Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Limistéar Schengen

Is éard is Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (Béarla: European Travel Information and Authorisation System, nó ETIAS) ann ná córas údaraithe iontrála do thaistealaithe atá díolmhaithe ó cheanglas víosa agus atá ag taisteal chuig Limistéar Schengen nó go dtí an Bhulgáir, an Chipir, nó an Rómáin.[1] Creidtear go gcuirfidh an tAontas Eorpach an córas i bhfeidhm in earrach na bliana 2025.[2] Beidh idirthréimhsí agus tréimhsí cairde sé mhí ann, faoi seach, tar éis an córas a sheoladh.[3]

Tá ETIAS cosúil le húdaruithe taistil leictreonacha eile, amhail ESTA sna Stáit Aontaithe, chomh maith leis na córais a cuireadh i bhfeidhm san Astráil, i gCeanada agus sa Nua-Shéalainn agus atá beartaithe ag an Ríocht Aontaithe.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhol an Coimisiún Eorpach an córas um údarú taistil leictreonach den chéad uair in 2016.[4] Bunaíodh ETIAS go foirmiúil le Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018. [5]

Raon feidhme geografach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tíortha Eorpacha a bhfuil ETIAS de dhíth orthu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Éileoidh 30 tír Eorpacha go mbeidh údarú taistil ETIAS ag taistealaithe atá díolmhaithe ó cheanglas víosa. Is iad sin:

An Ostair, An Bheilg, An Bhulgáir, An Chróit, An Chipir, Poblacht na Seice, An Danmhairg, An Eastóin, An Fhionlainn, An Fhrainc, An Ghearmáin, An Ghréig, An Ungáir, An Íoslainn, An Iodáil, An Laitvia, Lichtinstéin, An Liotuáin, Lucsamburg, Málta, An Ísiltír, An Iorua, An Pholainn, An Phortaingéil, An Rómáin, An tSlóvaic, An tSlóivéin, An Spáinn, An tSualainn, An Eilvéis

Náisiúntachtaí incháilithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní mór do náisiúnaigh tíortha neamh-AE atá díolmhaithe ó cheanglas víosa iarratas a dhéanamh ar údarú taistil ETIAS. Seo iad:

Iarratas a dhéanamh ar ETIAS[cuir in eagar | athraigh foinse]

Beidh ar thaistealaithe atá díolmhaithe ó cheanglas víosa foirm iarratais ar líne a líonadh isteach trí úsáid a bhaint as suíomh gréasáin oifigiúil ETIAS (https://travel-europe.europa.eu/etias_en) nó as an bhfeidhmchlár móibíleach oifigiúil.[6]

EUR 7 a bheidh mar chostas le hiarratas a dhéanamh ar údarú taistil ETIAS. Tá díolúine ón íocaíocht seo ag iarratasóirí atá níos óige ná 18 mbliana d’aois nó atá níos sine na 70 bliain d’aois. Tá baill teaghlaigh shaoránaigh an AE nó dhaoine nach náisiúnaigh den AE iad a bhfuil sé de cheart acu gluaiseacht faoi shaoirse ar fud an Aontais Eorpaigh díolmhaithe ón táille iarratais freisin. [7]

Táthar ag súil go bpróiseálfar formhór na n-iarratas ETIAS laistigh de chúpla nóiméad. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh suas le 14 lá a bheith i gceist leis an bpróiseas má iarrtar ar an iarratasóir faisnéis bhreise nó doiciméid bhreise a sholáthar chun tacú lena n-iarratas, nó suas le 30 lá má thugtar cuireadh chun agallaimh dóibh.[8]

Beidh údarú taistil ETIAS nasctha le pas an taistealaí. Tá sé bailí go ceann suas le 3 bliana nó go dtí go dtéann an pas a úsáidtear san iarratas in éag, cibé acu is túisce. Má fhaigheann taistealaí pas nua, beidh orthu údarú taistil ETIAS nua a fháil.[9]

Agus údarú taistil bailí ETIAS acu, is féidir le taistealaithe atá díolmhaithe ó cheanglas víosa dul isteach i gcríoch na 30 tír Eorpach chomh minic agus is mian leo le haghaidh tréimhsí lonnaithe gearrthéarmacha - de ghnáth go ceann suas le 90 lá in aon tréimhse 180 lá. Mar sin féin, ní ráthaíonn sé iontráil. Nuair a shroichfidh taistealaithe an teorainn, beidh garda teorann ag iarraidh pas na dtaistealaithe agus doiciméid eile a fheiceáil agus a fhíorú go gcomhlíonann siad na coinníollacha maidir le dul isteach a shainítear i gCód Teorainneacha Schengen. [10]

Beidh sé de cheart ag iarratasóirí achomharc a dhéanamh má dhiúltaítear, má chúlghairtear nó má neamhnítear ETIAS. Is iad údaráis ábhartha na dtíortha Eorpacha a bhfuil ETIAS de dhíth orthu a láimhseálfaidh na hachomhairc. [11]

Tá rabhadh tugtha ag an AE do thaistealaithe maidir le suíomhanna gréasáin neamhoifigiúla ETIAS, cé gurb iad fíorghnólachtaí a reáchtálann cuid de na suíomhanna gréasáin sin, go bhféadfadh cuid eile acu gníomhú go mímhacánta. [12]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Suíomh gréasáin oifigiúil ETIAS an Aontais Eorpaigh. “Tíortha Eorpacha a bhfuil ETIAS de dhíth orthu”. An tAontas Eorpach. Dáta rochtana: 5 Bealtaine 2023.
  2. Suíomh gréasáin oifigiúil ETIAS an Aontais Eorpaigh. “Céard é ETIAS”. An tAontas Eorpach. Dáta rochtana: 8 Bealtaine 2023.
  3. “Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, L 236, 19.9.2018, Eagrán Béarla”. Tairseach Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh. Dáta rochtana: 3 Lúnasa 2023.
  4. Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, Córais Faisnéise níos Láidre agus níos Cliste do Theorainneacha agus don tSlándáil”. An Coimisiún Eorpach (6 Aibreán 2016).
  5. “Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, L 236, 19.9.2018, Eagrán Béarla”. Tairseach Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh. Dáta rochtana: 3 Lúnasa 2023.
  6. Suíomh gréasáin oifigiúil ETIAS an Aontais Eorpaigh. “Céard é ETIAS”. An tAontas Eorpach. Dáta rochtana: 8 Bealtaine 2023.
  7. Suíomh gréasáin oifigiúil ETIAS an Aontais Eorpaigh. “A bhfuil uait chun iarratas a dhéanamh”. An tAontas Eorpach. Dáta rochtana: 5 Bealtaine 2023.
  8. Suíomh gréasáin oifigiúil ETIAS an Aontais Eorpaigh. “Céard é ETIAS”. An tAontas Eorpach. Dáta rochtana: 27 Meitheamh 2023.
  9. Suíomh gréasáin oifigiúil ETIAS an Aontais Eorpaigh. “Céard é ETIAS”. An tAontas Eorpach. Dáta rochtana: 27 Meitheamh 2023.
  10. Suíomh gréasáin oifigiúil ETIAS an Aontais Eorpaigh. “Céard é ETIAS”. An tAontas Eorpach. Dáta rochtana: 27 Meitheamh 2023.
  11. “Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, L 236, 19.9.2018, Eagrán Béarla”. Tairseach Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh. Dáta rochtana: 3 Lúnasa 2023.
  12. Suíomh gréasáin oifigiúil ETIAS an Aontais Eorpaigh. ““Teacht chun cinn suíomhanna gréasáin neamhoifigiúla ETIAS”. An tAontas Eorpach. Dáta rochtana: 15 Meitheamh 2023.