Lübeck

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilLübeck
Armas
Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°52′11″N 10°41′11″E / 53.8697°N 10.6864°E / 53.8697; 10.6864
Stát ceannasachan Ghearmáin
Stát sa GhearmáinSchleswig-Holstein Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán218,095 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,018.14 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla214.21 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceBay of Lübeck (en) Aistrigh, Trave, Elbe–Lübeck Canal (en) Aistrigh agus Wakenitz Cuir in eagar ar Wikidata
Airde13 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Eachtra thábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
• Ceannaire an rialtaisJan Lindenau (en) Aistrigh (2018–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist23552–23570 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód4502, 4508 agus 451 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSDEF03 Cuir in eagar ar Wikidata
German municipality key (en) Aistrigh01003000 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinluebeck.de Cuir in eagar ar Wikidata

Is cathair i dtuaisceart na Gearmáine í Lübeck, agus í ar an dara chathair is mó sa Schleswig-Holstein, agus ceann de na calafoirt móra sa Ghearmán. Bhí sí, le roinnt céadta bliain, ina 'phríomhchathair' ar an Chonradh Hainseatach agus, mar gheall ar a hoidhreacht ailtireachta 'Brící Gotacha', tá sí liostaithe ag UNESCO mar 'Shuíomh Oidhreachta Domhanda'. Sa bhliain 2005, bhí daonra de 213,983 aici.

Suite ar an abhainn Trave, is í Lübeck an calafort Gearmánach is mó ar an Mhuir Bhailt. Tá sean-bhaile na cathrach suite ar oileán atá timpeallaithe le huisce na Trave.

Nascann canáil na hElbe-Lübeck an Trave leis an Elbe. Tá abhainn thábhachtach eile in aice le lár an bhaile, sí sin an Wakenitz. Ceanglaíonn an 'Autobahn 1' Lübeck le Hamburg agus an Danmhairg (Vogelfluglinie). Is trá-bhaile agus calafoirt farantóireachta í an bhuirg Travemünde, ar chósta na Mhuir Bhailt. Nascann a stáisiún lárnach Lübeck le roinnt línte, go háirithe, an líne go dtí Hamburg.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]