • er weiß tá a fhios aige
  • wir wissen tá a fhios againn
  • ihr wisst (sa seanlitriú: ihr wißt) tá a fhios agaibh
  • sie wissen tá a fhios acu
  • ich kann is féidir liom, tá mé in ann, féadaim
  • du kannst féadann tú
  • er kann féadann sé
  • wir können féadaimid
  • ihr könnt féadann sibh
  • sie können féadann siad


An Aimsir Chaite

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá foirmeacha na haimsire caite bunaithe ar an iarmhír -te (na briathra laga) nó ar an ablabht (Ablaut) i nguta an tamhain. Sampla de na briathra láidre é lachen, bheith ag gáire:

  • ich lachte bhí mé ag gáire
  • du lachtest bhí tú ag gáire
  • er lachte bhí sé ag gáire
  • wir lachten bhíomar ag gáire, bhí muid ag gáire
  • ihr lachtet bhí sibh ag gáire
  • sie lachten bhí siad ag gáire, bhíodar ag gáire

Tabhair faoi deara nach gcuirtear an -t leis an dara pearsa uatha san aimsir chaite.

Briathar láidir tipiciúil is ea kommen, teacht:

  • ich kam tháinig mé
  • du kamst tháinig tú
  • er kam tháinig sé
  • wir kamen tháinig muid, thánamar
  • ihr kamt tháinig sibh
  • sie kamen tháinig siad, thánadar

Maidir leis na Präteritopräsentia, úsáidtear an dá rud iontu, idir ablabht agus -te:

  • ich wusste bhí a fhios agam
  • du wusstest bhí a fhios agat
  • er wusste bhí a fhios aige
  • wir wussten bhí a fhios againn
  • ihr wusstet bhí a fhios agaibh
  • sie wussten bhí a fhios acu

Na Rangabhálacha agus na hAimsirí Comhshuite

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá rangabháil sa Ghearmáinis: an rangabháil láithreach (Präsenspartizip) agus an rangabháil chaite (Präteritumpartizip). Is rangabháil ghníomhach í an rangabháil láithreach, agus foirmítear í tríd an litir -d a chur leis an infinideach: lachen > lachend, lächeln > lächelnd agus araile. Is minic a ghlactar leis gurbh ionann é agus -ing-rangabháil an Bhéarla, ach tá sé tábhachtach a thuiscint nach mbeadh sé ceart ar aon nós he is laughing a aistriú go Gearmáinis mar *er ist lachend. Úsáidtear an rangabháil láithreach sa Ghearmáinis go tipiciúil le tagairt don ghníomh atá ar siúl ag an ainmní le linn an ghnímh eile: er kom lachend "tháinig sé agus é ag gáire".

Is féidir úsáid na haidiachta a bhaint as an rangabháil láithreach chomh maith: der lachende Mann "an fear (atá) ag gáire", cf. the laughing man sa Bhéarla.

Foirmítear rangabháil chaite na mbriathra laga tríd an iarmhír -t a chur leis an tamhan, chomh maith leis an réimír ge-: machen déanamh, gemacht déanta. Níl béim ar bith ar an réimír, áfach, agus má tá réimír eile gan bhéim ann, ní mór an ge- a fhágáil ar lár: vermachen tiomnú, fágáil le huacht, vermacht tiomnaithe, fágtha le huacht. Ní úsáidtear an ge- leis na briathra iasachta ar -ieren ach an oiread, toisc go bhfuil an bhéim ar an -ier-: integrieren imeascadh, suimeáil, lánpháirtiú, comhtháthú, integriert imeasctha, suimeáilte, lánpháirtithe, comhtháite. Seo ceann de na difríochtaí suntasacha idir an Ghearmáinis agus an Ollainnis: cuirtear an ge- le rangabhálacha den chineál seo san Ollainnis, ionas gurb ionann geïntegreerd na hOllainnise agus integriert na Gearmáinise.

Maidir leis na briathra laga, ní ghlacann siad leis an -t - is é -(e)n a bhíonn acu ina áit - agus tagann athrú ar ghuta an tamhain de ghnáth; athraíonn consan an tamhain fosta ag briathrá áirithe: fliegen eitilt, geflogen, gehen dul, gegangen. Ón taobh eile de, tá teacht ar bhriathra arb ionann guta an infinidigh agus guta na rangabhála caite iontu: halten greim a choinneáil, aimsir chaite hielt, rangabháil chaite gehalten

Tabhair faoi deara gur féidir go bhfuil an réimír ge- ann in infinideach an bhriathair cheana féin, agus ansin ní chuirtear ge- eile roimhe: gelingen éirí (le) - ist gelungen d'éirigh (le duine, rud), gefallen taitneamh (le duine) - hat gefallen thaitin (le duine). Thairis sin, is réimíreanna tipiciúla den chineál seo iad emp-, ent-. er-, zer-.

Maidir leis an rangabháil chaite, baintear úsáid aisti leis an aimsir fhoirfe (Perfekt) agus an aimsir fhorfhoirfe (Plusquamperfekt) a fhoirmiú. Tá an dá aimsir seo cosúil le haimsir fhoirfe (perfect tense) agus aimsir fhorfhoirfe (pluperfect tense) an Bhéarla, ach amháin go bhfuil scéal an bhriathair chúnta níos casta ná sa Bhéarla. Is éard a dhéantar sa Bhéarla ná an rangabháil agus an briathar cúnta to have a chomhcheangal: I have done rinne mé, tá sé déanta agam, I had done rinne mé, bhí sé déanta agam. Sa Ghearmáinis áfach braitheann sé ar an mbriathar cé acu haben (cf. to have an Bhéarla) nó sein (cf. to be an Bhéarla) a úsáidtear sna haimsirí seo. Cf.

  • ich habe/hatte getan "tá/bhí déanta agam, rinne mé
  • du hast/hattest getan
  • er hat/hatte getan
  • wir haben/hatten getan
  • ihr habt/hattet getan
  • sie haben/hatten getan
  • ich bin/war gegangen "chuaigh mé, tá/bhí mé tar éis dul
  • du bist/warst gegangen
  • er ist/war gegangen
  • wir sind/waren gegangen
  • ihr seid/wart gegangen
  • sie sind/waren gegangen

Braitheann sé ar rialacha réasúnta simplí cé acu briathar cúnta a úsáidtear sna haimsirí comhshuite. Más briathar neamhaistreach atá ann (is é sin briathar nach bhfuil cuspóir aige) agus má thagraíonn sé do ghluaiseacht nó d'athrú an ainmní, is é sein an briathar cúnta a úsáidtear: er ist gegangen "chuaigh sé, tá sé tar éis dul", er ist errötet "tá sé tar éis lasadh/deargadh (le náire)". Thairis sin, is é sein an briathar cúnta a nasctar de bhriathra neamhaistreacha a chiallaíonn "éirí le" nó "tarlú": gelingen, ist gelungen d'éirigh (le duine, rud), glücken, ist geglückt d'éirigh (le duine, rud), passieren tarlú, ist passiert tharla, tá tar éis tarlú, geschehen, ist geschehen tharla, tá tar éis tarlú.

Tabhair faoi deara gurb í an aimsir fhoirfe an aimsir chaite is coitianta sa chaint: is féidir Gearmáinis nádúrtha a labhairt gan ach í a úsáid, ós rud é go ndeachaigh na haimsirí caite eile in éag i gcuid mhór canúintí. In áit na haimsire forfhoirfe, is minic a chloisfeá sórt aimsir fhoirfe dhúbailte i gcaint na ndaoine: er hat getan gehabt seachas er hatte getan.

An Aimsir Fháistineach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáidtear an briathar werden (iompú, dul chun...) mar bhriathar cúnta san aimsir fháistineach, agus é nasctha den infinideach.

Er wird kommen. Tiocfaidh sé.

Ich werde gehen. Imeoidh mé liom.

Du wirst es machen. Déanfaidh tú é.

Wir werden zurückkommen. Tiocfaidh muid ar ais.

Ihr werdet es noch sehen. Feicfidh sibh é fós.

Na Réimíreanna Inscartha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chonaic muid thuas nach gcuirtear an réimír ge- leis an rangabháil má tá réimír gan bhéim ann cheana féin - réimír doscartha, mar a deirtear. Tá cuid mhaith réimíreanna ann áfach nach bhfuil doscartha - réimíreanna a scartar ó thamhan an bhriathair i bhfoirmeacha éagsúla, cosúil le zugeben admhaigh!/admháil:

  • ich gebe zu admhaím
  • du gibst zu admhaíonn tú
  • er gibt zu admhaíonn sé
  • wir geben zu admhaíonn muid, admhaímid
  • ihr gebt zu admhaíonn sibh
  • sie geben zu admhaíonn siad
  • ich gab zu d'admhaigh mé
  • du gabst zu d'admhaigh tú
  • er gab zu d'admhaigh sé
  • wir gaben zu d'admhaigh muid, d'admhaíomar
  • ihr gabt zu d'admhaigh sibh
  • sie gaben zu d'admhaigh siad, d'admhaíodar

Is í foirm na rangabhála ag briathra den chineál seo ná zugegeben, is é sin dingtear an -ge- idir an réimír agus an tamhan.

Murab ionann agus na réimíreanna doscartha, tá na réimíreanna inscartha faoi bhéim.

Tá roinnt réamhfhocal ann ar féidir dóibh bheith inscartha nó doscartha, faoi bhéim nó gan bhéim: über thar, os cionn agus um timpeall, mar shampla: überziehen, überzog, überzogen (béim ar -zieh-) clúdach (siocadh, reoán) a chur ar rud, nó rótharraingt a dhéanamh ar chuntas bainc; überziehen, zog über, übergezogen (beim ar ü-) (cóta) a tharraingt ort féin.

An Briathar sna Fo-Chlásail

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuirtear an briathar i ndeireadh an fho-chlásail:

Er tut es. Déanann sé é. Tá sé á dhéanamh.

Ich sehe, dass er es tut. Feicim go ndéanann sé é. Feicim go bhfuil sé á dhéanamh.

Más aimsir chomhshuite atá i gceist, cuirtear an briathar cúnta sa deireadh.

Er ist weggegangen. Tá sé tar éis imeacht. D'imigh sé.

Ich habe gehört, dass er weggegangen ist. Chuala mé go bhfuil sé tar éis imeacht/gur imigh sé.

Ní scartar an réimír inscartha ó thamhan an bhriathair.

Er geht weg. Tá sé ag imeacht leis.

Ich sehe, dass er weggeht. Feicim go bhfuil sé ag imeacht leis.

Cá labhraítear Gearmáinis?

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá stádas na teanga oifigiúla ag an nGearmáinis sa Ghearmáin, san Ostair, i Lichtinstéin, agus in dhá dtrian den Eilvéis. Maidir le Lucsamburg, tá canúint áitiúil den Ghearmáinis á labhairt ag cách ansin, ach is fearr le muintir na tíre Fraincis a shaothrú mar theanga scríofa. Tá an Ghearmáinis oifigiúil i Lucsamburg, in éineacht leis an Lucsambuirgis agus an Fhraincis, ach is minice a úsáidtear sna nuachtáin phríobháideacha ná i bhfoilseacháin oifigiúla an rialtais í. Sa Bheilg, tá canúintí Gearmáinise á labhairt in oirthear na tíre, agus is teanga oifigiúil í an Ghearmáinis, in éineacht leis an Ollainnis agus an Fhraincis. Sa Danmhairg agus san Iodáil, níl ach stádas áitiúil nó réigiúnach ag an nGearmáinis mar theanga mhionlaigh.

Roimh an Dara Cogadh Domhanda, bhí mionlaigh mhóra ag labhairt na Gearmáinise anseo agus ansiúd in Oirthear na hEorpa. I ndiaidh an chogaidh, áfach, díbríodh an chuid ba mhó de na Gearmánaigh seo go dtí an Ghearmáin féin. Is amhlaidh gur bhain Hitler leas as na mionlaigh Ghearmánacha seo mar shiocair leis an tSeicslóvaic a chur de dhroim an tsaoil agus leis an bPolainn a ionsaí, agus i ndiaidh an chogaidh, bhí muintir na dtíortha seo meáite fáil réitithe den "chúigiú colún" seo, ionas nach bhféadfadh aon Hitler nua an cleas céanna a imirt orthu a thuilleadh. Thairis sin, bhí Poblacht Chónaidhme na Gearmáine sásta lucht eisimirce—Gearmánaigh a bhí ag "filleadh" ar an nGearmáin—a fháiltiú ó na tíortha seo i ndiaidh an chogaidh. Mar sin, níl ach iarsmaí beaga fágtha inniu de phobail sheanbhunaithe Ghearmánacha Oirthear na hEorpa.

Tíortha ina labhraítear Gearmáinis.

Roimh bhlianta an Chumannachais, bhí pobail mhóra Ghearmánacha anseo is ansiúd in Impireacht na Rúise. Bhí Stalin thar a bheith drochamhrasach i leith na nGearmánach, go háirithe nuair a d'ionsaigh Hitler an tAontas Sóivéadach, áfach, agus scaip sé na pobail seo ar fud an Aontais, murar cimíodh sna campaí géibhinn amach is amach iad. Mar sin, níl ach iarsmaí fágtha de Ghearmánaigh na Rúise, agus cónaí orthu ina lán poblachtaí iar-Shóivéadacha inniu. Fuair cuid mhór acu cead imirce a dhéanamh go dtí an Ghearmáin, cosúil le Gearmánaigh Oirthear na hEorpa.

San Afraic, tá an Ghearmáinis á labhairt go forleathan sa Namaib, cé nach bhfuil stádas oifigiúil aici ansin. Iar-choilíneacht Ghearmánach is ea an Namaib, ar ndóigh.

San Oileán Úr, bíonn canúintí Gearmáinise á labhairt, thar aon dream eile, ag mionlaigh reiligiúnacha, go háirithe ag seicteacha Anabaisteacha, cosúil leis na Meannóinítigh agus na hAmanaigh. Go minic, ní shaothraíonn dreamanna den chineál seo an Ghearmáinis chaighdeánach mar theanga liteartha, agus dá réir sin, imríonn an teanga oifigiúil áitiúil—an Spáinnis nó an Béarla—an-tionchar ar na canúintí seo.

Canúintí na Gearmáinise

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is gá canúintí na Gearmáinise a aithint thar leaganacha áitiúla na Gearmáinise caighdeánaí. Níl an Ghearmáinis teoranta d'aon tír amháin, agus mar sin, is féidir difríochtaí suntasacha a aithint, abair, idir Gearmáinis chaighdeánach na Gearmáine agus na hOstaire, a chuirfeadh i gcuimhne duit na difríochtaí idir Béarla Shasana agus Béarla Mheiriceá, gan aon trácht a dhéanamh ar Bhéarla na hÉireann. Bíonn canúintí na Gearmáinise chomh difriúil le chéile, áfach, is go bhféadfá a rá gur teangacha éagsúla iad. Ní thuigfeadh an Bavárach a dhath de chaint fhear an chósta thuaidh, mura mbeadh an teanga chaighdeánach foghlamtha ag an mbeirt acu.

Na leaganacha áitiúla nó réigiúnach den Ghearmáinis chaighdeánach a labhraítear i gceantair éagsúla na tíre, ní hionann an tionchar a imríonn an chanúint áitiúil orthu. I dTuaisceart na Gearmáine, bhí an chanúint áitiúil an-difriúil leis an teanga chaighdeánach, agus b'éigean do na daoine an teanga liteartha a fhoghlaim beagnach mar a bheadh teanga iasachta ar fad ann. Mar sin, bíonn Gearmáinis chaighdeánach an Tuaiscirt an-soiléir, agus is fearr leis na coimhthígh a bhfuil an teanga acu a gcuid comhrá a dhéanamh le muintir an Tuaiscirt. Sa Deisceart, áfach, tá an chanúint áitiúil níos gaolmhaire leis an teanga chaighdeánach, agus ní raibh de dhíth ar mhuintir an Deiscirt ach a ngnáthchaint a "chaighdeánú". Ba é ba toradh dó seo, áfach, gur fágadh an leagan áitiúil den Ghearmáinis chaighdeánach chomh breac le saintréithe áitiúla is go bhfaigheann foghlaimeoirí na teanga an-deacair cainteoirí an Deiscirt a thuiscint, fiú nuair atá siad ag iarraidh cuma an chaighdeáin a chur ar a gcuid Gearmáinise.

Inniu, tá cuid de na canúintí pobail ag géilleadh don teanga chaighdeánach. Go háirithe i dTuaisceart na Gearmáine, tá na canúintí áitiúla imithe ar fad nó sna céadéaga. Ón taobh eile de, tá an chanúint láidir san Eilvéis agus i Lucsamburg, agus í á saothrú mar theanga liteartha, fiú.

Is gnách na canúintí Gearmáinise a dheighilt ina dhá bpríomhghrúpa, mar atá, na canúintí Ard-Ghearmáinise (Hochdeutsch) agus na cinn Íseal-Ghearmáinise (Niederdeutsch, Plattdeutsch). Is í an difríocht is mó eatarthu ná go bhfuil an Dara Fuaimaistriú nó Zweite Lautverschiebung ar lár san Íseal-Ghearmáinis. Is é an fuaimaistriú seo a d'fhág cuma speisialta na "Gearmáinise" ar na consain i bhfocail cosúil le Apfel = "úll" (cf. apple sa Bhéarla), Pfad = "cosán" (path), machen = "déanamh" (make), Zeit = "am" (is ionann mar fhocal é agus tide an Bhéarla, cé nach ionann an bhrí níos mó—"taoide" is ciall leis an bhfocal Béarla, ar ndóigh). Bíonn na focail Íseal-Ghearmáinise ag breathnú níos cosúla leis na focail Bhéarla ó thaobh na gconsan de—maken in áit machen, mar shampla.

Is minic a thugtar PlattPlattdeutsch ar an Íseal-Ghearmáinis, ach, le fírinne, níl an téarma seo go maith, ós rud é go bhfuil cuid mhaith canúintí Meán-Ghearmáinise ann a dtugann lucht a labhartha Platt ar a gcanúint féin—Koblenzer Platt in Koblenz, cuir i gcás.

Ní mór cuimhne a choinneáil air, áfach, nach bhfuil an teorainn idir an Ard-Ghearmáinis agus an Íseal-Ghearmáinis soiléir ná neamh-dhébhríoch. Is gnách í a tharraingt de réir "líne Benrath", is é sin, an líne a dhealaíonn ó chéile na canúintí ina n-úsáidtear maken (Íseal-Ghearmáinis) agus na cinn ina n-úsáidtear machen (Ard-Ghearmáinis agus an teanga chaighdeánach). Ritheann líne Benrath ó Eupen sa Bheilg trí Aachen, Benrath (in aice le Düsseldorf), Olpe, Kassel, Nordhausen, Aschersleben, Dessau agus Beirlín go dtí Frankfurt an der Oder. Tá an líne ainmnithe as an áit ina dtrasnaíonn sí an Réin. Níl na saineolaithe go léir ar aon bharúil, áfach, gur chóir an Ard-Ghearmáinis agus an Íseal-Ghearmáinis a aithint thar a chéile de réir na líne áirithe seo. Is fearr le cuid acu an líne idir ich agus ik ("mé") a roghnú mar chritéar. Tugtar "líne Uerdingen" ar an líne áirithe seo. Tá líne Uerdingen suite níos faide thuaidh ná líne Benrath.

Is gnách Meán-Ghearmáinis nó Mitteldeutsch a thabhairt ar na canúintí taobh theas de líne Benrath, nach bhfuil ach cuid de ghnéithe an fhuaimaistrithe curtha i gcrích iontu. Mar shampla, deirtear ich agus machen i gcanúint Köln, ach, ón taobh eile de, tugtar Dorp, seachas Dorf, ar "sráidbhaile" sa chanúint chéanna. Maidir leis an bhfocal a chiallaíonn "úll", deirtear Appel in áit Apfel chomh fada theas le Frankfurt am Main.

Is iad na canúintí Meán-Ghearmáinise an grúpa is mó éagsúlachta. Na teoirlínte ar a n-aithnítear cé chomh fairsing atá tréith áirithe den dara fuaimaistriú, tá siad spréite mar a bheadh gaothrán ann in iarthar na Gearmáine, cois na Réine. Rheinischer Fächer nó "gaothrán na Réine" a thugtar ar na canúintí cois na Réine i dtéarmaíocht na gcanúineolaithe.

Na canúintí is faide theas, tugtar Oberdeutsch orthu, nó "Uas-Ghearmáinis". Is iad na canúintí Almannacha agus na canúintí Baváracha an dá ghrúpa móra Uas-Ghearmáinise. Labhraítear canúintí Almannacha san Eilvéis, i Lichtinstéin agus i dtuaisceart na hIodáile, áit a bhfuil mionlach Gearmánach le fáil.

Cá bhfuil an Ghearmáinis chaighdeánach i measc chanúintí na Gearmáinise, ansin? Ó thaobh na gconsan agus an fhuaimaistrithe de, dealraíonn sé gurb í an Bhaváiris an chanúint is cosúla léi. Tá claochlú an p go pf teoranta don Uas-Ghearmáinis, go bunúsach. Ó thaobh na ngutaí de, áfach, tá sí níos cosúla leis an Meán-Ghearmáinis. Sa deisceart, is minic a fhuaimnítear an t-/ie/ scríofa mar dhéfhoghar, cosúil le "ia" na Gaeilge. Níl a leithéid d'fhuaimniú ceadaithe sa Ghearmáinis chaighdeánach, nó déantar i fada den /ie/ ansin.

Tá gné amháin den fhuaimaistriú ann nach bhfuil curtha i gcrích sa teanga chaighdeánach: cé go ndearnadh Z den T i bhfocail cosúil le Zeit agus Pf den P i bhfocail cosúil le Pfad, ní dhearnadh Kch den K i dtús an fhocail - rud a tharla sna canúintí Almannacha. Deir muintir na hEilvéise inniu Chind in áit Kind ("páiste") agus chlii in áit klein ("beag").

Stair na Gearmáinise

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sean-Ard-Ghearmáinis

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an tSean-Ard-Ghearmáinis (Althochdeutsch) an chéim is sine i stair na Gearmáinise. Sa tséú haois, scríobhtaí cúpla focal anseo is ansiúd san aibítir Rúnach, ar a dtugtar Futhark, agus bhí focail aonair sa teanga le léamh i dtéacsaí Laidine na linne. San ochtú haois a scríobhadh an chéad liosta focal - an tAbrogans. Na téacsaí Sean-Ard-Ghearmáinise is sine, áfach, níor cuireadh ar pár iad roimh an naoú haois. Ní raibh caighdeán ceart ag an tSean-Ard-Ghearmáinis, nó bhí na scríbhneoirí go léir ag scríobh ina gcanúintí féin, agus uaireanta, bhí na canúintí á meascadh trí chéile, nuair a bhí an buntéacs scríofa i gcanúint ar leith, agus cainteoir canúna eile ag iarraidh é a chóipeáil. Sampla maith de seo is ea Laoi Hildebrand, nó an Hildebrandslied. Laoi eipiciúil é an Hildebrandslied faoi Hildebrand agus a mhac, Hadubrand, a chastar ar a chéile i bpáirc an áir, cosúil le Cú Chulainn agus a mhac Cúnla i miotaseolaíocht na hÉireann. Ó thaobh na teanga de, tá an Hildebrandslied iontach measctha, ós rud é nach bhfuil an scríobhaí cinnte, cé acu Ard-Ghearmáinis nó Íseal-Ghearmáinis ba chóir dó a scríobh.

Bhí an Íseal-Ghearmáinis ann mar chanúint san am sin féin, cé gur fearr leis na saineolaithe Sean-Sacsóinis a thabhairt uirthi. Tá na cáipéisí atá fágtha againn sa tSean-Sacsóinis níos gainne ná na scríbhinní Sean-Ard-Ghearmáinise féin.

Meán-Ard-Ghearmáinis

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá i bhfad níos mó tábhachta leis an Meán-Ard-Ghearmáinis (Mittelhochdeutsch). Glactar leis go raibh Meán-Ard-Ghearmáinis á saothrú timpeall na mblianta 1050-1350. Ní féidir a rá gur teanga chaighdeánach a bhí ann mar a thuigimid an téarma "caighdeán" inniu, ach ar a laghad, bhí claonadh láidir ann sórt scáthleagan nó leagan osréigiúnach den teanga a chruthú. Bhí an claonadh seo fite fuaite le riachtanais na filíochta. Is amhlaidh go raibh filí agus éigse ag aithris dánta, laoithe agus amhráin i gcúirteanna na linne, agus iad ag iarraidh a gcuid filíochta a dhéanamh intuigthe ag an lucht éisteachta i ngach caisleán. Na cúirteanna agus na rítheaghlaigh ba mhó a raibh tionchar acu ar na nósanna agus na béasaí - rítheaghlach mhuintir Hohenstaufen agus rítheaghlach na Hapsburgach ach go háirithe—bhí siad lonnaithe i ndeisceart na Gearmáine, rud a d'fhág gurbh iad canúintí an Deiscirt a bhí mar bhunús le teanga na bhfilí.

Bhí tionchar na Meán-Ard-Ghearmáinise le mothú san Ísiltír féin, nó ní raibh an Ísiltíris agus an Ghearmáinis scartha ó chéile go fóill san am seo. Is fiú an file Hendrik van Veldeke, a mhair sa dóú haois déag, a lua. Bhí canúint Ollainnise ó dhúchas aige, agus sin é an teanga ba mhó a shaothraíodh sé ina chuid scríbhinní, ach chuir sé caol air gan focail a chur i rím le chéile nach ndéanfadh rím sa Mheán-Ard-Ghearmáinis. Is é sin, rinne sé iarracht a chinntiú go bhféadfaí a chuid dánta a aistriú go Meán-Ard-Ghearmáinise chomh héasca agus ab fhéidir, gan foclaíocht an bhuntéacs a athrú.

D'fhág na filí Meán-Ard-Ghearmáinise cuid mhór litríochta ina ndiaidh. Thar aon rud eile, bhí an Minnesang ann, is é sin, an fhilíocht choinbhinsiúnta grá. Ba é an grá cúirtiúil a bhí i gceist, is é sin, grá an ridire don bhean uasal a n-ofrálann sé a anam ar a son i bpáirc an áir gan aon teagmháil cheart grá nó collaíochta. Ba é Walther von der Vogelweide máistir an chineál seo filíochta. Bhí an Artúraíocht—is é sin, na laoithe eipiciúla faoi eachtraí an Rí Artúr agus a chuid ridirí—ina cuid thábhachtach de scríbhneoireacht na linne freisin, sa Ghearmáin chomh maith le hiarthar na hEorpa ar fad. I measc na bhfilí a scríobh laoithe nó eipicí faoi théamaí Artúraíochta, bhí Hartmann von Aue agus Gottfried von Strassburg. File eipiciúil tábhachtach ab ea Wolfram von Eschenbach freisin. Bhí a gcuid saothar bunaithe ar bhuntéacsaí Fraincise, go háirithe ar na dánta Artúraíochta a scríobh Chrétien de Troyes.

Ba é Wolfram von Eschenbach a scríobh an eipic úd Parzival, an chéad téacs Gearmáinise ina ndéantar tagairt don tSoitheach Naofa.[1]

Sa dóú haois déag a d'fhorbair an Mheán-Íseal-Ghearmáinis. Mhair sracadh sa teanga seo go dtí an séú haois déag, ach roimhe sin, bhí sí ina mórtheanga timpeall na Bailte ar fad. Bhí sórt caighdeán ann, agus é bunaithe ar chanúint Lübeck, cé nár códaíodh go hoifigiúil riamh é. D'fhág an teanga seo a sliocht ar na teangacha Lochlannacha ar fad, diomaite den Fharóis agus den Íoslainnis, agus is féidir a rá, fiú, go bhfuil níos mó Íseal-Ghearmáinise ná Lochlainnise i Sualainnis an lae inniu. Ba é an Conradh Hainseatach ba mhó ba chúis le scaipeadh agus fairsingiú na teanga seo.

Nua-Ard-Ghearmáinis

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ionann inniu an Ghearmáinis agus an Nua-Ard-Ghearmáinis, is é sin, an caighdeán a bhunaigh Máirtín Liútar lena aistriúchán den Bhíobla. Chreid sé féin nach raibh sé ag cruthú aon chaighdeán nua, ach ag tarraingt ar na caighdeáin a bhí ann roimhe féin, is é sin, ar an gcineál Gearmáinis a chleachtadh Seansailéireacht an Impire Hapsburgaigh agus an cineál a bhíodh á scríobh i Meissen, i Seansailéireacht an Rí Shacsónaigh. Le fírinne, d'aontaigh sé an chuid ab fhearr sa dá "chaighdeán" seo. Thairis sin, chuir sé béim ar leith ar shimplíocht na comhréire, agus é ag iarraidh aithris a dhéanamh ar dhul na cainte i mbéal na ngnáthdhaoine. Is é an mana a bhí aige ná "féach béal na ndaoine agus iad ag labhairt", agus, go fírinneach, bhí blas na cainte nádúrtha ar go leor dár scríobh sé.

Maidir le gramadach na Nua-Ard-Ghearmáinise, tá cuid mhór di bunaithe ar ghramadach na Meán-Ard-Ghearmáinise, go háirithe an tuiseal ginideach agus an aimsir chaite—das Präteritum, mar a deirtear as Gearmáinis. Foirm bheo is ea an tuiseal ginideach sa Ghearmáinis scríofa: das Auto des Vaters ("gluaisteán an athar") a scríobhtar, ach is iad na struchtúir a úsáidtear sa teanga labhartha ná das Auto vom Vater ("an gluaisteán den athair") nó dem Vater sein Auto ("don athair a ghluaisteán féin"). Cosúil leis sin, struchtúr de chuid na teanga liteartha is ea é er schrieb den Brief ("scríobh sé an litir", cf. he wrote the letter sa Bhéarla), ach is í an aimsir fhoirfe a úsáidtear sa chaint: er hat den Brief geschrieben ("tá sé tar éis an litir a scríobh", "tá an litir scríofa aige", cf. he has written the letter sa Bhéarla). I gcomparáid leis an Meán-Ard-Ghearmáinis, áfach, d'athraigh an fuaimniú ar go leor bealaí: rinneadh [ai] den [ei], cé gurb é "ei" an litriú i gcónaí ("schreiben" [ʃraibən]), d'iompaigh an t-"iu" [y:] agus an t-"öi" ([øu], nó b'fhéidir [øi]) go h-"eu"/"äu" [ɔy].

Thóg sé na céadta bliain, áfach, Gearmáinis chaighdeánaithe Mháirtín Liútair a thabhairt isteach mar chaint na ndaoine. Ní bhfuair sí an lámh in uachtar ar na canúintí roimh an bhfichiú haois, agus, déanta na fírinne, tá stádas na canúna láidir i gcónaí san Eilvéis agus i Lucsamburg. Sa Ghearmáin féin chomh maith leis an Ostair, áfach, tá an regionale Umgangssprache — an "chaint réigiúnach" — ag cur ruaigeadh ar an Dialekt nó an Mundart, is é sin, an "chanúint". Ní raibh na seanchanúintí Gearmáinise bunaithe ar an teanga chaighdeánaithe ar aon nós, nó ba leaganacha den teanga iad a d'fhorbair beag beann uirthi. Is é an rud atá i gceist leis an "gcaint réigiúnach" ná an leagan réigiúnach den teanga chaighdeánaithe. Go minic, bíonn blas na canúna uirthi láidir go leor, ach san am céanna, níl a gramadach ná a stór focal bunaithe ar an gcanúint, ach ar an teanga chaighdeánaithe.

An Ghearmáinis
Vicipéid le fáil as An Ghearmáinis freisin