An Lucsambuirgis
| Lëtzebuergesch | |
|---|---|
| Cineál | teanga agus teanga bheo |
| Úsáid | |
| Cainteoirí dúchais | 391,200 (2012) |
| Dúchasach do | Lucsamburg, Rheinland-Pfalz, Moselle, Arrondissement Verviers, Merzig-Wadern (en) |
| Stáit | Lucsamburg, an Bheilg, an Fhrainc agus an Ghearmáin |
| Comhordanáidí | 49° 48′ N, 6° 06′ E / 49.8°N,6.1°E |
| Aicmiú teangeolaíoch | |
| teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Gearmáinice Gearmáinic an Iarthair High German (en) Central German (en) West Central German (en) Central Franconian (en) Moselle Franconian (en) West Moselle Franconian (en) | |
| Tréithe | |
| Córas scríbhneoireachta | Luxembourgish alphabet (en) |
| Institiúid caighdeánaithe | Permanent Council of the Luxembourgish (en) |
| Staidéar ag | Luxembourgish studies (en) |
| Cóid | |
| ISO 639-1 | lb |
| ISO 639-2 | ltz |
| ISO 639-3 | ltz |
| Glottolog | luxe1244 |
| Linguasphere | 52-ACB-db |
| Ethnologue | ltz |
| ASCL | 1302 |
| IETF | lb |
Is í an Lucsambuirgis an teanga is mó a labhraítear i Lucsamburg, agus í ó dhúchas ag trí chéad míle duine. Go bunúsach, níl ann ach canúint Meán-Ghearmáinise, agus í an-ghaolmhar leis na canúintí Meán-Ghearmáinise eile, cosúil le caint na ndaoine in Köln, mar shampla.
Níl an Lucsambuirgis ina teanga oifigiúil sa tír ach ón mbliain 1984 i leith. Tá litriú ar leith aici ón mbliain 1946 anuas, ach rinneadh leasuithe air sa bhliain 1999. Baintear úsáid ócáidfhreastalach aisti sna scoileanna le rudaí deacra a mhíniú sa chaint, ach is iad an Ghearmáinis agus an Fhraincis na teangacha scríofa a chleachtar. Bíonn an Lucsambuirgis le cloisteáil ar an raidió agus ar an teilifís go minic, ach ní bhaintear mórán úsáide aisti sna clómheáin, cosúil leis na nuachtáin agus na leabhair. Is í an Fhraincis teanga an dlí agus na reachtaíochta i Lucsamburg, agus ní thagann leabhar na reacht i gcló in aon teanga eile, cé go bpléann parlaimint Lucsamburg na dlíthe nua trí mheán na Lucsambuirgise. Ní teanga oifigiúil í an Lucsambuirgis san Aontas Eorpach ach an oiread, agus ní chuirtear aistriúchán oifigiúil Lucsambuirgise den reachtaíocht Eorpach ar fáil do na saoránaigh - glactar leis mar phrionsabal go bhfuil an Fhraincis ag cách.
Tá saol poiblí Lucsamburg dírithe ar dhaoine a bhfuil an trí theanga acu idir Lucsambuirgis, Ghearmáinis agus Fhraincis. Is í an Fhraincis teanga na bhfógraí poiblí, ach is í an Ghearmáinis is mó a úsáidtear sna nuachtáin. Má thagraíonn nuachtán d'fhocail a labhair polaiteoir, státseirbhíseach nó boc mór éigin eile as Lucsambuirgis nó Fraincis, is sa teanga sin a thabharfar na focail, agus má thráchtar ar an reachtaíocht, ní thabharfar an tagairt ach as Fraincis. Deirtear go bhfuil tríbhéascna (triglossia) i bhfeidhm sa tír.
Cé gur canúint de chuid na Gearmáinise í an Lucsambuirgis, tá sí á forbairt ina teanga chaighdeánaithe ar leith, agus is é dearcadh mhuintir Lucsamburg gur siombail lárnach dá bhféiniúlacht náisiúnta í. Go háirithe le linn an Dara Cogadh Domhanda, nuair a bhí Lucsamburg forghafa ag na Naitsithe, theastaigh ó mhuintir na tíre tabhairt le fios nach raibh siad ina nGearmánaigh, más ionann a bheith i do Ghearmánach agus a bheith i do Naitsí.
Ba é Michel Rodange (1827-1876) a chuir tús le litríocht na Lucsambuirgise, agus is dócha gurb é Josy Braun (1938-2012) an scríbhneoir comhaimseartha is tábhachtaí. Sa bhliain 1997, d'fhoilsigh Braun an chéad úrscéal bleachtaireachta sa teanga.
An Cúpla Focal as Lucsambuirgis
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Jo - Sea/Tá
- Neen - Ní/Níl
- Wëllkomm! - Fáilte!
- Wéi geet ët? - Conas atá tú? Cad é mar atá tú? Cén chaoi a bhfuil tú?
- Ech heesche ... - ...is ainm dom
- Entschellegt! - Gabh mo leithscéal.
- Zwee béier, wann ech glieft - Dhá phionta, más é do thoil é
- Kënnt Dir mir de wech zëm .... weisen? - An féidir leat a rá liom, cá bhfuil an ...?
- Villmols merci - Go raibh míle maith agat
- Äddi - Slán
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |