Wolfram von Eschenbach
Wolfram von Eschenbach | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Wolframs-Eschenbach, thart ar 1170 |
Náisiúntacht | Impireacht Naofa Rómhánach |
Bás | luach anaithnid, thart ar 1220 |
Oideachas | |
Teangacha | Meán-Ard-Ghearmáinis |
Gairm | |
Gairm | file, cumadóir, Minnesänger, ridire, amhránaí agus scríbhneoir |
Gluaiseacht ealaíne | scéal rómáns ridireachta |
Céim | ridire |
Discogs ID | 719132 |
File Gearmánach ab ea Wolfram von Eschenbach a mhair sna Meánaoiseanna (rugadh am éigin idir 1160 agus 1180 é, agus básaíodh é i ndiaidh na bliana 1220). Tháinig sé chun saoil, de réir mar a chreidtear, in Obereschenbach in aice le hAnsbach sa Bhaváir i ndeisceart na Gearmáine. (Inniu, tugtar "Wolframs-Eschenbach" ar an áit in ómós don fhile.)
Cosúil leis na filí Gearmánacha eile lena linn, bhí sé ina Mhinnesänger, is é sin, bhí sé ag cumadh amhráin ghrá de réir choinbhinsiúin na filíochta cúirte, an cineál amhrán grá a dtugtar Minnesang air i stair litríochta na Gearmáinise. Tá naoi n-amhrán le Wolfram sa stíl seo fágtha againn. Thairis sin, áfach, scríobh sé laoithe fada eipiciúla. Is é an saothar is tábhachtaí dár scríobh sé ná Parzival, arb é an chéad saothar Gearmáinise ina bpléitear an Soitheach Naofa. Tá an saothar bunaithe ar Perceval le Chrétien de Troyes, file Fraincise, a scríobh sraith de laoithe eipiciúla faoi théamaí agus faoi mhóitífeanna na hArtúraíochta. Chuir Wolfram eireaball dá chuid féin leis an scéal neamhchríochnaithe a tháinig ó pheann Chrétien.
Eipic thábhachtach eile leis is ea Willehalm, agus é ag cur síos ar laochas is ar eachtraí an ridire úd Wilhelm nó Willehalm. Bhí an eipic seo, freisin, bunaithe ar mhianach scéil a tháinig ón bhFrainc. B'é Naomh Uilliam ó Gellone (755-812) ba bhun leis an gcarachtar liteartha sin Willehalm.
Bhí stíl láidir ildaite ag Wolfram a bhí ag cur thar maoil le meafair, le híoróine agus le magadh.