Jump to content

Olltoghchán na hÉireann, 2024

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Olltoghchán na hÉireann, 2024
 ← 2020 Cuir in eagar ar WikidataÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Am29 Samhain 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálolltoghchán in Éirinn Cuir in eagar ar Wikidata
Oifig le buachan174 Teachta Dála Cuir in eagar ar Wikidata
Toradh vótála Cuir in eagar ar Wikidata

Reáchtálfar Olltoghchán na hÉireann, 2024[1] ar an 29 Samhain 2024 i bPoblacht na hÉireann, chun an 34ú Dáil Éireann a thoghadh.

Dhearbhaigh an Taoiseach Simon Harris ar an 6 Deireadh Fómhair 2024 ar RTÉ go n-iarrfadh sé ar Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins an 33ú Dáil a scor chun olltoghchán a reáchtáil ar an 29 Samhain.[2][3] Bhí tús oifigiúil curtha leis an bhfeachtas olltoghchánaíochta i 43 dáilcheantar an Stáit ar an 8 Deireadh Fómhair.[4] Toghfar 173 ceann de na 174 suíochán atá i nDáil Éireann le buachan, gach suíochán seachas suíochán an iar-Chinn Chomhairle.[5]

Torthaí
Taoiseach Simon Harris (Aib. 2024)
Micheál Martin, FF, Nollaig 2022
Mary Lou McDonald, SF, 9 Aibreán 2024
Na Dáilcheantair

Is i mí Feabhra 2020 a bhí an t-olltoghchán roimhe sin, Olltoghchán na hÉireann, 2020. Idir theacht agus imeacht idir dhá linn, áfach, d'athraigh an líon suíochán a bhí ag roinnt de na páirtithe faoin am a scoireadh an 33ú Dáil (160 TD in iomlán) in 2024:[5]

D'éirigh cuid mhaith de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020 as; i gcás Fhine Gael, níos mó ná a leath acu – 18 den 33 – ní raibh siad san iomaíocht in 2024 ar chúinsí éagsúla, cúinsí pearsanta ina measc.[5]

Dáilcheantair

[cuir in eagar | athraigh foinse]

174 suíochán atá sa 34ú Dáil, i gcomórtas leis an 160 suíochán a bhí sa 33ú Dáil, agus 14 Teachta breise ag suí i dTeach Laighean agus ceithre Dháilcheantar breise in 2024. Bhí Fine Gall ina mbíodh cúig shuíochán roinnte idir dhá Dháilcheantar trí shuíochán, Fine Gall Thoir agus Fine Gall Thiar. Ar an gcaoi chéanna bhí contae Thiobraid Árann, roinnte idir Tiobraid Árann Theas agus Tiobraid Árann Thuaidh. Bhíodh Laois-Uíbh Fhailí ina Dháilcheantar amháin le cúig shuíochán go dtí 2020. Ach in Olltoghchán 2024, bhí Laois as féin agus Uíbh Fhailí as féin, agus trí shuíochán an ceann le líonadh sa dá chontae.

Cruthaíodh Dáilcheantar nua ceithre shuíochán in 2024 chomh maith ar a dtugtar Cill Mhantáin-Loch Garman. Bhí cuid de Dheisceart Chill Mhantáin curtha le cuid de Thuaisceart Loch Garman. Fágann sin gur Dáilcheantar ceithre shuíochán atá sna Dáilcheantair ar a dtugtar Loch Garman agus Cill Mhantáin.[6]

Feachtas toghchánaíochta trí seachtaine a bheas i gceist.

Ar an lá deireanach sa Dáil ar an 7 Deireadh Fómhair, mar bhéim scoir, tharraing páirtithe an fhreasúra aird ar chuid de na mórcheisteanna a bheas faoi iomrá le linn an fheachtais – tithíocht, na seirbhísí sláinte agus an costas maireachtála ina measc. Rinneadh tagairt chomh maith don nós atá ann, má tá, airgead a chaitheamh go rábach ar thograí neamhphráinneacha, fearacht an fhoscadáin rothar i dTeach Laighean.[7]

Dúirt an Taoiseach agus an toghchán á fhógairt aige go raibh sé de cheart ag an bpobal dea-riar agus díograis a fháil ón rialtas. Tarraingíonn caint dá leithéid aird ar chumas an rialtais agus airgead an stáit á chaitheamh, agus ar chaiteachas lochtach, go háirithe. Ach ní chabhraigh an €336,000 a caitheadh ar phálás na rothar i dTeach Laighean,[8] ná an droch-chonradh a ceadaíodh i gcomhair Ospidéal Náisiúnta na Leanaí le cás an rialtais a bhí ag dul as oifig.[9]

Sheol na páirtithe polaitiúla a bhforógraí toghchánaíochta ar an 11-18 Samhain.[10][11][12][13] Chomh déanach le dhá lá roimh an toghchán, tugadh suntas don chaoi nach raibh leagan Gaeilge iomlán dá bhforógra foilsithe ag páirtí ar bith.[14]

Tá feachtas #GaelVóta ar siúl ag Conradh na Gaeilge chun éileamh ar iarrthóirí gealltanais dochta a thabhairt i dtaobh tacaíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Thug na páirtithe éagsúla cuid mhaith gealltanais.[15]

Cuireadh an feachtas TINTEÁN ar bun chun cur ar shúile na n-iarrthóirí go bhfuil an géarchéim tithíochta ag cur inmharthanacht na Gaeilge sa Ghaeltacht i mbaol agus chun cumhachtaí soiléire a éileamh d'Údarás na Gaeltachta, i measc éilimh eile.[16][17]

Torthaí an toghcháin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuaigh an dá mhórpháirtí traidisiúnta, Fianna Fáil agus Fine Gael, 48 suíochán agus 38 suíochán faoi seach (38 agus 35 in 2020). Bhí toghchán rathúil ag Fianna Fáil go háirithe le 48 suíochán, méadú suntasach ón olltoghchán in 2020. D'fhág an 86 suíochán a bhí ag Fianna Fáil agus Fine Gael i bhfoisceacht dhá shuíochán de mhóramh Dála, 88.[18]

Bhí idir mhaith agus olc sna torthaí ó thaobh Shinn Féin de.[19] Bhí Sinn Féin sa dara háit, le 39 suíochán (37 in 2020), beagnach gob ar ghob le Fine Gael an uair seo arís. Cé go raibh méadú ar an líon Teachtaí Dála a bhí acu, laghdaigh a sciar den vóta 24.5% i 2020 go dtí 19% in 2024

Bhí borradh mór faoi pháirtithe beaga An Lucht Oibre, 11 (6 in 2020) agus Daonlathaithe Sóisialta, 11 (6 in 2020).

Bhí liúradh faighte ag Comhaontas Glas; ní bhfuair siad ach suíochán amháin, Roderic O'Gorman (12 suíochán in 2020).[20]

Trí shuíochán a bhí ag Pobal seachas Brabús (5 in 2020), ceithre cinn ag Independent Ireland agus dhá shuíochán ag Aontú (suíochán amháin in 2020). 16 neamhspleách a toghadh (19 in 2020) agus toghadh i nDún na Gall duine amháin ó 100% Redress.

34ú Dáil Éireann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis an toghcháin cuireadh tús le cainteanna maidir le comhrialtas Fiann Fáil-Fine Gael a fhoirmiú, aon uair amháin eile.

Ar an 18 Nollaig 2024 a shuífeadh an 34ú Dáil Éireann den chéad uair. Bhí 14 suíochán breise le líonadh in 2024, a fhágann go bhfuil 174 suíochán sa Dáil. Fágann sin go bhfuil 87 Teachta Dála ar a laghad ag teastáil don mhóramh le rialtas a chur le chéile agus Taoiseach a thoghadh.[21][6]

Fíricí fánacha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Irish General Election 2024
  2. Nuacht RTÉ (2024-11-06). "'Dáil Éireann le scor arú amárach, olltoghchán ar an 29 Samhain'" (as ga-IE). 
  3. "Olltoghchán le gairm Dé hAoine don 29 Samhain" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-11-06). Dáta rochtana: 2024-11-07.
  4. De réir Airteagal 13.2.1 de Bhunreacht na hÉireann, tá iallach ar an Taoiseach iarraidh ar an Uachtarán an Dáil a scor sular féidir olltoghchán a ghairm.
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 Nuacht RTÉ (2024-11-08). "Dáil Éireann scortha, olltoghchán ar an 29 Samhain" (as ga-IE). 
  6. 6.0 6.1 Donncha Ó hÉallaithe (13 Samhain 2024). "Seans ag Fianna Fáil suíochán a fháil ar ais i Lú" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-14.
  7. Nuacht RTÉ (2024-11-07). "An 33ú Dáil ina suí den uair dheiridh agus olltoghchán chugainn" (as ga-IE). 
  8. airgead a chaitheamh go rábach ar thograí neamhphráinneacha, fearacht an fhoscadáin rothar i dTeach Laighean.
  9. Cathal Mac Coille (9 Samhain 2024). "Áitiúlacht, aontacht agus amhras – fáilte go dtí Olltoghchán 2024" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-10.
  10. Nuacht RTÉ (2024-11-11). "Páirtithe polaitiúla ag seoladh a bhforógraí toghcháin inniu" (as ga-IE). 
  11. "Geallta ag Fianna Fáil cúraimí na Gaeilge agus na Gaeltachta a leagan ar roinn rialtais nua" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-11-11). Dáta rochtana: 2024-11-12.
  12. Nuacht RTÉ (2024-11-13). "Leantar leis an bhfeachtas toghchánaíochta" (as ga-IE). 
  13. Pádraic Ó Ciardha (15 Samhain 2024). "Cúrsaí saor in aisce sna coláistí samhraidh agus €26 milliún breise do TG4 á mholadh ag Pobal seachas Brabús" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-15.
  14. "Cén páirtí atá in ann an Gaelvóta a mhealladh... déan suas d'intinn anois" (27-11-2024). Seachtain: lch 4. 
  15. Conradh na Gaeilge. "#GaelVóta 2024 - Conradh na Gaeilge | Ar son phobal na Gaeilge". cnag.ie. Dáta rochtana: 2024-11-22.
  16. "Seoladh TINTEÁN: Feachtas Nua ag Dul i nGleic leis an nGéarchéim Tithíochta sa Ghaeltacht - Conradh na Gaeilge | Ar son phobal na Gaeilge". cnag.ie (12 Samhain 2024). Dáta rochtana: 2024-11-24.
  17. Éanna Ó Caollaí (04-11-2-24). "€14.2m caite ar fhógraíocht trí Ghaeilge in 2023". The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-11-24.
  18. "TUAIRISC BHEO: Na suíocháin go léir sa 34ú Dáil líonta, Fianna Fáil ar an bpáirtí is mó" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-12-02). Dáta rochtana: 2024-12-02.
  19. Conradh na Gaeilge, Londain (7 Nollaig 2024). "Nuacht Mhall, An Clár" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-12-08.
  20. 20.0 20.1 Nuacht RTÉ (2024-12-01). "Staitisticí suntasacha faoi Vóta 2024" (as ga-IE). 
  21. Ar ndóigh d’fhéadfadh rialtas mionlaigh teacht i gcumhacht ach socrú  a bheith déanta le roinnt Teachtaí Dála neamhspleácha agus/nó le páirtí nó páirtithe eile.