Amanaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaAmanaigh

Cineálgrúpa eitnireiligiúnach
Daonra iomlán330,265 (2018) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaPennsylvania German (en) Aistrigh agus Teanga Chomharthaíochta Mheiriceánach
CreideamhAnabaisteachas
EapainmJakob Ammann
Tréimhse1700 -
Tíreolaíocht
StáitStáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, an Bholaiv agus an Airgintín
Bugaí de chuid na nAmanach i bPennsylvania

Dream reiligiúnach iad na hAmanaigh (Béarla: Amish, Gearmáinis Chaighdeánach: Amische, Gearmáinis Amanach: Amisch) a tháinig ar an bhfód nuair a scoilt lucht leanúna Jakob Ammann ó Anabaistigh na hEilvéise is na hAlsáise san Eilvéis sa bhliain 1693. Bhí Jakob Ammann barúlach gur chóir do na hAnabaistigh bheith ní ba déine ag seachaint a gcuideachta siúd a d'éirigh as an Anabaisteachas (Meidung an téarma Gearmáinise ar an tseachantacht seo).[1] I dtús na hochtú haoise déag, rinne an chuid ba mhó de na hAmanaigh imirce go dtí na Stáit Aontaithe.

Inniu, is in Ohio, i bPennsylvania, i Stát Nua-Eabhrac agus in Indiana is mó atá cónaí ar na hAmanaigh. Tá cáil ar an dóigh a seachnaíonn siad na háiseanna nua-aimseartha teicneolaíochta. Ar a gcuid éadaí is fusa a aithnítear iad, nó déanann siad a gcuid táilliúireachta féin, agus iad ag caitheamh cultacha traidisiúnta a bhfuil cuma na modhúlachta orthu.

Labhraíonn na hAmanaigh canúintí Gearmáinise i gcónaí, ach ar ndóigh d'imir an Béarla an-tionchar ar Ghearmáinis na nAmanach i rith na gcéadta bliain. Iad siúd a bhfuil cónaí orthu i bPennsylvania, is í a dteanga siúd ná Gearmáinis Phennsylvania. Canúint í a bhí i mbéal a lán eile de shliocht na Gearmáine i bPennsylvania ar feadh i bhfad, ach inniu, tá sí ag saothrú an bháis taobh amuigh de na pobail Amanacha. In Indiana, áfach, tá canúint eile ag na hAmanaigh áitiúla, canúint atá níos cosúla le Gearmáinis na hEilvéise.[2] Tá Gearmáinis thraidisiúnta Phennsylvania bunaithe ar an nGearmáinis Lár-Iartharach, is é sin, na canúintí a chloisfeá i Lucsamburg nó timpeall Köln.

Caithfidh gach comhalta den phobal Amanach aird a thabhairt ar rialacha an phobail, nó ar an Ordnung (an t-ordú). Cuireann na rialacha diansrianta le húsáid an leictreachais, na ngluaisteán agus na n-áiseanna nua-aimseartha eile, agus tá an chulaith thraidisiúnta sainmhínithe san Ordnung freisin. Seachnaíonn na hAmanaigh an fiannas míleata freisin, agus ní maith leo bheith ar an deolchaire ná i dtuilleamaí na seirbhísí sóisialta.

Glacfar leis an ógánach mar chomhalta ceart den phobal nuair a rachaidh an tonn bhaiste air. Is dual don Amanach baiste a fháil agus é idir 16 agus 25 bliana d'aois. Ina dhiaidh sin, ní féidir leis aon duine a phósadh nach bhfuil ina chomhalta den phobal. Cé go bhfuil rialacha an phobail dian, bíonn na daoine fásta tuisceanach i leith cheáfráil na ndaoine óga, agus glactar leis go coitianta go gcaithfidh an t-ógánach a chuid rumspringa (is é sin, Herumspringen, nó "léimneach timpeall") a dhéanamh sula socraí sé síos mar bhall onórach den phobal.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Donald B. Kraybill (2001). "The Riddle of Amish Culture". Johns Hopkins University Press. 
  2. Zook, Noah and Samuel L Yoder (1998). "Berne, Indiana, Old Order Amish Settlement". Dáta rochtana: 2009-04-03.